4.4. Aitheantóirí leithdháilte ag Oifig na bhFoilseachán
Ó 2001 i leith, tá Oifig na bhFoilseachán ag feidhmiú mar ghníomhaireacht oifigiúil a leithdháileann na haitheantóirí seo a leanas ar fhoilseacháin ghníomhaireachtaí, chomhlachtaí agus institiúidí de chuid an Aontais Eorpaigh: ISBN (Leabharuimhir Chaighdeánach Idirnáisiúnta), ISSN (Sraithuimhir Chaighdeánach Idirnáisiúnta do shraithfhoilseacháin agus d’acmhainní leanúnacha eile) agus DOI (aitheantóir oibiachta digití). Úsáidtear na haitheantóirí idirnáisiúnta sin chun gach foilseacháin a liostú ar bhealach uathúil eisiach, timpeall an domhain. Eisítear aitheantóir inmheánach (uimhir chatalóige) le gach táirge chomh maith (leabhair, bróisiúir, póstaeir, etc.) i ngach formáid (páipéir, leictreonach, CD/DVD, etc.).
Nuair a leithdháiltear aitheantóirí, tá sé d’oibleagáid ar na húdarsheirbhísí, dhá chóip chrua den saothar agus an leagan leictreonach (PDF) a sheoladh chuig Oifig na bhFoilseachán.
Leithdháileann an Oifig na haitheantóirí go huathoibríoch nuair a iarrtar uirthi saothar a fhoilsiú.
4.4.1. Leabharuimhir Chaighdeánach Idirnáisiúnta (ISBN)
Leithdháileann Oifig na bhFoilseachán Leabharuimhir Chaighdeánach Idirnáisiúnta (ISBN) ar gach foilseachán monagraif. (Féach Pointe 4.3.1.)
Níl feidhm dlí ná tábhacht dhlíthiúil ag baint le ISBN a leithdháileadh maidir le cóipcheart an tsaothair i dtrácht ná maidir lena bhfuil ann.
Nuair a leithdháiltear ISBN ar tháirge, ní féidir é a athrú, ná rud eile a chur ina hionad, ná é a athúsáid.
Tá ISBN ar leith ag teastáil i gcás na nithe seo a leanas:
Má tá roinnt imleabhar ann, leithdháiltear ISBN ar gach imleabhar agus leithdháiltear ISBN cnuasaitheach ar iomlán na n-imleabhar. Ní foláir an ISBN grúpála agus ISBN gach imleabhar faoi seach a thaispeáint ar chúl leathanach teidil gach imleabhar.
Nuair a chomhfhoilsítear foilseachán nó nuair a fhoilsíonn dhá fhoilsitheoir nó níos mó comheagrán, féadfaidh gach foilsitheoir a ISBN féin a leithdháileadh air agus é a thaispeáint ar an leathanach cóipchirt. Mar sin féin, ní féidir ach ISBN amháin a bheith i bhformáid cóid barra ar an bhfoilseachán.
Ní foláir ISBN a leithdháileadh ar fhoilseacháin leathanach scaoilte nach bhfoilseofar thar spriocdháta foilsithe áirithe (is é sin le rá nach mbeartaítear iad a fhoilsiú thar thréimhse éiginnte). Ar an taobh eile, ní féidir ISBN a leithdháileadh ar na foilseacháin leathanach scaoilte a nuashonraítear go leanúnach (acmhainní comhtháite) nó na codanna aonair a nuashonraítear.
Suíomh agus taispeáint an ISBN
Ní foláir i gcónaí don uimhir ISBN a bheith ar an táirge féin agus amhail ón 1 Eanáir 2007 i leith a bheith comhdhéanta de 13 dhigit roinnte i gcúig ghrúpa, agus an ISBN roimhe le spás ina dhiaidh:
ISBN 978-92-79-00077-5
Foilseacháin chlóite
Ní foláir an ISBN a bheith clóite ar chúl an leathanaigh teidil ar fhoilseacháin chlóite mar aon le gach aitheantóir eile (féach sampla ag Pointe 5.3.1). Mura féidir é sin a dhéanamh, ní foláir é a thaispeáint ag bun an leathanaigh teidil nó é a chur san áireamh san fhógra cóipchirt.
Ní foláir an ISBN a thaispeáint freisin ag bun dhroim an chlúdaigh (agus ag bun fhorchlúdach an leabhair) (féach sampla ag Pointe 5.1.1).
Foilseacháin i bhformáid leictreonach nó i bhformáid táirge eile neamhchlóite
Maidir leis na foilseacháin ar líne, ní foláir an ISBN a thaispeáint ar an leathanach scáileáin ar a bhfuil an teideal nó a choibhéis, agus/nó ar an scáileán ar a bhfuil na sonraí cóipchirt.
I dtaca le gach táirge eile (CD-ROM, DVD, etc.), ní foláir an ISBN a thaispeáint ar lipéad atá greamaithe go buan den táirge nó, mura féidir, ar an gcuid íochtair de gach cumhdach buan táirge (bosca, clúdach nó fráma, etc.).
