6.1. Léamh na lámhscríbhinne
Tá cur síos i bPointe 4.2 ar na prionsabail a bhaineann le leagan amach na lámhscríbhinne a fhaightear ón tseirbhís is údar.
Tar éis dóibh an lámhscríbhinn a fháil, léifidh profléitheoirí Oifig na bhFoilseachán í lena hullmhú sula gcuirfear chuig an gclódóir í.
Ní mór foramharc ar an saothar a bheith ag na profléitheoirí agus ní mór dóibh struchtúr an téacs a thuiscint ionas go bhféadfaidh siad na rialacha atá leagtha síos sa Treoir Stíle seo a chur i bhfeidhm. Is minic a bhíonn orthu plé le roinn nó le leathanach ar leith, rud a fhágann nach mbíonn an foramharc sin acu.
Déanann na profléitheoirí aon fhadhbanna a thagann aníos ina gcuid oibre a chur in iúl don tseirbhís is údar.
(Féach freisin Pointe 4.1.2 agus Pointe 4.1.3.)