Publication document thumbnail

An tAontas Eorpach in 2018

Sa Tuarascáil Ghinearálta tugtar eolas faoin méid a rinne an tAontas Eorpach in 2018.

Sa Tuarascáil Ghinearálta ar Ghníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh tugtar an t-eolas is déanaí faoin gcaoi a bhfuil ag éirí leis an Aontas na deich dtosaíocht atá aige, agus na bearta atá ar siúl aige chun borradh a chur faoin bhfostaíocht agus faoin ngeilleagar, a chur i gcrích.

Tugtar eolas inti freisin faoin gcaoi a bhfuil ag éirí leis an Aontas margadh aonair digiteach a chruthú a rachaidh le leas na saoránach, faoin gcaoi a bhfuil sé ar thús cadhnaíochta sa troid dhomhanda i gcoinne an athraithe aeráide agus faoi na comhaontuithe trádála atá á gcur i gcrích aige le comhpháirtithe tábhachtacha dála na Seapáine.

Tá eolas faoin méid sin agus faoi cheisteanna eile le fáil san fhoilseachán “An tAontas Eorpach in 2018”.

An tAontas Eorpach in 2018 ar fáil ina iomláine i bhfoirm Tuarascála Ginearálta agus mar leagan achomair sna formáidí seo a leanas:

  HTML PDF EPUB PRINT
An tAontas Eorpach in 2018 – An Tuarascáil Ghinearálta HTML PDF General Report EPUB General Report Paper General Report
An tAontas Eorpach in 2018 – Buaicphointí PDF Highlights EPUB Highlights Paper Highlights

Réamhrá

Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, 
Jean-Claude Juncker.
© An tAontas Eorpach

Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh
Jean-Claude Juncker

 

In 2018, rinne muid ceiliúradh ar an rud is Eorpach ann. Chuir Bliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha brí na beatha i saibhreas éagsúlachta na hEorpa, agus rinneadh ceiliúradh lena linn ar na prionsabail a nascann sinn le chéile: na luachanna atá i gcoitinne againn, an tsíocháin agus an tsaoirse a saothraíodh le teann dua, an smacht reachta, an urraim do chearta an duine agus do dhínit an duine nach féidir riamh talamh slán a dhéanamh díobh.

I rith na bliana, meabhraíodh dúinn méid na híobartha a rinneadh ar son na luachanna agus ar son na gceart sin. I dteannta a chéile, rinne muid comóradh 100 bliain ó dheireadh an Chéad Chogaidh Dhomhanda, cogadh ba chúis bháis do na milliúin. I dteannta a chéile, rinne muid ceiliúradh ar chothrom 100 bliain ó bunaíodh cuid dár mBallstáit a d’éiligh a saoirse ag deireadh an chogaidh. I dteannta a chéile, thug muid chun cuimhne cothrom 70 bliain ó Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine. Agus thug muid ómós i dteannta a chéile do chothrom 50 bliain ó bhí Éirí Amach an Earraigh ann i bPrág.

Is amhlaidh a mheabhraíonn sin agus uile dúinn gur fada an bóthar atá siúlta againn, ach más ea féin gur mór is mithid dúinn gan faillí a dhéanamh ag troid dúinn go fóill ar son na saoirse agus ar son an daonlathais. Agus thug sé léargas glé dúinn ar an bhfreagracht atá ar ghlúin s’againn féin le breis téagair, breis aontais, agus breis daonlathais a chur san Eoraip ar mhaithe lenár gclann. Sin é an meon ba chrann foirtil don Choimisiún Eorpach le bliain anuas agus sinn ag leanúint de chomhlíonadh na nithe is mó a bhfuil tábhacht leo. Tá a shliocht sin ar na torthaí.

Tá bonn láidir faoi gheilleagar na hEorpa arís agus é ag fás leis. Ní raibh oiread de mhuintir na hEorpa ag obair riamh, agus faoi láthair tá 239 milliún duine ag obair. Is ó thús an Choimisiúin seo a cruthaíodh 12 mhilliún de na poist sin. Ní raibh an dífhostaíocht i measc na hóige chomh híseal ó 2008, cé go bhfuil sé fós ró-ard. Agus tá infheistíocht a déanamh arís, a bhuíochas sin d’infheistíochtaí luach €370 billiún a tharla de thoradh ar Phlean Juncker.

In aois a 25 bliana dó, is ag dul i neart agus i dtéagar atá an Margadh Aonair Eorpach. Is iomaí dris chosáin a cuireadh go leataobh, ach níl deireadh fós leis an méid a d’fhéadfaí a dhéanamh. Fágann ár gcuid oibre go mbíonn an saol laethúil níos éasca feasta do mhuintir na hEorpa, idir shíntiúis scannán agus ceoil is féidir le duine a thabhairt leis ar fud an Aontais, sin agus feabhas ar chosaint do dhaoine atá ar laethanta saoire, mar aon le deireadh le leithcheal orthu siúd a bhíonn ag siopadóireacht ar líne.

Maidir leis an gcomhaontú trádála atá againn le Ceanada, sin rud a bhfuil dea-thoradh le feiceáil air cheana, agus is dóigh linn go mbeidh toradh dá réir ar an gcomhaontú a shínigh muid leis an tSeapáin i mí Iúil. Beagnach 74 000 is líon do na cuideachtaí san Aontas atá ag easpórtáil earraí chun na Seapáine cheana féin, agus gach uile ní á dhíol acu idir bhrioscaí agus thinteáin, ionas go bhfuil jabanna ag os cionn 600 000 Eorpach dá bharr.

Le Comhghuaillíocht nua na hAfraice–na hEorpa um Infheistíocht Inbhuanaithe agus um Poist a d’fhógair mé féin i mí Mheán Fómhair mar chuid de m’aitheasc ar Staid an Aontais, go gcuirfear comhpháirtíocht an Aontais leis an Afraic ar an gcéad leibhéal eile. Cuideoidh sé linn i gcruthú 10 milliún post san Afraic as seo go ceann 5 bliana beaga.

Níl stad orainn ach ag cur leis an tsábháilteacht saoil agus oibre san Aontas Eorpach. Tá beart déanta againn le deis déanta coireanna a bhaint de na sceimhlitheoirí, agus táimid ag dul i ngleic le hábhar sceimhlitheoireachta ar líne. Tá rialacha nua ann a chuidíonn le hoifigigh forfheidhmithe dlí feabhas a chur ar rianú na ngréasán coiriúlachta, agus táimid ag neartú na bhfál cosanta atá againn in aghaidh cibearionsaithe. Táimid ag cosaint mhuintir na hEorpa ar líne le rialacha nua a tháinig i bhfeidhm i mí na Bealtaine. Agus táimid ag cur le sábháilteacht an domhain de bhrí go gcuirimid le sábháilteacht na mbóithre agus le glaine an aeir. Is í an Eoraip a bhí ar thús cadhnaíochta arís i mí na Nollag in Katowice nuair a rinne tíortha an domhain mhóir comhaontú maidir le leabhar nua rialacha le Comhaontú Pháras a chur chun feidhme sa chomhrac in aghaidh athrú na haeráide.

Tá toradh ar ár mbeartas imirce. Tá titim an-suntasach ar líon na ndaoine a bhíonn ag teacht chun an Aontais; bhí lámh ag oibríochtaí an Aontais i dtarrtháil 690 000 duine ar muir ó 2015 i leith, agus táimid ag glacadh lenár bhfreagracht i bhfortacht na ndídeanaithe laistigh den Aontas agus lasmuigh de araon. San am céanna, is fearr an chosaint atáimid a dhéanamh ar ár dteorainn, agus is de na moltaí atá déanta againn an Garda Teorann agus Cósta Eorpach a neartú tuilleadh agus 10 000 garda teorann breise a cheapadh ann faoi 2020. I dteannta le comhpháirtithe ar fud an domhain, táimid ag comhrac bhunchúiseanna na himirce neamhrialta, agus san am céanna tá beart á dhéanamh againn le cosáin dhleathacha chun na hEorpa a oscailt a mheallfadh lucht oibre ardoilte ó áiteanna eile ar domhan.

Ag féachaint dúinn ar an mbliain atá romhainn, is bliain daonlathais agus díospóireachta atá le feiceáil againn. Na toghcháin a thionólfar san Eoraip i mí na Bealtaine, beidh siad ar na dara toghcháin is mó áit ar bith ar domhan in 2019 seachas olltoghchán na hIndia. Tá daoine ar fud na hEorpa idir óg agus aosta ag cur a dtuairime in iúl ar bhealach nár tharla cheana, agus is é dualgas lucht parlaiminte, lucht rialtais, agus lucht déanta beartais cluas a thabhairt dóibh ar bhealach nár tharla cheana.

Sin é an fáth ar chuir mé féin an díospóireacht agus an comhphlé i measc na chéad tosaíochtaí atá ag an gCoimisiún seo, mar an Eoraip is linn go léir í, agus ba cheart go bhféadfadh gach uile Eorpach todhchaí an Aontais a mhúnlú. B’onóir dom páirt a ghlacadh i gComhphlé na Saoránach, uimhir a 1 000, in Freiburg na Gearmáine i mí Dheireadh Fómhair, agus táim ag tnúth leis go leanfar den díospóireacht ar fud an Aontais i rith na bliana.

Is í príomhtheachtaireacht atá ann de bharr na díospóireachta sin go bhfuil súil ag muintir na hEorpa leis go ndéanfaidh an tAontas Eorpach beart ar a son. Ní suim leo tograí ach an feabhas a chuireann na dlíthe féin ar a saol. Sin é an crann foirtil a luífimid air go dtí lá deiridh ár dtréimhse oifige. Tá go leor oibre le déanamh fós: na tograí agus na tionscnaimh ar fad a ghabhann leis an 10 dtosaíocht atá againn, tosaíochtaí a d’fhógair muid in 2014, tá siad idir lámha faoin am seo. Toradh a chur ar na tograí agus ar na tosaíochta sin, sin é go láidir an fócas atá againn.

Sin í an teachtaireacht is fearr a fhéadfaidh muintir na hEorpa a thabhairt leo lá thoghchán mhí na Bealtaine. Agus is í an tsiombail is fearr í a fhéadfaidh na ceannairí a thabhairt leo chuig an gCruinniú Mullaigh neamhfhoirmiúil in Sibiu an 9 Bealtaine 2019. Is rud tráthúil a bheidh ann na tosaíochtaí a bheidh ag Aontas nua na 27 mBallstát go ceann 5 bliana a leagan síos, agus tacú leis an uaillmhian i gcomhaontú i bprionsabal ar bhuiséad AE fadtéarmach a chuirfidh toradh ar na gealltanais a rinneadh.

Beidh tábhacht rímhór le Cr uinniú Mullaigh Sibiu, leis na toghcháin, agus le 2019 ó thús deireadh ar bhealaí go leor. Is deis atá ann dúinne bunchloch dhaingean a chur faoin todhchaí, le taispeáint go bhfuil an tAontas Eorpach ag éisteacht lena chuid saoránach, agus le toradh a chur ar na nithe is mó tábhacht.

Sin é an dualgas atá orainn i leith na ndaoine a rinne íobairt chomh mór ar ár son. Agus sin í an fhreagracht atá orainn i leith na ndaoine ar fad a thiocfaidh inár ndiaidh.

Jean-Claude Juncker

Caibidil 1

Borradh nua a chur faoi phoist, fás agus infheistíocht

“Is é an phríomhthosaíocht a bheidh agam agus mé i m’Uachtarán ar an gCoimisiún Eorpach cumas iomaíochta na hEorpa a neartú agus spreagadh a chur faoin infheistíocht ar mhaithe le poist a chruthú.”

Jean-Claude Juncker, Treoirlínte Polaitiúla, an 15 Iúil 2014

Beirt innealtóirí thionsclaíocha agus iad ag obair le huirlisí i monarcha. © Fotolia

© Fotolia

D’éirigh go maith le geilleagar na hEorpa in 2018 agus an chosúlacht air go leanfaidh sé de bheith ag fás leis. Tar éis beagnach 6 bliana d’fhás leanúnach, tá ag méadú ar an gcóineasú eacnamaíoch idir na Ballstáit, rud a théann chun tairbhe do dhaoine ar fud an Aontais Eorpaigh. Rinne an Coimisiún beart de réir a bhriathair, is é sin tuilleadh daoine a chur ag obair. Tá an leibhéal infheistíochta anois mórán mar a bhí roimh an ngéarchéim agus tá feabhas nach beag tagtha ar staid an airgeadais phoiblí, ó thaobh leibhéil fiachais agus easnamh de.

Bhíothas ag súil leis go dtiocfadh méadú 2.1 % ar olltáirgeacht intíre an limistéir euro agus ar olltáirgeacht intíre an Aontais Eorpaigh ina iomláine in 2018, agus bhíothas ag súil leis go dtiocfadh fás ar gheilleagar gach tíre san Aontas.

Bhí níos mó de mhuintir na hEorpa ag obair ná riamh, óir cruthaíodh 12.4 milliún post nua ó bhí 2014 ann, sa dóigh gur thit an dífhostaíocht siar go 6.8 % agus thit an dífhostaíocht i measc na hóige siar go leibhéal 2008. Chuir an Plean Infheistíochta don Eoraip infheistíocht de bhreis agus €370 billiún ar fáil ar fud na hEorpa ó bhí 2015 ann, méid mór chun cinn ar an sprioc a bhí ann. Mar thoradh air sin, táthar ag súil leis go dtacóidh an Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha le tuairim is 1.4 milliún post nua faoi 2020, agus san am céanna go gcuirfear borradh 1.3 % faoi olltáirgeacht intíre an Aontais.

Bhí méadú leanúnach ar ioncaim teaghlaigh agus tháinig laghdú ar leibhéil an fhiachais phoiblí. In 2018, bhíothas ag súil go dtitfeadh easnaimh rialtais san Aontas go 0.6 % den olltáirgeacht intíre, titim ó 6.2 % in 2009, agus go dtitfeadh an cóimheas idir an fiachas rialtais agus an olltáirgeacht intíre go 81.4 % ó 88.3 % in 2014. Tá an ráta boilscithe socair ar 1.7 %.

In 2018 bhí bainc na hEorpa ag teacht i dtreis i rith an ama, ba lú an srian orthu drochiasachtaí, agus bhí siad níos ullmhaithe d’aon suaitheadh eacnamaíoch a thiocfadh.

Mar sin féin, ainneoin na bhforbairtí dearfacha seo ar fad, ní mór a chur i dtábhacht gur in olcas atá an léargas imithe ó thaobh an gheilleagair dhomhanda de i ngeall ar theannas trádála agus éiginnteacht gheopholaitiúil, agus go bhfuil méadú tagtha ar na rioscaí atá ann do gheilleagar na hEorpa.

An Plean Infheistíochta don Eoraip

In 2015, i gcomhar le Grúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta, sheol an Coimisiún Eorpach an Plean Infheistíochta don Eoraip, plean a bhfuil an Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha ina chuid lárnach de. Cur chuige nua agus nuálach ab ea é sin i dtaca le maoiniú. Cruthaíodh an Ciste i dtosach nuair a chuir an tAontas Eorpach agus Grúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta €21 bhilliún d’acmhainneacht riosca isteach ann, rud a mheallann foinsí eile maoinithe chuige, go háirithe maoiniú príobháideach. Ní féidir a shéanadh nach raibh rath ar an gCiste, agus ar an ábhar sin feabhsaíodh a thuilleadh é in 2018, cuireadh síneadh leis go dtí deireadh 2020 agus ardaíodh a sprioc infheistíochta ó €315 bhilliún go dtí €500 billiún ar a laghad. Tá rialacha nua ann freisin a fhágann gur fusa maoiniú ón gCiste a chumasc le Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa agus le foinsí eile maoinithe ón Aontas.

FÁS LÁIDIR AGUS MÉADÚ INFHEISTÍOCHTA
AN CISTE EORPACH LE hAGHAIDH INFHEISTÍOCHTAÍ STRAITÉISEACHA: AN INFHEISTÍOCHT IN EARNÁLACHA ÉAGSÚLA

An gealltanas a thug an tAontas Eorpach borradh a chur faoi phoist, fás agus infheistíocht, thug sé a chuid torthaí nithiúla uaidh in 2018. Sháraigh an Plean Infheistíochta a sprioc thosaigh agus d’éirigh níos fearr leis ná mar a bhíothas ag súil. Tá breis agus €370 billiún curtha ar fáil aige ar fud na hEorpa ó bhí 2015 ann, agus is as foinsí príobháideacha a tháinig dhá thrian den mhéid sin. A bhuí le tacaíocht ón gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha, meastar go bhfuil 856 000 gnólacht bheag agus mheánmhéide chun tairbhe a bhaint as rochtain níos fearr ar mhaoiniú. De réir na meastachán, thacaigh an Ciste le breis agus 750 000 post cheana féin, agus táthar ag dréim leis go gcruthófar 1.4 milliún post nua faoi 2020. Tá méadú 0.6 % tagtha ar olltáirgeacht intíre an Aontais cheana féin de bharr an Phlean Infheistíochta, figiúr a mheastar a dtiocfaidh méadú air go 1.3 % faoi 2020.

Ón uair a seoladh é, chuidigh an Plean Infheistíochta le tús a chur le hidirlíon leathanbhanda ardluais a chur ar fáil do 15 mhilliún teaghlach, leathmhilliún áras inacmhainne a thógáil nó bail a chur orthu agus seirbhísí cúram sláinte a fheabhsú do 30 milliún de mhuintir na hEorpa. Sholáthar sé fuinneamh inathnuaite do 7.4 milliún teaghlach agus chuir sé feabhas ar bhonneagar iarnróid agus uirbeach do na 95 mhilliún paisinéir a úsáideann gach bliain iad. Téann sé chun tairbhe do gach Ballstát, go háirithe dóibh siúd is measa a bualadh le linn na géarchéime.

Is le tacaíocht ón Mol Comhairleach Eorpach maidir le hInfheistíocht, a thugann tacaíocht shaincheaptha do na céadta tionscnóir tionscadail, agus an Tairseach Eorpach de Thionscadail Infheistíochta, a chuireann píblíne de thionscadail aibí ar fáil d’infheisteoirí ionchasacha, a tháinig rath ar an bPlean Infheistíochta.

An beartas eacnamaíoch agus fioscach

Tugann rialacha an Aontais maidir leis an rialachas eacnamaíoch agus fioscach tacaíocht don fhás eacnamaíoch agus do chruthú post san Eoraip freisin. Gach bliain déantar beartais eacnamaíocha na mBallstát a chomhordú le linn timthriall comhordúcháin ar a dtugtar an Seimeastar Eorpach. I ndeireadh na bliana a chuirtear tús leis an Seimeastar Eorpach, san am céanna le nithe eile amhail foilsiú an tSuirbhé Bhliantúil Fáis agus eisiúint togra le haghaidh moladh maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro. I mí an Mhárta 2018, d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach Tuarascálacha Tíre ina ndearnadh anailís ar na dúshláin eacnamaíocha agus shóisialta atá roimh gach Ballstát, seachas an Ghréig, ar an ábhar go raibh sí ag baint tairbhe as clár coigeartaithe eacnamaíoch san am.

Den chéad uair, leag na Tuarascálacha Tíre béim ar leith ar thosaíochtaí Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, a glacadh i mí na Samhna 2017. In 2018, tugadh aird ar leith ar anailísiú na ndúshlán a bhaineann le scileanna an lucht saothair agus ar an dóigh a n-oibríonn na líontáin sábhála shóisialta náisiúnta. Ar an iomlán léirigh an tuarascáil go raibh “dul chun cinn éigin” déanta ag na Ballstáit maidir le breis agus dhá thrian de na moltaí beartais a rinneadh anuraidh.

Ó thosaigh timthriall chomhordú na mbeartas don Seimeastar Eorpach in 2011, is i seirbhísí airgeadais agus i mbeartas fioscach agus i rialachas fioscach is mó atá dul chun cinn déanta ag na Ballstáit. Tá dul chun cinn mór déanta freisin ó thaobh aghaidh a thabhairt ar an gceist faoi rochtain fháil ar mhaoiniú, reachtaíocht cosanta fostaíochta agus creata le haghaidh conarthaí saothair.

I mí na Bealtaine, chuir an Coimisiún moltaí beartais faoi bhráid na mBallstát ar fad bunaithe ar an anailís uaidh sna Tuarascálacha Tíre. Sna “moltaí tír-shonracha” sin, díríodh ar an dúshraith le haghaidh fás inbhuanaithe agus oscailte do gach duine san fhadtéarma a neartú. D’iarr an Coimisiún ar na Ballstáit gach leas a bhaint as an timpeallacht dhearfach eacnamaíoch chun athchóirithe struchtúracha a dhéanamh a chuirfeadh feabhas ar an timpeallacht gnó agus ar na dálaí infheistíochta, go háirithe trí athchóirithe ar mhargaí na dtáirgí agus na seirbhísí, tacaíocht a thabhairt don nuálaíocht, an rochtain ar mhaoiniú a fheabhsú d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus an éillitheacht a chomhrac.

Cuireadh comhairle ar na Ballstáit freisin a n-athléimneacht eacnamaíoch a neartú maidir le dúshláin fhadtéarmacha amhail treochtaí déimeagrafacha, imirce agus an t-athrú aeráide.

Ina theannta sin, mhol an Coimisiún do na Ballstáit athchóirithe a chur i gcrích chun an lucht saothair a chur faoi réir don am atá le teacht, na cineálacha oibre a bheidh ann amach anseo agus an méadú ar an digitiú san áireamh; chun neamhionannais ioncaim a laghdú; agus chun deiseanna fostaíochta a chruthú, go háirithe do dhaoine óga.

Le tacú leis na Ballstáit ó thaobh a gcuid athchóirithe de, mhol an Coimisiún go gcruthófaí Clár Tacaíochta um Athchóiriú freisin, rud atá á phlé faoi láthair idir Parlaimint na hEorpa agus na Ballstáit. Tacóidh an Clár le hathchóirithe tosaíochta, beidh buiséad foriomlán €25 mhilliún aige, agus tabharfaidh sé tacaíocht airgeadais agus teicniúil chomh maith le comhairle.

I mí na Bealtaine, thug an Coimisiún i gcrích a athbhreithniú ar an treoir a thug sé maidir le rialacha fioscacha an Aontais in 2015. De réir an athbhreithnithe, chuidigh an treoir a thug an Coimisiún i ndáil le solúbthacht chun cothromaíocht a bhaint amach idir beartas fioscach stuama a chinntiú agus an geilleagar a chur ar bhonn cobhsaí. De réir na meastachán, is é an cur chuige sin a chuidigh chun borradh 0.8 % a chur faoi olltáirgeacht intíre an Aontais le 4 bliana anuas, agus cruthaíodh 1.5 milliún post dá bharr.

Bhíothas ag súil leis go dtitfeadh leibhéal na n-easnamh comhiomlán sa limistéar euro go 0.6 % den olltáirgeacht intíre in 2018, titim síos ón mbuaicphointe 6.2 % den olltáirgeacht intíre in 2009. Táthar ag súil leis go dtitfidh an cóimheas idir iasachtaí agus an olltáirgeacht intíre ó 91.8 % in 2014 go 86.9 % in 2018.

Thug an Coimisiún faoi roinnt céimeanna faoin gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis i mí na Bealtaine. Ceann acu sin ab ea an moladh an nós imeachta um easnamh iomarcach a dhúnadh i gcás na Fraince. Ó tharla an Fhrainc as an áireamh maidir leis an nós imeachta, ní raibh ach an Spáinn fós faoi réir na nósanna imeachta forfheidhmiúcháin a bhaineann le rialacha fioscacha an Aontais, in 2018. Is mór idir sin agus 2011, tráth a raibh suas le 24 thír faoin réir. Tar éis blianta fada deacra, d’éirigh leis an nGréig a chlár coigeartaithe eacnamaíoch a thabhairt i gcrích, agus áit shocair a dheimhniú di féin i gcroílár an limistéir euro agus an Aontais Eorpaigh.

Lean an Coimisiún Eorpach de bheith ag tabhairt tacaíochta tar éis an chláir do na tíortha a bhain tairbhe as an gcúnamh airgeadais le linn na géarchéime: Éire, an Spáinn, an Chipir, an Phortaingéil agus an Rómáin.

I mí an Mhárta 2018, rinne an Bord Fioscach Eorpach, comhlacht comhairleach de chuid an Choimisiúin Eorpaigh, ráiteas a eisiúint inar léirigh sé imní faoi aistriú Chomhairle Eacnamaíochta na Danmhairge amach as ceantar Chóbanhávan, mar a bhí beartaithe. I mí an Mheitheamh 2018, thathantaigh an Bord ar na Ballstáit, go háirithe orthu siúd a raibh leibhéil arda fiachais phoiblí acu, tairbhe a bhaint as an dtimpeallacht dhearfach eacnamaíoch chun an t-airgeadas poiblí a neartú. I mí Dheireadh Fómhair 2018, d’fhoilsigh an Bord an dara Tuarascáil Bhliantúil uaidh. Na rialacha comhaontaithe maidir le beartais fhioscacha a cheapadh atá sa Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis, agus bhí athbhreithniú, sa tuarascáil bhliantúil, ar an dóigh ar cuireadh chun feidhme é le linn thimthriall measúnaithe 2017. Bhí moltaí maidir le conas an Comhshocrú a shimpliú agus a dhéanamh níos éifeachtaí ag gabháil leis an athbhreithniú.

Sa Suirbhé Bliantúil Fáis ón gCoimisiún Eorpach, a foilsíodh i mí na Samhna, léiríodh go leanfadh geilleagar na hEorpa de bheith ag fás leis in 2019. Tá leibhéal fostaíochta nach bhfacthas riamh bainte amach cheana féin, 239 milliún duine, agus tá an dífhostaíocht tite siar go dtí na leibhéil a bhí ann roimh an ngéarchéim (6.8 %), rud a thug breis agus 10 milliún duine amach as an mbochtaineacht nó as eisiamh sóisialta. Mar sin féin, níl fás an gheilleagair ag dul chun tairbhe do gach saoránach agus do gach tír ar an dóigh chéanna agus is baol dó fós an éagobhsaíocht dhomhanda agus dúshláin mheántéarmacha agus fhadtéarmacha.

