3.3.2. Píosaí breise agus uimhriú
I gcás ina ndéantar airteagail, míreanna uimhrithe nó foranna eile a bhfuil uimhir nó litir ag dul leo a chur isteach i dtéarmaí achtacháin gnímh atá ann, tugtar uimhir nó litir na foroinne roimhe sin ar an leibhéal céanna dóibh i dteannta na litreach “a”, “b”, “c”, “d”, etc. Mar shampla, airteagail a chuirtear isteach i ndiaidh Airteagal 1, tugtar “Airteagal 1a”, “Airteagal 1b”, etc. orthu. Ar an dóigh chéanna, airteagal a chuirtear isteach idir Airteagal 1a agus Airteagal 1b, tugtar “Airteagal 1aa” air.
Cuirtear i bhfeidhm rialacha speisialta sna cásanna seo a leanas:
Má chuirtear isteach airteagail, míreanna uimhrithe nó foranna eile a bhfuil uimhir nó litir ag dul leo, níor cheart na hairteagail, míreanna nó foranna eile a leanann a athuimhriú toisc go bhféadfadh sé go dtagraíonn gníomhartha eile dóibh. Níor cheart athuimhriú a dhéanamh ach i gcás códú nó athmhúnlú.
(Foinse: Lámhleabhar Comhpháirteach, Pointe C.9.3.2.)