1.2.3. Inneachar
L I — Gníomhartha reachtacha
(a) Rialacháin
Is faoin gceannteideal seo a fhoilsítear rialacháin arna nglacadh go comhpháirteach ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle (an gnáthnós imeachta reachtach) nó rialacháin arna nglacadh go leithleach ag ceann amháin den dá institiúid le rannpháirtíocht na hinstitiúide eile (an nós imeachta reachtach speisialta):
Rialachán (AE) 2015/475 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle
(b) Treoracha
Is faoin gceannteideal seo a fhoilsítear treoracha arna nglacadh go comhpháirteach ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle (an gnáthnós imeachta reachtach) nó treoracha arna nglacadh go leithleach ag an gComhairle le rannpháirtíocht Pharlaimint na hEorpa (an nós imeachta reachtach speisialta):
Treoir (AE) 2015/254 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
Treoir (AE) 2015/121 ón gComhairle
(c) Cinntí
Is faoin gceannteideal seo a fhoilsítear cinntí arna nglacadh go comhpháirteach ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle (an gnáthnós imeachta reachtach) nó cinntí arna nglacadh go leithleach ag an gComhairle le rannpháirtíocht Pharlaimint na hEorpa (nós imeachta reachtach speisialta):
Cinneadh (AE) 2015/601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
Cinneadh (AE, Euratom) 2015/457 ón gComhairle
(d) Buiséid
Is faoin gceannteideal seo a fhoilsítear buiséid ghinearálta agus buiséid leasaitheacha an Aontais Eorpaigh, i ndiaidh an ghnímh lenar glacadh go cinntitheach iad:
Glacadh cinntitheach (EU, Euratom) 2015/339 bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2015 (†)
Glacadh cinntitheach (EU, Euratom) 2015/366 bhuiséad leasaitheach an Aontais Eorpaigh Uimh. 2 don bhliain airgeadais 2014 (†)
Sanntar an uimhir ar an nglacadh cinnte, i.e. an gníomh roimh an mbuiséad ginearálta nó an mbuiséad leasaitheach. Ní thugtar uimhir do bhuiséad ginearálta ach tugtar uimhir a chuireann an t-údar ar fáil do na buiséid leasaitheacha (e.g. “Glacadh cinntitheach bhuiséad leasaitheach an Aontais Eorpaigh Uimh. 2 don bhliain airgeadais 2014”).
L II — Gníomhartha neamhreachtacha
(a) Comhaontuithe Idirnáisiúnta
Is “comhaontuithe idirnáisiúnta” (dá ngairtear comhaontuithe anseo feasta) iad comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas Eorpach nó ag an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, coinbhinsiúin arna síniú ag na Ballstáit, comhaontuithe, coinbhinsiúin agus prótacail arna mbunú ag Ionadaithe Rialtais na mBallstát ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, comhaontuithe inmheánacha idir Ionadaithe Rialtais na mBallstát ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, comhaontuithe i bhfoirm Malartú Litreacha, etc.
Níl uimhir ag comhaontuithe den sórt a shainítear thuas.
Is faoin gceannteideal seo a fhoilsítear:
Cinneadh (AE) 2015/209 ón gComhairle, an 10 Samhain 2014, maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an chomhaontaithe do chomhar eolaíoch agus teicniúil idir an tAontas Eorpach agus Oileáin Fháro, lena mbeidh comhlachas ag Oileáin Fháro le “Fís 2020” — an Creatchlár le haghaidh Taighde agus Nuálaíochta (2014-2020) (†)
Comhaontú do chomhar eolaíoch agus teicniúil idir an tAontas Eorpach agus Oileáin Fháro, lena mbeadh comhlachas ag Oileáin Fháro le “Fís 2020” — an Creatchlár le haghaidh Taighde agus Nuálaíochta (2014-2020) (†)
Cinneadh (AE) 2015/105 ón gComhairle an 14 Aibreán 2014, maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach Prótacail maidir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hAsarbaiseáine, den pháirt eile, faoi Chreat-Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hAsarbaiseáine faoi na prionsabail ghinearálta a ghabhann le rannpháirtíocht Phoblacht na hAsarbaiseáine i gcláir an Chomhphobail (†)
