3.2.4. Conas tagairt do leasuithe ar na gníomhartha
Ní bhíonn tagairt a thuilleadh i bhfonóta san Iris Oifigiúil do na leasuithe is deireanaí ar ghníomh. Ní thugtar ach tagairt don Iris Oifigiúil inar foilsíodh an chéad leagan den ghníomh.
Na gníomhartha a ndéantar tagairt dóibh sna téacsanna a fhoilsítear san Iris Oifigiúil, is gníomhartha iad atá i bhfeidhm ag an am sin (ná húsáidtear a thuilleadh na nathanna “arna leasú (go deireanach) le” ná “arna aisghairm” ná “leagan ceartaithe”).
D’fhéadfadh sé gur mhian leis an údar tagairt a dhéanamh do théacs sonrach faoi mar atá sé ar dháta sonrach nó béim a chur ar ghníomh leasaitheach. Sa chás sin, luaitear an gníomh leasaitheach sa téacs (is tagairt sheasta í) de réir a ghearrtheidil agus leanann tagairt i bhfonóta é má luaitear é den chéad uair.
(6)Baineadh amach an t-ábhar a bhí in Iarscríbhinn III B a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 517/94 arna leasú ag Rialachán (CE) Uimh. 1398/2007 ón gCoimisiún (5) […][…]
(5)Rialachán (CE) Uimh. 1398/2007 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2007 lena leasaítear Iarscríbhinní II, III B agus VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 517/94 ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna i dtaca le hallmhairiú táirgí teicstíle ó thríú tíortha áirithe nach dtagann faoi chomhaontuithe déthaobhacha, prótacail ná comhshocraíochtaí eile, ná faoi rialacha sonracha Comhphobail eile i dtaca le hallmhairiú (IO L 311, 29.11.2007, lch. 5).