7.2.2. Liostú teangacha i dtéacs (téacsanna aonteangacha)
Sa téacs, athraíonn an t-ord le haghaidh teangacha a liostú de réir leagan teanga an oird. I bhfoilseacháin i nGaeilge, liostaítear teangacha in ord aibítre na Gaeilge, mar a leanas: Béarla, Bulgáiris, Cróitis, Danmhairgis, Eastóinis, Fionlainnis, Fraincis, Gaeilge, Gearmáinis, Gréigis, Iodáilis, Laitvis, Liotuáinis, Máltais, Ollainnis, Polainnis, Portaingéilis, Rómáinis, Seicis, Slóivéinis, Slóvaicis, Spáinnis, Sualainnis, Ungáiris.
Má bhíonn comhaontú scríofa i dteanga tríú tíre nach teanga oifigiúil de chuid an AE í, tagann teangacha an Aontais roimh an teanga réamhluaite ar chúiseanna prótacail.
Tarraingíodh suas an comhaontú seo sa Bhéarla, sa Fhraincis, sa Ghearmáinis, san Iodáilis agus san Araibis.