Aontas na Margaí Caipitil a chur i gcrích

Aontas na Margaí Caipitil ar cheann de phríomhthosaíochtaí an Choimisiúin. Is comhlánú é ar an Aontas Baincéireachta, ar neartú an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus ar ról idirnáisiúnta an euro. Lena chois sin, is comhlánú é Aontas na Margaí Caipitil ar an bPlean Infheistíochta don Eoraip ó thaobh geilleagar na hEorpa a neartú agus infheistíochtaí a spreagadh chun poist a chruthú. Is é is aidhm dó caipiteal a chur ar fáil agus a dhíriú i dtreo gnólachtaí san Aontas, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide a bhfuil acmhainní ag teastáil uathu le go dtiocfaidh rath agus borradh orthu.

I mí na Bealtaine mhol an Coimisiún rialacha nua chun rochtain níos fearr a thabhairt d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide ar mhaoiniú trí mhargaí poiblí. Ba cheart go gcuideodh an tionscnamh sin le cuideachtaí an Aontais tairbhe a bhaint as maoiniú ón margadh ar dhóigh níos fusa agus níos saoire le gur féidir leo fás. Trí thograí eile cuirfear borradh faoin margadh trasteorann le haghaidh cistí infheistíochta, cuirfear an margadh le haghaidh bannaí faoi chumhdach chun cinn mar fhoinse fhadtéarmach maoinithe agus cinnteofar go mbeidh níos mó deimhneacht ann d’infheisteoirí in idirbhearta trasteorann urrús agus éileamh. Faoi láthair níl aon deimhneacht dhlíthiúil ann maidir le cén dlí náisiúnta is infheidhme nuair a chinntear cé leis éileamh tar éis a shannta i gcás trasteorann. Tugann na dlíthe nua atá beartaithe soiléiriú maidir leis an dlí faoina réiteofar díospóidí den sórt sin. Is faoi Pharlaimint na hEorpa agus faoin gComhairle atá sé anois dlí a dhéanamh díobh sin agus de thograí eile a luaithe is féidir, chun Aontas na Margaí Caipitil a thabhairt i gcrích go fíor.

CÉ A BHAINEANN TAIRBHE AS AONTAS NA MARGAÍ CAIPITIL?

Ina theannta sin, tá seolta ag an gCoimisiún agus ag Ciste Infheistíochta na hEorpa (cuid de Ghrúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta) Clár Ciste Cistí uile-Eorpach le haghaidh caipiteal fiontair bunaithe ar ghlao ar léirithe suime. Le maoiniú ón Aontas dar luach €410 milliún, is é is aidhm do na sé chiste rannpháirteacha suas le €2.1 billiún d’infheistíocht phríobháideach agus phoiblí a thiomsú. Dá réir sin, ba cheart go mbeadh sin ina spreagadh le haghaidh €6.5 billiún d’infheistíocht nua i gcuideachtaí nuathionscanta nuálacha agus cuideachtaí atá i mbun fáis ar fud na hEorpa, rud a dhéanfadh méid an chaipitil fiontair atá ar fáil san Eoraip faoi láthair a dhúbailt. Tá margaí caipitil fiontair an Aontais teoranta agus forbartha go héagothrom, agus is minic a luaitear sin mar chúinse a chuireann srian ar an nuálaíocht agus ar fhás chuideachtaí an Aontais.

I mí an Mheithimh, glac an Coimisiún rialacha nua chun cuideachtaí árachais a spreagadh le hinfheistíocht a dhéanamh in urrúsú simplithe, trédhearcach agus caighdeánaithe. Bealach tábhachtach is ea an t-urrúsú sin chun foinsí maoinithe a éagsúlú rud a fhágfaidh go mbeidh an riosca scaipthe níos forleithne ar rannpháirtithe an mhargaidh airgeadais. Déanann na rialacha sin na rialacha atá ann cheana féin a chomhlánú chun cuideachtaí árachais a spreagadh le hinfheistíocht a dhéanamh in urrúsú simplithe, trédhearcach agus caighdeánaithe.

I ndeireadh 2018, tháinig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil maidir le croí-eilimintí an táirge pinsin phearsanta uile-Eorpaigh, scéim dheonach do shaoránaigh chun airgead a chur i leataobh le dul ar scor, i gcomhthéacs trasteorann chomh maith. Le táirge an phinsin phearsanta cuirfear deiseanna breise infheistíochta don scor ar fáil do na saoránaigh ar mian leo iad, rud ar comhlánú é ar scéimeanna pinsin poiblí agus gairme.

Iomaíocht gan saobhadh a chur chun cinn chun tacú le fás agus infheistíocht

Déanann beartas iomaíochta an Aontais deimhin de go bhfuil fáilte roimh ghnólachtaí infheistiú agus gnó a dhéanamh sa Mhargadh Aonair ar choinníoll go gcomhlíonann siad rialacha iomaíochta an Aontais. In 2018 lean an Coimisiún de na rialacha iomaíochais a fhorfheidhmiú ar mhaithe le teaghlaigh agus le gnólachtaí, rud a chinntigh an cothrom iomaíochta, rogha níos leithne agus praghsanna níos fearr do thomhaltóirí.

I mí na Nollag glacadh rialacha agus uirlisí nua a thabharfaidh caoi d’údarás iomaíochta náisiúnta ar rialacha an Aontais in aghaidh trustaí a chur i bhfeidhm ar dhóigh níos éifeachtaí.

Le linn na bliana rinne an Coimisiún 393 chinneadh maidir le cumaisc, 10 gcinneadh in aghaidh trustaí, 4 chinneadh maidir le cairtéil, agus 219 gcinneadh maidir le státchabhair. Chuaigh na cinntí sin go mór chun tairbhe do shaoránaigh an Aontais agus chothaigh siad fás an gheilleagair. San iomlán, chuir an Coimisiún breis agus €6.3 billiún d’fhíneálacha ar ghnólachtaí ar cinneadh ina leith gur sháraigh siad rialacha iomaíochta an Aontais agus d’ordaigh sé na Ballstáit lenar bhain na cásanna sin tuairim agus €1 bhilliún de chabhair mhídhleathach neamhréireach a thug siad a fháil ar ais ó na gnólachtaí a fuair í. Socraíodh 91 % de chásanna státchabhrach de réir rialacha simplithe trí Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine, rud a chiallaíonn gur féidir státchabhair a dheonú ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta gan an Coimisiún a bheith rannpháirteach ann ar dhóigh ar bith.

Fás inbhuanaithe a chothú chun poist a chruthú agus an comhshaol a chosaint

Mar chuid d’iarrachtaí níos leithne chun inbhuanaitheacht gheilleagar na hEorpa a fheabhsú, i mí Eanáir ghlac an Coimisiún straitéis nua maidir le plaistigh arb é is aidhm léi athrú ó bhonn a dhéanamh ar an dóigh a ndéanaimid plaistigh a dhearadh, a tháirgeadh, a úsáid agus a athchúrsáil. Faoi na pleananna nua sin, ní mór a bheith in ann gach pacáistiú plaisteach ar mhargadh an Aontais Eorpaigh a athchúrsáil nó a athúsáid faoi 2030, déanfar tomhailt plaisteach aon-úsáide a laghdú, cuirfear srian ar úsáid micreaphlaisteach a dhéantar d’aon ghnó.

Frans Timmermans, Céad-Leas -Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, ag glacadh páirt i dtionscnamh glanta trá le gasóga óga sa Háig, an Ísiltír, an 23 Iúil 2018.

Frans Timmermans, Céad Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, ag glacadh páirt i dtionscnamh glanta trá le gasóga óga sa Háig, an Ísiltír, an 23 Iúil 2018.

Rinneadh togra reachtach i mí na Bealtaine chun dul i ngleic le bruscar mara ag an bhfoinse trí dhíriú isteach ar na deich dtáirge phlaisteacha is mó a chríochnaíonn sna haigéin, chomh maith le trealamh iascaireachta caillte nó tréigthe. I mí na Nollag tháinig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil i dtaobh Treoir nua ón Aontas maidir le plaistigh aon-úsáide, an ionstraim dlí is uaillmhianaí a thugann aghaidh ar bhruscar muirí ar an leibhéal domhanda. Tá bearta éagsúla beartaithe ann a mbeidh feidhm acu maidir le catagóirí éagsúla táirgí. I gcás ina bhfuil roghanna eile ar fáil go héasca agus ar phraghas inacmhainne, cuirfear toirmeasc ón margadh ar tháirgí plaisteacha aon-úsáide amhail sceanra, plátaí nó sifíní plaisteacha, táirgí atá déanta as plaisteach ocsó-inmhillte agus coimeádáin atá déanta as polaistiréin fhorbartha. Maidir le táirgí eile, díreofar isteach ar shrian a chur ar a n-úsáid trí laghdú náisiúnta tomhaltais; ar cheanglais maidir le dearadh agus lipéadú; agus ar oibleagáidí na dtáirgeoirí maidir le bainistiú agus glanadh dramhaíola.

Rud eile a tharla i mí na Bealtaine, ghlac an Chomhairle rialacha nua maidir le dramhaíl le go mbeidh an tAontas ina cheannaire domhanda ó thaobh bainistiú dramhaíola agus athchúrsáil de. Beidh ceangal ar na Ballstáit feasta 55 % dá gcuid dramhaíola bardasaí a athchúrsáil faoi 2025, 60 % faoi 2030 agus 65 % faoi 2035. Ar na bearta eile a faomhadh bhí uasteorainn 10 % ar líonadh talún faoi 2035, ceanglas bithdhramhaíl a bhailiú ar leithligh, agus scéimeanna níos déine chun tabhairt ar tháirgeoirí íoc as bailiú na n-ábhar in-athchúrsáilte is tábhachtaí.

An Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin Jyrki Katainen, i láthair ag gléasra athchúrsála le haghaidh buidéil TPE i dTóiceo na Seapáine, an 23 Deireadh Fómhair 2018. 
©An tAontas Eorpach

An Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin Jyrki Katainen, i láthair ag gléasra athchúrsála le haghaidh buidéil TPE i dTóiceo na Seapáine, an 23 Deireadh Fómhair 2018.

Tar éis feachtas gealltanais a reáchtáladh ar fud an Aontais mar chuid den Straitéis Eorpach le haghaidh Plaisteach, chuir an Coimisiún Eorpach réamh-mheasúnú ar fáil i mí na Samhna ina léirítear go bhfuil tionsclaíocht an Aontais an-tiomanta d’athchúrsáil plaisteach — d’fhéadfaí 10 milliún tona ar a laghad d’ábhar plaisteach athchúrsáilte a sholáthar faoi 2025 má dhéantar na gealltanais a chomhlíonadh go hiomlán. Mar sin féin, ó thaobh an éilimh de, níltear ag súil ach le cúig mhilliún tona go dtí seo, rud a léiríonn go mbeidh níos mó de dhíth chun an cuspóir a bhaint amach, is é sin margadh dea-fheidhmeach de phlaisteach athchúrsáilte san Aontas.

Leanadh de bheith ag obair chun feabhas a chur ar bhainistiú inbhuanaithe “ciorclach” acmhainní uisce agus chun an t-uisce óil a dhéanamh níos sábháilte do mhuintir uile na hEorpa. Mhol an Coimisiún athbhreithniú ar an Treoir maidir le hUisce Óil chun caighdeáin an uisce óil a uasghrádú, feabhas a chur ar rochtain ar uisce do gach duine agus cuidiú le tomhaltóirí faisnéis iontaofa a fháil faoi sholáthar an uisce sin. Freagra a bhí sa mholadh sin freisin ar Right2Water, an chéad Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh riamh ar éirigh leis, a fuair tacaíocht ó 1.6 milliún duine. Is é is aidhm leis tomhaltóirí a spreagadh chun uisce sconna a roghnú in ionad uisce i mbuidéil agus, dá bharr sin, airgead a shábháil, an dramhaíl phlaisteach a théann isteach sna haibhneacha agus sna farraigí a laghdú, agus astaíochtaí gás ceaptha teasa a mhaolú.

San earrach in 2018, chuir an Coimisiún síos moltaí maidir le maoiniú inbhuanaithe, arb é is aidhm leo a chinntiú go ndéanfaidh an earnáil airgeadais a cion féin ar son an aistrithe ghlais trína bheith ag infheistiú ar dhóigh níos inbhuanaithe.

An geilleagar gorm

Cuimsíonn an “geilleagar gorm” gach gníomhaíocht eacnamaíoch inbhuanaithe atá bunaithe ar rialacha agus a bhaineann lenár n-aigéin, lenár bhfarraigí nó lenár réigiúin cois cósta — ón iascach, an tógáil long agus an turasóireacht go dtí an fuinneamh aigéin agus an bhiteicneolaíocht ghorm. In 2018, d’fhoilsigh an Coimisiún a chéad tuarascáil bhliantúil faoin earnáil seo atá ag fás chomh tapa sin go bhfuil gach cosúlacht ann go dtiocfaidh méadú faoi dhó uirthi faoi 2030. Léiríodh sa tuarascáil go ngineann an geilleagar gorm breis agus €560 billiún in aghaidh na bliana ó thaobh láimhdeachas de, fostaítear breis agus 3.5 milliún duine ann agus is earnáil í atá ag fás go tapa i roinnt mhaith tíortha. Is sa Spáinn atá aon chúigiú den fhostaíocht iomlán san earnáil, agus tagann an Iodáil, an Ríocht Aontaithe agus an Ghréig ina dhiaidh sin. Is sna ceithre Bhallstát sin le chéile atá níos mó ná leathchuid de na poist a bhaineann leis an ngeilleagar gorm.

An beartas réigiúnach agus uirbeach

Is féidir le réigiúin agus cathracha ról cumhachtach a imirt ó thaobh a bheith ag tacú le fás, fostaíocht agus infheistíocht. In 2018 lean an tAontas de bheith ag déanamh infheistíochta i mbeartais chun an t-iomaíochas a neartú agus poist a chruthú, an cuimsiú sóisialta a chur chun cinn agus chun tacú le fiontair bheaga agus mheánmhéide ar leibhéal réigiúnach agus áitiúil. Cuireadh roinnt tionscnamh agus straitéisí i bhfeidhm arb é is aidhm dóibh breis fáis agus nuálaíochta a chothú ar scála níos mó, tacar nua beart in 2018, mar shampla, chun tuilleadh cúnaimh a thabhairt do réigiúin na hEorpa infheistíocht a dhéanamh sna sainréimsí sin ina bhfuil siad láidir ó thaobh na hiomaíochta de, rud a dtugtar “speisialú cliste” air.

Ar na gníomhaíochtaí sin tá tacaíocht leanúnach a thabhairt don tionscnamh le haghaidh na réigiún mídheisiúil agus tionscnamh nua a chur i bhfeidhm a dhíríonn isteach ar na réigiúin thionsclaíocha ina bhfuil athrú tionsclaíoch faoi lánseoil. Sa chomhthéacs sin, gheobhaidh na gníomhaíochtaí píolótacha in 2018 in 10 réigiún agus dhá Bhallstát comhairle ó shaineolaithe agus tacaíocht airgeadais ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ón bhFaireachlann Eorpach um Braislí de Ghnólachtaí agus Athrú Tionsclaíoch.

An Coimisinéir Corina Creţu le linn na cuairte a thug sí ar Lamia na Gréige, an 4 Deireadh Fómhair 2018.

An Coimisinéir Corina Creţu le linn na cuairte a thug sí ar Lamia na Gréige,
an 4 Deireadh Fómhair 2018.

Roghnaigh an Coimisiún cúig cinn de chláir beartais chomhtháthaithe freisin chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíocht nua phíolótach ar acmhainneacht riaracháin a fheabhsú. Tá tacaíocht shaincheaptha á fail ag cláir sa Ghréig, sa Pholainn, sa Spáinn, sa Chróit agus sa Bhulgáir chun feabhas a chur ar an dóigh a n-oibríonn siad. Rinne Mol Comhairleach Eorpach maidir le hInfheistíocht staidéar maidir le hardáin infheistíochta sna réigiúin is forimeallaí chun cuidiú le feabhas a chur ar an rochtain atá acu ar an bPlean Infheistíochta. Ina theannta sin, bunaíodh tascfhórsaí maidir le fuinneamh in La Réunion agus maidir le bainistiú dramhaíola sna hOileáin Chanáracha, agus tá tionscadal á mhaoiniú ag Fís 2020 chun barr feabhais sa taighde a chothú sna réigiúin is forimeallaí.

Cónascadh na hEorpa

An glaoch measctha maidir leis an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, a dhéanann deontais ón gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha, an Banc Infheistíochta Eorpach, bainc náisiúnta le haghaidh spreagadh, nó infheisteoirí ón earnáil phríobháideach a mheascadh, ba é an toradh a bhí air gur roghnaíodh 35 thionscadal i réimse na gluaisteachta sábháilte glaine cliste agus tabharfar deontais dar luach €405 mhilliún dóibh. I nglaoch eile ar iarratais, dar luach €290 milliún, tugadh tacaíocht do thionscadail arb é ab aidhm leo an tAerspás Eorpach Aonair agus an eitlíocht Eorpach a fhorbairt. Faoin gComhghnóthas Taighde um Bainistíocht Aerthráchta maidir leis an Aerspás Eorpach Aonair (SESAR), tabharfar isteach agus amach le €9.5 milliún chun raon taispeántas drón U-spáis a mhaoiniú a dhíreoidh ar chomhtháthú drón go sábháilte agus go slán isteach sa chóras eitlíochta.

Cúnamh a thabhairt d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide maoiniú nua, comhpháirtithe nua agus margaí nua a aimsiú

Cnámh droma gheilleagar an Aontais is ea na gnólachtaí beaga. Gach bliain tacaíonn an tAontas le gnólachtaí beaga trí chineálacha éagsúla maoinithe agus trí sheirbhísí comhairle. Le blianta beaga anuas, tá dul chun cinn mór déanta ag an Aontas ó thaobh rochtain ar mhaoiniú a fheabhsú do ghnólachtaí beaga san Eoraip. Chuidigh an tAontas le €20.3 billiún de mhaoiniú a chur ar fáil do 381 000 gnólacht bheag faoi COSME, clár an Aontais le haghaidh iomaíochas na bhfiontar beag agus meánmhéide, agus sin á chomhlánú leis an gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha.

Borradh a chur faoi thaighde, nuálaíocht agus teicneolaíocht

Barr feabhais na heolaíochta agus an nuálaíocht cheannródaíoch

Le linn na bliana, sheol Fís 2020 glaonna le haghaidh iarratas agus gníomhaíochtaí eile dar luach €10 mbilliún san iomlán chun tacú le taighde agus nuálaíocht. Mar shampla, bhí glao nua ann ar iarratais chun beagnach €200 milliún a infheistiú chun an chéad ghlúin eile de cheallraí a fhorbairt, rud a chuideoidh leis an aistriú i dtreo sochaí dhícharbónaithe a thiomáint; chun beagnach €1 bhilliún a infheistiú chun a bhfuil bainte amach ó thaobh an gheilleagair agus an chomhshaoil a nascadh, rud a thacóidh le pacáiste an Aontais don Gheilleagar Ciorclach; agus chun tuairim is €200 milliún a infheistiú chun scrúdú a dhéanamh ar bhunchúiseanna na himirce mírialta, rud a chuideoidh leis an gClár Oibre Eorpach maidir leis an Imirce.

An Coimisinéir Carlos Moedas ag fógairt gurb í an Aithin an chathair a bhuaigh an duais don Ardchathair Eorpach Nuálaíochta ag an Web Summit i Liospóin na Portaingéile, an 6 Samhain 2018.

An Coimisinéir Carlos Moedas ag fógairt gurb í an Aithin an chathair a bhuaigh an duais don Ardchathair Eorpach Nuálaíochta ag an Web Summit i Liospóin na Portaingéile, an 6 Samhain 2018.

Ina theannta sin, chun comhar poiblí príobháideach a dhreasú chun nuálaíocht fuinnimh ghlain a mhaoiniú, tar éis comhaontú a shíniú leis an Bill and Melinda Gates Foundation san Fhómhair in 2018, bunaíodh ciste €100 milliún a dhíreoidh ar lucht nuálaíochta agus gnólachtaí san Aontas a d’fhéadfadh laghduithe móra buana in astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach.

Timpeallacht fhíorúil is ea an Néal Eolaíochta Oscailte Eorpach lena ndéantar sonraí a stóráil, a roinnt agus a athúsáid thar dhisciplíní agus thar theorainneacha. Seoladh go hoifigiúil é in 2018, rud a chuir ar chumas 1.7 milliún taighdeoir agus 70 milliún gairmí teacht ar mhéid mór sonraí oscailte atá ag fás gan staonadh.

An tAontas Eorpach sa spás

Lean an tAontas ar aghaidh agus é ag cur leis an Straitéis Spáis don Eoraip a ceapadh in 2016, trí fhorbairt a dhéanamh ar an mbonneagar spáis atá mar bhonn agus mar thaca ag ár ngeilleagar agus ag cuid mhór dár ngnáthshaol. I mí Mheithimh 2018, mhol an Coimisiún Clár Spáis €16 bhilliún a dhéanfadh ceannaireacht an Aontais a fheabhsú a thuilleadh sa spás.

Is é an clár Copernicus an soláthraí is mó dá bhfuil ann de shonraí breathnadóireachta an Domhain, agus cabhraíonn sé chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin éagsúla amhail tubaistí nádúrtha agus athrú aeráide. Le seoladh an seachtú satailít Copernicus in 2018 cuireadh feabhas ar ár gcumas monatóireacht a dhéanamh ar na haigéin, ar thalamh agus ar an aeráid. Leis na Seirbhísí Rochtana ar Shonraí agus ar Fhaisnéis de chuid Copernicus, a seoladh in 2018 freisin, beidh gnólachtaí nuathionscanta nuálacha agus úsáideoirí eile in ann sonraí a phróiseáil agus a íoslódáil agus rochtain a fháil orthu go furasta gan iallach a bheith orthu infheistíocht a dhéanamh i saoráidí costasacha stórála agus próiseála sonraí.

SRACFHÉACHAINT AR EARNÁIL SPÁIS AN AONTAIS

Cuireann Galileo, clár loingseoireachta satailíte an Aontais, seirbhísí beachta suite, loingseoireachta agus uainithe agus is féidir leis an nglúin is déanaí de na fóin chliste é a úsáid, rud a thugann cruinneas níos fearr ná córais a bhí ann roimhe nár úsáid ach GPS amháin. Lainseáladh ceithre shatailít nua in 2018 (a ainmníodh as páistí a bhain comórtas ealaíne), rud a fhágann gur tháinig feabhas ar fheidhmíocht Galileo agus a chuir chun cinn é ionas go mbeidh sé ina chóras suite satailíte iomlán neamhspleách, uathrialaitheach, a úsáideann breis agus 500 milliún duine ar fud an domhain. Úsáidtear comharthaí Galileo sa bhainistiú tráchta agus iarnróid, sa loingseoireacht aerárthach, sa bhaincéireacht agus san fheirmeoireacht, agus tá siad ag réiteach an bhealaigh le haghaidh carranna uathrialaitheacha.

An Coimisinéir Elżbieta Bieńkowska ag tabhairt cuairt ar Chalafort Spáis na hEorpa in Kourou, Guáin na Fraince, roimh sheoladh shatailít Galileo, an 25 Iúil 2018.

An Coimisinéir Elżbieta Bieńkowska ag tabhairt cuairt ar Chalafort Spáis na hEorpa in Kourou, Guáin na Fraince, roimh sheoladh shatailít Galileo, an 25 Iúil 2018.

I mí na Samhna chinn Coimisiún Cumarsáidí Feidearálacha na Stát Aontaithe tarscaoileadh ceadúnais a dheonú maidir le comharthaí Galileo a fháil sna Stáit Aontaithe. Ciallaíonn sin go mbeidh saoránaigh agus gnólachtaí sna Stáit Aontaithe in ann leas a bhaint as comharthaí loingseoireachta satailíte úrscothacha Galileo — is cuma más le haghaidh carranna nasctha atá siad, uaireadóirí cliste, feirmeoireacht nó loingseoireacht aerárthach.

Cúis mhór amháin le héifeachtacht an chórais glao éigeandála eCall is ea cruinneas Galileo a chuidíonn chun carr a aimsiú i gcás éigeandála. Tá eCall éigeantach i gcarranna nua de gach cineál san Aontas ón 31 Marta 2018 agus cuidíonn sé le ham freagartha na seirbhísí éigeandála a laghdú suas le 60 %. I mí na Nollag ghlac an Coimisiún bearta nua chun cuidiú chun daoine a aimsiú i gcásanna éigeandála ar bhonn níos cruinne a bhuí le comharthaí Galileo, rud a fhágann go bhfuil iarrachtaí tarrthála níos éifeachtaí. Faoi na rialacha nua, beidh gach fón cliste san Aontas in ann suíomh cruinn an duine a chuireann glao ar an uimhir éigeandála 112 a chur chuig na seirbhísí éigeandála a thógann an glao.

Toisc go mbaineann tábhacht straitéiseach leis an rochtain ar an spás, tá sé d’aidhm ag an Aontas a neamhspleáchas a neartú sa réimse sin. In 2018, seoladh comórtas chun €10 milliún a bhronnadh ar an réiteach is inmharthana ó thaobh na tráchtála de chun seirbhísí lainseála tiomnaithe neamhchostasacha le haghaidh satailítí éadroma a sholáthar. Sa tionscnamh píolótach Space Equity (Cothromas Spáis) ó InnovFin cruinnítear isteach agus amach le €110 milliún de mhaoiniú chun infheistíocht a dhreasú san earnáil spáis, tríd an méid caipitil riosca atá ar fáil d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus cuideachtaí lárchaipitlithe a mhéadú.

Teicneolaíocht Cosanta Eorpach

In 2018 d’infheistigh an tAontas Eorpach €40 milliún le haghaidh maoiniú taighde comhoibritheach i dteicneolaíochtaí agus táirgí cosanta nuálacha mar chuid den réamhbheart maidir le taighde cosanta.

I mí Iúil ghlac an tAontas an Clár Eorpach Forbartha Tionscal i réimse na Cosanta chun tacaíocht airgeadais a thabhairt do thionscal cosanta na hEorpa le linn chéim fhorbartha táirgí agus teicneolaíochtaí nua i réimsí a roghnaítear ar leibhéal na hEorpa. Tá buiséad €500 milliún á bheartú faoin gClár le linn 2019 agus 2020 chun tionscadail chomhoibritheach a chómhaoiniú chun an cumas cosanta a fhorbairt.

