ISSN 1831-5380
Léarcsáil an tsuímh | Fógra dlíthiúil | Fianáin | Ceisteanna coitianta | Teagmháil | Priontáil

6.5. Poncaíocht i bhfigiúirí

I dtéacsanna i mBéarla, i nGaeilge agus i Máltais, seachas an Iris Oifigiúil, úsáidtear ponc chun slánuimhreacha a dheighilt ó dheachúlacha. Is camóg a úsáidtear chuige sin i ngach teanga eile agus i dtéacsanna ilteangacha. Spás seachas camóg a úsáidtear chun mílte a léiriú ina slánuimhreacha. In aon bhloc amháin a ghrúpáiltear deachúlacha:

152 231.324567

San Iris Oifigiúil, is camóg a úsáidtear chun slánuimhreacha a dheighilt ó dheachúlacha; déantar sin ar chúiseanna teicniúla agus chun táirgeadh a éascú.

Sonraí buiséadacha: milliún nó billiún

I nGaeilge, ciallaíonn billiún 1 000 milliún (féach Pointe 10.3).

Nuair a phléitear le sonraí buiséadacha, moltar duit na foirmeacha seo a leanas a úsáid:

suas go trí ionad deachúlacha, cloítear leis an aonad cuí:
1.326 billiún (ní scríobhtar 1 326 mhilliún)
níos mó ná trí ionad deachúlacha, baintear úsáid as an aonad is lú:
1 326.1 mhilliún (ní scríobhtar 1.3261 billiún)

Tá sé níos éasca, mar sin, na huimhreacha a léamh agus comparáid a dhéanamh eatarthu.

Nuashonraithe: 12.4.2018
barr an leathanaigh
leathanach roimhe seoan chéad leathanach eile