ISSN 1831-5380
Léarcsáil an tsuímh | Fógra dlíthiúil | Fianáin | Ceisteanna coitianta | Teagmháil | Priontáil

2.3. Na hairteagail (na téarmaí achtúcháin)

Faisnéis ghinearálta

Is iad na téarmaí achtúcháin (na hairteagail) an chuid reachtach den ghníomh.

Is féidir na téarmaí achtúcháin a scríobh in ‘Airteagal Aonair’ más téarmaí simplí iad.

NB:
I ngníomh ina bhfuil níos mó ná aon airteagal amháin, uimhrítear na hairteagail go comhleanúnach (Airteagal 1, Airteagal 2, etc.). Ní mór na téarmaí achtúcháin a uimhriú go leanúnach ó thús deireadh.

Is féidir na hairteagail a ghrúpáil mar a leanas: ‘codanna’, ‘teidil’, ‘caibidlí’ agus ‘ranna’. (Féach Pointe 2.7 ‘Forannáin na ngníomhartha’.)

Féadfar na hairteagail a fhoroinnt ina míreanna, fomhíreanna, pointí, fleasca agus abairtí. Féadfaidh na míreanna a bheith gan uimhir, nó féadfaidh uimhreacha arabacha a bheith orthu, agus féadfaidh siad pointí nó fleasca a bheith iontu, agus deais rompu. (I dtaca leis na téarmaí a úsáidtear do chodanna éagsúla airteagail, féach an léaráid i bPointe 2, Pointe 2.7 agus ‘Táblaí achoimre: struchtúr gnímh’.)

An t-airteagal deiridh (i dtreoracha agus i gcinntí)

I dtreoracha agus i gcinntí, más infheidhme, sonraítear san airteagal deiridh cé chuige a ndírítear an gníomh.

Treoracha

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit. ()

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí. ()
(I gcás nach ndírítear Treoir chuig gach Ballstát: Ballstáit nach bhfuil an euro mar airgeadra acu etc.)

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit [a bhfuil uiscebhealaí intíre iontu, [e.g. mar a thagraítear dó in Airteagal 1(1)]. ()

Dírítear an Treoir seo chuig [ainm iomlán (oifigiúil) an Bhallstáit/na mBallstát]. ()

Cinntí
Cinntí a dhírítear chuig gach Ballstát:
Dírítear an Cinneadh seo chuig na Ballstáit. ()

Cinntí a dhírítear chuig Ballstáit shonracha:

Dírítear an Cinneadh seo chuig na Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí. ()

Dírítear an Cinneadh seo chuig [ainm iomlán (oifigiúil) an Bhallstáit/na mBallstát]. ()

Cinntí a dhírítear chuig páirtithe sonracha:
Dírítear an Cinneadh seo chuig [ainm iomlán agus seoladh an pháirtí/na bpáirtithe]. ()
NB:
Úsáidtear ainmneacha oifigiúla iomlána na mBallstát [féach Pointe 7.1.1] agus liostaítear iad de réir an oird prótacail:
Dírítear an Cinneadh seo chuig Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, Poblacht na hIodáile agus an Rómáin. ()
Luaitear freisin san airteagal deiridh de na Treoirlínte ón mBanc Ceannais Eorpach an t-eintiteas a bhfuil na Treoirlínte dírithe chuige:
Dírítear an Treoirlíne seo chuig gach banc ceannais Eurochórais. ()
Nuashonraithe: 6.2.2024
barr an leathanaigh
leathanach roimhe seoan chéad leathanach eile