3.7. Comhaontuithe idirnáisiúnta
D’fhéadfadh gníomh reachtach tánaisteach bheith roimh chomhaontuithe idirnáisiúnta agus is gnách go bhformheastar leis an ngníomh sin iad. Gabhann siad (ní bhíonn siad “i gceangal le …” ) leis an ngníomh seo (cinneadh nó rialachán).
De bhrí go mbíonn na gníomhartha seo tar éis a sínithe ag tríú tíortha, ní féidir aon athrú a dhéanamh ar na téacsanna.
Scríobhtar an dáta i bhfocail i gcomhaontuithe idirnáisiúnta: (féach Pointe 2.5).