8.2. Ord na bhfonótaí
Is féidir réiltín, an giorrúchán “NB” nó na focail “foinse” agus “foinsí” a scríobh ag deireadh an leathanaigh.
Tá an t-ord mar an gcéanna i ngach teanga:
(*)Cinneadh eatramhach ón gCoimisiún.(1)Tá na praghsanna sin mar thoradh ar laghdú uasta a chur i bhfeidhm.(2)Méadaítear an praghas sin le préimh speisialta don bhliain mhargaíochta reatha.NB:Figiúirí sealadacha.Foinse:An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht na Talmhaíochta agus na Forbartha Tuaithe.
NB:
—
Scartar nótaí uimhrithe (lena n-áirítear nóta a bhfuil réiltín roimhe) óna chéile le spás líne míne.
—
Cuirtear lánstad ag deireadh fonótaí i gcónaí.
I gcás fonótaí comhionanna, d’fhoilseacháin seachas an Iris Oifigiúil, úsáidtear an fhoirmle “féach nóta x, leathanach y” seachas na téarmaí idem nó ibidem a d’fhéadfadh mearbhall a chur ar dhaoine. Atáirgfidh an profléitheoir an fonóta ina iomláine nó cuirfidh sé nó sí an t-uimhriú ceart sa phrofa.
San Iris Oifigiúil, athsholáthraítear téacs fhonótaí comhionanna ina iomláine gach uair a luaitear iad.