5.4.2. Cáiliú cóipchirt (ceart atáirgthe agus/nó athúsáide)
I bhfoilseacháin an Aontais Eorpaigh, gabhann míniú (cáiliú cóipchirt) leis na cearta atáirgthe (féach Pointe 5.4.1) ina ndéantar an leibhéal cosanta a mhodhnú.
© An tAontas Eorpach, [bliain]
Cáiliú ginearálta (atáirgeadh)
Le haghaidh fhoilseacháin institiúidí, chomhlachtaí agus ghníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh (cé is moite den Choimisiún Eorpach a bhfuil a fhoirmle féin aige), is é an cáiliú is gnách le lucht Oifig na bhFoilseachán a mholadh ná:
© An tAontas Eorpach, [bliain]
Údaraítear atáirgeadh ach an fhoinse a lua.
Más gá, féadfaidh agúis bhreise nó foirmlí séanta a bheith ag gabháil leis an ngnáthcháiliú (féach Pointe 5.4.3).
Cheadaigh an Chomhairle agus an Chúirt Iniúchóirí, an 9 Deireadh Fómhair 2017 agus an 16 Aibreán 2019 faoi seach, cinntí maidir le hathúsáid a ndoiciméad. Dá bhrí sin, féadfaidh an fhoclaíocht “údaraítear athúsáid” a úsáid, mar a dhéantar i gcás fhoilseacháin an Choimisiúin (féach thíos). Le haghaidh na n‑institiúidí seo, luaitear na trí choinníoll ar a ndéantar cur síos i bPointe 5.4.3 i gcónaí (braitheann an fhoclaíocht a úsáidtear chun iad a lua ar an institiúid). Thairis sin, féadfaidh an Chúirt Iniúchóirí a foilseacháin a cheadúnú faoi réir cheadúnas cóipchirt Creative Commons CC BY 4.0.
Cáiliú is sonrach don Choimisiún Eorpach (athúsáid)
Tá beartas athúsáide curtha i bhfeidhm ag an gCoimisiún Eorpach le haghaidh a chuid doiciméad, de bhun Chinneadh 2011/833/AE an 12 Nollaig 2011.
I gcás saothair de chuid an Choimisiúin Eorpaigh, cé is moite de roinnt eisceachtaí (féach Airteagal 2 den chinneadh thuasluaite), is í an fhoirmle athúsáide is infheidhme, i bprionsabal. Ina theannta sin, i gcomhréir le forálacha an chinnidh sin, ina bhforáiltear gur féidir coinníollacha breise a leagan síos (féach Pointe 5.4.3), is éard a mholann Oifig na bhFoilseachán an oibleagáid a chur isteach go gcaithfidh an t‑úsáideoir foinse an doiciméid a lua:
© An tAontas Eorpach, [bliain]
Údaraítear athúsáid ach an fhoinse a lua.
Déantar beartas athúsáide dhoiciméid an Choimisiúin Eorpaigh a rialú le Cinneadh 2011/833/AE ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2011 maidir le hathúsáid dhoiciméid an Choimisiúin (IO L 330, 14.12.2011, lch. 39).
Thairis sin, féadfaidh an Coimisiún a fhoilseacháin a cheadúnú faoi réir cheadúnas cóipchirt Creative Commons CC BY 4.0.