An Brollach
Stair
1952
Ar theacht i bhfeidhm do Chonradh CEGC, cruthaíodh iris oifigiúil d’fhonn fógraí, cinntí, etc. a fhoilsiú.
Tháinig An Iris Oifigiúil amach den chéad uair an 30 Nollaig.
Ó 1952 go dtí an 19 Aibreán 1958, ba é Iris Oifigiúil an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach teideal na hIrise Oifigiúla. Ba iad an Fhraincis, an Ghearmáinis, an Iodáilis agus an Ollainnis na teangacha oifigiúla.
1958
Ar theacht i bhfeidhm do dhá chonradh eile, Conradh CEE agus Conradh Euratom, rinneadh modhnú ar an Iris Oifigiúil agus is é Iris Oifigiúil na gComhphobal Eorpach an teideal a tugadh uirthi.
Tháinig an Iris Oifigiúil nua amach den chéad uair an 20 Aibreán.
1968
Cruthaíodh sraith L (Reachtaíocht) agus sraith C (Faisnéis agus Fógraí) i mí Eanáir.
Foilsíodh an chéad eagrán de shraith L an 3 Eanáir.
Foilsíodh an chéad eagrán de shraith C an 12 Eanáir.
1978
Tháinig an chéad eagrán de shraith S (Forlíonadh ar Iris Oifigiúil na gComhphobal Eorpach) amach an 7 Eanáir.
Roimhe sin bhíothas ag foilsiú cuirí chun tairisceana agus fógraí faoin gCiste Eorpach Forbraíochta, mar shampla, i sraith L (go dtí deireadh 1974) agus i sraith C (go dtí deireadh 1977) faoi seach.
1981
Cuireadh bunachar sonraí CELEX — uathchóras idirinstitiúideach ilteangach doiciméadachta le haghaidh dhlí an Chomhphobail — ar fáil don phobal. Is tríd an gCoimisiún a cuireadh CELEX á dháileadh agus é ar fáil ar líne agus ar théip mhaighnéadach.
1986
Cuireadh sraith S ar fáil i bhfoirm leictreonach (TED — bunachar sonraí foilseachán laethúil leictreonach na gcuirí chun tairisceana).
1987
Cuireadh sraith L agus sraith S ar fáil i bhfoirm micrifíse.
1991
Cruthaíodh sraith C … A i mí Eanáir.
1992
I mí Dheireadh Fómhair, aistríodh bainistíocht CELEX ón gCoimisiún go dtí Oifig na bhFoilseachán.
1997
Cuireadh sraith S ar fáil i bhfoirm CD-ROM.
1998
Cuireadh sraith L agus sraith C ar fáil ar an suíomh EUR-Lex.
Ón 1 Iúil i leith, níor foilsíodh a thuilleadh eagrán páipéir den tsraith S. Is ar CD-ROM agus ar an idirlíon (bunachar sonraí TED) amháin a fhoilsítear í.
1999
An 31 Lúnasa tosaíodh ar shraith nua C … E a fhoilsiú i bhfoirm leictreonach (E = leictreonach).
2001
Cuireadh sraith L agus sraith C ar fáil ar CD-ROM.
2002
An 1 Eanáir cuireadh rochtain ar EUR-Lex ar fáil saor in aisce.
2003
An 1 Feabhra athainmníodh an Iris Oifigiúil agus tugadh Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh uirthi de bhun Chonradh Nice.
2004
An 1 Bealtaine, de thoradh mhéadú an Aontais Eorpaigh, tosaíodh ar an Iris Oifigiúil a fhoilsiú i 20 teanga.
De réir Rialachán (CE) Uimh. 930/2004 ón gComhairle (†), deonaíodh maolú maidir leis an eagrán Máltaise den Iris Oifigiúil — ar feadh 3 bliana (1.5.2004 go 30.4.2007) ní raibh sé d’oibleagáid ar na hinstitiúidí ach na rialacháin sin a ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle go comhpháirteach a fhoilsiú.
An 1 Bealtaine scoradh de bheith ag cur stiall dhaite ar dhroim chlúdach na hIrise Oifigiúla agus ó shin i leith is tríd an gcód ISO ar an gclúdach a aithnítear an leagan teanga.
An 1 Bealtaine tosaíodh ar na bunachair sonraí CELEX agus EUR-Lex a chur ar fáil i ngach teanga den 20 teanga.
I mí Iúil foilsíodh an t-eagrán páipéir deireanach de Eolaí na Reachtaíochta Comhphobail atá i bhfeidhm. Ó shin i leith, is in EUR-Lex atá an tEolaí ar fáil.
Ón 1 Samhain tosaíodh ar iontrálacha CELEX a lánpháirtiú i mbunachar sonraí EUR-Lex agus an 31 Nollaig scoradh de bheith ag nuashonrú CELEX.
2007
An 1 Eanáir tosaíodh ar an Iris Oifigiúil a fhoilsiú in 23 theanga, ag eascairt as aontachas na Bulgáire
agus na Rómáine agus an cinneadh go bhfoilseofaí reachtaíocht thánaisteach i nGaeilge. I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 920/2005 ón gComhairle (†), deonaíodh maolú (ar nós an mhaolaithe a bhí i bhfeidhm maidir leis an Máltais) maidir leis an eagrán Gaeilge den IO — go ceann 5 bliana (1.1.2007 go 31.12.2011 ní raibh sé d’oibleagáid ar na hinstitiúidí ach na rialacháin sin a ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle go comhpháirteach a fhoilsiú (Rialachán (CE) Uimh. 920/2005 ón gComhairle (†)).
An 1 Eanáir cuireadh struchtúr nua i bhfeidhm maidir le rangú na ngníomhartha a fhoilsítear san Iris Oifigiúil.
