1.3.2. Uimhriú na ndoiciméad
Uimhir fógra
Cuirtear uimhir fógra i ndiaidh theidil na ndoiciméad a fhoilsítear i sraith C agus is í Oifig na bhFoilseachán a chuireann an uimhir sin ar fáil. Is éard atá san uimhir seo:
(a)
bliain an fhoilsithe:
(i)
ón 1 Eanáir 1999 i leith, na ceithre dhigit;
(ii)
go dtí an 31 Nollaig 1998, an dá dhigit dheireanacha;
(b)
uimhir na hIrise Oifigiúla;
(c)
uimhir a chuireann i bhfios ord an fhoilseacháin san Iris Oifigiúil:
(98/C 45/01)
(2000/C 2/08)
Cuirtear an uimhir faoin teideal, í láraithe agus í idir lúibíní. I gclár na n-ábhar, cuirtear an uimhir seo gan lúibíní san imeall clé.
Uimhriú speisialta
Bíonn uimhriú dá gcuid féin sa teideal ag doiciméid áirithe:
—
seasaimh ón gComhairle faoi chuimsiú an ghnáthnós imeachta reachtaigh:
Seasamh (AE) Uimh. 5/2010 ón gComhairle ar an gcéad léamh
NB:
Faoi chuimsiú an nós imeachta comhchinnteoireachta roimh Chonradh Liospóin bhí “Comhsheasaimh ón gComhairle” ann:
Comhsheasamh (CE) Uimh. 14/2005 ón gComhairle (†)
—
státchabhair:
Státchabhair C 32/09 (†)
NB:
Bí san airdeall maidir le huimhriú C 55/99, C 55/2000, C 55/01 (is don bhliain 2000 amháin a úsáidtear ceithre dhigit).
—
cásanna na Cúirte Breithiúnais, na Cúirte Ginearálta agus Bhinse na Seirbhíse Sibhialta:
Cás C-187/10 (†) (an Chúirt Bhreithiúnais)
Cás T-211/10 (†) (an Chúirt Ghinearálta — ón 15 Samhain 1989 i leith)
Cás F-29/10 (†) (Binse na Seirbhíse Sibhialta — ó 23 Iúil 2005 go 31 Lúnasa 2016)
roimh an 15 Samhain 1989 (don Chúirt Bhreithiúnais amháin): Cás 84/81
NB:
Stop Binse na Seirbhíse Sibhialta, a bunaíodh in 2004, ag oibriú an 1 Meán Fómhair 2016, tar éis aistriú ar a dlínse chuig an gCúirt Ghinearálta.
—
tuairimí ón gCúirt Iniúchóirí:
Tuairim Uimh. 6/2011
—
cásanna Chúirt an CSTE:
Cás E-5/10 (†)
—
fógraí faoi chomórtais oscailte (sraith C … A):
EPSO/AD/177/10
—
fógraí faoi fholúntais:
COIM/AD/17/10
—
cinntí ón gCoimisiún Riaracháin maidir le comhordú córas slándála sóisialta:
Cinneadh Uimh. H8 an 17 Nollaig 2015 (uasdátaithe le mionsoiléirithe teicniúla an 9 Márta 2016) maidir leis na modhanna oibriúcháin agus comhdhéanamh an Choimisiúin Theicniúil um Próiseáil Sonraí den Choimisiún Riaracháin um Chomhordú Córas Slándála Sóisialta) (†)
—
buiséid leasaitheacha ó na gníomhaireachtaí:
Ráiteas ioncaim agus caiteachais na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí don bhliain airgeadais 2010 — Buiséad Leasaitheach Uimh. 1 (†)
—
iarratais ar thograí:
Glao ar thairiscintí IX-2011/01 — “Deontais do pháirtithe polaitiúla ar leibhéal na hEorpa” (†)