Foilseacháin Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh:
EU:C:2005:446
Foilseacháin nach foilseacháin de chuid na Cúirte Breithiúnais iad:
ECLI:EU:C:2005:446
5.9.3. Tagairtí do chásanna os comhair na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta
Foilseacháin Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
Tuairiscí ar chásanna i bhfoirm dhigiteach
Ghlac Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh cur chuige nua chun an cásdlí a lua dá ngairtear an Sainaitheantóir Cásdlí Eorpach (is é sin ECLI — ach gan an t-acrainm “ECLI” féin a lua) in éineacht le gnáthainm an chinnidh agus uimhir an cháis sa chlár. Tá feidhm ag an gcur chuige nua seo maidir leis an gcásdlí ar fad ó 1954 i leith. De réir a chéile ón gcéad leath de 2014 i leith, chuir gach Cúirt/Binse de chuid an Aontais Eorpaigh i bhfeidhm é, agus comhchuibhíodh an cur chuige idir Cúirteanna an Aontais Eorpaigh in 2016:
Breithiúnas an 12 Iúil 2005, Schempp, C-403/03, EU:C:2005:446, mír 19
Murar foilsíodh an cinneadh ina iomláine sna Tuairiscí, úsáidtear an fhoirmle “nár foilsíodh”:
Breithiúnas an 6 Meitheamh 2007, Walderdorff v an Coimisiún, T-442/04, nár foilsíodh, EU:T:2007:161
Suíomh gréasáin Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh: https://curia.europa.eu/jcms/jcms/P_125997/ga/
Féach Pointe 4.5.
Foilsíodh cásanna ar pháipéar in Tuairiscí na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta (go dtí 2011), nó in Tuairiscí na Cúirte Breithiúnais — Tuairiscí na gCásanna Foirne (go dtí 2009).
D’úsáid an Chúirt Bhreithiúnais, an Chúirt Ghinearálta agus Binse na Seirbhíse Sibhialta foirm ghearr inmheánach ina bhfoilseacháin féin, go háirithe i dTuairiscí na Cúirte Breithiúnais.
Tá foirmeacha éagsúla ag na tagairtí sna Tuairiscí sin, agus leaganacha éagsúla ar na tagairtí sin i dteangacha éagsúla, ach níor foilsíodh na Tuairiscí sin i nGaeilge.
Foilseacháin nach foilseacháin de chuid na Cúirte Breithiúnais iad
Féadfar an cásdlí a lua freisin i bhfoilseacháin nach foilseacháin de chuid na Cúirte Breithiúnais iad: foilseacháin ghinearálta, gníomhartha dlí a fhoilsítear san Iris Oifigiúil (go háirithe cinntí ón gCoimisiún a bhaineann le státchabhair nó le comhchruinnithe etc.).
Ós rud é go mbíonn na foilseacháin sin dírithe ar an bpobal i gcoitinne, bíonn faisnéis bhreise sa lua.
Ón 1 Eanáir 2015 i leith, bíodh is go mbíonn saoirse éigin ag an údar i gcorp an téacs i dtaobh an cásdlí a lua, ní mór an lua do ECLI san fhonóta a bheith caighdeánach.
Corp an téacs
Ní mór an méid seo a leanas a bheith sa tagairt a dhéantar don chásdlí:
Is féidir na heilimintí seo thíos a chur leis, más fiú sin sa chomhthéacs:
Fonóta
Bíonn na heilimintí seo a leanas san fhormáid chaighdeánaithe i gcónaí, san ord atá thíos:
Rinne an Chúirt Bhreithiúnais Rialachán (CE) Uimh. 304/2003 a neamhniú (1) […]
(1)Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 10 Eanáir 2006, an Coimisiún v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C-178/03, ECLI:EU:C:2006:4, míreanna 60 go 65.
Ina breithiúnas an 10 Eanáir 2006 sa Chás an Coimisiún v an Pharlaimint agus an Chomhairle (1), rinne an Chúirt Bhreithiúnais Rialachán (CE) Uimh. 304/2003 a neamhniú […]
(1)Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 10 Eanáir 2006, an Coimisiún v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C-178/03, ECLI:EU:C:2006:4, mír 60.