Infheistiú i ndaoine

In 2018 ghlac an tAontas moladh maidir le creat le haghaidh printíseachtaí ardchaighdeáin agus éifeachtacha. Tá critéir ann chun dálaí maithe foghlama agus oibre a chinntiú agus a chur chun cinn ar fud an Aontais.

I mí Aibreáin rinne an tAontas an Europass CV a shimpliú agus a thabhairt cothrom le dáta, rud a chuideoidh le daoine óga a gcuid scileanna agus cáilíochtaí a chur i láthair ar dhóigh níos infheicthe agus níos fusa a thuiscint sa Mhargadh Aonair trí chéile. Dá bharr sin, is fearr a bheidh lucht ceaptha beartais in ann riachtanais agus treochtaí mhargadh an tsaothair a thuar.

I dtromlach na mBallstát is tosaíocht é athchóiriú a dhéanamh ar na córais oideachais agus oiliúna agus bhí an tosaíocht sin ina cuid lárnach de Sheimeastar Eorpach 2018 freisin. Rinneadh moladh tír-shonrach i leith 20 Ballstát i réimse an oideachais agus na hoiliúna.

Is den ríthábhacht córais éifeachtúla oideachais agus oiliúna a bheith ann le gur féidir le daoine óga an t-eolas, na hinniúlachtaí agus na scileanna is gá a shealbhú chun teacht ar obair shásúil le go mbeidh siad ina saoránaigh neamhspleácha lánpháirteacha. Imríonn na nithe sin ról ríthábhachtach chun caoi a thabhairt d’oibrithe ar a gcuid scileanna a uasghrádú freisin chun dul i ngleic le modhanna oibre atá ag athrú agus le riachtanais mhargadh an tsaothair agus chun táirgeacht agus fás a mhéadú.

Chun dul chun cinn a dhéanamh i dtaobh chruthú an Limistéir Eorpaigh Oideachais faoi 2025, chuir an Coimisiún i láthair sé bheart beartais nithiúla sa chéad 6 mhí de 2018. I mí na Bealtaine 2018, ghlac an Chomhairle moltaí maidir leis na Príomhinniúlachtaí don Fhoghlaim ar Feadh an tSaoil chun cuidiú le níos mó daoine an réimse scileanna is gá a thógáil chun a bheith ina gcónaí agus ag obair sa 21ú haois agus maidir le comhluachanna, an t-oideachas cuimsitheach, agus an ghné Eorpach den teagasc a chur chun cinn. I mí na Samhna 2018, ghlac sé bearta maidir le haitheantas frithpháirteach do cháilíochtaí agus do thorthaí tréimhsí foghlama i dtíortha eile. Tá plé á dhéanamh go fóill faoi oideachas agus cúram luathóige agus faoi theagasc agus foghlaim teangacha. Tá plean gníomhaíochta á chur i bhfeidhm go fóill freisin chun scileanna digiteacha shaoránaigh an Aontais agus úsáid teicneolaíochtaí sa teagasc agus san fhoghlaim a fheabhsú.

Daoine a nascadh le chéile

In 2018 rinne muintir na hEorpa Bliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha a cheiliúradh. Spreagadh tuilleadh daoine chun eolas a chur ar shaibhreas agus ar éagsúlacht oidhreacht chultúrtha na hEorpa agus chun a bheith rannpháirteach sa saibhreas agus san oidhreacht sin, agus treisíodh an bhraistint go bhfuil spás coiteann Eorpach ann ar linn ar fad é. Ghlac breis agus 7.5 milliún duine páirt i níos mó ná 13 000 imeacht a eagraíodh i 37 dtír. Chun a chinntiú go rachaidh an Eorpach i gcionn go fadtéarmach ar dhaoine tar éis 2018, an 7 Nollaig chuir an Coimisiún 60 gníomhaíocht i láthair a bhaineann le cur chun cinn agus cosaint ár n-oidhreacht chultúrtha san fhadtéarma.

An Coimisinéir Tibor Navracsics ag labhairt ag fóram faoi Ghné Idirnáisiúnta Bhliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha, an Bhruiséil, an Bheilg, an 23 Aibreán 2018.

An Coimisinéir Tibor Navracsics ag labhairt ag fóram faoi Ghné Idirnáisiúnta Bhliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha, an Bhruiséil, an Bheilg, an 23 Aibreán 2018.

In 2018, agus buiséad os cionn €2.7 billiún aige, chuir an clár Erasmus+ um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um an spórt ar a gcumas do thuairim agus 600 000 duine óg agus 190 000 ball foirne d’institiúidí oideachais agus eagraíochtaí óige páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí foghlama. I mí an Mhárta chuir an Coimisiún leagan ar líne lena ngníomhaíochtaí soghluaisteachta nuair a sheol sé Erasmus+ Virtual Exchange, tionscadal chun idirphlé idirchultúrtha a chur chun cinn agus scileanna 25 000 duine óg ar a laghad a fheabhsú trí uirlisí foghlama digiteacha. I mí na Bealtaine mhol an Coimisiún an maoiniú do Erasmus a dhúbailt go €30 billiún sa chéad bhuiséad fadtéarmach eile 2021-2027, rud a mhéadódh líon na ndaoine a dtiocfadh leis cuidiú leo faoi thrí.

SAOL DAOINE A SHAIBHRIÚ, INTINN DAOINE A OSCAILT
An Coimisinéir Günther Oettinger (sa lár) ag fáiltiú roimh bhaill den tionscnamh Wheels for Europe (Rothaí don Eoraip), grúpa gluaisrothaithe agus tiománaithe carranna clasaiceacha ag cur na hidé Eorpaí chun cinn trí chamchuairt a thabhairt timpeall na hEorpa, an Bhruiséil, an Bheilg, an 11 Deireadh Fómhair 2018.
©An tAontas Eorpach

An Coimisinéir Günther Oettinger (sa lár) ag fáiltiú roimh bhaill den tionscnamh Wheels for Europe (Rothaí don Eoraip), grúpa gluaisrothaithe agus tiománaithe carranna clasaiceacha ag cur na hidé Eorpaí chun cinn trí chamchuairt a thabhairt timpeall na hEorpa, an Bhruiséil, an Bheilg, an 11 Deireadh Fómhair 2018.

DiscoverEU

Idir mí Iúil agus mí Dheireadh Fómhair 2018 bhí an deis ag 15 000 duine óg eolas a chur ar an Eoraip le pas taistil DiscoverEU. Leis an tionscnamh nua sin, bhí siad in ann tuiscint níos fearr a chur ar éagsúlacht na hEorpa, sult a bhaint as a saibhreas cultúrtha, cairde nua a dhéanamh agus eolas a chur ar a bhféiniúlacht Eorpach. I mí na Samhna bhí deis eile ag daoine óga cur isteach ar thicéid shaora chun dul ag taisteal in 2019. Tá gealltanas tugtha ag an gCoimisiún an scéim a leathnú amach go mór tar éis 2020.

An Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach

I mí Dheireadh Fómhair cuireadh borradh faoin gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach nuair a ghlac an tAontas bunús dlí neamhspleách le haghaidh an tionscnaimh seo agus fuair sé buiséad do na 3 bliana amach romhainn. Faoi dheireadh mhí na Nollag bhí beagnach 100 000 duine óg cláraithe leis an gcór agus bhí páirt glactha ag 11 000 duine i ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta ar fud na hEorpa. I mí an Mheithimh, mhol an Coimisiún clár nua don Chor Dlúthpháirtíochta Eorpach tar éis 2020, agus tugadh buiséad €1.26 billiún dó chun na deiseanna a chuireann sé ar fáil a leathnú amach. Leis sin, bheadh ar a laghad 350 000 Eorpach óg in ann tacú le pobail a bhfuil cuidiú de dhíth orthu trí obair dheonach a dhéanamh (tacú le hoibríochtaí um chabhair dhaonnúil lasmuigh de thíortha an Aontais mar shampla), tréimhsí oiliúna agus socrúcháin i bpost idir 2021 agus 2027.

Sláinte daoine a chosaint agus an geilleagar a neartú

I mí na Nollag 2018 ghlac Airí Sláinte na hEorpa an Moladh ón gCoimisiún chun comhar an Aontais Eorpaigh a neartú i ndáil leis an troid i gcoinne galair is féidir a chomhrac le vaicsíní. Díríonn an moladh ar thrí phríomhcholún: dul i ngleic leis an drogall a bhíonn ar dhaoine dul i muinín vaicsíní agus an cuimsiú vacsaínithe a fheabhsú; beartais inbhuanaithe vacsaínithe a bheith ann san Aontas; agus comhordú an Aontais Eorpaigh agus a rannchuidiú leis an sláinte domhanda.

Sracfhéachaint ar an tsláinte: Sa tuarascáil An Eoraip 2018 a d’fhoilsigh an Coimisiún agus an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta i mí na Samhna, iarrtar an mheabhairshláinte a fheabhsú agus galair mheabhrach a chosc, nó ní amháin go bhfuil impleachtaí sóisialta acu ach meastar go gcosnaíonn siad níos mó ná 4 % den olltáirgeacht intíre ar fud an Aontais. Léiríodh sa tuarascáil freisin gur tháinig maolú ar an méadú seasta a bhí ar an ionchas saoil agus go bhfuil bearnaí móra ann idir tíortha agus laistigh díobh go fóill, ar dhóigh gurb iad na daoine a bhfuil leibhéal íseal oideachais orthu is mó a bhíonn chun deiridh. Tá sé ráite inti freisin nár mhór aghaidh a thabhairt ar fhachtóirí riosca — tobac, alcól agus murtall mar shampla, an mhortlaíocht anabaí a laghdú, rochtain uilíoch ar chúram a chinntiú, agus athléimneacht na gcóras sláinte a neartú. Le foilsiú na tuarascála, chuir an Coimisiún tús le Staid na Sláinte, den dara huair, mar chuid de thimthriall eolais an Aontais lena roinntear agus lena anailísítear sonraí comparáideacha agus léargais ar shláinte agus ar chórais shláinte san Aontas agus lena dtacaítear le húdaráis sláinte chun beartais a cheapadh bunaithe ar fhianaise.

SLÁINTE DAOINE A CHOSAINT, BEO DAOINE A SHÁBHÁIL
An Coimisinéir Vytenis Andriukaitis ag labhairt ag seoladh an Pháipéir Bháin faoin tSláinte Imshruthaithe de chuid an World Heart Federation le linn an 73ú Comhthionól Ginearálta de chuid na Náisiún Aontaithe i Nua-Eabhrac, Stáit Aontaithe Mheiriceá, an 25 Meán Fómhair 2018.
©An tAontas Eorpach

An Coimisinéir Vytenis Andriukaitis ag labhairt ag seoladh an Pháipéir Bháin faoin tSláinte Imshruthaithe de chuid an World Heart Federation le linn an 73ú Comhthionól Ginearálta de chuid na Náisiún Aontaithe i Nua-Eabhrac, Stáit Aontaithe Mheiriceá, an 25 Meán Fómhair 2018.

D’ullmhaigh an Coimisiún an timthriall “Staid na Sláinte”, a mhaireann 2 bhliain, i ndlúthchomhar leis an Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (OECD) agus leis an bhFaireachlann Eorpach um Chórais agus Beartais Sláinte.

Choinnigh an tAontas an aidhm a bhí aige chun sláinte agus sábháilteacht a chosaint san obair leis an togra chun oibrithe a chosaint ar nochtadh gairme do chúig cheimiceán charcanaigineacha bhreise. Ba é ab aidhm leis sin an chosaint a neartú do bhreis agus 1 mhilliún oibrí san Eoraip.

Chun iarracht a dhéanamh beacha agus pailneoirí a chosaint, glacadh srianta breise maidir le húsáid trí cinn de neoinicitíonóidigh, ar substaintí gníomhacha iad ar nós nicitín a úsáidtear i dtáirgí cosanta plandaí. Tháinig toirmeasc iomlán ar úsáid na dtáirgí sin amuigh faoin aer i mí na Nollag 2018 agus ní féidir iad a úsáid taobh istigh ach i dtithe gloine buana. Rinneadh sin a chomhlánú leis an tionscnamh ón Aontas maidir le haghaidh a thabhairt ar mheath na bhfeithidí pailnitheacha fiáine, an chéad cheann riamh dá shórt.

Buiséad an Aontais agus é dírithe ar thorthaí

Dhírigh buiséad 2018 an Aontais ar thosaíochtaí na hEorpa a thabhairt i gcríoch trí chruthú post a spreagadh, go háirithe i measc na hóige, agus borradh a chur faoin bhfás eacnamaíoch agus faoi infheistíochtaí straitéiseacha. Lean sé de bheith ag tacú le dul i ngleic le dúshláin i dtaca le himirce agus slándáil, laistigh agus lasmuigh den Aontas araon.

Beagnach leathchuid de na cistí a cuireadh i mbun oibre (€77.5 billiún), is ar mhaithe leis an ngeilleagar Eorpach, cruthú post agus iomaíochas domhanda na ngnólachtaí, taighdeoirí agus ollscoileanna a neartú a caitheadh siad. Le maoiniú ón Aontas tugadh tacaíocht don talmhaíocht agus do cheantair thuaithe (an comhbheartas talmhaíochta), do réigiúin (Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe), taighde agus nuálaíocht (Fís 2020), fiontair bheaga agus mheánmhéide (Iomaíochas na bhFiontar agus na bhFiontar Beag agus Meánmhéide), d’oideachas, d’oiliúint agus don óige (Erasmus+), d’iompar agus don bhonneagar digiteach (an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa).

An Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin Jyrki Katainen ag aonach dírithe ar thionscadail a mhaoinítear leis an gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha, an Bhruiséil, an Bheilg, an 26 Deireadh Fómhair 2018.
©An tAontas Eorpach

An Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin Jyrki Katainen ag aonach dírithe ar thionscadail a mhaoinítear leis an gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha, an Bhruiséil, an Bheilg, an 26 Deireadh Fómhair 2018.

Measann 69 % de na freagróirí go bhfuil deiseanna ann do thodhchaí daoine óga san Eoraip a bhuíochas sin do thionscadal an Aontais Eorpaigh. Foinse: Eorabharaiméadar, Samhain 2018.

Thug an Tionscnamh Fostaíochta don Aos Óg aghaidh ar dhúshlán na dífhostaíochta i measc na hóige trí ghealltanas €350 milliún chun tacaíocht agus deiseanna a thabhairt do dhaoine óga chun teacht ar phoist. Tugadh €2 bhilliún bhreise in 2018 don Chiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha chun leanúint d’infheistíochtaí príobháideacha i dtionscadail Eorpacha straitéiseach a spreagadh. Tugadh €59.2 billiún chun an fás inbhuanaithe a chur chun cinn trí thacaíocht a thabhairt d’fheirmeoirí, d’iascaigh, don aeráid agus don bhithéagsúlacht.

Buiséad fadtéarmach an Aontais 2021-2027

I mí na Bealtaine, tar éis na míonna de chomhairliúcháin leis na Ballstáit agus le saoránaigh na hEorpa, chuir an Coimisiún i láthair a thogra don bhuiséad fadtéarmach do 2021-2027.

Ina dhiaidh sin lean tacar iomlán tograí le haghaidh cláir earnála agus cistí. Leagan amach chuspóirí an Aontais i bhfigiúirí buiséadacha atá sa togra sin le haghaidh buiséad fadtéarmach do na 10 mbliana atá romhainn, mar a chomhaontaigh ceannairí an Aontais i bhFeabhra 2018. Déanann an buiséad atá beartaithe ionstraimí nua agus cláir nuachóirithe a chumasc chun tosaíochtaí an Aontais a thabhairt chun críche go héifeachtúil. Cuireann sé na hacmhainní ar fáil chun teacht ar fhreagraí iomchuí ar dhúshláin mhóra amhail an dífhostaíocht i measc na hóige, an imirce, an tslándáil agus an claochlú teicneolaíoch agus digiteach. Ar na tograí sin tá buiséad simplithe a chruthóidh nasc níos láidre leis na tosaíochtaí polaitiúla (féach an chaibidil atá tiomnaithe chuige sin “An buiséad fadtéarmach a bheidh ag an Aontas”).

InvestEU

Ó tharla gur éirigh chomh maith sin leis an bPlean Infheistíochta don Eoraip, mhol an Coimisiún Eorpach go leanfadh cláir mhaoinithe an Aontais ar fad an tsamhail chéanna don chéad bhuiséad fadtéarmach eile (2021-2027). Thabharfaí na cláir mhaoinithe uile atá á reáchtáil ag an Aontas faoi aon díon amháin: Clár InvestEU. Ar aon dul leis an bPlean Infheistíochta, is éard a bheadh sa chlár InvestEU ciste, mol comhairliúcháin agus tairseach infheistíochta. Bheadh ráthaíocht €38 mbilliún ag gabháil le Ciste InvestEU ó bhuiséad an Aontais chun tacú le tionscadail thábhachtacha ó thaobh straitéise de ar fud an Aontais in earnálacha amhail an bonneagar inbhuanaithe; taighde, nuálaíocht agus digitiú; gnólachtaí beaga agus meánmhéide agus infheistíocht shóisialta agus scileanna. Meastar go spreagfadh an Ciste breis agus €650 billiún d’infheistíocht bhreise thar 7 mbliana.

Borradh a chur faoi thaighde, nuálaíocht agus teicneolaíocht

Tá sé beartaithe freisin ag an gCoimisiún borradh a chur faoin taighde chun an Eoraip a choinneáil ar thús cadhnaíochta sa taighde domhanda agus sa nuálaíocht, agus buiséad €100 billiún beartaithe aige le haghaidh taighde agus nuálaíocht idir 2021 agus 2027 faoin gclár nua Fís Eorpach. Tá molta ag an gCoimisiún go ndéanfaidh an tAontas €16 bhilliún a infheistiú faoi Chlár Spáis an Aontais Eorpaigh chun cuidiú lena cheannaireacht i ngnóthaí spáis. Tá buiséad €13 bhilliún á bheartú ag an gCoimisiún don Chiste Cosanta Eorpach. Beidh an tAontas ar cheann de na hinfheisteoirí is mó san Eoraip sa taighde agus nuálaíocht i gcúrsaí cosanta.

Talmhaíocht agus an geilleagar muirí le haghaidh fáis

Mhol an Coimisiún leanúint de thacaíocht láidir a thabahirt do thalmhaíocht an Aontais agus do cheantair thuaithe trí €365 bhilliún a chur i leataobh don chomhbheartas talmhaíochta don tréimhse 2021-2027. Díríonn na moltaí maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta ar an mbeartas a shimpliú agus a nuachóiriú chun é a choinneáil oiriúnach don am atá le teacht. Le cois na gcuspóirí traidisiúnta a bhaineann le hioncam feirme, slándáil bia agus cosaint an chomhshaoil, tugann na pleananna aghaidh freisin ar éilimh nua sa tsochaí amhail bia slán, scamhardach agus inbhuanaithe, dramhaíl bia a chomhrac agus leas ainmhithe. Moltar sna pleananna sin comhpháirtíocht nua freisin idir an tAontas agus a chuid Ballstát. Amach anseo, cé gur ar leibhéal an Aontais a shocrófar na heilimintí is gá chun cuspóirí coiteanna an Aontais agus feidhmiú rianúil an Mhargaidh Aonair a ghnóthú, beidh na Ballstáit in ann bearta beartais a roghnú agus a cheapadh a bheidh oiriúnach do riachtanais a gcuid feirmeoirí agus a gceantair thuaithe féin.

An Coimisinéir Phil Hogan ag tabhairt cuairt ar Fhéile an Fhómhair in Cluj-Napoca na Rómáine, an 14 Meán Fómhair 2018.
©An tAontas Eorpach

An Coimisinéir Phil Hogan ag tabhairt cuairt ar Fhéile an Fhómhair in Cluj-Napoca na Rómáine, an 14 Meán Fómhair 2018.

Mhol an Coimisiún freisin Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh ar luach €6.14 billiún chun tacaíocht a neartú don gheilleagar muirí, agus san am céanna simpliú agus fócas níos láidre ar thorthaí a chur chun cinn. Leis an gciste sin, beifear in ann infheistiú i margaí nua muirí, i dteicneolaíochtaí agus i seirbhísí amhail fuinneamh aigéin agus biteicneolaíocht mhuirí. Gheobhaidh pobail chósta tuilleadh tacaíochta agus leanfaidh an Ciste de bheith ag tacú le hearnáil na n-iascach Eorpach, agus aird ar leith á tabhairt ar chuidiú le hiascaigh bheaga.

Todhchaí an bheartais chomhtháthaithe

Agus buiséad €373 bhilliún beartaithe ag an gCoimisiún, díríonn na tograí le haghaidh cistí don bheartas comhtháthaithe ar gheilleagar na hEorpa a nuachóiriú chun é a dhéanamh níos cliste, níos glaise agus níos cónasctha, agus ar an aistriú go dtí geilleagar ísealcharbóin. Dhéanfaí na rialacha a shimpliú agus ní bheadh ach aon tacar amháin rialacha ann do na cistí, agus dhéanfaí na nósanna imeachta níos solúbtha.

Infheistiú i ndaoine

Tá sé molta ag an gCoimisiún gné shóisialta an Aontais a neartú tuilleadh trí Chiste Sóisialta Eorpach nua feabhsaithe. Bheadh €101.2 billiún in CSE+, sciar den bhuiséad iomlán don chomhtháthú sóisialta atá píosa mór níos airde ná mar atá i gceist leis faoi láthair. Bheadh an infheistíocht shóisialta níos feiceálaí agus bheadh níos mó tionchair aici dá bharr. Go sonrach, trí CSE+, Erasmus agus an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach a thabhairt le chéile, is féidir na cistí atá tiomnaithe don tacaíocht do dhaoine óga a dhúbailt, nó níos mó, i gcomparáid leis an gcaoi a bhfuil cúrsaí faoin gcreat airgeadais atá ann faoi láthair. Agus bail nua á cur ar an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú, dhéanfaí a raon feidhme a leathnú amach agus an uasteorainn atá leis a ardú go €225 mhilliún in aghaidh na bliana gcomparáid le €170 milliún in aghaidh na bliana sa tréimhse atá ann faoi láthair.

Caibidil 2

Margadh Aonair Digiteach idirnasctha

“Creidim nach mór dúinn leas i bhfad níos fearr a bhaint as na deiseanna iontacha a ghabhann le teicneolaíochtaí digiteacha. Is teicneolaíochtaí iad sin nach dtéann teorainneacha i bhfeidhm orthu.”

Jean-Claude Juncker, Treoirlínte Polaitiúla, an 15 Iúil 2014

Múinteoir bunscoile ag faire ar bheirt daltaí agus iad ag obair le chéile ar tháibléad. © Fotolia

© Fotolia

Ba bhliain rathúil eile do Straitéis an Mhargaidh Aonair Dhigitigh a bhí ann in 2018 agus tá an straitéis sin faoi lánseol anois.

In 2018 rinneadh comhaontú ar 23 thogra reachtacha, agus tá 7 gcinn díobh faoi chaibidlíocht go fóill. Mhol an Coimisiún tionscnaimh nua maidir le sár-ríomhaireacht, ríomhshláinte, bréagaisnéis, faisnéis na hearnála poiblí, trédhearcacht na n-ardán ar líne, intleacht shaorga agus blocshlabhra. Mhol an Coimisiún freisin infheistíocht a dhéanamh sa chlaochlú digiteach agus bearta nua a dhéanamh chun tacú le saoirse na meán agus iolrachas agus litearthacht sna meáin.

I mí Mheán Fómhair, d’fhógair an tUachtarán Juncker tograí chun inniúlachtaí cibearshlándála an Aontais Eorpaigh a neartú agus i mí na Nollag rinneadh comhaontú ar an nGníomh um Chibearshlándáil a bheartaigh an Coimisiún in 2017. Neartaítear leis an ngníomh sin sainordú Ghníomhaireacht Cibearshlándála an Aontais Eorpaigh, agus bunaítear leis creat de chuid an Aontais Eorpaigh don deimhniú cibearshlándála, rud a chuireann le slándáil seirbhísí ar líne agus gléasanna tomhaltóirí.

Rinneadh dul chun cinn ar reachtaíocht chun rochtain ar ábhar ar líne agus ar ríomhthráchtáil a éascú agus maidir le tograí chun rialacha cóipchirt, ríomhphríobháideachas agus conarthaí digiteach san Aontas Eorpach a nuachóiriú, rud a thabharfaidh cearta soiléire do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí. Comhaontaíodh bearta maidir le seirbhísí na meán closamhairc, sreabhadh neamhshrianta sonraí agus an Tairseach Aonair Dhigiteach. Tháinig an Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach i bhfeidhm i mí na Nollag, agus déantar foráil ann maidir le creat rialála nuashonraithe le haghaidh na cumarsáide leictreonaí, chun infheistíocht i líonraí an-ardtoillte a spreagadh agus chun úsáideoirí a chosaint san aois dhigiteach atá ann.

Ón 1 Aibreán 2018 i leith, tá muintir na hEorpa in ann an t-ábhar ar líne a bhfuil íoctha acu lena fháil sa bhaile a rochtain, is cuma cén áit san Aontas ina bhfuil siad, agus tá cosaint le fáil acu dá sonraí pearsanta faoin Rialachán Ginearálta nua maidir le Cosaint Sonraí a tháinig i bhfeidhm i mí na Bealtaine.

Lean an tAontas leis an gcomhrac i gcoinne iompraíocht fhrithiomaíoch sa réimse digiteach, agus ghearr sé fíneálacha ar Qualcomm as mí-úsáid a bhaint as an rócheannas atá aige sa mhargadh i gcás slis-seiteanna, agus ar Google as cleachtais mhídhleathacha a bhaineann leis an gcóras oibriúcháin Android.

Chun a chinntiú go leanfaidh an Margadh Aonair Digiteach air ag dul i neart, agus chun go mbeidh an tAontas Eorpach ar thús cadhnaíochta maidir leis an gclaochlú digiteach, tá Clár don Eoraip Dhigiteach dar luach €9.2 beartaithe ag an gCoimisiún mar chuid den chéad bhuiséad fadtéarmach eile a bheidh ag an Aontas Eorpach.