Ní foláir an ISBN a áireamh freisin sna meiteashonraí a chuimsíonn an foilseachán nó an táirge.
Maidir le foilseacháin i bhformáidí éagsúla, tá gá le ISBN amháin má phacáistear iad le chéile amháin; má táthar chun iad a dháileadh scartha óna chéile, ní foláir ISBN a leithdháileadh ar gach leagan ar leith. Anuas air sin, ní foláir na ISBNanna go léir a thaispeáint le chéile ar gach leagan, agus léiriú giorraithe na formáide mar atá sna samplaí seo a leanas:
EPUB
HTMLISBN 978-951-45-9693-3
ISBN 978-951-45-9694-0
ISBN 978-951-45-9695-7
ISBN 978-951-45-9696-4
Ní foláir an ISBN a thaispeáint freisin ar gach ábhar a ghabhann leis an bhfoilseachán.
Gníomhaireacht Idirnáisiúnta an ISBN:
https://www.isbn-international.org (en)
ISBN users’ manual:
https://www.isbn-international.org/content/isbn-users-manual (en)
Ceisteanna coitianta faoi ISBNanna:
https://www.isbn.org/faqs_general_questions (en)
Córas EAN.UCC:
https://www.gs1.org/ (en)
ISO 2108:2017: Leabharuimhir Chaighdeánach Idirnáisiúnta (ISBN):
https://www.iso.org/standard/65483.html (en)
Is féidir na caighdeáin ISO a fháil ó chomhaltaí ISO. Tá liosta díobh ar fáil ag an seoladh seo:
https://www.iso.org/members.html (en)
4.4.2. Sraithuimhir Chaighdeánach Idirnáisiúnta (ISSN)
Ní foláir na hacmhainní leanúnacha (sraithfhoilseacháin agus acmhainní comhtháite buana (féach Pointe 4.3.2)) a aithint le Sraithuimhir Chaighdeánach Idirnáisiúnta (ISSN) arna leithdháileadh ag Oifig na bhFoilseachán.
Níl feidhm dlí ná tábhacht dhlíthiúil ag baint le ISSN a leithdháileadh maidir le cóipcheart an tsaothair i dtrácht ná maidir lena bhfuil ann.
Leithdháiltear ISSN ar bhealach leithleach sna cásanna seo a leanas:
Má tá iliomad imleabhar ann, leithdháiltear ISSN ar an bpríomhtheideal, is dá mhéad imleabhar atá ann. Féadtar ISSN a leithdháileadh freisin ar chnuasach monagraif sa cháil sin dóibh (leithdháiltear ISBN mar sin ar gach imleabhar sa chnuasach).
Cruthaíonn an gréasán ISSN an príomhtheideal nuair a chláraítear an acmhainn agus tá an ISSN ceangailte go buan leis an teideal sin. Tá príomhtheideal uathúil le haghaidh gach acmhainne leanúnaí ar leith.
Ní foláir ISSN nua (agus príomhtheideal nua) a leithdháileadh ar acmhainn leanúnach má:
Ní foláir ISSN dá chuid féin (agus dá bhrí sin príomhtheideal ar leith) a leithdháileadh ar gach forlíonadh nó foshraith a d’fhéadfadh a bheith ag gabháil le hacmhainn leanúnach.
Suíomh agus taispeáint an ISSN
Tá an ISSN comhdhéanta de dhá ghrúpa de cheithre uimhir (uimhreacha Arabacha) scartha óna chéile le fleiscín a ngabhann an giorrúchán ISSN rompu agus spás ina dhiaidh. D’fhéadfadh sé gur X a bheadh san eilimint deiridh (eilimint rialaithe):
ISSN 0251-1479
ISSN 1831-855X
Ní foláir an ISSN a thaispeáint go soiléir ar an gcéad eagrán de shraithfhoilseachán nó istigh ann agus ar an eagrán a leanas chomh maith nó istigh ann, agus ar gach leagan teanga d’acmhainn chomhtháite bhuan nó istigh ann chomh maith.
Nuair atá aitheantóir eile ag gabháil le ISSN (e.g. ISBN i gcás imleabhair as cnuasach) ní foláir an dá uimhir a thaispeáint i dteannta a chéile, agus gach ceann acu á aithint leis an ngiorrúchán is gá (ISBN, ISSN, DOI, etc.).
Má tá roinnt ISSN bronnta ar acmhainn leanúnach i ngeall ar theidil éagsúla a bheith inti (e.g. teideal príomhchnuasaigh agus teidil a fhochnuasach), ní foláir na ISSNanna go léir a thaispeáint ar an acmhainn sin ach le marc idirdhealaithe, mar shampla an teideal iomlán nó giorraithe idir lúibíní.