Prótacal leis an gComhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hAsarbaiseáine, den pháirt eile, faoi na prionsabail ghinearálta a ghabhann lena rannpháirtíocht i gcláir an Chomhphobail (†)
Cinneadh ón gComhairle (AE) 2015/1796 an 24 Márta 2015 lena n-aisghairtear Cinneadh 2011/492/AE maidir le comhairliúcháin le Poblacht Ghuine Bissau a thabhairt i gcrích de réir Airteagal 96 den Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE (†)
Faisnéis maidir le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe le haghaidh comhair eolaíochta agus teicneolaíochta idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le Horizon 2020 […] (†)
(b) Rialacháin
Is faoin gceannteideal seo a fhoilsítear rialacháin ón gComhairle (rialacháin atá bunaithe go díreach ar na Conarthaí agus rialacháin cur chun feidhme), rialacháin ón gCoimisiún (rialacháin atá bunaithe go díreach ar na Conarthaí, rialacháin tharmligthe agus rialacháin cur chun feidhme) agus rialacháin ón mBanc Ceannais Eorpach:
Rialachán (AE) 2015/106 ón gComhairle
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/81 ón gComhairle
Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/281 ón gCoimisiún
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/52 ón gCoimisiún
Rialachán (AE) 2015/534 ón mBanc Ceannais Eorpach […] (BCE/2015/13)
(c) Treoracha
Is faoin gceannteideal seo a fhoilsítear treoracha ón gComhairle (treoracha atá bunaithe go díreach ar na Conarthaí agus treoracha cur chun feidhme) agus treoracha ón gCoimisiún (treoracha atá bunaithe go díreach ar na Conarthaí, treoracha tarmligthe agus treoracha cur chun feidhme):
Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle
Treoir (AE) 2015/565 ón gCoimisiún
Treoir Tarmligthe (AE) 2015/573 ón gCoimisiún
Treoir Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1168 ón gCoimisiún
(d) Cinntí
Is faoin gceannteideal seo a fhoilsítear na cinntí seo a leanas:
Cinneadh (AE, Euratom) 2015/578 ó Ionadaithe Rialtais Bhallstáit (†)
Cinneadh (AE) 2015/1614 ó Pharlaimint na hEorpa
Cinneadh (AE) 2018/509 ón gComhairle Eorpach
Cinneadh (AE) 2015/468 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
Cinneadh (AE) 2015/1025 ón gComhairle
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/156 ón gComhairle
Cinneadh (CBES) 2015/76 ón gComhairle
Cinneadh (AE) 2015/119 ón gCoimisiún
Cinneadh Tarmligthe (AE) 2015/1602 ón gCoimisiún
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/103 ón gCoimisiún
Cinneadh (AE) 2015/299 ón mBanc Ceannais Eorpach […] (BCE/2015/5)
Maidir le cinntí BCE, dá sannann BCE uimhir freisin (“BCE/2015/5”), foilsítear iad agus dhá uimhir acu (féach Pointe 1.2.2, “Uimhriú dúbailte”).
Roimh an 1 Nollaig 2009, bhí dhá shaghas cinnidh ann (i dteangacha áirithe d’úsáidtí téarmaí éagsúla). Bhíodh “cinntí reatha” ann inar luadh cé ar a raibh an cinneadh dírithe i ndiaidh na dtéarmaí achtúcháin agus uimhir fógra sa teideal. Ina theannta sin, bhíodh na cinntí sui generis ann ina raibh “tar éis a chinneadh mar a leanas” (in ionad “tar éis an cinneadh seo a ghlacadh”) roimh na téarmaí achtúcháin. Ón uair a tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm, ní ann don idirdhealú sin a thuilleadh. I gcásanna áirithe, áfach, is ionann an leagan amach do chinntí nach luaitear cé ar a bhfuil siad dírithe agus leagan amach na seanchinntí sui generis.
(e) Moltaí
Is faoin gceannteideal seo a fhoilsítear moltaí ón gComhairle de bhun Airteagail 121, 126, 140 agus 292 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, moltaí ón gCoimisiún (Airteagal 292) agus moltaí ón mBanc Ceannais Eorpach (Airteagal 292):
Moladh (AE) 2015/1029 ón gComhairle
Moladh (AE) 2015/682 ón gCoimisiún
Maidir le moltaí ó BCE, dá sannann BCE uimhir freisin, foilsítear iad agus dhá uimhir acu (féach Pointe 1.2.2, “Uimhriú dúbailte”).
Foilsítear moltaí eile i sraith C.
