4.1. Údair, comhlachtaí údarúcháin, Oifig na bhFoilseachán agus seirbhísí clódóireachta
4.1.1. Na húdair agus Oifig na bhFoilseachán
Is féidir le hinstitiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh leas a bhaint as Oifig na bhFoilseachán do gach sórt foilseacháin. Soláthraíonn an Oifig, i measc seirbhísí eile, na seirbhísí seo a leanas do na húdair:
An nós imeachta go hachomair
Ní mór do na seirbhísí is údair iarraidh ar sholáthar seirbhísí a dhíriú ar dtús chuig seirbhís údarúcháin a n-institiúide, a gcomhlachta nó a ngníomhaireachta. Ansin, cuirtear iarraidh ar fhoilseachán i dtoll a chéile agus seoltar chuig Oifig na bhFoilseachán é. Bunaithe ar an meastachán a dhéantar nó an sonrasc a tharraingítear suas dá réir, líonann Oifig na bhFoilseachán isteach na foirmeacha ordúcháin agus seoltar iad chuig an tseirbhís údarúcháin le síniú.
Tar éis an lámhscríbhinn dheireanach agus an fhoirm ordúcháin atá sínithe a fháil, ullmhaíonn Oifig na bhFoilseachán an lámhscríbhinn chun í a chló agus cuirtear an chéad léamh i gcrích. Ag deireadh an phróisis táirgthe, tugtar an t-ordú cló tar éis an líon cóipeanna, na haitheantóirí (ISBN, ISSN, DOI, uimhir na catalóige), an praghas díola (más infheidhme) chomh maith leis na modhanna seachadta, a sheiceáil.
Tar éis an tseachadta, seiceálann Oifig na bhFoilseachán cáilíocht an fhoilseacháin agus seiceálann sí gurb ionann an foilseachán seachadta agus a bhfuil sonraithe ar an sonrasc.
Maidir le foilseacháin thréimhsiúla, seachnaítear gach athrú teidil nó leagan amach i rith na bliana atá i gceist, toisc go gcruthaíonn na hathruithe seo deacrachtaí agus moilleanna don tsraith agus don chatalógú, chomh maith le fadhbanna díolacháin agus mearbhall don léitheoir.
An bhfuil foilseachán á tháirgeadh agat? An bhfuil póstaer á chruthú agat? An ag dul i bhfeidhm ar lucht léitheoireachta ar leith atáthar?
Tá gach freagra ar do cheisteanna teicniúla agus riaracháin ar fáil ar:

(Nasc inmheánach d’fhoireann na n-institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh)