7.3.2. Ord na n-airgeadraí agus ord na gcód ISO
Úsáidtear cóid ISO 4217 le giorrúcháin airgeadaíochta (féach Iarscríbhinn A7 agus láithreán na gníomhaireachta cothabhála).
Airgeadraí na mBallstát
Nuair a liostaítear airgeadraí na mBallstát, cuirtear an euro ag tús an liosta sin agus giorrúcháin na n-airgeadraí eile i ndiaidh an “euro” in ord aibítre a gcód airgeadra (cóid ISO 4217).
Cód ISO | Ainm oifigiúil |
---|---|
EUR | euro |
BGN | lev (iolra: leva) |
CZK | koruna Phoblacht na Seice (iolra: koruny Phoblacht na Seice) |
DKK | krone na Danmhairge (iolra: kroner na Danmhairge) |
HUF | forint | PLN | zloty (iolra: zlotys) |
RON | leu na Rómáine (iolra: lei na Rómáine) |
SEK | krona na Sualainne (iolra: kronor na Sualainne) |
Airgeadraí eile
Ar chúiseanna prótacail, cuirtear airgeadraí eile i ndiaidh airgeadraí na mBallstát agus liostaítear iad de réir na gcritéar céanna i.e. de réir ord aibítre a gcód airgeadra (cóid ISO 4217). Baineann an riail chéanna le liosta airgeadraí i dtéacs reatha más rud é nach bhfuil aon chritéir rangaithe eile i gceist.
Cód ISO | Ainm oifigiúil |
---|---|
CAD | dollar Cheanada |
CHF | franc na hEilvéise |
JPY | yen |
USD | dollar na Stát Aontaithe |
Féach Iarscríbhinn A7 le haghaidh liosta na gcód airgeadra.
Airgeadraí níos sine
Cuireadh an euro in ionad airgeadraí na mBallstát seo a leanas:
Cód ISO | Ainm oifigiúil |
---|---|
ATS | schilling na hOstaire |
BEF | franc na Beilge |
CYP | punt na Cipire |
DEM | mark na Gearmáine |
EEK | kroon na hEastóine (iolra: kroonid na hEastóine) |
ESP | peseta na Spáinne |
FIM | markka na Fionlainne (iolra: markkaa na Fionlainne) |
FRF | franc na Fraince |
GRD | drachma (iolra: drachmae) |
HRK | kuna |
IEP | an Punt Éireannach |
ITL | lira na hIodáile (iolra: lire na hIodáile) |
LTL | litas (iolra: litai) |
LUF | franc Lucsamburg |
LVL | lats (iolra: lati) |
MTL | lira Mhálta (iolra: liri Mhálta) |
NLG | guilder na hÍsiltíre |
PTE | escudo na Portaingéile |
SIT | tolar (iolra: tolars) |
SKK | koruna na Slóvaice (iolra: koruny na Slóvaice) |
Airgeadraí na stát aontach/na dtíortha is iarrthóirí
Cód ISO | Tír | Ainm oifigiúil |
---|---|---|
ALL | Albáin | lek |
BAM | an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin | marg in‑chomhshóite |
EUR | Montainéagró | euro |
MDL | an Mholdóiv | leu na Moldóive |
MKD | an Mhacadóin Thuaidh | denar (iolra: denars) |
RSD | Seirbia | dinar na Seirbia |
TRY | Tuirc | lira na Tuirce |
UAH | an Úcráin | hryvnia |