(f) Treoirlínte
Is faoin gceannteideal seo a fhoilsítear treoirlínte ón mBanc Ceannais Eorpach. Sannann BCE uimhir dóibh freisin (“BCE/2015/20”) agus mar sin foilsítear iad agus dhá uimhir acu (féach Pointe 1.2.2, “Uimhriú dúbailte”):
Treoirlíne (AE) 2015/732 ón mBanc Ceannais Eorpach […] (ECB/2015/20)
(g) Rialacha Nós Imeachta
Is faoin gceannteideal seo a fhoilsítear rialacha nós imeachta na n-institiúidí agus na gcomhlachtaí; foilsítear rialacha nós imeachta na n-oifigí agus na ngníomhaireachtaí i sraith C.
Rialacha Nós Imeachta Choiste na Réigiún (†)
Rialacha Nós Imeachta Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (†)
Leasuithe ar an Treoir do Chláraitheoir na Cúirte Ginearálta (†)
Nuair atá na rialacha nós imeachta ag gabháil le gníomh, foilsítear iad faoin gceannteideal céanna leis an ngníomh:
Cinneadh ón gComhairle (AE) 2015/354 an 2 Márta 2015 lena nglactar Rialacha Nós Imeachta an Choiste um an tSaoráid Infheistíochta a bunaíodh faoi choimirce an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (an gníomh lena ngabhann na rialacha nós imeachta) (†)
Ní thugtar uimhir do rialacha nós imeachta.
(h) Gníomhartha arna nglacadh ag comhlachtaí arna gcruthú le comhaontuithe idirnáisiúnta
Is faoin gceannteideal seo a fhoilsítear cinntí ó chomhlachtaí arna gcruthú le comhaontuithe idirnáisiúnta, chomh maith le rialacháin ó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (NA/ECE). Bíonn dhá uimhir ag na gníomhartha seo (féach Pointe 1.2.2, “Uimhriú dúbailte”).
Cinneadh Uimh. 1/2015 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE […] [2015/1909] (†)
Cinneadh Uimh. 1/2015 ó Chomhchoiste AE-an Eilvéis […] [2015/542]
Cinneadh Uimh. 78 ó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (NA/ECE) […] [2015/145]
(i) Comhaontuithe idirinstitiúideacha
Rialaítear le comhaontuithe idirinstitiúideacha gnéithe áirithe comhairliúcháin agus comhair idir institiúidí an Aontais Eorpaigh mar thoradh ar an gcomhdhearcadh eatarthu — i.e. is ionann iad agus cineál comhrialacha nós imeachta.
Cinneann na hinstitiúidí na comhaontuithe seo a fhoilsiú i sraith L nó i sraith C ag brath ar a gcomhthéacs, a raon feidhme agus a n-éifeachtaí.
L III — Gníomhartha eile
An Limistéar Eorpach Eacnamaíoch
Faoin gceannteideal seo foilsítear:
Cinneadh Uimh. 159/2014 ó Chomhchoiste an LEE […] [2015/94]
Cinneadh Uimh. 30/15/COL ó Údarás Faireacháin an CSTE […] [2015/1813]
Cinneadh Uimh. 2/2015/SC ó Bhuanchoiste Stáit an CSTE […] [2015/2024]
Bíonn dhá uimhir ag na gníomhartha seo (seachas rialacha nós imeachta Chúirt CSTE) (féach Pointe 1.2.2, “Uimhriú dúbailte”).
I gcás gníomhartha ó Údarás Faireacháin Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa, in uimhir an ghnímh ní úsáidtear ach dhá dhigit don bhliain: 30/15/COL (COL= Coláiste an Údaráis Fhaireacháin).
L IV — Gníomhartha a glacadh roimh an 1 Nollaig 2009 faoi Chonradh CE, faoi Chonradh AE agus faoi Chonradh Euratom
Úsáidtear an ceannteideal sealadach L IV le haghaidh foilsiú gníomhartha a glacadh roimh an 1 Nollaig 2009 faoi Chonradh CE, faoi Chonradh AE agus faoi Chonradh Euratom.
Cinneadh 2010/16/CBES/CGB ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le hÉicilipéad AE
Ceartúcháin
Cuirtear ceartúcháin ag deireadh na hIrise Oifigiúla i gcónaí ó tharla nach gá go mbeidís ann ach i gcás teangacha áirithe agus d’fhéadfadh an t-ábhar agus an fad a bheith éagsúil ó theanga go teanga. Ní thugtar uimhir do cheartúcháin. Is é seo an t-aon mhír amháin san Iris Oifigiúil nach bhfuil uimhrithe.
Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2015/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le himeachtaí dócmhainneachta