4.2.3. An téacs a ullmhú
Treoracha clóscríbhneoireachta
D’fhonn na nósanna imeachta oibre a bharrfheabhsú don táirgeadh (páipéir, CD/DVD, idirlín, etc.), ní foláir cloí leis na treoracha seo a leanas.
Ginearálta
—
Úsáidtear gnáth-théacs (ní úsáidtear téacs formáidithe).
—
Ní dhéantar téacs a chomhfhadú, ná ní chuirtear fleiscíní ag deireadh líne, fiú nuair atá comhfhocail i gceist.
—
Leantar na rialacha maidir le spásáil sa phoncaíocht: féach
Pointe 6.4.
—
Ní foláir próiseáil loighciúil agus chomhtháiteach a dhéanamh ar an téacs (úsáidtear na paraiméadair chéanna le haghaidh eilimintí comhionanna sa téacs).
Carachtair
speisialta
—
Úsáidtear na carachtair speisialta atá ar fáil.
—
Seachnaítear gach traslitriú (“ss” in áit “ß”, “ue” in áit “ü”, etc.).
—
Úsáidtear na figiúirí 1 agus 0 ar an méarchlár, seachas “I” nó “O” sa chás uachtair.
—
Faightear na comharthaí focalbhá (…), trí Alt 0133 nó Ctrl-Alt-lán stad a chlóscríobh (.) (ná húsáid trí lánstad leanúnacha (...)).
Figiúirí
—
Uimhreacha a léiríonn cainníocht: scartar grúpaí de thrí fhigiúr le spás amháin (spás crua (spás cosanta)), seachas le camóg (sampla: 300 000).
—
Uimhreacha a léiríonn uimhriú, e.g. blianta, fóiliónna,
etc., ní chuirtear spás isteach (e.g.: 1961, lch. 2064).
—
Uimhreacha deachúlacha: sna téacsanna Gaeilge úsáidtear lánstad (13.6). Is san Iris Oifigiúil amháin a bhaintear úsáid as camóg (e.g.: 13,6).
—
Rialacha maidir le figiúirí a scríobh: féach
Pointe 10.3.
Spásanna crua
(spásanna cosanta)
—
Ionas nach scarfar óna chéile ag deireadh líne nithe ar ceart dóibh fanacht i mbloc aonair.
—
Úsáidtear iad
go háirithe sna cásanna a leanas agus
sna cásanna atá sonraithe sna rialacha maidir le poncaíocht (féach
Pointe 6.4):
Uimh.• |
IO L• |
10•000 |
Lch.• |
IO C• |
M. C.•M. Dupont |
NB:
In Word déantar an spás crua (spás cosanta) le “Alt 0160”.
Grafaicí,
íomhánna
agus táblaí
—
Cuirtear na grafaicí agus na híomhánna le chéile i gcomhad ar leith, i bhformáid ardtaifigh.
—
Seiceáiltear cearta atáirgthe/cóipchirt na n-íomhánna agus na léaráidí.
—
Cuirtear marcóir soiléire (“IMAGE”), san áit ina chuirfear an íomhá/grafaic.
—
Soláthraítear na comhaid Excel ar leithligh.
Comharthaí
athfhriotail
—
Úsáidtear na comharthaí athfhriotail is dúchasaí sa teanga atá i gceist.
—
Sa Ghaeilge, tá trí shaghas comharthaí athfhriotail ann (tugtar an cód alfa-uimhriúil idir lúibíní, le haghaidh ionchur):
leibhéal 1
(an phríomhlua) |
“…” |
(Alt 0147/Alt 0148) |
leibhéal 2
(lua laistigh de lua) |
‘…’ |
(Alt 0145/Alt 0146) |
Má bhíonn níos mó i gceist ná leibhéal 1 agus leibhéal 2, leantar ar aghaidh leis an gcóras céanna arís.
Féach an sampla thíos de lua laistigh de lua:
“Airteagal 27
Scéim um dháileadh bia ar na daoine is díothaí san Aontas
[…]
9. Beidh na focail ‘cúnamh ón Aontas Eorpach’ agus suaitheantas an Aontais Eorpaigh marcáilte go soiléir ar phacáistíocht an bhia a dháilfear trí na pleananna bliantúla agus ag na pointí dáilte freisin.
10. Beidh an scéim um dháileadh bia dá bhforáiltear i mír 1 gan dochar d’aon scéimeanna náisiúnta trína ndáiltear táirgí bia ar na daoine is díothaí, ar scéimeanna iad atá i gcomhréir le dlí an Aontais.”
