5.4.3. Fógra dlíthiúil (séanadh breise)
Chomh maith leis an bhfógra cóipchirt agus an gcáilíocht, féadfaidh an t-údar fógra dlíthiúil a chur leis.
I gcás athúsáide
Maidir le foilseacháin ón gCoimisiún Eorpach, de réir Chinneadh 2011/833/AE an 12 Nollaig 2011, féadfaidh an t-údar ceann amháin nó níos mó de na trí choinníoll seo a leanas a chur leis an bprionsabal athúsáide:
Údaraítear athúsáid ach an fhoinse a lua.
Ní cheadaítear bunbhrí ná teachtaireacht an doiciméid seo a shaobhadh.
Níl an Coimisiún Eorpach faoi dhliteanas i leith iarmhairt ar bith a eascraíonn as athúsáid an fhoilseacháin seo.
I gcás atáirgthe
Is é seo a leanas an frása caighdeánach (tá an sampla seo infeidhme maidir le foilseacháin ón gCoimisiún nach bhfuil faoin mbeartas athúsáide, agus is féidir é a chur in oiriúint d’institiúidí agus do chomhlachtaí údair eile):
Níl an Coimisiún Eorpach ná aon duine eile atá ag gníomhú thar ceann an Choimisiúin freagrach as an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as an eolas thíos. |
Tá cineálacha eile frásaí ann freisin ag brath ar fhoinse an tsaothair fhoilsithe agus/nó orthu siúd a bhfuil an saothar dírithe orthu; is féidir iad a chur in oiriúint don institiúid nó don chomhlacht i dtrácht:
Ní féidir a mheas gurb é atá sa doiciméad seo seasamh oifigiúil an Choimisiúin Eorpaigh. |
|
Ní chuireann an tuarascáil seo dliteanas de chineál ar bith ar an gCoimisiún Eorpach. |
|
Ní gá go léiríonn a bhfuil san fhoilseachán seo seasamh ná dearcadh an Choimisiúin Eorpaigh. |
|
Is tuairimí de chuid an údair amháin (na n-údar amháin) na tuairimí a nochtar agus níor cheart a mheas gurb é atá iontu seasamh oifigiúil an Choimisiúin Eorpaigh. |