Tagairtí
Bunús dlí
Cinneadh 69/13/Euratom, CEGC, CEE an 16 Eanáir 1969 lena mbunaítear Oifig Foilseachán na gComhphobal Eorpach (†) (IO L 13, 18.1.1969), arna aisghairm agus arna athsholáthar go deireanach le Cinneadh 2009/496/CE, Euratom ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle, ón gCoimisiún, ón gCúirt Bhreithiúnais, ón gCúirt Iniúchóirí, ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus ó Choiste na Réigiún an 26 Meitheamh 2009 maidir le heagrú agus feidhmiú Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh (†) (IO L 168, 30.6.2009, lch. 41):
“Airteagal 1
Is oifig idirinstitiúideach í Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh a bhfuil sé d’aidhm aici a áirithiú go bhfoilseofar ar an mbealach is fearr is féidir foilseacháin institiúidí na gComhphobal Eorpach agus an Aontais Eorpaigh.” (†)
*
Rinne Coiste Comhordúcháin Fhoilseacháin an Choimisiúin sainmhíniú ar choincheap an fhoilsithe mar “téacs dúbailte a mbaineann caiteachas buiséadach leis agus atá dírithe go bunúsach ar an bpobal”.
Ar na rudaí a bhfuil Oifig na bhFoilseachán freagrach astu, tá:
Sainordú
Tá an doiciméad seo faoi rialú na n-eintiteas seo a leanas:
Ceapann an Coiste Idirinstitiúideach na hionadaithe oifigiúla a ghlacann páirt sna hoibreacha faoi chuimsiú na ngrúpaí. Féadfaidh an coiste seo gníomhú mar eadránaí i gcás faidhbe tromchúisí.
Is í an rannóg comhordúcháin ghinearálta atá freagrach as an nós imeachta bainistíochta ina iomláine; is í a eagraíonn an obair, féachann sí chuig comhchuibheas na gcinntí a dhéantar sna grúpaí éagsúla, áirithíonn sí go nuashonraítear agus go bhforbraítear an nós imeachta. Is í an rannóg sin atá freagrach as láithreán gréasáin na Treorach Stíle a bhainistiú ina hiomláine agus glacann sí páirt dhíreach in éabhlóid na Treorach Stíle.
Tá na grúpaí teanga freagrach as forbairt agus monatóireacht a dhéanamh ar a leaganacha féin faoi threoir na rannóige comhordúcháin ghinearálta. Áirithíonn ionadaithe ó Oifig na bhFoilseachán sna grúpaí sin comhordúchán na hoibre féin agus féachann siad chuige go dtarchuirtear an fhaisnéis chuig an rannóg comhordúcháin ghinearálta. Tugtar le chéile ionadaithe ó eintitis teanga éagsúla na n-institiúidí sna grúpaí teanga sin: dlítheangeolaithe, aistritheoirí, téarmeolaithe, léitheoirí profaí, etc.
Chomh maith leis sin, téitear i gcomhairle le comhlachtaí cinnteoireachta sa Choimisiún go rialta de réir an ábhair atá idir lámha, go háirithe leis an Ardrúnaíocht, le rannóg an phrótacail agus leis na seirbhísí atá freagrach as caidreamh eachtrach. Bítear i ndlúth-theagmháil le heagraíochtaí idirnáisiúnta éagsúla, go háirithe i réimse an chaighdeánaithe (ISO).