3.6. Sainmhíniú ar théarma nó ar fhocal
Nuair a bhíonn téarma nó focal á shainmhíniú, cuirtear é laistigh de chamóga dúbailte inbhéartaithe (laistigh de chamóga singile inbhéartaithe nuair a bhíonn sé laistigh de chamóga dúbailte inbhéartaithe cheana féin):
2. Chun críocha an Rialacháin seo, ciallaíonn “grúpa monaróirí bainteacha” monaróir agus a ghnóthais bhainteacha.
I gcás liosta, cuirtear an téarma nó an focal laistigh de chamóga dúbailte inbhéartaithe:
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:(1)ciallaíonn “infheistíocht atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de” infheistíocht i ngníomhaíocht eacnamaíoch amháin nó i roinnt gníomhaíochtaí eacnamaíocha a cháilíonn mar chinn atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de faoin Rialachán seo;(2)ciallaíonn “rannpháirtí sa mhargadh airgeadais” […]
Uimhrítear na pointí trí úsáid a bhaint as uimhreacha Arabacha idir lúibíní. I gcás inar gá tuilleadh forannán a chur isteach, úsáidtear litreacha i gcás íochtair idir lúibíní don dara leibhéal agus uimhreacha Rómhánacha i gcás íochtair idir lúibíní don tríú leibhéal.