5.1. An clúdach
5.1.1. Gnéithe den chlúdach
Is é atá i gclúdach saothair ceithre leathanach darb uimhir 1, 2, 3, agus 4. Má tá an saothar tiubh go leor chuige, déantar an teideal a chló ar an droim, sa chaoi is go léitear ón mbarr anuas é agus an saothar ina luí agus leathanach 1 béal in airde; is ceart an cló a bheith oiriúnach do thiús an droma.
Is é a bhíonn ar leathanach 1 ainm agus suaitheantas an eagarthóra, teideal an tsaothair, agus, nuair is iomchuí, an fotheideal agus ainm an údair (go háirithe i gcás comheagrán). Is féidir uimhir an imleabhair a bheith ann freisin, i gcás saothair ina bhfuil iliomad imleabhar, agus teideal an bhailiúcháin nó na sraithe mar aon le sraithuimhir an tsaothair:
De ghnáth, bíonn leathanach 2 bán.
Bíonn fógra poiblíochta ar leathanach 3.
Ar leathanach 4 bíonn an praghas (más infheidhme), lógó Oifig na bhFoilseachán, an ISBN (Leabharuimhir Chaighdeánach Idirnáisiúnta) agus uimhir na catalóige:
Praghas i Lucsamburg (gan cáin bhreisluacha san áireamh): EUR …
Gnásanna sonracha le haghaidh tréimhseachán agus sraithfhoilseachán
I gcás sraithfhoilseacháin, bíonn an ISSN (Sraithuimhir Chaighdeánach Idirnáisiúnta) ann mar aon leis na sonraí thuasluaite. Bíonn sé clóite sa chúinne uachtarach ar thaobh na láimhe deise, ar leathanach 1.
Ní bhíonn clúdach ar thréimhseacháin áirithe. Bíonn uimhir an tréimhseacháin agus bliain a fhoilsithe ar leathanach 1. I gcásanna áirithe, cuirtear an clár ar leathanach 2 agus 3. Is fearr bliain a fhoilsithe a bheith ag freagairt don bhliain féilire.
Ar leathanach 4 bíonn na praghsanna (an praghas ar shíntiús agus ar eagrán aonair), an uimhir chatalóige mar aon le lógó Oifig na bhFoilseachán.


