ISSN 1831-5380
Léarcsáil an tsuímh | Fógra dlíthiúil | Fianáin | Ceisteanna coitianta | Teagmháil | Priontáil

An Réamhaiste

Céadfhoilsíodh An Treoir Stíle Idirinstitiúideach in 1993, faoin teideal Vade-mecum de l’éditeur. A bhuí leis an bhforbairt a rinneadh uirthi ó shin, is uirlis anois í nach bhféadfadh údair in institiúidí an Aontais Eorpaigh déanamh dá huireasa, agus tá sí ar fáil i ngach teanga oifigiúil.

Is iontach go deo go rabhthas in ann nósanna éagsúla teanga a chur i gcomhréir a chéile nuair a chuimhnítear gurbh éigean dár saineolaithe na nósmhaireachtaí agus na rialacha coiteanna oibre go léir sa saothar seo a ullmhú gan teacht salach ar shaintréithe aon teanga.

Ó tharla rochtain a bheith uirthi ar líne, is féidir le gach dream a mbaineann sí leo — údair, eagarthóirí, dlítheangeolaithe, téarmeolaithe, aistritheoirí agus profléitheoirí — a bheith páirteach i bhforás An Treoir Stíle Idirinstitiúideach. Ba mhór againn na dreamanna sin a bheith páirteach i bhfeabhsú agus i nuashonrú an tsaothair seo.

Tá mé ag brath ar na dreamanna sin go léir na nósanna atá leagtha síos anseo a chur i bhfeidhm. Má dhéantar sin, is féidir leanúint de bheith ag baint úsáid as na féidearthachtaí a chuireann uirlisí ríomhaireachta ar fáil dúinn ar mhaithe le freastal níos fearr a dhéanamh ar shaoránaigh na hEorpa — is ar na saoránaigh go príomha atá téacsanna an Aontais Eorpaigh dírithe.

Pierre de BOISSIEU
Uachtarán an Choiste Stiúrtha
Oifig na bhFoilseachán

NB:
Is i bhFraincis a céadfhoilsíodh an téacs seo.
Nuashonraithe: 6.2.2024
barr an leathanaigh
leathanach roimhe seoan chéad leathanach eile