ISSN 1831-5380
Léarcsáil an tsuímh | Fógra dlíthiúil | Fianáin | Ceisteanna coitianta | Teagmháil | Priontáil

4.2.2. Struchtúr loighciúil na ndoiciméad

Tá dhá eilimint i ndoiciméad clóite: an t-inneachar, is é sin le rá na sraitheanna carachtar maille lena struchtúr loighciúil, agus an leagan amach.

Struchtúr loighciúil na ndoiciméad - 240202-ga.png

Maidir leis an leagan amach, a bhaineann le réimse na clóghrafaíochta, is é an clódóir a chuireann críoch leis de réir threoracha na ngrafaiceoirí. De ghnáth, ní hionann leagan amach an téacs bhunaidh, leagan amach na leathanach, etc., agus leagan amach críochnaitheach an téacs a dhéanann an clódóir. Ar an ábhar sin, níl sé riachtanach díriú go róchruinn ar leagan amach an téacs nuair a bhíonn an clóscríbhinn á hullmhú (ní mór mar shampla a bheith cúramach gan fleiscín a chur isteach ar mhaithe le focal a bhriseadh suas, mar ní mór don chlódóir é a bhaint agus é ag próiseáil an doiciméid).

Tá sé den riachtanas, mar sin féin, gur féidir leis an gclódóir codanna difriúla an téacs a aithint. Chuige sin, féachtar chuige le linn an ionchuir:

go gcuirtear bileog stíle i bhfeidhm,
go gcuirtear marcáil i bhfeidhm de réir prótacal atá dea-shainithe.

Bileoga stíle

Ionas go mbeidh an clódóir in ann an téacs a thuiscint go maith, tá sé thar a bheith tábhachtach leibhéil dhifriúla an téacs (ceannteidil, gnáth-théacs, nótaí, etc.) a mharcáil i gceart.

Chuige sin, tugann Word réiteach simplí, ach ní mór é a chur i bhfeidhm ar bhealach cuimsitheach: na stíleanna. Idirdhealaítear gach comhpháirt den téacs trí mharcóir (stíle) difriúil a chur i bhfeidhm:

leibhéal an cheannteidil (Ceannteideal 1, Ceannteideal 2, etc.),
gnáth-théacs, téacs comhfhadaithe, téacs neamh-chomhfhadaithe, etc. (Gnáth, etc.),
tagairtí, téacs i mboscaí, fonótaí, etc.

mór gach eilimint a bheith scríofa i stíl ar leith, agus b’fhearr é a bheith bunaithe ar leagan amach loighciúil.

Ná déantar, mar shampla, ceannteidil le luachanna difriúla a idirdhealú de láimh (cló trom, iodálach, etc.)!

Chruthófaí deacrachtaí nach beag dá gceadófaí do gach údar a rogha stíle a úsáid; bheadh próiseáil ar leith le déanamh ar gach téacs agus go leor stíleanna éagsúla ann, rud a bheadh iontach deacair a láimhseáil. Ar an ábhar sin, tá sé inmhianaithe agus riachtanach, fiú, na stíleanna a chaighdeánú.

Go hidéalach, ba cheart na bileoga stíle a chuirfí i bhfeidhm ar na doiciméid éagsúla a bheith bunaithe ar an mbileog chéanna (bileog chaighdeánach). Mar sin féin, is féidir a teimpléad féin a bheith ag gabháil le gach bileog stíle, chun gur féidir déileáil leis an éagsúlacht dealraimh (ciallaíonn ‘teimpléad’ bileog stíle amháin le leagan amach clóghrafaíochta ar leith atá oiriúnach don téacs atá le hullmhú).

Má chloítear go dlúth le stíleanna, go háirithe chun ceannteidil a idirdhealú, tá buntáiste sa bhreis in Word: cuirtear ar chumas an údair tábla na n-ábhar a chruthú go huathoibríoch, rud nach féidir a dhéanamh agus idirdhealú na gceannteideal á dhéanamh de láimh.

Prótacal marcála

Is teicníc thábhachtach eile í ‘prótacal marcála’ a chur i bhfeidhm chun eilimintí an téacs a idirdhealú, is é sin leibhéal loighciúil na n-eilimintí go léir den téacs a léiriú (mar shampla, ceannteideal caibidle, rannáin; gnáth-théacs, téacs eangaithe; tagairtí). Ní mór prótacal marcála a dhéanamh ina bhfuil tuairisc ar na heilimintí sin, ar na marcóirí agus ar an leagan amach clóghrafaíochta is inmhianaithe.

Faoi láthair tá formáid de chineál <MARKER> ag marcóirí, e.g. <TCHAP> le haghaidh marcóir a léiríonn ceannteideal caibidle. Eascraíonn siad as teanga marcála SGML (Standard Generalised Markup Language). Ó cuireadh SGML i bhfeidhm den chéad uair, rinneadh roinnt mhaith athruithe air. Faoi láthair is é XML an teanga marcála is coitianta.

Tá sé de bhuntáiste ag na marcóirí a úsáidtear sna prótacail seo gur féidir le cláir foilsitheoireachta deisce iad a thuiscint go díreach (mar aon leis na cláir próiseála focal is déanaí), agus ní gá na doiciméid a ghlanadh suas sula ndéantar iad a phriontáil. Chun na prótacail mharcála a chur i bhfeidhm, ní mór comhaontú ag céim cuibheasach leochaileach sa phróiseas, go hidéalach ón bpointe a chuirtear tús leis an téacs.

I gcás doiciméad ilteangach, ba cheart sheirbhís aistriúcháin na hinstitiúide a bheith rannpháirteach ann. Is féidir léise, ag gníomhú mar iolraitheoir téacsanna, ag cur na leaganacha teanga is gá leis, próiseáil a dhéanamh ar an téacs marcáilte, ag díriú ar inneachar an téacs gan acmhainní a chur amú leis an leagan amach a atáirgeadh in aisce. Ní mór a lua freisin go bhfuil sé níos fusa téacs marcáilte, ina bhfuil íosmhéid cód formáidithe, a phróiseáil le huirlisí ardteicneolaíochta teanga.

Nuashonraithe: 15.3.2024
barr an leathanaigh
leathanach roimhe seoan chéad leathanach eile