9.2. Seoltaí leictreonacha
Tugtar an t-eolas maidir le seoltaí leictreonacha thíos.
—
“R-phost”: (úsáid idirstad):
R-phost: ainm.sloinne@ec.europa.eu
—
“Idirlíon”: (úsáid idirstad):
Idirlíon: https://europa.eu
Ar mhaithe le comhchuibhiú, ní úsáidtear an giorrúchán URL chun seoladh leictreonach a thabhairt le fios a thuilleadh.
Féadtar seoltaí leictreonacha a thabhairt le fios freisin gan an réamhthagairt, go háirithe má tá an spás teoranta:
ainm.sloinne@ec.europa.eu
http://www.europarl.europa.eu
NB:
I gcás seoltaí idirlín, is inmhianta an prótacal aistrithe a choimeád (http://, https://, ftp:// etc.), go háirithe chun cumraíocht cheart na nasc a áirithiú agus leathanaigh idirlín á n-íoslódáil.
Déanfar iarracht gan lánstad ná poncaíocht ar bith eile a úsáid ag deireadh seoladh idirlín ionas gur féidir é a chóipeáil agus a ghreamú go héasca isteach i mbarra seoltaí an bhrabhsálaí idirlín. Nuair is féidir, moltar an téacs a oiriúnú trí lúibíní a chur timpeall ar an seoladh idirlín, mar atá sa sampla “féach an t-idirlíon (https://europa.eu)”.