4.5. Aitheantóir leithdháilte ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
An Sainaitheantóir Cásdlí Eorpach (ECLI)
Forbraíodh an sainaitheantóir cásdlí Eorpach (ECLI) chun lua ceart agus dobhréagnaithe bhreitheanna na gcúirteanna Eorpacha agus na gcúirteanna náisiúnta a éascú. Thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh isteach é de réir a chéile in 2014.
Shann Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ECLI do na breitheanna ar fad a rinne cúirteanna an Aontais Eorpaigh ó bhí 1954 ann (breithiúnais, orduithe, tuairimí na Cúirte, cinntí (nós imeachta um athbhreithniú)), do thuairimí agus dearcthaí na n-abhcóidí ginearálta agus d'fhaisnéis faoi na cinntí sin (achoimrí agus athbhreithnithe, faisnéis faoi chinntí nár foilsíodh).
Cúig ghné éigeantacha atá in ECLIanna. I gcarachtair alfa-uimhriúla Laidineacha amháin a bhíonn siad agus idirstad eatarthu, mar atá thíos.
ECLI:EU:C:2006:710
Conclúidí ón gComhairle ina moltar sainaitheantóir cásdlí Eorpach (ECLI) agus tacar íosta meiteashonraí aonfhoirmeacha don chásdlí a thabhairt isteach (IO C 127, 29.4.2011, lch. 1 (en)).
Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, cur chuige maidir le cásdlí a lua:
https://curia.europa.eu/jcms/jcms/P_126035/en
An Tairseach Eorpach don ríomh-Cheartas:
https://e-justice.europa.eu/content_european_case_law_identifier_ecli-175-en.do
Rialacha maidir le cásdlí a lua:
féach Pointe 5.9.3.