An Margadh Aonair Digiteach a chur i gcrích

As measc na 30 tionscnamh reachtach atá curtha i láthair ag an gCoimisiún Eorpach ó 2015 i leith, comhaontaíodh 23 cinn acu idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh, agus an Coimisiún Eorpach. Tá 7 dtogra eile curtha síos ag an gCoimisiún is gá do Pharlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a fhaomhadh chun gur féidir tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an Margadh Aonair Digiteach.

An Coimisinéir Mariya Gabriel ag glacadh páirt i Seachtain Chóid an Aontais Eorpaigh, an Bhruiséil, an Bheilg, an 15 Deireadh Fómhair 2018.
© An tAontas Eorpach

An Coimisinéir Mariya Gabriel ag glacadh páirt i Seachtain Chóid an Aontais Eorpaigh, an Bhruiséil, an Bheilg, an 15 Deireadh Fómhair 2018.

Tháinig roinnt mórthionscnaimh dhigiteacha i bhfeidhm in 2018. I mí Eanáir, seoladh an feachtas ardú feasachta #SaferInternet4EU ar fud an Aontais Eorpaigh, feachtas a bhain le sábháilteacht ar líne, litearthacht na meán agus cibearshláinteachas. I mí Mheán Fómhair, tháinig reachtaíocht an Aontais Eorpaigh maidir le ríomh-shainaitheantas (Rialachán eIDAS) i bhfeidhm. I mí Dheireadh Fómhair, chuir na Ballstáit rialacha i bhfeidhm a éascaíonn rochtain ar ábhar clóite i bhformáid atá curtha in oiriúint do dhaoine lagamhairc nó do dhaoine atá faoi mhíchumas eile, agus i mí na Nollag tháinig rialacha nua i bhfeidhm a chuir cosc le geobhlocáil i ndíolacháin ar líne laistigh den Mhargadh Aonair.

Scannáin agus ceol gan teorainneacha

Ó Aibreán 2018, a bhuíochas sin do rialacha nua inaistritheachta, tá muintir na hEorpa anois in ann an t-ábhar ar líne (idir ábhar closamhairc agus cheol) a bhfuil íoctha acu lena fháil sa bhaile a rochtain, is cuma cén áit san Aontas ina bhfuil siad. I mí na Bealtaine, d’fhógair an Coimisiún go raibh eolaire ar líne de scannáin Eorpacha curtha ar bun acu, chun sofheictheacht thionscal na scannán san Eoraip a fheabhsú. Cuireadh fréamhshamhail amach i mí Dheireadh Fómhair.

I mí an Mheithimh 2018, tháinig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar chomhaontú polaitiúil maidir le rialacha athbhreithnithe le haghaidh timpeallacht rialála a bheadh níos cothroime don earnáil chlosamhairc ina hiomláine, seirbhísí ar éileamh agus ardáin comhroinnte físeán san áireamh. Is ar mhaithe le léiriúcháin chlosamhairc Eorpacha atá na rialacha sin, agus is leo a ráthaítear leo neamhspleáchas na rialálaithe closamhairc.

Siopadóireacht ar líne a bheidh níos sábháilte agus níos éasca

An Rialachán nua maidir le seirbhís beartseachadta trasteorann, a mbaineann tábhacht mhór leis i dtaca le ríomhthráchtáil, is i mí na Bealtaine a tháinig sé i bhfeidhm. Is bac iad na praghsanna arda a bhíonn ar bheartsheachadadh trasteorann ar thomhaltóirí agus ar dhíoltóirí, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide ar mian leo a bheith ag díol agus ag ceannach ar líne ar fud an Aontais.

Iontaoibh a chothú ar líne agus an Margadh Aonair Digiteach a fhothú

Tá na rialacha maidir le ríomh-shainaitheantas le haghaidh idirbhearta leictreonacha sa mhargadh inmheánach tagtha i bhfeidhm agus tá saoirse nua ag muintir na hEorpa dá bhrí sin: más féidir brath ar chóras aitheanta ríomh-shainaitheantais, is féidir rochtain shábháilte a fháil ar sheirbhísí digiteacha a chuirtear ar fáil ar fud na hEorpa, e.g. clárú le hollscoil thar lear, ríomhthaifid leictreonacha a rochtain, cuideachta a chlárú, tuairisceáin chánach a chur isteach ar líne, agus cuntas bainc a oscailt go leictreonach.

Cuireadh rialacha nua i bhfeidhm i mí na Nollag 2018 a chuireann cosc le geobhlocáil gan údar agus le cineálacha eile idirdhealaithe a dhéantar ar bhonn náisiúntacht, áit chónaithe nó áit bhunaíochta custaiméara. A bhuí leis na rialacha sin, is féidir le daoine agus gnólachtaí suíomhanna gréasáin i mBallstáit eile a rochtain agus na hearraí agus na seirbhísí céanna a fhaigheann custaiméirí áitiúla a fháil. Chuir an Coimisiún tuarascáil eatramhach i láthair freisin maidir leis an toradh a bhí ar deireadh a chur le formhuirir fánaíochta miondíola in 2017.

TABHAIR LEAT D’ÁBHAR AR LÍNE AR FUD AN AONTAIS
A bhFUIL MOLTA AG AN AONTAS EORPACH CHUN AN RÍOMHTHRÁCHTÁIL A FHEABHSÚ DO THOMHALTÓIRÍ: AMLÍNE

Leas a bhaint as poitéinseal iomlán gheilleagar sonraíbhunaithe an Aontais

Le méadú a chur ar luach gheilleagar sonraíbhunaithe an Aontais, ó 1.9 % go 4 % den Olltáirgeacht Intíre, idir 2015 agus 2020 is cúnamh a bheadh ann deireadh a chur le bacainní. Faoi 2020, meastar go mbeidh 10.4 milliún duine fostaithe i ngeilleagar sonraíbhunaithe an Aontais. Má chuirtear deireadh leis na ceanglais atá ar logánú sonraí faoi láthair, tiocfaidh laghdú ar chostais na seirbhísí sonraí agus beidh solúbthacht níos mó ag na gnólachtaí i dtaobh a gcuid sonraí a bhainistiú agus i dtaobh anailísíocht sonraí, ach beidh rogha níos mó soláthraithe acu, agus beidh siad in ann úsáid níos mó a bhaint astu ag an am céanna.

POITÉINSEAL AN GHEILLEAGAIR SHONRAÍBHUNAITHE
An Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin Andrus Ansip ag tabhairt cuairt ar sheastán taispeántais le linn an Mobile World Congress in Barcelona na Spáinne, an 27 Feabhra 2018.
© An tAontas Eorpach

An Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin Andrus Ansip ag tabhairt cuairt ar sheastán taispeántais le linn an Mobile World Congress in Barcelona na Spáinne, an 27 Feabhra 2018.

An intleacht shaorga

Is cuid den ghnáthshaol atá san intleacht shaorga cheana féin. Cabhraíonn sí le dochtúirí diagnóisiú níos tapúla agus níos cruinne a dhéanamh agus le feirmeoirí níos lú lotnaidicídí a úsáid ar na barra. Bíonn sí ina cúnamh freisin ag riaracháin phoiblí chun freagraí saincheaptha a thabhairt ar shaoránaigh, agus chun líon na dtionóiscí bóthair a laghdú. Is féidir leis an intleacht shaorga cúnamh a thabhairt freisin i dtaobh an t-athrú aeráide a chomhrac, nó bagairtí a thuar.

CÉN RÓL ATÁ AG AN AONTAS EORPACH SAN INTLEACHT SHAORGA?

I mí Aibreáin, mhol an Coimisiún cur chuige Eorpach chun an infheistíocht phoiblí agus phríobháideach san intleacht shaorga a mhéadú, chun ullmhú do na hathruithe socheacnamaíocha a bheidh mar thoradh uirthi sin, agus chun a chinntiú go gceapfar creat eiticiúil agus dlíthiúil cuí chun saincheisteanna dliteanais a bhaineann leis na teicneolaíochtaí sin a chlúdach. Is é is aidhm leis an gcur chuige sin tionchar na hinfheistíochta ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta a uasmhéadú, comhar a spreagadh, dea-chleachtais a mhalartú agus an bealach chun cinn a aimsiú le chéile chun iomaíochas an Aontais Eorpaigh san earnáil seo a chinntiú ar an leibhéal domhanda.

I mí an Mheithimh, cheap an Coimisiún an sainghrúpa ardleibhéil um an intleacht shaorga, agus sheol sé Comhghuaillíocht Eorpach na hIntleachta Saorga, pobal ar líne do gheallsealbhóirí éagsúla atá oscailte don té a bhfuil suim aige san intleacht shaorga.

I mí na Nollag, mar thoradh ar Theachtaireacht mhí Aibreáin, agus i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, mhol an Coimisiún plean comhordaithe chun forbairt agus úsáid na hintleachta saorga (“arna déanamh san Eoraip”) a chur chun cinn. Tá sé mar aidhm leis an bplean a chinntiú go mbíonn comhlánú agus sineirge idir bearta ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, chun tionchar na hintleachta saorga a uasmhéadú agus chun na buntáistí a bhaineann léi a scaipeadh ar fud na hEorpa. Moladh sa phlean bearta comhpháirteacha i gceithre phríomhréimse: infheistíocht a mhéadú, tuilleadh sonraí a chur ar fáil, tallann a chothú, agus iontaoibh a chinntiú. Déantar foráil leis freisin maidir le creat straitéiseach le haghaidh straitéisí náisiúnta don intleacht shaorga. Tá na Ballstáit á spreagadh lena straitéisí náisiúnta féin don intleacht shaorga a fhorbairt faoi lár 2019, rud a chuirfidh leis an obair atá déanta ar leibhéal na hEorpa.

Ag an am céanna, dheonaigh an Coimisiún €66 mhilliún do thionscadail róbaitice agus cuideoidh an t-airgead sin chun fiontair bheaga agus mheánmhéide a dhigitiú ar fud an Aontais Eorpaigh.

I mí na Nollag, dhréachtaigh grúpa neamhspleách de 52 shaineolaí treoirlínte eitice maidir le forbairt agus úsáid na hintleachta saorga. Is féidir breathnú ar na treoirlínte sin ach teagmháil a dhéanamh le Comhghuaillíocht Eorpach na hIntleachta Saorga agus is in 2019 a thabharfar i gcrích iad. Cuirfidh an grúpa seo moltaí beartas i láthair in Earrach na bliana 2019 freisin.

Bonneagar sár-ríomhaireachta den chéad scoth a thógáil san Eoraip

I mí Eanáir 2018, nochtaigh an Coimisiún na pleananna a bhí aige comhghnóthas Eorpach maidir leis an ríomhaireacht ardfheidhmíochta a bhunú. Tabharfaidh an struchtúr nua dlí agus maoiniúcháin seo acmhainní an Aontais agus acmhainní na mBallstát le chéile chun bonneagar sár-ríomhaireachta agus sonraí a thógáil, agus beidh tacaíocht ar fáil don taighde agus don nuálaíocht sa réimse sin, d’fhonn an Eoraip a chur i measc na dtrí chumhacht sár-ríomhaireachta is mó ar domhan. Thacaigh na Ballstáit leis an togra ón gCoimisiún i mí Mheán Fómhair, agus is i mí na Samhna a cuireadh tús le hoibríochtaí an chomhghnóthais. Déanfaidh an comhghnóthas an bonneagar seo a thógáil agus a chur in úsáid ar fud na hEorpa (le maoiniú atá á bheartú ón gcéad bhuiséad fadtéarmach eile den Aontas) chun na hinniúlachtaí próiseála sonraí a fheabhsú sa taighde agus sa tionscal, agus chun tacú le nuálaíocht i dteicneolaíochtaí, earraí crua agus bogearraí sár-ríomhaireachta. Beidh tairbhí ann do réimsí go leor, idir chúram sláinte, fhuinneamh in-athnuaite, shábháilteacht gluaisteán agus chibearshlándáil.

Rochtain níos fearr ar shonraí agus in-athúsáideacht na sonraí sin

Bheartaigh an Coimisiún i mí Aibreáin an Treoir maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a leathnú amach chun sonraí atá ag gnóthais phoiblí a chuimsiú, agus chun táillí ar athúsáid a gcuid sonraí a theorannú. Tá sé mar aidhm acu freisin in-athúsáidteacht na sonraí taighde ar toradh iad ar mhaoiniú poiblí a éascú, agus iallach a chur ar na Ballstáit beartais rochtana oscailte a fhorbairt. Faoi na rialacha nua is gá, nuair is infheidhme, réitigh theicniúla chun rochtain fíorama ar shonraí a sholáthar.

I mí Aibreáin, mar chuid den tríú pacáiste sonraí, rinne an Coimisiún tacar nua moltaí chun aghaidh a thabhairt ar athruithe teicneolaíochta a bhaineann le faisnéis eolaíoch a rochtain agus a chaomhnú. Tá treoir sna moltaí sin faoin gcaoi le beartais rochtana oscailte a chur chun feidhme i gcomhréir le cuspóirí na heolaíochta oscailte, na sonraí taighde agus an bhainistithe sonraí, faoi bhunú Néal Eolaíochta Oscailte Eorpach, agus faoi mhianadóireacht téacsanna agus sonraí. Pléadh sna moltaí freisin tionscnaimh agus forbairt scileanna ábhartha do thaighdeoirí chun an eolaíocht oscailte a chleachtadh.

Sreabhadh neamhshrianta ar shonraí neamhphearsanta

Tháinig rialacha nua i bhfeidhm i mí na Nollag faoinar féidir sonraí neamhphearsanta a stóráil agus a phróiseáil áit ar bith san Aontas Eorpach gan aon bhac gan údar. Faoi na rialacha nua, tá deireadh á chur le bacainní a chuireann isteach ar shreabhadh neamhshrianta sonraí, agus cuirfear borradh faoi gheilleagar na hEorpa trí fhás a mheastar ag suas le 4 % den olltáirgeacht intíre a ghineadh faoi 2020. Ba cheart go mbeadh ar na Ballstáit aon srianadh atá fágtha nó atá beartaithe ar logánú sonraí a chur in iúl don Choimisiún, srianadh nach gceadaítear ach i líon teoranta cásanna ar bhonn na slándála poiblí i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta. Beidh na húdaráis in ann sonraí a rochtain lena ngrinnscrúdú nó le rialú maoirseachta a dhéanamh orthu pé áit a stóráiltear nó a phróiseáiltear san Aontas Eorpach iad. Spreagfaidh na rialacha cóid chleachtais freisin do néalseirbhísí chun go mbeidh sé níos éasca aistriú ó sholáthraí néalseirbhíse go chéile faoi sprioc-amanna soiléire.

Fanacht bord ar bord leis an mblocshlabhra

I mí Feabhra, sheol an Coimisiún Réadlann agus Fóram Blocshlabhra an Aontais Eorpaigh le tacaíocht ó Pharlaimint na hEorpa. Déanfaidh sé monatóireacht ar an dul chun cinn atá á dhéanamh agus cuirfear chun cinn ról na ngeallsealbhóirí Eorpacha i dteicneolaíochtaí “blocshlabhra” ina stóráiltear bloic faisnéise a dháiltear ar an líonra digiteach.

CAD É ATÁ Á DHÉANAMH AG AN AONTAS EORPACH DON BHLOCSHLABHRA?

An t-ainm fearainn barrleibhéil arb é .eu

Thángthas ar chomhaontú i mí na Nollag maidir le rialacha nua lena rialaítear an t-ainm fearainn barrleibhéil arb é .eu, a cruthaíodh in 2002 chun go mbeadh sé níos éasca do ghnólachtaí agus saoránaigh Eorpacha a bheith páirteach sa ríomhthráchtáil agus chun borradh a chur faoin margadh aonair ar líne. Tá sé d’aidhm ag an athbhreithniú seo córas rialaithe idirlín atá inmharthana, solúbtha agus trédhearcach a chur ar bun, a mbeidh na geallsealbhóirí páirteach ann go hiomlán. Ar cheann de na príomhnuálaíochtaí atá beartaithe, tá cead a thabhairt do shaoránaigh den Aontas ainmneacha fearainn .eu a chlárú, beag beann ar a n-áit chónaithe.

Ríomhshláinte

D’fhógair an Coimisiún i mí Aibreáin an méid a theastaigh uaidh a bhaint amach maidir le claochlú digiteach na sláinte agus an chúraim. Tabharfaidh an Coimisiún tacaíocht do chomhar an Aontais Eorpaigh i dtrí réimse tosaíochta: rochtain shábháilte na saoránach ar a sonraí sláinte, an rochtain thar theorainneacha san áireamh; comhairle phearsanta maidir le cóir leighis agus galair a chosc trí shonraí Eorpacha a roinnt; cumhachtú an tsaoránaigh le huirlisí digiteacha agus cúram daonlárnach. Ar an gcéad chéim, tosóidh roinnt Ballstát ceannródaíoch ar ríomh-oidis agus achoimrí leictreonacha othar a mhalartú go luath in 2019. Idir an dá linn, faoi mhí na Samhna 2018, bhí dearbhú sínithe ag 19 dtír san Eoraip go soláthróidís rochtain trasteorann ar a gcuid faisnéise géanómaíche.

An nascacht agus an fhiontraíocht dhigiteach

Ghlac an Coimisiún i mí Eanáir an Plean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach a bhfuil sé d’aidhm leis a chinntiú go mbaineann saoránaigh uile an Aontais an oiread céanna tairbhe as na deiseanna atá ar fáil ar líne, sa bhaile, ar scoil agus san ionad oibre. Ar na tionscnaimh atá curtha ar bun faoin bplean tá naisc leathanbhanda ardluais a shuiteáil i scoileanna, uirlis nua féinmheasúnaithe a cheapadh do scoileanna ar úsáid na teicneolaíochta don mhúinteoireacht agus don fhoghlaim (Selfie) agus an feachtas #SaferInternet4EU chun feasacht a ardú i measc an phobail. Seoladh an feachtas ar an Lá le haghaidh Idirlíon níos Sábháilte (6 Feabhra) chun feasacht a ardú faoi shábháilteacht leanaí ar líne agus chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna áirithe ar nós na cibearbhulaíochta, na bréagnuachta, na gnéasthéacsála, an ábhair dhíobhálaigh, na smaointeoireachta criticiúla, litearthacht na meán, scileanna digiteacha agus an dea-chleachtais sa chibearshlándáil.

Rinneadh dul chun cinn mór i mí na Samhna i dtaca le tionscnamh an Aontais Eorpaigh teophointí Wi-Fi poiblí a thabhairt isteach i bpobail ar fud na hEorpa, WiFi4EU, nuair a foilsíodh an chéad ghlao ar thograí. Is é €120 milliún an buiséad atá ar fáil don scéim WiFi4EU idir 2018 agus 2020. A bhuí leis an tionscnamh seo, cuirfear Wi-Fi ar fáil i spásanna poiblí, m.sh. páirceanna, cearnóga, foirgnimh phoiblí, leabharlanna, ionaid sláinte agus músaeim.

Infheistíocht a dhéanamh sa leathanbhanda

Tháinig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil i mí an Mheithimh chun rialacha teileachumarsáide an Aontais Eorpaigh a nuashonrú. Spreagfaidh an Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach infheistíochtaí i líonraí an-ardtoillte ar fud an Aontais Eorpaigh, ceantair iargúlta agus ceantair thuaithe san áireamh. Mar chuid den chomhaontú ar an gCód, leagadh síos clár ama do na Ballstáit le húsáid (faoi 2020) na bpríomhbhandaí radaimhinicíochta a theastaíonn chun seirbhísí 5G a fhorbairt a cheadú. Is i mí na Nollag a tháinig an Cód i bhfeidhm. Chuir an Coimisiún Eorpach bosca uirlisí i láthair freisin chun seirbhísí leathanbhanda níos fearr a thabhairt isteach i gceantair iargúlta agus ceantair thuaithe, áit nach bhfuil rochtain thapa idirlín ach ag 40 % den phobal, i gcomparáid le 76 % san Aontais ina iomláine.

SPRIOCANNA AN AONTAIS EORPACH MAIDIR LE NASCACHT FAOI 2025

Tréimhsí oiliúna i ndeiseanna digiteacha

An tionscnamh oiliúna seo atá á mhaoiniú ag an Aontas Eorpach, beidh sé ina chuidiú ag cuideachtaí folúntais a líonadh le hiarrthóirí a bhfuil scileanna digiteacha acu. I mí Aibreáin, sheol an Coimisiún tionscadal píolótach a mhaoinítear faoin gclár Fís 2020 agus a bhainistítear faoi chlár Erasmus+ le haghaidh 6 000 intéirneacht sna réimsí seo: an chibearshlándáil, olltiomsú sonraí, an teicneolaíocht chandamach, an ríomhfhoghlaim agus an mhargaíocht dhigiteach.

Mná sa Réimse Dhigiteach

Chonaic an Coimisiún go raibh impleachtaí rímhór sóisialta agus eacnamaíocha ag an mbearna dhigiteach idir na hinscní agus dá bhrí sin tharraing sé aird ar an tábhacht a bhaineann le cumhachtú na mban sa tsochaí dhigiteach tríd an straitéis dhigiteach do mhná a cheapadh. Tá sé d’aidhm leis an straitéis sin steiréitíopaí na mban sna meáin a chomhrac agus eiseamláirí a chur chun cinn, agus ar an gcaoi sin leas a bhaint as gach ab fhéidir leis na mná a chur i gcrích i réimse an gheilleagair dhigitigh; scileanna digiteacha agus oideachas digiteach do mhná a chur chun cinn; rannpháirtíocht na mban san fhiontraíocht agus nuálaíocht dhigiteach a éascú.

TUILLEADH BAN DE DHÍTH I RÉIMSE NA TEICNEOLAÍOCHTA AGUS SA RÉIMSE DHIGITEACH

Comhar idirnáisiúnta

I mí Feabhra, ghlac an Coimisiún straitéis na mBalcán Thiar lenar seoladh sé thionscnamh suaitheanta, tionscnamh chun cúnamh a thabhairt do na sé chomhpháirtí den Aontas atá sna Balcáin Thiar an digitiú a thabhairt i gcrích go rathúil san áireamh. Seoladh an Clár Oibre Digiteach do na Balcán Thiar i mí an Mheithimh chun tairbhí an chlaochlaithe digitithe a thabhairt do shaoránaigh an réigiúin sin. Leagtar amach ann cur chuige atá dírithe ar tháillí fánaíochta a ísliú, infheistíocht a dhéanamh i nascacht leathanbhanda, cibearshlándáil a mhéadú, iontaoibh agus digitiú an tionscail, an geilleagar digiteach a neartú, agus taighde agus nuálaíocht a spreagadh.

I gcomhthéacs Chomhghuaillíocht na hAfraice–na hEorpa um infheistíocht inbhuanaithe agus um poist, tháinig Tascfhórsa Gheilleagar Digiteach an Aontais Eorpaigh–na hAfraice le chéile den chéad uair i mí na Nollag, agus faoi mhí an Mheithimh 2019 eiseoidh siad moltaí i dtaobh an chaoi le Margadh Digiteach Pan-Afracach a fhorbairt a bheadh nasctha le Margadh Aonair Digiteach an Aontais Eorpaigh.

Éiceachóras cothrom digiteach

Iomaíocht chothrom a chinntiú sa gheilleagar ar líne

I mí Eanáir, ghearr an Coimisiún fíneáil €997 milliún ar Qualcomm as mí-úsáid a bhaint as an rócheannas atá aige sa mhargadh i gcás slis-seiteanna bunbhanda éabhlóide fadtéarmaí, lena gcumasaítear fóin chliste agus táibléid le nascadh le líonraí ceallacha, agus leis an gcaighdeán éabhlóide fadtéarmaí 4G a chomhlíonadh. D’fhaomh an Coimisiún freisin, faoi réir coinníollacha áirithe, an ceannach atá beartaithe ag Qualcomm a dhéanamh ar NXP, beirt de príomhpháirtithe thionscal na leathsheoltóirí. In earnáil na meán, i mí an Mheithimh d’fhaomh an Coimisiún an ceannach a bhí beartaithe ag Comcast a dhéanamh ar Sky. San earnáil teileachumarsáide, i mí Iúil d’fhaomh an Coimisiún an ceannach a rinne UPC na hOstaire ar T-Mobile na hOstaire.

An Coimisinéir Margrethe Vestager i mbun preasagallaimh faoi chás an Choimisiúin Eorpaigh in aghaidh trustaí i gcoinne Google, an Bhruiséil, an Bheilg, an 18 Iúil 2018.
© An tAontas Eorpach

An Coimisinéir Margrethe Vestager i mbun preasagallaimh faoi chás an Choimisiúin Eorpaigh in aghaidh trustaí i gcoinne Google, an Bhruiséil, an Bheilg, an 18 Iúil 2018.

I mí Iúil freisin, ghearr an Coimisiún fíneáil €4.34 billiún ar Google as rialacha an Aontais in aghaidh trustaí a shárú trí shrianta mídhleathacha a chur i bhfeidhm ar mhonaróirí gléasanna Android agus ar oibreoirí líonraí móibíleacha lena gceannas i gcuardaigh ghinearálta idirlín a dhaingniú. I gceithre chinneadh ar leith, ghearr an Coimisiún fíneáil níos mó ná €111 mhilliún ar roinnt monaróirí earraí leictreonacha do thomhaltóirí, mar atá Asus, Denon & Marantz, Philips agus Pioneer, as praghsanna athdhíola seasta nó íosta a chur i bhfeidhm ar na díoltóirí ar líne, de shárú ar rialacha iomaíochta an Aontais Eorpaigh.

I mí na Nollag ghearr an Coimisiún fíneáil beagán faoi bhun €40 milliún ar Guess as cosc a chur le díoltóirí fógraíocht ar líne agus díolachán trasteorann a dhéanamh le tomhaltóirí i mBallstáit eile (geobhlocáil), de shárú ar rialacha iomaíochta an Aontais Eorpaigh.

