5.6. Struchtúr a chur ar an téacs
Ní foláir téacs an tsaothair a leagan amach i bhfoirm an-soiléir ionas go léifear gan stró é. Ní foláir mar sin leagan amach ródhlúth a chuirfeadh mearbhall ar na léitheoirí a sheachaint agus struchtúr maith a chur ar a bhfuil sa téacs. Chuige sin, níor chóir níos mó ná seacht gcineál teidil a bheith sa saothar. Ní foláir téacs den mhéid agus den saghas céanna a chur i ndiaidh gach teidil idirmheánaigh áirithe tríd síos sa saothar.
Struchtúr ina bhfuil uimhriú ilchineáil
Is féidir an téacs a struchtúrú ina gcodanna, ina gceannteidil, ina gcaibidlí, ina n-ailt, ina míreanna, ina bpointí, etc., agus leas a bhaint as uimhreacha, as litreacha, as daiseanna agus as pointí urchair. Úsáidtear an struchtúr uimhrithe mar a leanas de ghnáth, de réir oird íslithigh na n-uimhreacha:
Leagtar amach na forannáin thraidisiúnta i saothar mar a leanas:
Cuid a hAon GNÍOMHAÍOCHT AN AONTAIS
Caibidil 1 FORÁS AN AONTAIS
Alt 1 — Staid pholaitiúil ghinearálta
A — Cumhachtaí buiséadacha
1. Príomhfhorbairtí
(a) Treoracha arna nglacadh
Struchtúr gan uimhriú
Nuair nach n-úsáidtear na gnáthcheannteidil (cuid, caibidil, etc.) ná na hordlitreacha ná na horduimhreacha, is gá na ceannteidil agus na fo-cheannteidil a thaispeáint ar an mbundoiciméad, agus tabharfar a luach beacht dóibh agus cló-eagar a chur ar an doiciméad:
GNÍOMHAÍOCHT AN AONTAIS
FORÁS AN AONTAIS
Staid pholaitiúil ghinearálta
Cumhachtaí buiséadacha
Príomhfhorbairtí
Treoracha arna nglacadh
Struchtúr uimhrithe dheachúil
Féadfaidh uimhriú deachúil a úsáid freisin:
Cuid a hAon — GNÍOMHAÍOCHT AN AONTAIS
Caibidil I — FORÁS AN AONTAIS
1. Staid pholaitiúil ghinearálta
1.1. Cumhachtaí buiséadacha
1.1.1. Príomhfhorbairtí
Sa chás sin, moltar gan an iomarca cineálacha fo-cheannteideal a úsáid.
Struchtúr uimhrithe leanúnaigh
I gcás saothair thagartha ina bhfuil a lán crostagairtí sa saothar céanna, bíonn sé caoithiúil uaireanta uimhriú leanúnach a chur ar na míreanna. Úsáidtear an uimhir sin sna crostagairtí, atá neamhspleách ar uimhriú deireanach na leathanach.
Is féidir an t-uimhriú leanúnach a úsáid mar aon le ceann de na struchtúir uimhrithe eile.