1.2. Sraith L
1.2.1. Rangú na ngníomhartha
Liostaítear na ceannteidil agus na fo-cheannteidil san ord seo a leanas (féach freisin EUR-Lex
agus Visual guide — Official Journal typographical rules
).
An Iris Oifigiúil — Sraith L
L I — Gníomhartha reachtacha
—
Rialacháin
—
Treoracha
—
Cinntí
—
Buiséid
L II — Gníomhartha neamhreachtacha
—
Comhaontuithe idirnáisiúnta
—
Rialacháin
—
Treoracha
—
Cinntí
—
Moltaí
—
Treoirlínte
—
Rialacha nós imeachta
—
Gníomhartha arna nglacadh ag comhlachtaí arna gcruthú le comhaontuithe idirnáisiúnta
—
Comhaontuithe idirinstitiúideacha
L III — Gníomhartha eile
—
An Limistéar Eorpach Eacnamaíoch
L IV — Gníomhartha arna nglacadh roimh an 1 Nollaig 2009 faoi Chonradh CE, faoi Chonradh AE agus faoi Chonradh Euratom
NB:
—
Maidir le L I agus L II, sonraítear i
bPointe
3.4.2 an
t-ord ina mbíonn na húdair faoi gach
ceannteideal (“rialacháin”, “treoracha”, etc.).
—
In L II, faoi na ceannteidil “rialacháin”, “treoracha”, “cinntí”, de réir an oird a luaitear thuas agus i gcás na
n-údar ábhartha, is san ord seo a leanas a rangaítear na gníomhartha: 1. gníomhartha atá bunaithe ar an gConradh; 2. gníomhartha tarmligthe; 3. gníomhartha cur chun feidhme (maidir le samplaí, féach “
Táblaí achoimre”).
Ceannteidil
Is i sraith L a fhoilsítear na gníomhartha san Iris Oifigiúil, faoi na ceannteidil seo a leanas: L I, L II, L III, agus L IV.
L I — Gníomhartha reachtacha
Is faoin gceannteideal seo a fhoilsítear na “gníomhartha reachtacha” (faoi chuimsiú an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh) i.e. na rialacháin, na treoracha agus na cinntí arna nglacadh:
—
i gcomhréir leis an “gnáthnós imeachta reachtach” (arna nglacadh go comhpháirteach ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle),
—
i gcomhréir leis an “nós imeachta reachtach speisialta” (arna nglacadh ag an gComhairle le rannpháirtíocht na Parlaiminte nó arna nglacadh ag an bParlaimint le rannpháirtíocht na Comhairle).
Is faoin gceannteideal seo, freisin, a fhoilsítear buiséad an Aontais Eorpaigh, chomh maith le buiséid leasaitheacha a bhaineann leis. Glactar an buiséad de réir nós imeachta reachtaigh speisialta.
NB:
Roimh an 1 Nollaig 2009, is faoin gceannteideal L II a bhíothas ag foilsiú bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh, agus “Glacadh deiridh bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh” mar theideal air. Ina theannta sin, is i sraith C a fhoilsítear anois na ráitis ar ioncam agus ar chaiteachas na ngníomhaireachtaí, ráitis a bhíothas a fhoilsiú i sraith L roimhe seo.
L II — Gníomhartha neamhreachtacha
Faoi cheannteideal L II, foilsítear na “gníomhartha neamhreachtacha”, (de réir bhrí an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh) rialacháin, treoracha agus cinntí nach nglactar de réir nós imeachta reachtaigh (gníomhartha tarmligthe (Airteagal 290) agus gníomhartha cur chun feidhme (Airteagal 291) agus na gníomhartha atá bunaithe ar na Conarthaí (gníomhartha a bhaineann le comhaontuithe idirnáisiúnta, cinntí CBES, etc.)), chomh maith le gníomhartha eile, amhail moltaí agus treoirlínte ón BCE.
L III — Gníomhartha eile
Áirítear faoi cheannteideal L III na “gníomhartha eile” amhail gníomhartha de chuid an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch.
L IV — Gníomhartha arna nglacadh roimh an 1 Nollaig 2009 faoi Chonradh CE, faoi Chonradh AE agus faoi Chonradh Euratom
Faoi cheannteideal sealadach L IV (as feidhm anois), a fhoilsítear na gníomhartha arna nglacadh roimh an 1 Nollaig 2009, faoi Chonradh CE, Conradh AE agus Conradh Euratom.
Rangú
Faoi gach ceannteideal úsáidtear dhá chritéar le haghaidh rangú na ngníomhartha:
(a)
de réir an ghnímh (rialachán, treoir, cinneadh);
(b)
agus, más gá, de réir an oird ina bhfoilsítear na hinstitiúidí
tionscnaimh (féach
Pointe 3.4.2): Parlaimint
na hEorpa, an Chomhairle Eorpach, Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, an
Chomhairle, an Coimisiún Eorpach, Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, an
Banc Ceannais Eorpach, an Chúirt Iniúchóirí, etc.