I mí Mheán Fómhair, d’fhaomh an Coimisiún an ceannach a bhí beartaithe ag Apple, a fheidhmíonn Apple Music, an dara seirbhís sruthaithe ceoil is mó san Eoraip, a dhéanamh ar Shazam, feidhmchlár ceannródaíoch aitheanta ceoil. I mí na Samhna, d’fhaomh an Coimisiún an ceannach atá beartaithe ag Disney a dhéanamh ar chodanna de Fox, dhá chuideachta dhomhanda meán atá bunaithe sna Stáit Aontaithe. Tá an cinneadh sin ag brath ar chomhlíonadh iomlán na gceanglas atá déanta ag Disney aghaidh a thabhairt ar ábhar imní an Choimisiúin i dtaobh na hiomaíochta de. I mí na Samhna freisin, d’fhaomh an Coimisiún an ceannach a bhí beartaithe ag T-Mobile NL a dhéanamh ar Tele2 NL. Ba é conclúid imscrúdú an Choimisiúin nach mbeadh tionchar suntasach ag an gceannach beartaithe ar leibhéal na seirbhíse ná ar na praghsanna atá á n-íoc cheana féin ag custaiméirí teileachumarsáide móibílí na hÍsiltíre.

Ghlac an Coimisiún freisin na chéad chinntí maidir le Státchabhair le haghaidh líonraí an-ardtoillte don leathanbhanda, agus ar an gcaoi sin beidh na Ballstáit in ann glacadh leis na líonraí sin, go háirithe i gceantair ar leith san Ostair, sa Ghearmáin agus san Ísiltír.

Cánachas digiteach

Mhol an Coimisiún i mí an Mhárta athchóiriú a dhéanamh ar rialacha cánach corparáidí an Aontais le haghaidh gníomhaíochtaí digiteacha. Cinntítear leis na bearta nua freisin go n-íocann gnólachtaí digiteacha cánacha cothroma san Aontas Eorpach trí rialacha cánacha a dhéanamh a oireann don mhéadú atá tagtha ar an ngeilleagar digiteach le déanaí.

Digitiú na seirbhísí airgeadais a chur chun cinn

I mí an Mhárta ghlac an Coimisiún Plean Gníomhaíochta maidir le nuálaíocht a bhfuil an teicneolaíocht ina cuidiú aici sna seirbhísí airgeadais (FinTech) chun cuidiú leis an earnáil airgeadais leas a bhaint as an dul chun cinn mór atá á dhéanamh i réimsí ar nós blocshlabhra, na hintleachta saorga, agus néalseirbhísí. Tá sé d’aidhm aige na margaí a dhéanamh níos sábháilte agus rochtain níos éasca a bheith orthu, chun tairbhe tomhaltóirí, infheisteoirí, banc agus gníomhaithe margaidh nua. Ar an gcéad mhórchéim, mhol an Coimisiún rialacha nua chun cuidiú a thabhairt d’ardáin sluachistiúcháin ar fud mhargadh aonair an Aontais dul i méid, chun rochtain ar mhaoiniú a fheabhsú, go háirithe i gcás gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí beaga eile. A bhuí leis na rialacha sin, beidh na hardáin in ann iarratas a dhéanamh ar lipéad AE agus a gcuid seirbhísí a thairiscint ar fud an Aontais, agus beidh rialacha ann maidir le nochtadh faisnéise, rialachas, bainistiú riosca agus cur chuige comhsheasmhach maidir le maoirseacht chun na hinfheisteoirí a chosaint.

Cothroime agus trédhearcacht le haghaidh úsáideoirí seirbhísí idirghabhála ar líne

I mí Aibreáin, ghlac an Coimisiún togra le haghaidh rialacháin chun cothroime agus trédhearcacht a chur chun cinn le haghaidh úsáideoirí gnó na n-ardán ar líne. Tugtar aghaidh sa togra ar na cleachtais dhíobhálacha trádála a eascraíonn as caidreamh gnó éagothrom idir ardáin agus úsáideoirí gnó a bhíonn ag brath ar na hardáin sin lena n-earraí agus a seirbhísí a thairiscint do thomhaltóirí san Aontas. Cruthaíodh Réadlann le déanaí, le tacaíocht ó ghrúpa de shaineolaithe neamhspleácha, agus déanfar inti dlúthmhonatóireacht ar gheilleagar na n-ardán ar líne, agus tabharfar comhairle don Choimisiún maidir leis an ngá le tionscnaimh amach anseo.

An chibearshlándáil a neartú agus an t-idirlíon a dhéanamh níos sábháilte

Tháinig an Treoir maidir le slándáil na gcóras líonra agus faisnéise i bhfeidhm i mí na Bealtaine 2018. Tugtar isteach leis an treoir sin an chéad tacar de rialacha ar an gcibearshlándáil atá ceangailteach ó thaobh dlí san Aontas Eorpach ar fad, agus bunaítear léi creat chun ardleibhéal coiteann slándála na gcóras líonra agus faisnéise ar fud an Aontais a chinntiú.

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún Lárionad Gréasáin Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíocha, Teicneolaíochta agus Taighde sa Chibearshlándáil agus Líonra de Lárionaid Chomhordúcháin Náisiúnta a bhunú. Is éard is aidhm dó cuidiú leis an Aontas na hinniúlachtaí teicneolaíocha agus tionsclaíocha cibearshlándála is gá chun an Margadh Aonair Digiteach a thabhairt i gcrích a fhorbairt. Beidh baint ag an líonra le forbairt inniúlachtaí nua cibearshlándála agus le forbairt níos leithne ar inniúlachtaí cibearshlándála sna Ballstáit. Ba cheart an togra seo a bheith ina chúnamh don Aontas Eorpach agus do na Ballstáit cur chuige réamhghníomhach, straitéiseach atá níos fadtéarmaí a bheith acu i dtaca le beartas tionsclaíoch na cibearshlándála.

CIBEARBHAGAIRTÍ AN LAE INNIU

Bréagaisnéis ar líne a chomhrac

Mhol an Coimisiún i mí Aibreáin tacar de bhearta chun dul i ngleic leis an mbréagaisnéis ar líne den chéad uair. Ar na bearta sin tá Cód Cleachtais maidir le bréagaisnéis a foilsíodh i mí Mheán Fómhair agus atá le cur chun feidhme acu siúd a shínigh é, ardáin mhóra ar líne san áireamh, roimh na toghcháin Eorpacha in 2019. Tá bearta ann chomh maith a thacaíonn le líonra neamhspleách seiceálaithe fíricí a chur ar bun agus le hiriseoireacht ar ardcháilíocht agus litearthacht na meán a chur chun cinn. Léirigh an méid a tháinig chun solais i gcás Facebook/Cambridge Analytica gur féidir mí-úsáid a bhaint as sonraí pearsanta i gcomhthéacs toghchán, agus léiríodh freisin an tionchar atá á imirt ar bhuanseasmhacht an phróisis dhaonlathaigh. D’fhógair an tUachtarán Juncker i mí Mheán Fómhair bearta chun toghcháin shaora agus chothroma a chinntiú, agus Cód Cleachtais maidir le bréagaisnéis don Aontas uile. D’iarr an Coimisiún ansin ar ionadaithe na n-ardán ar líne agus ar lucht fógraíochta gealltanas a thabhairt an cód sin a chomhlíonadh.

AN BHRÉAGAISNÉIS AR LÍNE A CHOMHRAC

I mí na Nollag, ghlac an Coimisiún agus an tArd-Rúnaí Plean Gníomhaíochta maidir leis an mbréagaisnéis, a chuireann lena bhfuil i dTeachtaireacht mhí Aibreáin agus le hobair Thascfhórsa Cumarsáide Straitéise Thoir na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí, a bunaíodh in 2015 nuair a d’aithin an Chomhairle Eorpach den chéad uair an baol a bhain le feachtais bréagaisnéise na Rúise.

Dírítear sa Phlean Gníomhaíochta in aghaidh na bréagaisnéise ar cheithre phríomhréimse chun inniúlachtaí an Aontais ar fad a neartú go héifeachtúil chun dul i ngleic leis an mbréagaisnéis: (a) an bhréagaisnéis a bhrath, a anailísiú agus a nochtadh ar bhealach níos fearr; (b) comhar níos fearr idir na hinstitiúidí agus na Ballstáit; (c) an earnáil phríobháideach a chur ag gníomhú i gcoinne na bréagaisnéise; (d) feasacht a ardú agus saoránaigh a chumhachtú. Faoi mhí an Mhárta 2019, bunófar córas mear-rabhaidh idir institiúidí an Aontais agus na Ballstáit, i gcomhthéacs na dtoghchán Eorpach a bheidh ann go luath.

BEARTA ATÁ DÉANTA CHUN AN BHRÉAGAISNÉIS A CHOMHRAC

Buiséad fadtéarmach an Aontais Eorpaigh 2021–2027

Chun a chinntiú go mbeidh an tAontas Eorpach ar thús cadhnaíochta ó thaobh an chlaochlaithe digitigh de, tá clár nua don Eoraip dhigiteach beartaithe ag an gCoimisiún a bhfuil €9.2 billiún curtha i leataobh dó (2021 go dtí 2027). Beidh cistí sa chlár sin a úsáidfear chun tacú le cúig réimse, mar atá: an ríomhaireacht ardfheidhmíochta; an intleacht shaorga; an chibearshlándáil agus iontaoibh; scileanna digiteacha; agus claochlú digiteach agus idir-inoibritheacht. Neartóidh an ghné dhigiteach den tSaoráid um Chónascadh na hEorpa bonneagar leathanbhanda na hEorpa (5G san áireamh) chun pobail a nascadh ar fud an Aontais (€3 bhilliún). Beidh cistí eile, InvestEU agus cistí atá ann don fhorbairt réigiúnach agus don bheartas comhtháthaithe, mar shampla, ina gcomhlánú ar na hinfheistíochtaí sin sa straitéis dhigiteach.

Maoineoidh Fís Eorpach an taighde digiteach agus nuálaíocht san earnáil thionsclaíoch (€15 bhilliún) agus réimsí eile ar nós na slándála, na sláinte, na soghluaisteachta, an fhuinnimh agus an chomhshaoil. Maoineoidh Eoraip na Cruthaitheachta Clár na Meán agus bearta breise chun tacú le saoirse na meán agus iolrachas agus litearthacht sna meáin (€1.2 billiún).

Caibidil 3

Aontas Fuinnimh buanseasmhach maille le beartas réamhbhreathnaitheach um an athrú aeráide

“Teastaíonn uaim beartas fuinnimh na hEorpa a athchóiriú agus a atheagrú ina Aontas Fuinnimh Eorpach nua. […] Is gá dúinn an sciar den fhuinneamh in-athnuaite ar mhór-roinn na hEorpa a mhéadú. [...]Má táimid chun bheith creidiúnach agus réamhbhreathnaitheach ó thaobh éifeachtúlacht fuinnimh de, ní mór dúinn, dar liom, ceanglas ceangailteach 30 % faoi 2030 ar a laghad a leagan síos. […] Ní hamháin gur den chiall beartas freagrach i leith an athraithe aeráide a bheith againn ach is riachtanas freisin é chomh fada lenár mbeartas tionsclaíoch de.”

Jean-Claude Juncker, Treoirlínte Polaitiúla, an 15 Iúil 2014

Innealtóir faoina chlogad oibre agus a chulaith oibre shofheicthe agus é ina sheasamh chun tosaigh ar fheirm tuirbíní gaoithe. © Fotolia

© Fotolia

I dtaca le fís an Aontais chun Aontas Fuinnimh Eorpach a chruthú agus an Eoraip a chur ar thús cadhnaíochta san éifeachtúlacht fuinnimh, sa táirgeadh fuinnimh glan in-athnuaite agus sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide, tá an fhís sin á fíorú. A bhuí le beartais aeráide agus fuinnimh an Aontais tá dlús á chur leis an infheistíocht phoiblí agus phríobháideach sa nuálaíocht agus sa nuachóiriú, tá poist ghlasa á gcruthú, agus féadfaidh gach saoránach leas a bhaint as an aistriú go geilleagar nua-aimseartha glan.

Tá léirithe ag an Aontas gur féidir leis an domhan brath air maidir le ceannródaíocht aeráide. Is é an chéad gheilleagar mór é le dlíthe ceangailteacha a dhéanamh dá ghealltanais faoi Chomhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide. Ag Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide in Katowice i mí na Nollag, bhí ról ríthábhachtach ag an Aontas i gcur i bhfeidhm Chomhaontú Pháras, trí leabhar rialacha soiléir a ghlacadh a dtiocfaidh bearta aeráide as ar gach leibhéal ar fud an domhain.

Agus an Coimisiún ag cur i láthair a fhíse maidir le geilleagar atá rathúil, nua-aimseartha, iomaíoch agus neodrach ó thaobh na haeráide de a bhaint amach faoi 2050, léirigh an tAontas arís eile a thiomantas maidir le bearta uaillmhianacha aeráide, bearta atá ag teacht go huile agus go hiomlán le nuachóiriú eacnamaíoch agus le cáilíocht saoil níos fearr.

In 2018, lean an tAontas de bheith ag déanamh beart chun a ghealltanais a chomhlíonadh. Leag sé amach spriocanna uaillmhianacha nua i dtaca le fuinneamh in-athnuaite agus éifeachtúlacht fuinnimh, agus tháinig rialacha nua agus foinsí infheistíochta nua i bhfeidhm chun gurb éifeachtúla foirgnimh ó thaobh fuinnimh de. Thángthas ar chomhaontú maidir le córas láidir rialachais atá bunaithe ar phleananna náisiúnta don fhuinneamh agus don aeráid, mar aon le rialacha nua chun gur fearr a fheidhmeoidh margadh leictreachais an Aontais. Déanfaidh an méid sin uile an tAontas Fuinnimh a neartú agus cinnteoidh sé go mbainfear amach a spriocanna.

Rinneadh dul chun cinn fónta maidir le rialacha láidre chun an earnáil iompair a dícharbónú agus a nuachóiriú, agus is cloch mhíle mhór é, i dtaca le margadh fuinnimh an Aontais a dhéanamh níos comhtháite agus níos fearr ó thaobh nascachta de, an comhaontú maidir le heangach leictreachais na Stát Baltach a chomhtháthú le gréasán ilchríochach na hEorpa.

Fís straitéiseach chun go mbeidh an Eoraip neodrach ó thaobh na haeráide de faoi 2050

Ach oiread le haon áit eile, is deacair neamhaird a thabhairt san Eoraip ar thionchar an athraithe aeráide. Is airde an t-ardú teochta san Eoraip cheana féin ná an meán domhanda. Cé gurbh olc amach an bhliain 2018 i dtaca le triomaigh de, bhí tonnta teasa foircneacha againn i 4 de na 5 bliana deireanacha. Le linn shamhradh 2018, b’airde 5 °C ná mar is gnách na teochtaí sa Chiorcal Artach, agus ba ró-éadomhain codanna den Réin i gcomhair na loingseoireachta intíre ar a thirime a bhí lár na hEorpa. Níl aon dul as againn ach oiriúnú don athrú aeráide agus ní mór dúinn é a bheith mar chuspóir againn a bheith nach mór neodrach ó thaobh astaíochtaí gás ceaptha teasa agus imeacht ón loighic astaíochtaí a laghdú de réir a chéile.

Dhearbhaigh an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide go bhfuil gá práinneach le dlús a chur le bearta a dhéanamh i leith na haeráide domhanda. Ní mór don domhan neodracht ó thaobh astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach faoi thimpeall 2070 chun nach airde ná 1.5 °C an t-ardú teochta. Chun ceannaireacht dhomhanda a léiriú agus chun tairbhe a bhaint as buntáistí an cheannródaí, níor mhór don Aontas neodracht ó thaobh gás ceaptha teasa a bhaint amach faoi 2050, mar a bheartaítear i straitéis fhadtéarmach an Aontais.

Ag an am céanna, chuir an 2 bhliain dheireanacha cor cinniúna i bhfreagairt an Aontais ar an athrú aeráide, dá chomhartha sin, rinneadh dianobair ar leibhéal an Aontais le reachtaíocht aeráide agus fuinnimh a ghlacadh chun ár gcóras fuinnimh a athrú chuig geilleagar ísealcharbóin. Agus an reachtaíocht i bhfeidhm, tá an tAontas dírithe ar na bearta is gá a ghlacadh chun gur slán do thodhchaí gach saoránaigh.

Agus é ag freagairt do chuirí ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle Eorpach, mhol an Coimisiún, i mí na Samhna 2018, fís straitéiseach fhadtéarmach i gcomhair geilleagar atá rathúil, nua-aimseartha, iomaíoch agus neodrach ó thaobh na haeráide de faoi 2050: Pláinéad Glan do Chách.

Bhí sé d’aidhm ag an straitéis treoir a thabhairt do bheartas aeráide agus fuinnimh an Aontais agus chun bunús a thabhairt don chaoi a gcuideoidh sé san fhadtéarmach, mar a fheictear don Aontas é, le cuspóirí Chomhaontú Aeráide Pháras an t-ardú teochta a choimeád i bhfad faoi bhun 2 °C agus iarrachtaí a dhéanamh é a choimeád faoi bhun 1.5 °C. Déanfaidh an tAontas amhlaidh trí infheistíocht a dhéanamh i réitigh theicneolaíochta réalaíocha, trí shaoránaigh a chumhachtú agus trí ghníomhaíocht i réimsí tábhachtacha amhail beartas tionsclaíochta, airgeadas nó taighde a chur i gcomhréir, agus cothroime shóisialta a chinntiú ag an am céanna chun nach bhfágfar aon Eorpach ar lár. Leis an bplean seo, tá sé mar aidhm ag an Aontas a bheith ar an gcéad gheilleagar mór atá neodrach ó thaobh díobháil aeráide de faoi 2050.

AN tATHRÚ AERÁIDE

Is ó shaoránaigh na hEorpa atá an sainordú chun gnímh ag teacht. De réir shuirbhé Eorabharaiméadair a foilsíodh i mí na Samhna 2018, creideann 93 % de shaoránaigh na hEorpa gurb í gníomhaíocht an duine is cúis leis an athrú aeráide agus aontaíonn 85 % díobh go bhféadfar fás eacnamaíoch agus poist a chruthú san Eoraip ach an t-athrú aeráide a chomhrac agus fuinneamh a úsáid ar bhonn níos éifeachtúla.

Agus a fhís á hullmhú aige, thug an Coimisiún réimse leathan de pháirtithe leasmhara i gceann a chéile agus thionóil comhairliúchán poiblí a raibh tionchar aige ar phlé an Choimisiúin. Tríd an bhfís a ghlacadh cuirtear tús le díospóireacht leathan a mbeidh cinnteoirí, páirtithe leasmhara agus saoránaigh páirteach inti faoin gcaoi ar féidir leis an Aontas cuidiú le cuspóirí fadtéarmacha Chomhaontú Pháras agus faoin gcaoi ar féidir an t-athrú is gá a bhaint amach.

I mí na Nollag 2018, d’iarr an Chomhairle Eorpach ar na Ballstáit obair ar straitéis an Choimisiúin chun treoir a thabhairt maidir leis an treocht ghinearálta agus na tosaíochtaí polaitiúla sa chéad seimeastar in 2019. Dá réir sin bheadh an tAontas Eorpach in ann straitéis fhadtéarmach a thíolacadh faoi 2020 i gcomhréir le Comhaontú Pháras.

Ag obair ar bhonn idirnáisiúnta i leith na haeráide domhanda

Go luath tar éis an straitéis fhadtéarmach a ghlacadh, agus 3 bliana tar éis Chomhaontú Pháras, chuaigh an tAontas go Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an Aeráid (COP24) in Katowice, an Pholainn, i mí na Nollag agus dhá phríomhchuspóir aige: Ar an gcéad dul síos, leabhar rialacha láidir cuimsitheach a thabhairt i gcrích chun Comhaontú Pháras a chur i bhfeidhm, agus ar an dara dul síos, measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn comhchoiteann a rinneadh i dtreo a spriocanna fadtéarmacha.

Ba é an deireadh a bhí ar an bplé in Katowice gur glacadh leabhar rialacha soiléir chun go bhfeidhmeodh Comhaontú Pháras sa chleachtas ar fud an domhain, agus ba ríthábhachtach an ról a bhí ag an Aontas sa mhéid a baineadh amach. D’oibrigh sé le comhghuaillithe ó thíortha forbartha agus ó thíortha i mbéal forbartha araon, gur léirigh gurb iad an t-iltaobhachas agus an comhar idirnáisiúnta na bealaí is éifeachtaí chun dul i ngleic leis an dúshlán domhanda seo.

An chabhair a thabharfaidh páirtithe i gComhaontú Pháras maidir le dul i ngleic leis an athrú aeráide, féadfaidh siad an chabhair sin a chur chun feidhme, a rianú agus a fheabhsú de réir a chéile a bhuí leis an leabhar rialacha.

Rinne rialtais agus páirtithe leasmhara ag COP24 measúnú freisin ar an dul chun cinn atá déanta i bhfianaise spriocanna teochta Chomhaontú Pháras agus rinne siad breithniú ar an gcaoi chun bearta níos uaillmhianaí i leith na haeráide a chur chun cinn anois agus ina gcéad bhabhta eile de ghealltanais maidir leis an aeráid náisiúnta. Táthar ag súil dá réir sin go spreagfar dlús dearfach polaitiúil agus go gcuirfear tús le comhrá domhanda maidir le straitéisí fadtéarmacha agus maidir leis an ngá dlús a chur le bearta.

Le linn 2018, bhí ról ríthábhachtach ag an Aontas in imeachtaí ardleibhéil chun bearta i leith na haeráide domhanda a threisiú. Rinne an tAontas an dara Cruinniú Aireachta ar an nGníomhaíocht maidir leis an Athrú Aeráide a óstáil sa Bhruiséil i gcomhar le Ceanada agus leis an tSín, comhdháil ina raibh ionadaithe ó 36 rialtas as measc go leor de na geilleagair is mó ar domhan. Leag Airí béim ar a thábhachtaí atá an t-iltaobhachas agus dhearbhaigh siad go bhfuil Comhaontú Pháras do-aisiompaithe doshannta. Athdhearbhaigh an tAontas agus an tSín a dtiomantas don bhearta i leith na haeráide ag an gCruinniú Mullaigh idir an tSín agus an tAontas Eorpach i mí Iúil agus tháinig siad ar chomhaontú comhar a fheabhsú maidir le trádáil astaíochtaí. Chomh maith leis sin chuir an tAontas lena chomhar i margaí carbóin le California agus leis an Nua-Shéalainn.

An Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin Maroš Šefčovič ag COP24, Katowice na Polainne, an 3 Nollaig 2018.
© An tAontas Eorpach

An Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin Maroš Šefčovič ag COP24, Katowice na Polainne, an 3 Nollaig 2018.

Léirigh an tAontas a cheannaireacht dhomhanda trí chomhaontú a dhaingniú maidir le hidreafluaracarbóin a laghdú, ar gáis chontúirteacha ceaptha teasa iad a úsáidtear i dtrealamh téimh agus i dtrealamh fuaraithe go coitianta. Cuirfear go mór le cuspóir Chomhaontú Pháras ach an comhaontú a chur chun feidhme ar bhonn domhanda, comhaontú a tháinig i bhfeidhm an 1 Eanáir 2019.

In 2018 chuidigh an tAontas dhá idirbheart aeráide thábhachtacha in earnáil na loingseoireachta agus na heitlíochta a thabhairt i gcrích. I mí Aibreáin tháinig an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta ar chomhaontú cuspóir soiléir a leagan síos maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 50 % ar a laghad faoi 2050, i gcomparáid le leibhéil 2008, d’fhonn deireadh a chur le hastaíochtaí gás ceaptha teasa na hearnála a luaithe is féidir sa chéad seo. I mí an Mheithimh chomhaontaigh Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta an caighdeán don chéad scéim dhomhanda riamh trína dtéitear i ngleic le hastaíochtaí CO2 san earnáil eitlíochta. Leagtar amach sa chomhaontú na rialacha is gá d’aerlínte chun monatóireacht, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar a n-astaíochtaí ó 2019 i leith.

Is láidir an tiomantas atá san Aontas go fóill maidir le tacaíocht a thabhairt do bhearta aeráide i dtíortha i mbéal forbartha. Leanann an tAontas, a Bhallstáit agus an Banc Eorpach Infheistíochta de bheith ar an soláthraí is mó maoinithe poiblí don chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide — €20.4 billiún an ranníocaíocht a rinne siad le chéile le tíortha i mbéal forbartha in 2017.

An Coimisinéir Miguel Arias Cañete ag an imeacht ardleibhéil, “An Aeráid, an tSlándáil agus an tSíocháin: An Tráth Gníomhaíochta”, an Bhruiséil, an Bheilg, an 22 Meitheamh 2018.
© An tAontas Eorpach

An Coimisinéir Miguel Arias Cañete ag an imeacht ardleibhéil, “An Aeráid, an tSlándáil agus an tSíocháin: An Tráth Gníomhaíochta”, an Bhruiséil, an Bheilg, an 22 Meitheamh 2018.

Aontas Fuinnimh nua-aimseartha uaillmhianach a thabhairt i gcrích

Is den ríthábhacht é córais fuinnimh na hEorpa a athrú ó bhonn chun dul i ngleic leis an athrú aeráide. Dá réir sin, ní mór dúinn an bealach a dtáirgimid agus a n-úsáidimid fuinneamh a athrú. Sin an fáth a bhfuil an tAontas ag tógáil geilleagar ísealcharbóin, geilleagar inar leithne an rogha soláthair fuinnimh a bheidh ag tomhaltóirí ar fud an Aontais, inar fearr an rochtain a bheidh acu ar chomparáidí praghsanna iontaofa agus ina mbeidh an deis acu a gcuid leictreachais féin a tháirgeadh agus a dhíol.

An pacáiste Fuinneamh Glan

A bhuí leis an gcomhaontú maidir le gach togra reachtach sa phacáiste Fuinneamh Glan do Mhuintir na hEorpa ar fad in 2018, cuirtear i bhfeidhm creat nua-aimseartha rialúcháin don aistriú go fuinneamh glan, rud a fhágann go bhfuil sé ag comhlíonadh chuspóir an Aontais ceannaire domhanda a dhéanamh den Aontas ó thaobh foinsí in-athnuaite fuinnimh de agus éifeachtúlacht fuinnimh a chur i dtosaíocht.