Maidir le foilseacháin i bhformáidí éagsúla (ar a leithdháiltear ISSN agus príomhtheidil dhifriúla), féadtar na ISSNanna ceangailte a thaispeáint ar na hacmhainní leanúnacha, ach idirdhealú a dhéanamh eatarthu, mar atá sa sampla seo a leanas:
HTMLISSN 1562-6585
ISSN 1063-7710
I leith saothar clóite, ní foláir an uimhir ISSN a thaispeáint ar gach foilseachán, sa chúinne deis ar bharr an chlúdaigh, nó mura bhfuil clúdach ann, ar bhealach soiléir soléite, san ord seo a leanas más féidir: leathanach teidil, céadleathanach cumhdaigh, leathanach cóipchirt, ceathrú leathanach cumhdaigh, leathanach shuaitheantas an fhoilsitheora (colafan) nó leathanaigh thosaigh.
I leith saothar leictreonach (saothair ar líne, CD-ROM, etc.), ní foláir an uimhir ISSN a thaispeáint ar an leathanach scáileáin ar a dtaispeántar an teideal nó, ina éagmais sin, ar an bpríomh-roghchlár, agus, más féidir, ar gach lipéad atá greamaithe go buan den fhoilseachán. Mura féidir an ISSN a ghreamú den táirge nó dá lipéad, ní foláir í a thaispeáint ar an gcoimeádán.
Maidir leis na hacmhainní ar líne, ní foláir í a thaispeáint freisin sna meiteashonraí (sa réimse aitheantais).
ISSN idirchaidrimh (ISSN-L)
De réir chaighdeán ISO 3297:2020 (ISSN), leithdháiltear ISSN idirchaidrimh (ISSN-L) ar acmhainn leanúnach (féach Pointe 4.3.2) chun na formáidí fisiceacha éagsúla den acmhainn sin a ghrúpáil, is cuma cé mhéad formáidí atá ann (ní foláir ISSN ar leith a bhronnadh ar gach ceann de na formáidí sin).
Is éard atá san ISSN-L sraith de dhá ghrúpa de cheithre dhigit atá scartha óna chéile le fleiscín a bhfuil giorrúchán ISSN-L rompu agus spás ina dhiaidh:
ISSN-L 0251-1479
Ní foláir ISSN a athrú nuair a dhéantar athrú suntasach ar theidil na bhformáidí fisiceacha go léir d’acmhainn leanúnach ag an am céanna. Leithdháiltear ISSN nua ansin ar gach formáid ar leith agus ISSN-L nua ar an iomlán.
Lárionad idirnáisiúnta an ISSN:
https://www.issn.org (en)
Lámhleabhar an ISSN:
https://www.issn.org2-23364-ISSN-Manual.php (en)
ISO 3297:2020: Sraithuimhir Chaighdeánach Idirnáisiúnta (ISSN):
https://www.iso.org/standard/73846.html (en)
Is féidir na caighdeáin ISO a fháil ó chomhaltaí ISO. Tá liosta díobh ar fáil ag an seoladh seo:
https://www.iso.org/members.html (en)
4.4.3. Aitheantóir oibiachta digití (DOI)
Is éard atá sa DOI (aitheantóir oibiachta digití) córas aitheantais táirge i dtimpeallacht dhigiteach arb é is aidhm leis marthanacht na nasc hipirtéacs a áirithiú. Is féidir é a chur i bhfeidhm ar na nithe seo a leanas:
Tá gach DOI uathúil agus buan. Coimeádann doiciméad a DOI go ceann a shaolré agus, má dhíothaítear an doiciméad, ní úsáidfear an DOI sin níos mó.
Tá an uimhir DOI comhdhéanta de réimír agus d’iarmhír atá scartha óna chéile le tulslais. Ní foláir iad a léiriú mar a leanas (beidh an giorrúchán “doi” roimhe i gcás íochtair agus idirstad ina dhiaidh, gan spás eatarthu):
doi:10.2788/14231
De ghnáth, leantar na prionsabail a bhaineann leis an ISBN nó leis an ISSN i dtaobh a shuímh.
International DOI Foundation (IDF):
https://www.doi.org (en)
The DOI® handbook:
https://www.doi.org/hb.html (en)
DOI name information and guidelines (2009):
https://www.crossref.org/education/metadata/persistent-identifiers/doi-display-guidelines (en)
4.4.4. Uimhir chatalóige
Sa bhreis ar na haitheantóirí idirnáisiúnta, leithdháiltear aitheantóir inmheánach ar gach saothar a fhoilsíonn Oifig na bhFoilseachán, is é sin uimhir chatalóige.
Is éard atá ann uirlis bainistíochta inmheánach de chuid na hOifige a úsáidtear chun críocha dáilte. Úsáidtear í, inter alia, chun na foilseacháin sna catalóga a liostú. Úsáidtear é chomh maith mar eochair aitheantais i bhfeidhmchláir ríomhaireachta éagsúla.
Clóbhuailtear an uimhir chatalóige ar an gceathrú leathanach cumhdaigh, sa chúinne deis ar bharr an leathanaigh; mura bhfuil leathanach cumhdaigh ann, ní foláir í a thaispeáint ar bhealach ríshoiléir ar an saothar féin.