2009
An 1 Nollaig, ar theacht i bhfeidhm do Chonradh Liospóin, cuireadh roinn nua shealadach dar teideal L V leis an Iris Oifigiúil: ‘Gníomhartha arna nglacadh ón 1 Nollaig 2009 faoin gConradh ar an Aontas Eorpach agus an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus Conradh Euratom’. Baineadh an roinn sin as an Iris Oifigiúil an 31 Nollaig.
2010
An 1 Eanáir, bunaíodh struchtúr nua ann le haghaidh rangú na ngníomhartha a fhoilsítear san Iris Oifigiúil, chun na hathruithe nua a rinneadh le Conradh Liospóin a chur san áireamh.
2012
Le Rialachán (AE) Uimh. 1257/2010 ón gComhairle cuireadh síneadh 5 bliana leis an maolú a deonaíodh don Ghaeilge in 2007 (ón 1.1.2012 go 31.12.2016).
2013
Ón 1 Iúil, tar éis aontachas na Cróite, tosaíodh ar an Iris Oifigiúil a fhoilsiú in 24 theanga.
2014
Cuireadh deireadh le sraith C … E an 1 Aibreán.
2016
Cruthaíodh sraith L … I agus sraith C … I an 1 Eanáir.
I mí an Mhárta tugadh isteach Aitheantóir Reachtaíochta Eorpach (ELI) ar thairseach EUR-Lex.
2017
Le Rialachán (AE, Euratom) 2015/2264 ón gComhairle cuireadh síneadh arís leis an maolú don Ghaeilge, ach foráladh nár mhór a raon feidhme a laghdú de réir a chéile, d’fhonn é a chéimniú amach faoin 31 Nollaig 2021.
2022
Scoir an maolú maidir leis an nGaeilge d’fheidhm a bheith aige amhail ón 1 Eanáir.
2023
Ón 1 Deireadh Fómhair, táthar chun foilsiú na hIrise Oifigiúla a thabhairt isteach de réir gnímh.
Scoirtear de shraith L … I, C … A agus C … I.
Údarsheirbhísí na n-institiúidí, na gcomhlachtaí, na n-oifigí agus na ngníomhaireachtaí
Tá teacht ar liosta iomlán na n-institiúidí, na gcomhlachtaí, na n-oifigí agus na ngníomhaireachtaí i bPointe 9.5.
Parlaimint na hEorpa (an Bhruiséil, Lucsamburg, Strasbourg)
Is iad na ranna éagsúla a sheolann téacsanna chuig an Iris Oifigiúil.
An Chomhairle Eorpach (an Bhruiséil)
Is í Ardrúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh a sheolann na téacsanna.
Comhairle an Aontais Eorpaigh (an Bhruiséil)
Is í an Ardrúnaíocht a sheolann na téacsanna.
An Coimisiún Eorpach (an Bhruiséil, Lucsamburg)
Is í an Ardrúnaíocht atá freagrach as téacsanna de chuid an Choimisiúin atá le foilsiú san Iris Oifigiúil a sheoladh, eadhon, gníomhartha atá ceangailteach ó thaobh dlí (sraith L), tograí ón gCoimisiún, faisnéis agus fógraí (sraith C), agus fógraí i dtaobh cuirí chun tairisceana agus fógraí an Chiste Eorpaigh Forbraíochta (sraith S).
Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (Lucsamburg)
Is í clárlann na Cúirte Breithiúnais atá freagrach as na téacsanna a sholáthar.
An Banc Ceannais Eorpach (Frankfurt am Main)
Is í an Ard-Stiúrthóireacht um Sheirbhísí Rúnaíochta agus Teanga nó an Ard-Stiúrthóireacht um Sheirbhísí Dlíthiúla a sheolann na téacsanna.
Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (Lucsamburg)
Is é an tAonad Cumarsáide agus Tuarascálacha atá freagrach as téacsanna a sheoladh.
Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (an Bhruiséil)
Is í Ardrúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh a sheolann na téacsanna.
Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (an Bhruiséil)
Is í an chlárlann a sheolann na téacsanna.
Coiste Eorpach na Réigiún (an Bhruiséil)
Is iad na haonaid éagsúla a sheolann na téacsanna ón gclárlann.
An Banc Eorpach Infheistíochta (Lucsamburg)
Is iad na húdair éagsúla a sholáthraíonn na téacsanna.
An tOmbudsman Eorpach (Strasbourg) agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (an Bhruiséil)
Is iad na húdair éagsúla a sholáthraíonn na téacsanna.
Oifigí agus gníomhaireachtaí
Maidir le liosta de na hoifigí agus de na gníomhaireachtaí, féach Pointí 9.5.3 go 9.5.6.
LegisWrite
Uirlis ríomhaireachta is ea LegisWrite le haghaidh cáipéisí oifigiúla, de chineál reachtach nó eile, a chruthú, a athbhreithniú agus a mhalartú idir na hinstitiúidí. Déanann an uirlis seo struchtúr agus leagan amach na dtéacsanna a chaighdeánú.
Is féidir tuilleadh eolais faoi LegisWrite a fháil ar GoPro (Treoir maidir le nósanna imeachta), a bhfuil rochtain ag foireann institiúidí agus chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh air: https://webgate.ec.europa.eu/
Saothair thagartha
Maidir le téacsanna a fhoilsítear i nGaeilge san Iris Oifigiúil, is iad seo a leanas na príomhshaothair thagartha:
Ina theannta sin, is buantagairtí iad eagráin áirithe den Iris Oifigiúil i réimsí amhail talmhaíocht, iascach, comhaontuithe trádála, an Ainmníocht Chomhcheangailte, comhaontuithe le tríú tíortha, etc.