Ar na bearta sin tá sprioc nua 32.5 % maidir le héifeachtúlacht fuinnimh don Aontas le haghaidh 2030 agus sprioc nua 32 % ar laghad maidir le hin-athnuaite i meascán fuinnimh an Aontais, ina bhfuil clásal i gcomhair leasú chun méadaithe don dá cheann faoi 2023. Léiríonn na spriocanna nua seo uaillmhian mhór an Aontais, le cois a thapúla atá teicneolaíochtaí nua ag athrú agus na gcostas laghdaithe trí bharainneachtaí scála. A bhuí leis an méid sin, bainfear amach laghduithe timpeall 45 % ar astaíocht gás ceaptha teasa faoi 2030, méid níos mó ná gealltanas an Aontais faoi Chomhaontú Pháras astaíochtaí a laghdú 40 % ar a laghad faoi 2030 i gcomparáid le 1990.

Cuirfidh rialacha nua Eorpacha a tháinig i bhfeidhm i mí Iúil leis na spriocanna seo trí leas a bhaint as na deiseanna ollmhóra atá ann le haghaidh méaduithe éifeachtúlachta san earnáil tógála, arb í an tomhaltóir fuinnimh aonair is mó san Eoraip í. Dá réir sin, réiteofar an bealach go stoc tógála nach mbeidh ach astaíochtaí ísle as nó nach mbeidh astuithe ar bith as faoi 2050.

An Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin Maroš Šefčovič ag tabhairt cuairt ar fhoirgneamh monarchan ceallraí ian litiam in Västerås na Sualainne, an 27 Aibreán 2018.
© An tAontas Eorpach

An Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin Maroš Šefčovič ag tabhairt cuairt ar fhoirgneamh monarchan ceallraí ian litiam in Västerås na Sualainne, an 27 Aibreán 2018.

Le cois foirgnimh a dhéanamh níos cliste agus airgead a choigilt, cruthófar poist san earnáil athchóirithe agus san earnáil tógála a bhuí leis na rialacha nua.

Leis na feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh, cabhrófar freisin leis an mbochtaineacht fuinnimh a chomhrac trí bhillí i bhfoirgnimh níos sine a laghdú, foirgnimh a bhfuil géarghá lena n-athchóiriú. Mar chuid dá iarrachtaí dul i ngleic leis an mbochtaineacht fuinnimh ar fud thíortha an Aontais, sheol an Coimisiún an Fhaireachlann um Bochtaineacht Fuinnimh i mí Eanáir. A bhuí leis sin, feabhsófar an chaoi a dtomhaisfear agus a malartaítear eolas agus dea-chleachtas maidir leis an mbochtaineacht fuinnimh agus feabhsófar an chaoi a ndéantar monatóireacht orthu freisin.

I mí na Nollag, tháinig reachtaíocht i bhfeidhm, reachtaíocht arb é ab aidhm di go mbeadh na Ballstáit agus an tAontas in ann an tAontas Fuinnimh a rialú. Cinnteofar leis an reachtaíocht sin go mbainfear amach spriocanna fuinnimh agus aeráide agus spriocanna oiriúnaithe aeráide 2030 trí phróiseas polaitiúil a leagan amach trína sainmhínítear an chaoi a n-oibreoidh tíortha an Aontais agus an Coimisiún le chéile.

I mí na Nollag thángthas ar chomhaontú polaitiúil maidir le rialacha nua chun gur fearr a fheidhmeoidh margadh leictreachais an Aontais. De thoradh na rialacha sin cruthófar iomaíocht níos mó agus féadfaidh tomhaltóirí páirt níos gníomhaí a ghlacadh sa mhargadh agus a gcion a dhéanamh san aistriú go fuinneamh glan. Thángthas ar chomhaontuithe freisin maidir le bearta chun a chinntiú gur fearr a chosnófar saoránaigh na hEorpa ar ghanntanais soláthair leictreachais ríthábhachtacha, agus chun ról Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh a threisiú.

Ar na gníomhaíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh eile a rinneadh le linn 2018, cuireadh toirmeasc ar bholgáin solais halaigine neamhéifeachtúla a dhíol ón 1 Meán Fómhair, gníomhaíocht a choigil airgead thomhaltóirí an Aontais ar a mbillí fuinnimh agus a chuidigh le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú.

Slándáil fuinnimh agus dlúthpháirtíocht

Is cuid bharrthábhachtach den Straitéis don Aontas Fuinnimh í slándáil an tsoláthair fuinnimh do thomhaltóirí an Aontais. Mar chuid den iarracht slándáil an tsoláthair a threisiú sna Stáit Bhaltacha, tháinig Uachtarán an Choimisiúin agus ceannairí na Liotuáine, na Laitvia agus na Polainne ar chomhaontú maidir le heangach leictreachais na Stát Baltach a thabhairt ar comhréir le gréasán ilchríochach na hEorpa faoi 2025. Is tosaíocht ag an Aontas Fuinnimh é eangacha na Stát Baltach a chomhtháthú go hiomlán leis an gcuid eile den Eoraip agus cuirfidh sin go mór le haontacht agus le slándáil fuinnimh an Aontais.

Is fairsinge an rogha a bheidh ag saoránaigh an Aontais agus is sláine a bheidh na soláthairtí trí iomaíocht agus éagsúlacht na bhfoinsí fuinnimh. Ar na samplaí den dul chun cinn a rinneadh sa réimse seo tá comhghealltanas an t-idirnascaire gáis idir an Bhulgáir agus an tSeirbia a chur chun feidhme, gealltanas a síníodh i mí na Bealtaine. Ní hamháin go gcuirfidh sin bealach soláthair nua ar fáil don tSeirbia, ach cuirfidh sé bealach soláthair nua ar fáil do chodanna eile de réigiún oirdheisceart na hEorpa freisin.

I mí an Mheithimh shínigh Príomh-Airí na Bulgáire agus na Gréige ráiteas polaitiúil, ráiteas a thacaigh le hidirnascaire gáis a thógáil idir an dá thír. Ar na tionscadail thábhachtacha eile a nascann na Ballstáit tá na hidirnascairí gáis idir an Danmhairg agus an Pholainn agus idir an Pholainn agus an Liotuáin.

Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh (sa lár), ag fáiltiú roimh Māris Kučinskis, Príomh-Aire na Laitvia, Dalia Grybauskaitė, Uachtarán na Liotuáine, Jüri Ratas, Príomh-Aire na hEastóine, agus Mateusz Morawiecki, Príomh-Aire na Polainne, an Bhruiséil, an Bheilg, an 22 Márta 2018.
© An tAontas Eorpach

Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh (sa lár), ag fáiltiú roimh Māris Kučinskis, Príomh-Aire na Laitvia, Dalia Grybauskaitė, Uachtarán na Liotuáine, Jüri Ratas, Príomh-Aire na hEastóine, agus Mateusz Morawiecki, Príomh-Aire na Polainne, an Bhruiséil, an Bheilg, an 22 Márta 2018.

Ba léiriú soiléir é Cruinniú Mullaigh Liospóin i mí Iúil ar dhlúthpháirtíocht na hEorpa maidir le fuinneamh nuair a tháinig ceannairí na Portaingéile, na Fraince agus na Spáinne ar chomhaontú maidir le bearta chun comhtháthú Leithinis na hIbéire sa mhargadh inmheánach fuinnimh a neartú. Tá an Coimisiún ag tacú le tógáil an bhonneagair riachtanaigh le hinfheistíocht gan fasach €578 milliún don líne chumhachta a thrasnaíonn Bá na Bioscáine, an infheistíocht is mó de chuid na Saoráide um Chónascadh na hEorpa a dámhadh riamh ar thionscadal bonneagair fuinnimh.

I mí na Bealtaine chuir an Coimisiún oibleagáidí ceangailteacha ar Gazprom, cuideachta ón Rúis, saorghluaiseacht gáis ar phraghsanna iomaíocha a chinntiú agus a chur ar fáil i margaí gáis Lár agus Oirthear na hEorpa.

In 2018 rinne an tAontas infheistíocht €48.4 milliún in ocht dtionscadal bonneagair leictreachais, gáis agus eangaí cliste faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa. Maidir leis na leithdháiltí a beartaíodh le haghaidh tionscadail fuinnimh agus iompair inbhuanaithe do 2014-2020 (timpeall €32 bhilliún), tá os cionn 50 % de na leithdháiltí sin déanta cheana ar thionscadail ar an talamh. Tá an tAontas ag tacú go gníomhach le roinnt mhaith réigiún straitéisí a fhorbairt agus bearta nithiúla a chur chun feidhme trí bhearta píolótacha an Choimisiúin maidir le réigiúin atá i mbéal aistriú tionsclaíoch agus tríd an tionscnamh do réigiúin ar mór a lorg guail agus carbóin. Leis an bPlean Infheistíochta don Eoraip leanadh in 2018 de bheith ag tacú le saoránaigh an Aontais a bhfuinneamh a fháil ó fhoinsí in-athnuaite, rud a fhágann gur 7.4 milliún an líon teaghlach a fuair cúnamh ón bPlean. I mí na Nollag ghearr an Coimisiún fíneáil €77 milliún ar Bulgarian Energy Holding, ar a fhochuideachta soláthair gáis agus ar a fhochuideachta bonneagair gáis Bulgartransgaz (an grúpa BEH) as bac a chur ar an teacht a bhí ag iomaitheoirí ar phríomh-bhonneagar gáis sa Bhulgáir, rud a sháraigh rialacha an Aontais in aghaidh trustaí.

In 2018, d’fhaomh an tAontas sé shásra acmhainneachta leictreachais sa Bheilg, sa Fhrainc, sa Ghearmáin, sa Ghréig, san Iodáil agus sa Pholainn, sásraí atá ceaptha chun soláthar leictreachais leordhóthanach a chinntiú sa mheántéarma agus san fhadtéarma.

I dtaca le forbairtí idirnáisiúnta de, bhí sraith cruinnithe ardleibhéil ag an gCoimisiún san Iaráin, arb é ab aidhm dóibh an comhar idir an dá pháirtí a threisiú. I bhfianaise a dhúshlánaí a bhí cúrsaí tar éis do na Stáit Aontaithe tarraingt siar ón bPlean Cuimsitheach Comhpháirteach Gníomhaíochta maidir le cumhacht núicléach san Iaráin, d’áitigh an Coimisiún gur cuid ríthábhachtach den mhargadh núicléach é deireadh a chur le smachtbhannaí.

I mí Iúil thug an tUachtarán Juncker cuairt ar Donald Trump, Uachtarán na Stát Aontaithe, ag an Teach Bán, mar ar tháinig siad ar chomhaontú an comhar straitéiseach fuinnimh idir an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe a threisiú. Tháinig siad ar chomhaontú oibriú le chéile chun iompórtálacha gáis nádúrtha leachtaithe an Aontais ó na Stáit Aontaithe a mhéadú chun éagsúlacht agus slándáil na soláthairtí fuinnimh a fheabhsú.

An geilleagar a dhícharbónú

Is infheistíocht i rathúnas agus in inbhuanaitheacht gheilleagar na hEorpa iad bearta chun astaíochtaí a laghdú. Tá an tAontas ar an gcosán ceart cheana chun dul thar a sprioc 2020 astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 20 %. Tá astaíochtaí gás ceaptha teasa 22 % níos ísle ná mar a bhí idir 1990 agus 2017, cé gur tháinig méadú 58 % ar gheilleagar an Aontais le linn na tréimhse céanna.

An Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin Maroš Šefčovič ag glacadh páirt i bplé ag Hannover Messe, Hannover na Gearmáine, an 23 Aibreán 2018.
© An tAontas Eorpach

An Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin Maroš Šefčovič ag glacadh páirt i bplé ag Hannover Messe, Hannover na Gearmáine, an 23 Aibreán 2018.

Tá an creat reachtach trína mbainfear amach an gealltanas a rinne an tAontas i bPáras i bhfeidhm cheana. Maidir leis an sprioc uilegheilleagair le haghaidh 2030, rinneadh spriocanna sonracha di le haghaidh Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais agus le haghaidh na n-earnálacha lasmuigh dá raon feidhme, mar shampla an earnáil iompair, an earnáil foirgníochta, an earnáil dramhaíola agus an earnáil talmhaíochta.

I mí na Bealtaine ghlac na reachtóirí spriocanna laghdaithe astaíochtaí gás ceaptha teasa ceangailteacha bliantúla le haghaidh Bhallstáit an Aontais don tréimhse idir 2021 go 2030 i gcomhair na n-earnálacha nach bhfuil sa Chóras Trádála Astaíochtaí, arb ionann iad agus beagnach 60 % d’astaíochtaí intíre uile an Aontais. De bhreis air sin, glacadh reachtaíocht an Aontais chun rialáil a dhéanamh ar astaíochtaí agus ionsúcháin a thagann as úsáid na talún.

Rinneadh athbhreithniú ar Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais don tréimhse tar éis 2020. Leis an athchóiriú sin cuirfear dlús le hastaíochtaí a laghdú, leanfar de bheith ag dul i ngleic leis an mbaol maidir le sceitheadh carbóin, agus cabhrófar le hearnálacha tionsclaíochta dianfhuinnimh agus leis an earnáil cumhachta aghaidh a thabhairt ar dhúshláin na nuálaíochta agus na hinfheistíochta a bhaineann leis an aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin. Is comhartha é an dul chun cinn atá déanta sa mhargadh ó glacadh an reachtaíocht athchóirithe go bhfuil ag méadú ar an muinín atá ann as ról ríthábhachtach an mhargaidh charbóin uaillmhian an Aontais i leith na haeráide a bhaint amach agus tá an dul chun cinn sin ag spreagadh athrú teicneolaíochta freisin.

I mí na Bealtaine chuir an Coimisiún i láthair an tacar eile beart chun earnáil iompair na hEorpa a nuachóiriú (féach Caibidil 4 freisin), na chéad chaighdeáin astaíochtaí CO2 riamh d’fheithiclí tromshaothair san áireamh. Faoin togra, níor mhór meánastaíochtaí CO2 a thagann ó thrucailí a bheith 15 % níos ísle in 2025 ná in 2019, agus tá sprioc tháscach laghdúcháin 30 % ar a laghad beartaithe do 2030. Mar thoradh ar na spriocanna seo, féadfaidh cuideachtaí iompair — FBManna go príomha — coigilteas suntasach a dhéanamh a bhuí le húsáid laghdaithe breosla. I mí na Nollag, tháinig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil maidir le rialacha láidre chun earnáil na bhfeithiclí saothair éadroim a dhícharbónú agus a nuachóiriú. Tháinig siad ar chomhaontú sealadach maidir le caighdeáin nua astaíochtaí CO2 le haghaidh gluaisteáin agus veaineanna san Aontas don tréimhse tar éis 2020. Ní mór d’astaíochtaí a thagann ó ghluaisteáin nua a bheith 37.5 % níos ísle agus ní mór d’astaíochtaí a thagann ó veaineanna nua a bheith 31 % níos ísle in 2030 ná in 2021. Cuirfidh sin dlús leis an aistriú go soghluaiseacht ghlan, agus ullmhúchán á dhéanamh don neodracht ó thaobh na haeráide de sa dara leath den chéad. Cabhróidh sé le gealltanais an Aontais faoi Chomhaontú Pháras a bhaint amach, agus cáilíocht an aeir a fheabhsú do gach Eorpach freisin.

ASTAÍOCHTAÍ CO2 Ó FHEITHICLÍ TROMSHAOTHAIR A LAGHDÚ

Ar na bearta eile atá ann, tá plean cuimsitheach gníomhaíochta maidir le ceallraí, plean a chabhróidh chun “éiceachóras” iomaíoch inbhuanaithe a chruthú san Eoraip. Beidh ceallraí chomh bunriachtanach céanna ag tionscal gluaisteán an 21ú céad agus a bhíodh an t-inneall dócháin sa 20ú céad. Bliain tar éis don Choimisiún Eorpach an Comhaontas Eorpach um Cheallraí a sheoladh tá dul chun cinn mór déanta maidir le monaraíocht ceallraí a bhunú san Eoraip, agus tá na chéad saoráidí táirgeachta píolótacha ar siúl cheana. Mhol an Coimisiún Eorpach lipéadú bonn nua, rud a d’fhéadfadh cuidiú le teaghlaigh na hEorpa suas le €125 an carr a shábháil trí na boinn is éifeachtúla a úsáid chun costais bhreosla a laghdú.

An truailliú aeir a chomhrac

I mí na Bealtaine 2018 ghlac an tAontas bearta cinntitheacha chun saoránaigh a chosaint ar an truailliú aeir trí bhearta tacaíochta a leagan amach chun cuidiú leis na Ballstáit a spriocanna a bhaint amach. Ar na bearta sin, cuirfear leis an méid a bhíonn sé ag obair i gcomhar leis na Ballstáit trí Chomhphléití an Aeir Ghlain agus úsáidfear maoiniú an Aontais chun tacú le bearta maidir le cáilíocht an aeir a fheabhsú.

De bhreis air sin, tharchuir an Coimisiún cás na Fraince, na Gearmáine, na hIodáile, na Ríochta Aontaithe, na Rómáine agus na hUngáire chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Rinneadh amhlaidh toisc nár urramaíodh luachanna teorann cháilíocht an aeir agus nár glacadh na bearta cuí chun go mbeadh tréimhsí inar sáraíodh na luachanna sin chomh gearr agus ab fhéidir.

Ó bhí mí Mheán Fómhair ann, tá tástálacha nua astaíochtaí éigeantach le haghaidh gach gluaisteáin nua sular féidir iad a dhíol, a chlárú agus a thiomáint ar bhóithre na hEorpa. A bhuí leis na tástálacha nua cinnteofar astaíochtaí níos iontaofa (torthaí a gheofar faoi fhíordhálaí tiomána) agus tógfar arís an mhuinín as feidhmíocht gluaisteán nua. Ó mhí Eanáir 2019 i leith, féadfaidh páirtithe neamhspleácha, an Coimisiún san áireamh, tástálacha a dhéanamh atá aitheanta go hoifigiúil trí shaotharlanna creidiúnaithe agus trí sheirbhísí teicniúla chun leibhéil astaíochtaí a thástáil le linn saolré feithicle (féach Caibidil 4 freisin).

I mí Mheán Fómhair chuir an Coimisiún tús le himscrúdú cuimsitheach chun a mheasúnú an raibh BMW, Daimler agus VW (Volkswagen, Audi, Porsche) i mbun claonpháirtíochta, agus rialacha an Aontais in aghaidh trustaí á sárú acu, chun go seachnóidís iomaíocht maidir le teicneolaíocht a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm trína nglantar astaíochtaí na ngluaisteán paisinéirí peitril agus díosail.

In 2018 d’fhaomh an Coimisiún roinnt bearta tacaíochta i dteannta an aistrithe i dtreo iompar íseal-astaíochtaí. Is amhlaidh a thacaigh na scéimeanna Státchabhrach sin, scéimeanna ar thug an Ghearmáin agus an Phortaingéil fógra ina leith, le feithiclí ísealastaíochtaí a cheannach, leis an mbonneagar luchtaithe is gá a thógáil agus le seanbhusanna díosail a aisfheistiú.

Ag dul in oiriúint d’éifeachtaí an athraithe aeráide

De bhreis ar na bearta chun astaíochtaí a laghdú, lean an tAontas de bhearta a ghlacadh chun ullmhú agus oiriúnú d’éifeachtaí an athraithe aeráide, éifeachtaí nach féidir a sheachaint. Inniu, tá Straitéis um Oiriúnú ag 25 Bhallstát, agus rinneadh an t-oiriúnú don aeráid a chomhtháthú in ionstraimí maoiniúcháin an Aontais agus i dtionscnaimh amhail Cúnant na Méaraí maidir leis an Aeráid agus Fuinneamh, cúnant a raibh a chomóradh 10 mbliana ann in 2018. Sa tuarascáil ar chur chun feidhme Straitéis an Aontais um Oiriúnú a foilsíodh i mí na Samhna, léirítear na héachtaí sin agus éachtaí eile nach iad ach leagtar amach inti freisin bearta is gá chun nach mbeidh an Eoraip chomh leochaileach céanna ar éifeachtaí aeráide laistigh agus lasmuigh dá teorainneacha.

Ár gcuid airgid a chur chun tairbhe an phláinéid — infheistíocht inbhuanaithe a dhéanamh.

Ár gcuid airgid a chur chun tairbhe an phláinéid — infheistíocht inbhuanaithe a dhéanamh.

Maoiniú Inbhuanaithe

Bheadh gá le timpeall €180 billiún d’infheistíochtaí breise in aghaidh na bliana chun cuspóirí aeráide agus fuinnimh 2030 an Aontais a bhaint amach. Bunaithe ar mholtaí an Ghrúpa Saineolaithe Ardleibhéil i dtaca le maoiniú inbhuanaithe, sheol an Coimisiún Plean Gníomhaíochta maidir le Maoiniú Inbhuanaithe agus rinne sé tograí reachtacha i mí na Bealtaine 2018 ina dhiaidh sin. Tá dul chun cinn á dhéanamh sa phróiseas reachtaíochta maidir le leasú atá beartaithe chun catagóir nua tagarmharcanna a chruthú, catagóir ina mbeidh tagarmharcanna ísealcharbóin agus tagarmharcanna do thionchar dearfach carbóin, agus togra le haghaidh rialachán maidir le nochtadh a bhaineann le hinfheistíochtaí inbhuanaithe agus rioscaí maidir le hinbhuanaitheacht. Mhol an Coimisiún freisin córas aontaithe aicmithe (“tacsanomaíocht”) a chruthú de réir a chéile maidir le gníomhaíocht eacnamaíoch atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. Nuair a ghlacfar iad, is mór a spreagfaidh na rialacha sin oibreoirí margaidh airgeadais infheistíocht a dhéanamh ar bhealach níos inbhuanaithe agus déanfaidh siad trédhearcacht a chinntiú chun go bhféadfaidh infheisteoirí institiúideacha agus miondíola roghanna eolasacha a dhéanamh dá n-infheistíochtaí.

Rinneadh dul chun cinn tábhachtach eile i mí Dheireadh Fómhair, tráth a sheol an Coimisiún agus Breakthrough Energy, arb é Bill Gates a cheannaire, ciste infheistíochta nua €100 milliún, Breakthrough Energy Europe, ar ciste é a chuidíonn le cuideachtaí nuálacha na hEorpa teicneolaíochtaí nua glana fuinnimh a fhorbairt agus a thabhairt chun margaidh. Anuas air sin, rinne an Coimisiún Eorpach pacáiste infheistíochta €243 mhilliún a fhaomhadh ó bhuiséad an Aontais le haghaidh tionscadail faoin gclár LIFE a thacaíonn leis an dúlra, leis an gcomhshaol agus leis an gcáilíocht saoil, mar chuid d’aistriú na hEorpa chuig todhchaí ísealcharbóin atá níos inbhuanaithe.

Werner Hoyer, Uachtarán an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta, ag labhairt ag an gComhdháil Ardleibhéal maidir le Maoiniú an Fháis Inbhuanaithe, an Bhruiséil, an Bheilg, an 22 Márta 2018.
© An tAontas Eorpach

Werner Hoyer, Uachtarán an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta, ag labhairt ag an gComhdháil Ardleibhéal maidir le Maoiniú an Fháis Inbhuanaithe, an Bhruiséil, an Bheilg, an 22 Márta 2018.

Buiséad fadtéarmach an Aontais 2021-2027

Chun cuidiú le spriocanna aeráide an Aontais, mhol an Coimisiún gur cheart 25 % ar a laghad den chéad bhuiséad fadtéarmach eile a bheidh ag an Aontas (2021-2027) cuidiú le cuspóirí aeráide. Tá sé beartaithe ag an Aontas an clár LIFE a threisiú, clár atá ar cheann de na cláir atá ar thús cadhnaíochta mhaoiniú comhshaoil agus aeráide an Aontais, trína mhaoiniú a mhéadú 60 %.

I réimse an fhuinnimh, thacódh €8.7 billiún le hinfheistíochtaí i ngréasáin bhonneagair fuinnimh na hEorpa le linn na tréimhse 7 mbliana chun cuidiú le hAontas Fuinnimh inbhuanaithe atá seasmhach ó thaobh na haeráide de a chur i gcrích agus thacódh sé leis an aistriú go fuinneamh glan freisin. Chuirfí €6.07 billiún eile i leataobh don tionscadal idirnáisiúnta chun saoráid thrialach a thógáil agus a fheidhmiú le tástáil a dhéanamh ar a bhailí atá an comhleá mar fhoinse fuinnimh ghlan inbhuanaithe. Anuas air sin, is é atá á bheartú ag an gCoimisiún cur le huaillmhianta an Aontais maidir le cosaint an chomhshaoil agus bearta aeráide agus táthar ag súil go gcuirfidh 40 % de bhuiséad iomlán an chomhbheartais talmhaíochta le bearta aeráide.

Is den riachtanas é infheistíocht a dhéanamh i dteicneolaíochtaí ceannródaíocha chun spriocanna aeráide an Aontais a bhaint amach. Faoin Treoir athbhreithnithe maidir leis an gCóras Trádála Astaíochtaí, oibreoidh Ciste Nuálaíochta i gcomhar le Fís Eorpach, le InvestEU agus le cláir eile de chuid an Aontais faoin mbuiséad fadtéarmach. De bhreis ar bhuiséad an Aontais, cuirfidh Ciste don Nuachóiriú maoiniú breise ar fáil do 10 mBallstát i Lár agus in Oirthear na hEorpa chun a gcórais fuinnimh a nuachóiriú agus a dhícharbónú. Sa togra maidir le clár LIFE nua, tá €5.45 billiún beartaithe ag an gCoimisiún Eorpach le haghaidh tionscadail a thacaíonn leis an gcomhshaol agus le bearta i leith na haeráide, sin méadú €1.95 billiún.

An buiséad fadtéarmach a bheidh ag an Aontas

An Coimisinéir Günther Oettinger ag labhairt ag imeacht faoi phleananna buiséid fadtéarma an Choimisiúin Eorpaigh, an Bhruiséil, an Bheilg, an 2 Bealtaine 2018.
© An tAontas Eorpach

An Coimisinéir Günther Oettinger ag labhairt ag imeacht faoi phleananna buiséid fadtéarma an Choimisiúin Eorpaigh, an Bhruiséil, an Bheilg, an 2 Bealtaine 2018.