Má dhéantar tagairtí éagsúla don chinneadh céanna sa doiciméad, is fearr a leagan síos, an chéad uair a luaitear an cinneadh, conas is ceart tagairt a dhéanamh dó uaidh sin amach:
Rinne an Chúirt Bhreithiúnais Rialachán (CE) Uimh. 304/2003 (1) (dá ngairtear “an breithiúnas sa Chás an Coimisiún v an Pharlaimint agus an Chomhairle” anseo feasta) a neamhniú […]
Ina breithiúnas an 10 Eanáir 2006 sa Chás an Coimisiún v an Pharlaimint agus an Chomhairle (1) (dá ngairtear “breithiúnas an 10 Eanáir 2006” anseo feasta), rinne an Chúirt Bhreithiúnais Rialachán (CE) Uimh. 304/2003 a neamhniú […]
Rinne an Chúirt Bhreithiúnais Rialachán (CE) Uimh. 304/2003 (1) (dá ngairtear “an breithiúnas i gCás C-178/03” anseo feasta) a neamhniú […]
Bíonn feidhm ag an gcur chuige seo maidir le lua nuair a dhéantar tagairt do chinntí ón gCúirt Bhreithiúnais a foilsíodh ar pháipéar i dTuairiscí na Cúirte Breithiúnais agus do chinntí a foilsíodh, ó shin i leith, i bhformáid dhigiteach amháin.
Cur chuige maidir le lua i bhfoilseacháin nach foilseacháin de chuid na Cúirte Breithiúnais iad (24 leagan teanga).
Chun cuardach tapa a dhéanamh ar uimhir ECLI cinnidh ar bith, scríobh an chásuimhir isteach san fhoirm chuardaigh atá ar:
Is í an Chúirt Bhreithiúnais a thugann an gnáthainm don chás.
Chun teacht ar an ainm sin, ceadaigh na liostaí atá ar shuíomh gréasáin Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (an leathanach “Rochtain de réir uimhir an cháis”) (https://curia.europa.eu/jcms/jcms/Jo2_7045/ga). I mBéarla agus i bhFraincis amháin atá na liostaí sin.
I bhfoilseacháin nach foilseacháin de chuid na Cúirte Breithiúnais iad, i gcás tagairtí don chásdlí cuireadh isteach dáta an chinnidh agus bliain na Tuairisce ón gcúirt chun an taighde bibleagrafaíoch a éascú don léitheoir, ós rud é go bhféadfadh sé nach mbeadh sé ar an eolas faoin nasc a bhíonn idir bliain an fhoilsithe agus bliain an chinnidh.
Breithiúnas an 15 Eanáir 1986 i gCás 52/84 an Coimisiún v an Bheilg (ECR 1986, lch. 89, mír 12)
Breithiúnas an 30 Eanáir 1992 i gCás C-328/90 an Coimisiún v an Ghréig (ECR 1992, lch. I-425, mír 2)
Breithiúnas an 28 Eanáir 1992 i gCás T-45/90 Speybrouck v an Pharlaimint (ECR 1992, lch. II-33, mír 2)
Breithiúnas an 9 Feabhra 1994 i gCás T-3/92 Latham v an Coimisiún (ECR-SC 1994, lch. I-A-23 agus II-83, mír 2)
Breithiúnas an 9 Samhain 2006 i gCás C-344/05 P an Coimisiún v De Bry (ECR-SC 2006, lch. I-B-2-19 agus II-B-2-127)
Breithiúnas an 8 Meitheamh 2006 i gCás T-156/03 Pérez-Díaz v an Coimisiún (ECR-SC 2006, lch. I-A-2-135 agus II-A-2-649)
Breithiúnas an 26 Deireadh Fómhair 2006 i gCás F-1/05 Landgren v ETF (ECR-SC 2006, lch. I-A-1-123 agus II-A-1-459)