ISSN 1831-5380
Léarcsáil an tsuímh | Fógra dlíthiúil | Fianáin | Ceisteanna coitianta | Teagmháil | Priontáil

4.2. Doiciméid bhunaidh (clóscríbhinní)

Ó dheireadh na 1990idí i leith, tá clóscríbhinní á gcur ar fáil i bhfoirm leictreonach (Word, PDF, HTML, etc.). Tá dlúthbhaint idir ullmhú téacsanna agus próiseáil focal agus úsáid nósanna imeachta ríomhaireachta atá dea-shainithe (macraí, seiceálaí litrithe, etc.). Sa phointe seo tá tuairisc ar na nósanna imeachta a mholtar chun próiseáil focal bharrfheabhsaithe a dhéanamh ar na téacsanna atá le foilsiú. Féadfaidh sé gur nósanna imeachta iad seo atá sa bhreis ar an obair thraidisiúnta a bhaineann le téacs a ullmhú.

Díríonn na moltaí sin ar chomhaid a phróiseáil i bhformáid Word, an gnáth-fheidhmchlár a úsáidtear sna hinstitiúidí Eorpacha chun doiciméid bhunaidh a ionchur. Is féidir na prionsabail ghinearálta a leagtar amach anseo a chur in oiriúint gan dua d’aon bhogearra eile ar an margadh.

4.2.1. Prionsabal an tslabhra táirgthe

mór na doiciméid bhunaidh, ‘na clóscríbhinní’ a sholáthraíonn an tseirbhís is údar a ullmhú ar bhealach thar a bheith eagraithe. D’fhonn a áirithiú go mbeidh an soláthar éifeachtúil agus, dá bhrí sin, tapa, moltar ‘slabhraí táirgthe’ a bhunú idir an tseirbhís is údar, Oifig na bhFoilseachán agus na clódóirí.

Is é atá i gceist le ‘slabhra táirgthe’ na comhphrionsabail oibre a chuirtear i bhfeidhm ón uair a chruthaítear an téacs i bhfoirm leictreonach:

na bileoga stíle/teimpléid nó na prótacail maidir le marcáil (féach Pointe 4.2.2),
rialacha maidir le stíl chaighdeánach (ní mór rialacha agus coinbhinsiúin na treorach stíle seo a chur i bhfeidhm chomh luath agus is féidir agus na doiciméid á n-ullmhú).

Ag tús na hoibre, ní mór do bhainisteoir an tionscadail na paraiméadair táirgthe a leagan síos i ndlúthchomhar leis an údar agus leis an gclódóir. Ní mór cumraíocht na gcomhad a shainiú i dtús báire. Ag an gcéim seo, tá sé ríthábhachtach úsáid na bprótacal marcála nó na mbileog stíle a shonrú go beacht (féach Pointe 4.2.2); braitheann an sainiú sin go mór ar chláir thraschódaithe/aisghabhála na gconraitheoirí féin.

Sa nós imeachta sin, ní mór gach gníomhaíocht a chur i bhfeidhm ar an méid is mó is féidir den slabhra táirgthe. Is iad na buntáistí a bhaineann leis gur féidir ullmhú na clóscríbhinne a fheabhsú, agus go leor idirghabhálacha láimhe (a d’fhéadfadh a bheith costasach agus as a dtiocfadh earráidí go minic), a sheachaint. Ar deireadh, fágfaidh sé sin go mbeidh an táirgeadh i bhfad níos tapa, go mbeidh an cháilíocht níos fearr agus laghdófar na costais táirgthe.

Trí bhíthin plean oibre atá cobhsaí agus aonfhoirmeach beidh na rannpháirtithe in ann a nósanna imeachta a bharrfheabhsú. Trí leagan amach ginearálta a úsáid, is féidir nósanna imeachta comhionanna a bhunú do na gníomhairí táirgthe go léir, go háirithe na comhlachtaí clódóireachta. Cuirfidh sé seo ar chumas na hOifige agus mar sin ar chumas na n-údar, i gcás imthosca gan choinne, aistriú go tapa go conraitheoir eile gan cur isteach ar an bpróiseas táirgthe.

Nuashonraithe: 15.3.2024
barr an leathanaigh
leathanach roimhe seoan chéad leathanach eile