I mí na Bealtaine 2018, chuir an Coimisiún a thogra i láthair maidir leis an mbuiséad fadtéarmach a bheidh ag an Aontas don tréimhse 2021-2027. Is de thoradh próiseas oscailte cuimsitheach atá ann don togra seo, próiseas a fuair ionchur ó Pharlaimint na hEorpa, ó na Ballstáit, ó thairbhithe de mhaoiniú an Aontais agus ó pháirtithe leasmhara eile. Is é is aidhm don togra díriú ar na dúshláin atá roimh an Aontas faoi láthair agus ar na dúshláin a bheidh roimhe amach anseo, agus na hacmhainní a chur ar fáil don Eoraip a chumhachtaíonn agus a chosnaíonn.

Is fiú €1 135 bhilliún i ngealltanais (de réir phraghsanna 2018) thar 7 mbliana an buiséad atá beartaithe, méid is ionann agus 1.11 % d’ollioncam náisiúnta AE-27. Leis an bpacáiste reachtach atá beartaithe déantar nuachóiriú agus simpliú ar chóras foriomlán airgeadais bhuiséad an Aontais, déantar simpliú ar roinnt gnéithe atá ann faoi láthair, mar shampla an acmhainn dhílis atá bunaithe ar Cháin Bhreisluacha, agus riar acmhainní dílse nua atá nasctha le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais a thabhairt isteach.

BUISÉAD NUA FADTÉARMACH AN AONTAIS 2021-2027
TOSAÍOCHTAÍ NUA TREISITHE d’AONTAS EORPACH NA 27 mBALLSTÁT

Tá béim sa togra ar réimsí inar féidir le buiséad an Aontais an difear is mó a dhéanamh tríd an mbreisluach Eorpach a thabhairt. Go háirithe, méadaíonn sé an leibhéal maoinithe atá ann faoi láthair i gcomhair príomhréimsí trínar féidir beart níos éifeachtaí a dhéanamh le cur chuige comhordaithe seachas le cur chuige náisiúnta: taighde agus nuálaíocht, claochlú digiteach, daoine óga, slándáil agus bainistiú na dteorainneacha seachtracha, agus bearta seachtracha an Aontais. Chun an bhearna a dhúnadh i mbuiséad an Aontais mar gheall ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, cuirtear coigilteas agus éifeachtúlacht fheabhsaithe i láthair sa togra nua freisin. Cé nach bhfuil seachaint ar chiorruithe measartha, déanfar an comhbheartas talmhaíochta agus an beartas comhtháthaithe a nuachóiriú chun a chinntiú go bhfuil éifeacht leis na bearta mar sin féin agus gur féidir leo cur leis na tosaíochtaí nua.

Leis an mbuiséad fadtéarmach atá beartaithe, tá bearta suntasacha á ndéanamh próisis mhaoiniúcháin an Aontais a shimpliú, chun gur fusa acu siúd a d’fhéadfadh tairbhiú den bhuiséad teacht ar na deiseanna atá ar fáil. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún:

  • an líon clár a laghdú go 37, anuas ó 58 faoin gcreat reatha;
  • na rialacha maidir le maoiniú ón Aontas a shimpliú, rud a laghdódh an maorlathas agus a dhéanfadh an próiseas iarratais ní b’fhusa;
  • sineirge agus comhlánú maoinithe a chur leis, chun dúbláil a sheachaint; agus
  • tógáil ar na hionstraimí solúbthachta agus ar na huirlisí bainistithe géarchéime atá ann cheana chun buiséad an Aontais a dhéanamh níos oiriúnaí don saol síorathraitheach seo.

Leis an togra nua déantar nasc níos láidre idir maoiniú an Aontais agus an smacht reachta, ar réamhchoinníoll ríthábhachtach don bhainistiú fónta airgeadais é. Le sásra nua atá beartaithe beidh an tAontas Eorpach in ann rochtain ar mhaoiniú an Aontais a chur ar fionraí, a laghdú, nó a shrianadh ar bhealach atá comhréireach le cineál, le tromchúis agus le scóip easnaimh an smachta reachta.

Tar éis an togra ón gCoimisiún, pléifidh agus cinnfidh na Ballstáit sa Chomhairle Eorpach an buiséad fadtéarmach a bheidh ag an Aontas le toiliú ó Pharlaimint na hEorpa. Is den tábhacht é go ndéanfar é a fhaomhadh go tráthúil chun go mbeidh aistriú gan deacracht ann idir an buiséad atá ann faoi láthair agus an chéad bhuiséad fadtéarmach eile, rud a chinnteoidh intuarthacht agus cobhsaíocht.

Caibidil 4

Margadh inmheánach níos doimhne agus níos cothroime a bhfuil bonn tionsclaíoch níos láidre faoi

“An buntáiste is mó atá ag an Eoraip in aimsir seo an domhandaithe mhéadaithe is ea ár margadh inmheánach. Ba mhaith liom, dá bhrí sin, go ndéanfadh an chéad Choimisiún eile forbairt ar neart ár Margaidh Aonair agus go mbainfeadh sé an leas iomlán as acmhainneacht gach gné dá bhfuil ag roinnt leis.”

Jean-Claude Juncker, Treoirlínte Polaitiúla, an 15 Iúil 2014

Sraith de thrucailí lasta á dtiomáint ar mhórbhealach le breacadh an lae. 
© Fotolia

© Fotolia

In 2018, rinneamar 25 bliana den mhargadh inmheánach, ar a dtugtar an Margadh Aonair freisin, a chomóradh. Ceann de na margaí is mó ar domhan is ea é, agus gluaiseann daoine, earraí, seirbhísí agus airgead faoi shaoirse ann.

A bhuí leis an Margadh Aonair, is féidir le muintir na hEorpa, i bprionsabal, pé rud atá uathu a cheannach, pé áit is mian leo agus tairbhe a bhaint as rogha níos fairsinge agus praghsanna níos ísle. Is féidir le gnólachtaí na hEorpa — idir bheag agus mhór — a mbonn custaiméirí a mhéadú agus táirgí agus seirbhísí a thrádáil ar dhóigh níos éasca ar fud an Aontais.

Ó thaobh an tsaoránaigh de, tá deireadh curtha le táillí fánaíochta, tugadh isteach tacar iomlán de chearta paisinéara, agus neartaíodh cosaint an tomhaltóra ar líne agus as líne. Tá bail níos cothroime níos sóisialta ar an Eoraip ina mairimid, áit ar féidir le daoine a bheith ag súil le caighdeáin mhaireachtála agus oibre níos fearr. Tá tuilleadh le déanamh sa réimse sin áfach.

Táthar ag obair ó lá go lá ar raon ábhar chun feidhmiú an Mhargaidh Aonair a fheabhsú — ó limistéar aonair AE don cháin bhreisluacha a chruthú agus an imghabháil chánach agus an chalaois a throid, go dtí a chinntiú go bhfuil na carranna ar ár sráideanna níos sábháilte agus níos glaine.

In 2018 baineadh amach garspriocanna tábhachtacha le haghaidh margadh inmheánach cothrom nuair a glacadh rialacha nua maidir le pá comhionann as obair chomhionann san áit chéanna agus rialacha lena gcinntítear gur fusa do ghairmithe a seirbhísí a sholáthar ar fud an Aontais. Ina theannta sin, tháinig an tAontas ar chomhaontú chun Tairseach Aonair Dhigiteach a chruthú le gur fusa do shaoránaigh agus do lucht gnó a gcuid páipéarachais a bhainistiú ar líne.

Comóradh 50 bliain den Aontas Custaim i mí Iúil, agus is bunchloch de chuid an Mhargaidh Aonair i gcónaí é. Is sábháilte teorainneacha an Aontais mar gheall air agus is cosaint do na saoránaigh é ar earraí toirmiscthe contúirteacha. Ag an am céanna, déanann sé leasanna airgeadais an Aontais a chosaint agus sreabhadh réidh na trádála dlisteanaí a chothú.

Feidhmiú an Mhargaidh Inmheánaigh a fheabhsú ar son daoine agus gnólachtaí.

In 2018 lean an tAontas air ag cur deireadh le bacainní ar shaorghluaiseacht earraí agus seirbhísí, agus scaip sé an dea-chleachtas chun tacú le forbairt earnáil an mhiondíola.

I mí na Samhna 2018, ghlac an Coimisiún Teachtaireacht inar cuireadh i láthair measúnú úr ar staid an Mhargaidh Aonair, agus d’iarr sé ar na Ballstáit a dtiomantas polaitiúil don mhargadh céanna a athnuachan. Le leas iomlán a bhaint as a phoitéinseal sa ré dhigiteach seo agus chun fás inbhuanaithe an gheilleagair a chinntiú, caithfidh an Margadh Aonair feidhmiú i gceart agus caithfidh sé forbairt, óir is gasta atá an saol ag athrú.

Sa lá atá inniu ann áfach, le comhtháthú níos dlúithe a chur i bhfeidhm teastaíonn níos mó misneach polaitiúil ná mar a theastaigh 25 bliana ó shin agus teastaíonn iarracht níos mó chun an bhearna idir an beart agus an briathar a dhúnadh. Dírítear sa Teachtaireacht ar thrí phríomhréimse ina bhfuil gá le tuilleadh iarrachtaí chun an Margadh Aonair a dhaingniú agus a neartú. Ar an gcéad dul síos, tá an Coimisiún ag iarraidh ar na Ballstáit rialacha an Aontais a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú go dúthrachtach, agus gan bacainní nua a thabhairt isteach. Ar an dara dul síos, tá sé ag iarraidh ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle an reachtaíocht ar fad atá molta a ghlacadh chun dea-fheidhmiú an Mhargaidh Aonair a chinntiú. Ar an tríú dul síos, tá sé ag cur i dtábhacht go bhfuil poitéinseal nach beag ann le tuilleadh comhtháthú eacnamaíoch a dhéanamh i réimsí na seirbhísí, na dtáirgí, an chánachais agus na dtionscal líonra, rud a bheidh idir mhisneach polaitiúil agus dhúthracht de dhíth lena bhaint amach.

25 BLIANA DEN MHARGADH AONAIR: CÉN CHAOI A dTÉANN SÉ CHUN TAIRBHE DO DHAOINE?

Ina theannta sin, chuir an Coimisiún Teachtaireachtaí i láthair maidir le Plean Infheistíochta an Aontais Eorpaigh agus maidir le caighdeáin chomhchuibhithe Eorpacha. Is léiriú iad sin ar an gcaoi a gcuireann tionscnaimh an Choimisiúin le feabhsú ghnáthshaol an duine, ar an gcaoi a gcuidíonn siad le gnólachtaí bheith rathúil, ar an gcaoi a gcaomhnaíonn siad tarraingteacht na hEorpa mar cheann scríbe infheistíochta agus ar an gcaoi a gcuireann siad luachanna, seasamh agus tionchar na hEorpa chun cinn ar fud an domhain.

Tháinig an tAontas Eorpach ar chomhaontú faoi rialacha nua lena gcinnteofar nach gcuirfidh rialacháin náisiúnta baic neamhriachtanacha ar shaorghluaiseacht gairmithe san Aontas. Beidh sé sin ina chuidiú ag 50 milliún duine, is é sin an 22 % de lucht saothair na hEorpa a oibríonn i ngairmeacha rialaithe dá n-éilítear cáilíochtaí sonracha — innealtóirí, dlíodóirí agus ailtirí mar shampla. Ó 2020 amach, beidh ar Bhallstáit an Aontais Eorpaigh measúnú críochnúil a dhéanamh ar an gcostas agus ar an tairbhe a bhaineann leis an reachtaíocht atá beartaithe acu, trí thástáil a dhéanamh le cinntiú go bhfuil siad comhréireach agus bailí.

Tá an Cárta Gairmí Eorpach ar fáil ó bhí Eanáir 2016 ann, agus fágann sé gur fusa do ghairmithe cáilithe a seirbhísí a sholáthar ar fud an Aontais. Is le haltraí cúraim ghinearálta, cógaiseoirí, fisiteiripeoirí, gníomhairí réadmhaoine agus treoraithe sléibhe a bhaineann an cárta faoi láthair, agus léirigh an mheastóireacht a rinneadh air in 2018 go mbaineann breisluach leis i gcomparáid leis na próisis aitheantais thraidisiúnta.

D’fhéach an tAontas Eorpach ar na srianta atá in earnáil an mhiondíola, earnáil ina bhfuil beagnach 9 % de lucht saothair na hEorpa fostaithe, i mbreis agus 3.6 milliún cuideachta. Is earnáil í atá ag athrú ó bhonn de thoradh mhearfhorbairt na ríomhthráchtála agus an mhiondíola ilchainéil. I mí Aibreán, d’fhoilsigh an Coimisiún tacar dea-chleachtas lena ndéanfar earnáil an mhiondíola níos oscailte, níos comhtháite, agus níos iomaíche, agus bhí bealaí nua ar áireamh ann le brí úr a chur i lárcheantair cathracha. Mhol an Coimisiún do na Ballstáit cinntiú go bhfuil na rialacháin atá i bhfeidhm acu neamh-idirdhealaitheach, comhréireach agus go bhfuil ciall leo. Sa treoir maidir le hearnáil an mhiondíola bhig a athbheochan agus a nuachóiriú, tá moltaí praiticiúla faoin gcaoi le dul i ngleic leis na dúshláin a bheidh le sárú san am atá le teacht.

Chun an chothroime a fheabhsú i slabhra an tsoláthair bia agus chun seasamh na bhfeirmeoirí agus na ngnólachtaí beaga a neartú, mhol an Coimisiún cosc a chur ar na cleachtais trádála éagóracha is díobhálaí.

I mí na Nollag, tháinig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar chomhaontú polaitiúil faoi thacar nua rialacha a chinnteoidh go mbeidh 100 % d’fheirmeoirí an Aontais agus formhór na gcuideachtaí agraibhia beaga agus meánmhéide á gcosaint i gcoinne cleachtais atá contrártha leis an meon macánta agus leis an déileáil chóir.

Le cinntiú go bhfuil rialacha an Mhargaidh Aonair á gcur i bhfeidhm i gceart, sheol an Coimisiún roinnt nósanna imeachta maidir le sárú i gcoinne Ballstát, i réimsí an aitheantais do cháilíochtaí gairmiúla, an tsoláthair phoiblí agus an mhiondíola mar shampla.

I dtreo soghluaisteacht chothrom don lucht saothair agus dálaí oibre níos sábháilte

In 2018, rinneamar comóradh 50 bliain ar na rialacháin lenar bunaíodh an tsaoirse ghluaiseachta d’oibrithe. Inniu tá thart ar 17 milliún de mhuintir na hEorpa ina gcónaí nó ag obair i dtír eile de chuid an Aontais, sin beagnach a dhá oiread is a bhí ann 10 mbliana ó shin.

Mhol an Coimisiún Údarás Eorpach Saothair a chur ar bun chun saoránaigh agus gnólachtaí a chur ar an eolas faoi dheiseanna le bheith ina gcónaí, ag obair nó ag feidhmiú i dtíortha eile de chuid an Aontais, chun an comhar idir Bhallstáit an Aontais a neartú le go ndéanfar na rialacha a chur i bhfeidhm go cothrom agus go héifeachtach, agus chun idirghabháil a dhéanamh le teacht ar réitigh i gcás díospóidí trasteorann. Ba cheart go mbunófaí an comhlacht nua seo in 2019 agus ba cheart go mbeadh sé ina chomhlánú ar an moladh feabhas a chur ar na rialacha lena gcomhordaítear na córais slándála sóisialta, rialacha atá ag cosaint na saoránach le breis agus 60 bliain. Tá an dá mholadh faoi chaibidil i bParlaimint na hEorpa agus sa Chomhairle faoi láthair.

Ceiliúradh ar 50 bliain den tsaorghluaiseacht agus ar 60 bliain de chomhordú na slándála sóisialta san Aontas Eorpach.

Ceiliúradh ar 50 bliain den tsaorghluaiseacht agus ar 60 bliain de chomhordú na slándála sóisialta san Aontas Eorpach.

Cothromaíocht a aimsiú idir an tsaorghluaiseacht seirbhísí agus an chóir chomhionann d’oibrithe, sin is bunchuspóir do na rialacha nua atá tugtha isteach le cosaint a thabhairt do chearta na ndaoine a gcuireann a gcuid fostóirí go Ballstát eile iad le bheith ag obair go sealadach. Cinnteoidh na rialacha sin go bhfaighfear pá comhionann as obair chomhionann san áit chéanna, rud a fhágfaidh go mbeidh cothrom iomaíochta ann idir cuideachtaí eachtracha agus cuideachtaí áitiúla sa tír óstach.

CÉN FÁTH A BHFUIL ÚDARÁS EORPACH SAOTHAIR DE DHÍTH ORAINN?

An tairseach aonair dhigiteach: an suíomh gréasáin ilfhreastail don pháipéarachas ar líne

In 2018 glacadh an Rialachán lenar cruthaíodh an tairseach aonair dhigiteach chun é a dhéanamh ní b’fhusa do shaoránaigh agus do lucht gnó a gcuid páipéarachais a bhainistiú ar líne. San am atá le teacht, aon phróiseas riaracháin atá ar fáil ar líne d’úsáideoirí i dtír amháin den Aontas, cuirfear ar fáil é d’úsáideoirí ó na Ballstáit eile i dteanga de chuid an Aontais a thuigfidh úsáideoirí trasteorann. Beidh fáil ar líne 21 cheann de phríomhphróisis riaracháin, na próisis chun teastas breithe a iarraidh nó carr a chlárú mar shampla. Laghdóidh an córas seo an rómhaorlathas trasteorann, mar tabharfar isteach prionsabal na “haon uaire amháin” a thabharfaidh ar na húdaráis athúsáid a bhaint as an eolas atá tugtha cheana ag saoránaigh agus ag gnólachtaí, rud a d’fhéadfadh gnólachtaí breis agus €11 bhilliún a spáráil dá bharr.

Bonn tionsclaíoch atá láidir agus nuálach

An Coimisinéir Pierre Moscovici (an dara duine ón gclé) ar camchuairt ar an airmheán taighde micrileictreonaice CERTEM in Tours na Fraince, an 15 Bealtaine 2018.
©An tAontas Eorpach

An Coimisinéir Pierre Moscovici (an dara duine ón gclé) ar camchuairt ar an airmheán taighde micrileictreonaice CERTEM in Tours na Fraince, an 15 Bealtaine 2018.

Tá sé fíorthábhachtach do thodhchaí gheilleagar na hEorpa bonn tionsclaíoch láidir iomaíoch a bheith faoi. Is é is aidhm do straitéis athnuaite an Aontais maidir leis an mbeartas tionsclaíoch é a chur ar a gcumas do lucht tionscail na hEorpa agus do shaoránaigh na hEorpa na deiseanna a thapú atá ann de thoradh an chlaochlaithe thionsclaíoch, an digitithe agus an dícharbónaithe.

In 2018 léirigh Lá Tionsclaíochta an Aontais go bhfuil tús maith curtha leis an obair ag an Eoraip. Léirigh an tAontas ceannaireacht arís eile san athrú go fuinneamh glan inbhuanaithe nuair a reáchtáladh Fóram Tionsclaíoch an Fhuinnimh Ghlain den chéad uair, fóram inar díríodh ar thrí thionscnamh atá faoi stiúir an tionscail féin, maidir le cadhnraí, foinsí in-athnuaite fuinnimh agus an fhoirgníocht.

An Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin Jyrki Katainen ag labhairt ag an Dara Lá Tionsclaíochta de chuid na hEorpa sa Bhruiséil, an Bheilg, an 22 Feabhra 2018.
©An tAontas Eorpach

An Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin Jyrki Katainen ag labhairt ag an Dara Lá Tionsclaíochta de chuid na hEorpa sa Bhruiséil, an Bheilg, an 22 Feabhra 2018.

Sheol an tAontas an Duais do Chadhnraí Nuálacha d’Fheithiclí Leictreacha dar luach €10 milliún agus reáchtáil sé an chéad chruinniú de Thionscal 2030 — grúpa de 20 saineolaí a dhéanfaidh moltaí i samhradh 2019 a chuideoidh chun fís de thionscal na hEorpa san am atá le teacht a mhúnlú.

Tá an tAontas ag feabhsú i gcónaí ó thaobh na nuálaíochta de, ach léirigh an Scórchlár Eorpach Nuálaíochta do 2018 go bhfuil tuilleadh díchill de dhíth le cinntiú go mbeidh an Eoraip iomaíoch ar an leibhéal domhanda. Is treocht dhearfach a bhí i bhformhór na dtíortha san Aontas — go háirithe san Ísiltír , i Málta, agus sa Spáinn, agus ba í an tSualainn a bhí ar thús cadhnaíochta arís. Tá an tAontas ag breith suas ar na hiomaitheoirí is mó, Ceanada, an tSeapáin agus na Stáit Aontaithe mar shampla. Ach chun an bhearna nuálaíochta seo a laghdú, agus chun an tosach atá againn ar an tSín a chaomhnú, caithfimid ár ndícheall a dhéanamh chun leas a bhaint as poitéinseal nuálaíochta an hEorpa.

Na deiseanna a thiocfaidh chun cinn de thoradh mearfhorbairt teicneolaíochtaí, is deiseanna iad a chaithfidh an Eoraip a thapú. Chomh maith le tacaíocht a thabhairt do nuachóiriú na tionsclaíochta san Aontas le tionscnaimh éagsúla, bearta maidir leis an intleacht shaorga agus straitéis maidir leis an tiomáint nasctha agus uathoibrithe mar shampla, scrúdaigh an tAontas na rialacha atá ann cheana maidir le hinnealra agus le dliteanas, féachaint an bhfuil siad oiriúnach don fheidhm atá leo. Léirigh an mheastóireacht sin go bhfuil siad oiriúnach do na teicneolaíochtaí digiteacha agus na táirgí nuálacha atá ag teacht chun cinn.

Scórchlár Eorpach Nuálaíochta 2018

An cánachas a dhéanamh níos simplí agus díonach ar chalaois

Tá gá le rialacha córa agus éifeachtúla cánach chun go bhfeidhmeoidh an Margadh Aonair go maith. Ar an ábhar sin, tá 22 thogra curtha i láthair ag an gCoimisiún ó mhí na Samhna 2014 i réimse an chánachais.

I mí an Mhárta 2018, ghlac airí airgeadais an Aontais rialacha arb é is aidhm dóibh an trédhearcacht a mhéadú chun cosc a chur le ródhíocas sa phleanáil chánach trasteorann. Ó mhí Iúil 2020 amach, beidh ar idirghabhálaithe cánach, cuir i gcás comhairleoirí cánach, cuntasóirí, bainc agus dlíodóirí a chuireann scéimeanna casta trasteorann airgeadais ar fáil dá gcuid cliant a d’fhéadfadh cuidiú leo cáin a sheachaint, beidh orthu na scéimeanna sin a thuairisciú do na húdaráis chánach.

BUNCHLOCHA CHÓRAS NUA CBL DON AONTAS EORPACH

Tá an Coimisiún i mbun an athchóirithe is fairsinge le 25 bliana ar an gcáin bhreisluacha. I mí Dheireadh Fómhair 2017, mhol sé na príomhphrionsabail le haghaidh limistéar CBL aonair don Aontas le cuidiú leis na hiarrachtaí deireadh a chur leis an gcalaois trasteorann CBL, de luach measta €50 billiún in aghaidh na bliana, atá ag gabháil do bhuiséid náisiúnta na mBallstát faoi láthair. I mí na Bealtaine 2018, chuir an Coimisiún bearta teicniúla mionsonraithe i láthair d’fhonn príomhphrionsabail an chánachais ar an trádáil idir thíortha an Aontais a chur chun feidhme.

I mí Dheireadh Fómhair, ba dhíol sásaimh don Choimisiún gur ghlac tíortha an Aontais Eorpaigh le huirlisí nua chun leigheas a chur ar na lúba ar lár atá i gcóras CBL an Aontais. Nuair a thiocfaidh na huirlisí sin i bhfeidhm i mí na Samhna 2018, beidh tíortha an Aontais in ann níos mó faisnéise a mhalartú agus comhoibriú níos dlúithe le chéile san fheachtas i gcoinne eagraíochtaí coiriúla.

Comóradh 50 bliain den Aontas Custaim

In 2018 bhí comóradh 50 bliain an Aontais Custaim ann. De bharr an mhargaidh aonair atá ag an Aontas Eorpach is féidir le haon ghnólacht atá bunaithe san AE a chuid earraí a dhíol agus infheistiú a dhéanamh ar fud an AE gan beann ar theorainneacha inmheánacha, ach ní fhéadfadh a leithéid de mhargadh a bheith ann murach an timpeallacht saor ó tharaifí a chuireann an tAontas Custaim ar fáil.

Tá méadú tagtha in imeacht 50 bliain ar na cúraimí agus ar na freagrachtaí atá ar údaráis custaim na mBallstát. I mí Iúil, tar éis na Chéad Tuarascála Débhliantúla ar an Dul Chun Cinn i ndáil le Forbairt ar Aontas Custaim an Aontais Eorpaigh agus ar an Rialachas a Dhéantar air, shínigh Ballstáit an Aontais Cairt Údaráis Custaim an Aontais Eorpaigh. Deimhnítear sa chairt sin, don am i láthair agus don am atá le teacht, go gcloífear le prionsabail áirithe, mar atá, an tsochaí a chosaint, an trádáil a éascú agus gníomhú ar aon bhuille le chéile.

Seirbhísí airgeadais níos fearr

De réir na rialacha atá ann faoi láthair, níl aon difear ann do dhaoine atá ina gcónaí sa limistéar euro, ná do ghnólachtaí atá lonnaithe ann, idir idirbhearta in euro a dhéanamh ina dtír féin nó le Ballstáit eile de chuid an limistéir euro. Is mian leis an Aontas Eorpach na coinníollacha céanna a bheith ann do mhuintir na mBallstát nach bhfuil sa limistéar euro nuair a dhéanann siad íocaíochtaí trasteorann sa limistéar euro. I mí na Nollag, tháinig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar chomhaontú polaitiúil faoin moladh sin, rud a fhágfaidh go mbeidh sé níos saoire euro a aistriú i ngach áit san Aontas agus go mbeidh an malartú airgeadra níos córa do thomhaltóirí.