Uaschamóga
—
Is í an uaschamóg atá ceart ó thaobh cló de (mar ata ’ nó ’ is cóir a úsáid. Brú Alt 0146 agus ní an comhartha ar an méarchlár (') chun uaschamóg a fháil.
Cás uachtair/
íochtair
—
Ní scríobhtar ceannteidil i gcás uachtair.
—
Cuirtear an cás uachtair/íochtair i bhfeidhm de réir rialacha na Treorach Stíle Idirinstitiúidí seo; féach
Pointe 10.4.
—
I Microsoft Word
2007 agus 2010, úsáidtear
an fheidhm “Tagairtí/Ionsáigh fonóta” amháin (nó
References/
Insert
footnote má
tá an comhéadan ar Word i mBéarla agat).
—
I gcás lámhscríbhinne a tháirgfear ar pháipéar, níl aon
ghá uimhreacha na nótaí a athfhormáidiú de láimh. Sampla: Cruthaíonn Word 1
- / cuireann na léitheoirí profaí (1) i bhfeidhm. Ní athshlánaíonn
an clódóir ach an fheidhm “Fonóta” (Footnote); is eisean atá freagrach
as uimhreacha na nótaí a athfhormáidiú i gceart, de réir choinbhinsiúin
na Treorach Stíle Idirinstitiúidí reatha.
—
Uimhrítear na nótaí i bhfigiúirí Arabacha go soiléir (úsáidtear na comharthaí eile, amhail réiltíní nó na litreacha, do chásanna ar leith).
—
Seachnaítear nótaí cosúil le “Idem” nó “Ibidem” (ó tharla go bhfuil leagan amach leathanaigh an téacs clóbhuailte difriúil ó leagan amach na lámhscríbhinne bunaidh).
—
Cuirtear tagairt d’fhonóta (lena n-áirítear na lúibíní) i gcló rómhánach (fiú má tá an téacs nó an teideal scríofa i gcló iodálach nó i gcló trom).
Daiseanna
—
Úsáidtear an dais fhada (Alt 0151 nó Ctrl-Alt-dais ar an méarchlár uimhriúil) chun eilimintí liosta a thabhairt isteach (cuirtear na rialacha céanna i bhfeidhm i ngach teanga).
—
Sa Ghaeilge, is féidir an dais fhada a úsáid in ionad lúibíní.
Ceannteidil
—
Úsáidtear bileog stíle, seachas formáidiú láimhe.
—
In éagmais bileoige stíle ar leith, úsáidtear stíleanna Word
(Ceannteideal 1, Ceannteideal 2, Gnáth, etc.) (nó Heading 1, Heading 2, Normal,
etc. mar atáthar i mBéarla).
—
Ní scríobhtar ceannteidil go hiomlán i gcás uachtair.
NB:
Nuair a úsáidtear stíleanna Word, is féidir, ag deireadh na próiseála focal, tábla ábhar a chruthú go huathoibríoch; nuair atá téacs á aistriú go PDF lena chur ar líne, cruthóidh na ceannteidil sin hipearnaisc go huathoibríoch (marcóir nó leabharmharcanna). Is eilimintí fíor-riachtanacha iad sin gur furas doiciméid fhada a léamh ar líne.
Moltaí eile
Nuair a sheachadtar lámhscríbhinn i roinnt codanna, ní foláir don tseirbhís is údar bheith cúramach agus an chéad chuid á seachadadh, tábla ábhar a chur leis an téacs (ceann sealadach fiú), chun go mbeidh na léitheoirí profaí in ann forbhreathnú a fháil ar an téacs.
Ní foláir don tseirbhís is údar gach lámhscríbhinn a sheiceáil go cúramach
roimh í a sheoladh chuig Oifig na bhFoilseachán. Ní foláir leasuithe
a sheachaint ach go heisceachtúil agus iad a bheith soiléir, soléite
agus beacht. Má tá a lán athruithe le déanamh le linn an chéad phrofa ní
foláir roinnt codanna de a athscríobh, a bhfuil tionchar aige ar an
leagan amach leathanaigh (uaireanta cuireann an téacs athscríofa as riocht é,
agus bíonn gá le sraith athruithe dá bharr). Is gá go minic tuilleadh profaí agus
seiceáil nua a dhéanamh orthu (mar thoradh air sin fadaítear na spriocdhátaí
táirgthe agus méadaítear na costais).
Faoi dheireadh, seachnaítear, chomh fada agus is féidir, taifid chumaisc, ina bhfuil téacsanna a cruthaíodh ar bhogearraí éagsúla.