6.3. Comharthaí ceartúcháin phrofaí
Déanann an clódóir, is cuma cén modh clódóireachta atá i gceist, na chéad phrofaí a chur chuig a chliant ionas go bhféadfaidh an cliant caighdeán an chló-eagair a sheiceáil. Caithfidh na profléitheoirí an lámhscríbhinn agus an profa a chur i gcomparáid agus na ceartúcháin is gá a dhéanamh.
Ionas go mbeidh na ceartúcháin chomh soiléir agus is féidir, ní mór úsáid a bhaint as na gnáthchomharthaí ceartúcháin phrofaí (féach an tábla thíos).
Ní mór na ceartúcháin a dhéanamh taobh leis an téacs, ó chlé go deas sa chiumhais dheas, nó ó dheas go clé sa chiumhais chlé. Ní mór gach nóta tráchta lámhscríofa a bheith soiléir, go huile agus go hiomlán inléite agus gan bhotún. Ná dearmadtar go bhféadfadh sé nach dtuigfeadh an té a chuirfidh na ceartúcháin i bhfeidhm sa chlólann an teanga ina bhfuil an téacs.