I mí na Bealtaine, moladh rialacha nua AE maidir le hárachas gluaisteán a bhfuil sé d’aidhm leo feabhas a chur ar an gcosaint d’íospartaigh timpistí cairr agus ar chearta sealbhóirí polasaithe árachais. Cinnteoidh na rialacha nua seo go bhfaighidh íospartaigh timpistí cairr an cúiteamh ar fad atá ag dul dóibh, fiú má tá an comhlacht árachais dócmhainneach.

ÍOCAÍOCHTAÍ TRASTEORANN NÍOS SAOIRE

Breis cosanta do thomhaltóirí maidir le táirgí árachais

Tá breis soiléireachta ann do thomhaltóirí an Aontais Eorpaigh de thoradh theacht i bhfeidhm na rialacha nua maidir le táirgí árachais a dháileadh, i mí Dheireadh Fómhair. Neartóidh sé sin cosaint na dtomhaltóirí trí threisiú a dhéanamh ar na rialacha maidir le táirgí árachais a dhíol. Táthar ag súil leis go rachaidh na rialacha feabhsaithe chun tairbhe do shealbhóirí polasaithe, agus do chomhlachtaí árachais agus soláthraithe árachais chomh maith.

Cothrom iomaíochta sa Mhargadh Aonair a chinntiú

Is é cúram an Choimisiúin, i gcáil údarás iomaíochta i réimse an rialaithe ar chumaisc dó, a chinntiú nach séanfar buntáistí na hiomaíochta ar mhuintir an Aontais, mar atá praghsanna níos ísle, rogha níos fairsinge, níos mó nuálaíocht táirgí, agus nithe eile.

In 2018 d’fhaomh an Coimisiún, ar choinníollacha áirithe, ceannach Monsanto ag Bayer. Na fadhbanna iomaíochta ar fad a aithníodh, go háirithe an tionchar a d’imreodh an cumasc sin ar an nuálaíocht amach anseo, thoiligh na páirtithe iad a réiteach le pacáiste mór gníomhartha a raibh dídhílsiú na sócmhainní ábhartha taighde agus forbartha ina measc.

Téann an Coimisiún ar thóir cairtéal go gníomhach, agus gearrann sé fíneálacha móra orthu. Faoin gclár trócaire atá ag an gCoimisiún, is féidir le cuideachtaí fianaise taobh istigh a sholáthar ar son laghduithe ar fhíneálacha. In 2018, ghearr an Coimisiún fíneálacha dar luach €254 mhilliún ar ocht táirgeoirí toilleoirí (gléasanna a úsáidtear i bhfóin chliste agus i bhfearais eile) as a bheith rannpháirteach, in éineacht le hiarratasóir trócaire, i gcairtéal. Ina theannta sin, ghearr an Coimisiún fíneálacha dar luach €395 mhilliún ar cheithre iompróirí muirí gluaisteán agus, i dtrí shocrú ar leithligh, ghearr sé fíneálacha dar luach €151 mhilliún ar sholáthróirí páirteanna gluaisteán.

Is é is aidhm leis an rialú a dhéanann an tAontas ar an státchabhair a chinntiú nach tugann tíortha an Aontais cóireáil chánach níos fabhraí do chuideachtaí áirithe seachas cuideachtaí eile. I mí an Mheithimh, chinn an Coimisiún gur lig Lucsamburg do dhá chuideachta den ghrúpa Engie cánacha a sheachaint ar a gcuid brabús ar fad nach mór. Is éigean do Lucsamburg feasta thart ar €120 milliún de cháin nár íocadh a fháil ar ais. I mí Dheireadh Fómhair tháinig an Coimisiún ar chonclúid go raibh an chabhair infheistíochta a thug an tSlóvaic do Jaguar Land Rover, dar luach €125 mhilliún, i gcomhréir le rialacha an Aontais maidir leis an státchabhair. Cuirfidh an chabhair sin le forbairt réigiún Nitra, gan an iomaíocht sa Mhargadh Aonair a shaobhadh go míchuí.

I mí na Nollag, d’fhaomh an Coimisiún €1.75 billiún de státchabhair chun tacaíocht a thabhairt do €6 bhilliún d’infheistíocht de chuid na hearnála príobháidí i dtaighde, forbairt agus nuálaíocht sa mhicrileictreonaic, ar ceann de na hEochairtheicneolaíochtaí Cumasúcháin do gheilleagar na hEorpa í. Tionscadal Tábhachtach ar mhaithe le Leas na hEorpa i gCoitinne atá i gceist agus beidh tuairim is 30 cuideachta i gceithre Bhallstát ina bhun. Oibreoidh siad i gcomhar le heagraíochtaí taighde agus le hollscoileanna, agus beidh éifeachtaí iarmhartacha móra ann le haghaidh cuideachtaí ar fud an Aontais.

I mí na Nollag, chinn an Coimisiún go raibh an córas díolúine cánach corparáidí a bhí ag Giobráltar maidir le hús agus ríchíos, chomh maith le cúig bhreith a tugadh i dtaobh cúrsaí cánach, go raibh siad mídhleathach de réir rialacha an Aontais maidir leis an státchabhair. Tá orthu siúd a bhain tairbhe as na socruithe sin tuairim is €100 milliún de chánacha nár íoc siad a thabhairt do Ghiobráltar anois.

I dtreo na soghluaisteachta sábháilte glaine nasctha

Tá an tAontas ag dul i dtreo na soghluaisteachta glaine inbhuanaithe chun ár sláinte agus an comhshaol a chosaint agus chun iomaíochas thionscail an Aontais a mhéadú.

In 2018 chuir an tAontas i gcrích an mór-athchóiriú ar an bpróiseas lena gcinnteofar go gcloífidh monaróirí carranna le ceanglais sábháilteachta, chomhshaoil agus táirgeachta uile an Aontais. Moladh an t-athchóiriú sin a dhéanamh de thoradh an scannail Dieselgate agus is comhlánú é ar an obair eile atá an tAontas a dhéanamh le cóir ghlan inbhuanaithe iomaíoch a chur ar earnáil na ngluaisteán. De thoradh na rialacha nua, a mbeidh feidhm leo ó 2020 amach, méadófar go mór cáilíocht agus neamhspleáchas na tástála feithiclí, déanfar níos mó seiceálacha ar na carranna atá ar mhargadh an Aontais cheana féin, agus neartófar an córas ina iomláine le maoirseacht Eorpach.

An Coimisinéir Violeta Bulc ag glacadh páirt sa chomhdháil de chuid Laethanta TEN-T maidir le soghluaisteacht, nascacht agus iompar na hEorpa in Ljubljana na Slóivéine, an 26 Aibreán 2018.
©An tAontas Eorpach

An Coimisinéir Violeta Bulc ag glacadh páirt sa chomhdháil de chuid Laethanta TEN-T maidir le soghluaisteacht, nascacht agus iompar na hEorpa in Ljubljana na Slóivéine, an 26 Aibreán 2018.

Mar chuid den tionscnamh “An Eoraip ag Gluaiseacht”, chuir an tAontas Eorpach síos an tacar beart deiridh a bhfuil sé d’aidhm leis córas iompair na hEorpa a nuachóiriú le go mbeidh tairbhe ag muintir na hEorpa ar fad ar thrácht níos sábháilte, ar fheithiclí ar lú an truailliú uathu agus ar réitigh theicneolaíocha níos sofaisticiúla.

San athchóiriú ar na rialacha maidir le sábháilteacht feithiclí foráiltear go mbeidh sé ina cheangal ar gach samhail nua feithicle a chuirfear ar an margadh a bheith feistithe leis na hardteicneolaíochtaí sábháilteachta is déanaí, coscánú éigeandála agus cúnamh cliste luais mar shampla. Dlúthchuid é sin de na hiarrachtaí chun an bonneagar bóithre a dhéanamh níos sábháilte. Tá na Ballstáit agus Parlaimint na hEorpa i mbun an bhreithnithe deiridh ar na moltaí sin faoi láthair.

Tabharfar aghaidh, ar bhealach córasach, ar na rioscaí a bhaineann le bonneagar bóithre nach bhfuil sábháilte, na rioscaí d’úsáideoirí leochaileacha bóithre, ar nós rothaithe agus coisithe, san áireamh. Cuideoidh na moltaí leis na Ballstáit agus iad ag iarraidh an tsábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú, agus cuideoidh siad go háirithe leis na tíortha is measa ó thaobh sábháilteacht ar bhóithre de breith suas ar na tíortha is fearr.

Is féidir leis an aistriú chuig carranna nasctha agus uathoibrithe an tsoghluaisteacht a dhéanamh níos sábháilte, níos glaine, níos cuimsithí agus níos éifeachtúla. Is é is aidhm do straitéis 2018 a chinntiú go ndéanfar príomhtheicneolaíochtaí agus príomhbhonneagair a fhorbairt san Aontas Eorpach agus go mbeidh siad sábháilte.

An tsábháilteacht ar bhóithre an Aontais a fheabhsú

Deireadh a chur leis an athrú ama séasúrach

I ngeall ar éileamh ó Pharlaimint na hEorpa agus an imní atá ar a lán saoránach agus Ballstát, sheol an Coimisiún comhairliúchán poiblí maidir le socruithe ama shamhraidh i mí Iúil. Fuarthas thart ar 4.6 milliún freagra, an líon is airde riamh ar aon chomhairliúchán poiblí. Léiríodh go raibh 84 % de na freagróirí i bhfabhar deireadh a chur leis an athrú ama séasúrach. Ba sna 1970idí a thug na Ballstáit an t-athrú ama isteach (chun fuinneamh a spáráil go príomha), ach is lú i bhfad anois a thábhacht de bharr na teicníochtaí nua atá ar fáil chun an tomhaltas fuinnimh a laghdú.

Faoi reachtaíocht an Aontais mar atá sí faoi láthair comhchuibhíodh na rialacha maidir le hathruithe ama ar fud an Aontais, chun cosc a chur le suaitheadh an Mhargaidh Aonair. Chun an cuspóir céanna a bhaint amach, chuir an Coimisiún moladh i láthair i mí Mheán Fómhair chun deireadh a chur le hathrú séasúrach an chloig. Iarradh ar na Ballstáit sa mholadh sin cinneadh a dhéanamh maidir lena n-am caighdeánach (ar inniúlacht náisiúnta é) ar bhealach comhordaithe, is cuma cé acu is mian leo a bheith ina am caighdeánach nua buan, an t-am samhraidh reatha nó an t-am geimhridh reatha (i.e. gan athrú). Tá an moladh sin curtha faoi bhráid na Comhairle agus Pharlaimint na hEorpa.

Cearta maoine intleachtúla a chosaint agus an góchumadh a chomhrac

Ar an saolta seo, tá ag méadú ar thábhacht na nuálaíochta, na cruthaitheachta agus na cáilíochta d’iomaíochas ghnólachtaí an Aontais. Dá réir sin, is bealach cumhachtach í cosaint na gceart maoine intleachtúla le hiomaíochas gach gnólacht a mhéadú, fiontair bheaga agus mheánmhéide san áireamh.

Chun cuidiú le gnólachtaí cógaisíochta na hEorpa leas a bhaint as margaí domhanda atá ag fás go mear agus chun poist, fás agus infheistiú a chur chun cinn san Aontas, mhol an Coimisiún na rialacha maidir le maoin intleachtúil a choigeartú le go mbeadh na gnólachtaí cógaisíochta atá bunaithe san Aontas níos iomaíche sna margaí domhanda.

Tháinig earnáil na fógraíochta le chéile chun an góchumadh a throid trí chomhaontú deonach a shíniú le laghdú a dhéanamh ar an ioncam a fhaigheann suíomhanna gréasáin agus aipeanna móibíleacha a sháraíonn cóipcheart nó a scaipeann earraí góchumtha.

Tháinig rialacha nua de chuid an Aontais i bhfeidhm i mí an Mheithimh chun rúin cheirde a chosaint. Cuirfidh na hathruithe i gcoinne na hiomaíochta éagóraí agus spreagfaidh siad nuálaíocht chomhoibríoch agus comhroinnt saineolais luachmhair chun réigiún eacnamaíoch níos láidre iomaíche a dhéanamh den Aontas Eorpach.

Soláthar poiblí nua-aimseartha agus inbhuanaithe

Gach bliain caitheann 250 000 údarás poiblí san Aontas Eorpach thart ar €2 thrilliún — 14 % d’olltáirgeacht intíre an Aontais — ar cheannach seirbhísí, oibreacha agus soláthairtí. In 2018, lean an Coimisiún dá straitéis chun luach níos fearr a fháil ar airgead an cháiníocóra agus chun rannchuidiú leis an ngeilleagar a dhéanamh níos nuálaí, inbhuanaithe, cuimsithí agus iomaíche. D’fhoilsigh sé treoir chun ceannaitheoirí poiblí a spreagadh leis an soláthar a úsáid mar uirlis chun an nuálaíocht a chothú agus chuir sé amach moladh go dtacódh na húdaráis náisiúnta le FBManna agus go ndéanfaidís é ní b’fhusa do FBManna bheith rannpháirteach i gconarthaí soláthair cosanta. Is cuidiú í an treoir ar leithligh chun na hearráidí is coitianta i dtionscadail atá á gcómhaoiniú ag Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa a sheachaint.

Buiséad fadtéarmach an Aontais 2021-2027

I mí an Mheithimh 2018 mhol an Coimisiún clár tiomnaithe nua, dar luach €4 bhilliún, chun tomhaltóirí a chumhachtú agus a chosaint agus chun é a chur ar chumas na bhfiontar beag agus meánmhéide san Eoraip leas iomlán a bhaint as Margadh Aonair atá ag feidhmiú go maith. Neartóidh an clár nua rialachas an Mhargaidh Aonair, tacóidh sé le hiomaíochas gnólachtaí, agus cuirfidh sé sláinte an duine, na n-ainmhithe agus na bplandaí chun cinn, mar aon le leas na n-ainmhithe.

Caibidil 5

Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta níos doimhne agus níos cothroime

“Sna 5 bliana amach romhainn, teastaíonn uaim leanúint den athchóiriú atá á dhéanamh againn ar an Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta chun cobhsaíocht ár n-airgeadra aonair a chosaint agus chun feabhas a chur ar an gcóineasú atá á dhéanamh ar bheartais eacnamaíocha, fhioscacha agus margaidh saothair na mBallstát sin a bhfuil an t-airgeadra aonair acu.”

Jean-Claude Juncker, Treoirlínte Polaitiúla, an 15 Iúil 2014

Grianghraf de na nótaí bainc €100 agus €200 nua a bhfuil gnéithe slándála breise mar chuid díobh a chomhlánaíonn an dara sraith de nótaí bainc an euro — sraith Europa.

An 1 Eanáir 2019, rinne an Eoraip comóradh ar 20 bliain den euro. Ó tháinig ann dó, tá an euro ar an dara hairgeadra cúltaca is mó a úsáidtear ar domhan. Inniu, tá airgeadraí 60 tír nasctha leis ar bhealach amháin nó ar bhealach eile. Agus ní fada gur 85 % d’olltáirgeacht intíre iomlán an Aontais Eorpaigh a bheidh in olltáirgeacht intíre an limistéir euro.

In ainneoin na ndeacrachtaí a bhí ann le blianta beaga anuas, is airde ná riamh tacaíocht an phobail don euro agus don Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta san Eoraip.

Tá dul chun cinn tábhachtach déanta ag an Aontas Eorpach chun an tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a dhéanamh níos doimhne agus níos cothroime agus chun an tAontas Baincéireachta agus Aontas na Margaí Caipitil a chur i gcrích.

Tá treisiú mór déanta ar an gcobhsaíocht airgeadais sa limistéar euro agus ar fud an Aontais ón uair a thosaigh na ngéarchéimeanna airgeadais. Sa lá atá inniu ann, is fearr i bhfad atá na bainc caipitlithe. Ó bhí 2014 ann, tá an cion d’iasachtaí atá neamhthuillmheach laghdaithe faoina leath nach mór, agus is amhlaidh atá sé ag déanamh ar na leibhéil a bhí ann roimh an ngéarchéim. Mar sin féin, ní mór tuilleadh a dhéanamh chun an leas is mó is féidir a bhaint as an euro.

Ag an gCruinniú Mullaigh Euro i mí na Nollag, ghlac ceannairí an Aontais bearta breise chun an tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a dhaingniú trí thacú le pleananna le haghaidh cúlstop coiteann don Chiste Réitigh Aonair, agus thacaigh siad le hathchóiriú an tSásra Cobhsaíochta Eorpaigh. Mhol siad freisin ionstraim bhuiséadach a fhorbairt chun tacú leis an gcóineasú eacnamaíoch agus leis an iomaíochas sa limistéar euro agus sna Ballstáit a bheidh sa limistéar euro amach anseo, agus an méid sin bunaithe ar mholtaí a rinne an Coimisiún i gcomhthéacs an chéad bhuiséid fhadtéarmaigh eile.

Tá an domhan ilchasta ilpholach, ar an ábhar sin chuir an Coimisiún smaointe i láthair, i mí na Nollag freisin, i dtaca le ról idirnáisiúnta an euro a threisiú chun seasamh eacnamaíoch, polaitiúil agus airgeadais na hEorpa a léiriú níos fearr.

An tAontas Baincéireachta a thabhairt i gcrích

Taiscí shaoránaigh an Aontais Eorpaigh dar luach suas le €100 000, beidh siad slán i gcónaí fiú má bhíonn deacrachtaí ag an mbanc

Is céim mhór é an tAontas Baincéireachta a thabhairt i gcrích i dtaca le hAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta an Aontais a dhoimhniú. Ó bhí 2014 ann, níl aon mhaolú tagtha ar an laghdú riosca in earnáil airgeadais an Aontais agus ba cheart go réiteodh sin an bealach chun rioscaí a chomhroinnt a thuilleadh trí Scéim Eorpach Árachais Taiscí. In 2015, mhol an Coimisiún Eorpach scéim don limistéar euro ina iomláine chun na scéimeanna náisiúnta ráthaíochta taiscí atá ann cheana a chomhlánú. A bhuí le reachtaíocht an Aontais, cinntítear cheana gur slán do gach taisce dar luach suas le €100 000 i gcás ina gcliseann ar bhanc. Le ciste aonair, ba láidre agus b’aonfhoirmí an cumhdach árachais a chuirfeadh an scéim ar fáil sa limistéar euro.

I dtaca leis an gcúlstop don Chiste Réitigh Aonair le haghaidh an Aontais Baincéireachta, tháinig ceannairí an Aontais ar chomhaontú maidir leis na mionsonraí ina leith i mí na Nollag. Is leis an Sásra Cobhsaíochta Eorpach a chuirfear an cúlstop ar fáil agus treiseoidh sé an mhuinín as córas baincéireachta an Aontais. Bainfear leas as mar árachas rogha deiridh é nuair a bheidh réiteach bainc ar mhórscála le déanamh.

Is mór a laghdaigh rioscaí in earnáil na baincéireachta san Aontas le blianta beaga anuas. Ó bhí 2014 ann, tá caipiteal breise €234 bhilliún tiomsaithe ag na bainc atá faoi mhaoirseacht an Bhainc Cheannais Eorpaigh agus is mó i bhfad na maoláin leachtachta atá acu freisin. Thángthas ar chomhaontú maidir le rialacha nua i mí na Nollag 2018, rud a threisíonn a thuilleadh buanseasmhacht na mbanc agus a mhéadaíonn a dóchúlacht gur féidir le banc imeacht ón margadh gan aon chostas a bheith ar na cáiníocóirí.

An Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin Valdis Dombrovskis ag Comhdháil Davos an tSamhraidh, Tianjin na Síne, an 19 Meán Fómhair 2018.

An Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin Valdis Dombrovskis ag Comhdháil Davos an tSamhraidh, Tianjin na Síne, an 19 Meán Fómhair 2018.

Anuas air sin, is mór a laghdaigh cion na n-iasachtaí neamhthuillmheacha — is é sin nuair nach féidir nó nach toil leis an iasachtaí an iasacht bhainc a aisíoc — agus tá sin fíor freisin i gcás na mBallstát ina raibh ráta an-ard d’iasachtaí den sórt sin. I mí na Samhna, léiríodh i dtástáil struis uile-AE a rinne an tÚdarás Baincéireachta Eorpach ar earnáil baincéireachta na hEorpa gur buanseasmhaí feasta bainc na hEorpa ar shuaitheadh maicreacnamaíoch. Tástáladh 48 de na bainc is mó san Eoraip, ina measc 33 bhanc atá faoi mhaoirseacht dhíreach an Bhainc Cheannais Eorpaigh, ar leo timpeall 70 % de na sócmhainní baincéireachta atá sa limistéar euro.

AG CINNTIÚ GUR TREISE BAINC AN AONTAIS EORPAIGH AGUS GUR FEARR AN MHAOIRSEACHT A DHÉANTAR ORTHU

I mí an Mhárta 2018, chuir an Coimisiún reachtaíocht i láthair chun aghaidh a thabhairt ar na hiasachtaí neamhthuillmheacha atá fágtha agus cosc a chur lena gcarnadh amach anseo, agus chun creat cumasúcháin a chruthú d’urrúis de bhun bannaí ceannasacha, creat lena gceadófar éagsúlacht níos fairsinge a bheith ag bainc i dtaca le punanna bannaí ceannasacha de. Rinneadh dul chun cinn leis na moltaí i dtaobh iasachtaí neamhthuillmheacha agus thángthas ar chomhaontú maidir le gné thábhachtach ar leith: a chinntiú gur leor an cumhdach caillteanais atá ag na bainc i gcomhair na n-iasachtaí neamhthuillmheacha a bheidh acu amach anseo. Tá obair fós ar siúl maidir le dhá ghné eile: forfheidhmiú luathaithe lasmuigh den chúirt a cheadú maidir le hiasachtaí atá urraithe le comhthaobhacht, agus tuilleadh forbartha a dhéanamh ar mhargaí tánaisteacha le haghaidh iasachtaí neamhthuillmheacha mar ar féidir le bainc iasachtaí mar sin a dhíol le seirbhíseoirí creidmheasa agus le hinfheisteoirí.

Mario Draghi, Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh, ag plé Thuarascáil Bhliantúil an Bhainc Ceannais Eorpaigh do 2016 ag seisiún iomlánach Pharlaimint na hEorpa, Strasbourg na Fraince, an 5 Feabhra 2018.

Mario Draghi, Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh, ag plé Thuarascáil Bhliantúil an Bhainc Ceannais Eorpaigh do 2016 ag seisiún iomlánach Pharlaimint na hEorpa, Strasbourg na Fraince, an 5 Feabhra 2018.

Dul chun cinn na mBallstát maidir leis an euro a ghlacadh

Is i mí na Bealtaine a foilsíodh an measúnú débhliantúil ón gCoimisiún Eorpach ar a ullmhaithe atá Ballstáit áirithe an euro a ghlacadh mar airgeadra. Is í an Tuarascáil maidir le Cóineasú is bonn don chinneadh ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh an gcomhlíonann Ballstát na coinníollacha chun dul isteach sa limistéar euro. Tuarascáil í a eisítear ag an am céanna le measúnú ar leithligh a dhéanann an Banc Ceannais Eorpach, agus clúdaíonn sí na seacht mBallstát a bhfuil sé gafa orthu féin an euro a ghlacadh ach nach ndearna amhlaidh fós, mar atá, an Bhulgáir, an tSeicia, an Chróit, an Ungáir, an Pholainn, an Rómáin agus an tSualainn.

Cé go léiríonn na seacht mBallstát go léir cóineasú ainmniúil substaintiúil ar an iomlán, de réir na tuarascála, ní chomhlíonann aon cheann acu na coinníollacha foirmiúla uile chun bheith páirteach san airgeadra comhchoiteann. Cé go gcomhlíonann an Bhulgáir agus an Chróit critéir uile an chóineasaithe, seachas critéar an ráta malairte, léiríodh sa tuarascáil nach raibh ach reachtaíocht na Cróite ag luí go hiomlán le rialacha an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta.

IS AIRDE NÁ RIAMH TACAÍOCHT AN PHOBAIL DON EURO
An Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin Valdis Dombrovskis ag imeacht chun na chéad 20 bliain den euro a cheiliúradh, an Bhruiséil, an Bheilg, an 3 Nollaig 2018.

An Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin Valdis Dombrovskis ag imeacht chun na chéad 20 bliain den euro a cheiliúradh, an Bhruiséil, an Bheilg, an 3 Nollaig 2018.

Léiríodh san athbhreithniú a rinneadh ar ghnéithe eile go bhfuil na Ballstáit nach bhfuil sa limistéar euro, ar an mórchóir, comhtháite go maith san Aontas ó thaobh geilleagair agus airgeadais de. Mar sin féin, tá roinnt acu fós leochaileach ó thaobh na maicreacnamaíochta de agus/nó tá dúshláin rompu a bhaineann lena dtimpeallacht gnó agus lena gcreat institiúideach, agus d’fhéadfadh rioscaí a bheith ann d’inbhuanaitheacht phróiseas an chóineasaithe dá bharr sin.

Tá an Coimisiún tiomanta tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit sin atá ag ullmhú le dul isteach sa limistéar euro. Trí shreabhadh oibre tiomanta ina Chlár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach, tabharfaidh an Coimisiún tacaíocht spriocdhírithe do na Ballstáit sin ar mian leo an euro a ghlacadh, ach an tacaíocht sin a iarraidh. Chun go mbeidh rath ar an Aontas ina iomláine agus chun go bhfeidhmeoidh an euro go maith tá sé fíorthábhachtach cóineasú a bhaint amach agus struchtúir láidre eacnamaíocha a thógáil.

Tuilleadh cothroime shóisialta san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta

Leagtar amach i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta na prionsabail atá riachtanach le haghaidh margaí saothair agus córais leasa a fheidhmíonn go maith agus go cothrom. Cé go bhfuil sé tábhachtach béim láidir a bheith ar an bhfostaíocht agus ar an bhfeidhmíocht shóisialta chun gur buanseasmhaí agus gur doimhne an tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta, is tiomantas agus freagracht pholaitiúil chomhroinnte é, ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát laistigh dá n-inniúlacht féin, Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a thabhairt i gcrích.

Measann 85 % d’fhreagróirí gur cheart leibhéal ard cosanta sóisialta a bheith ag gabháil leis an ngeilleagar margaidh
MARGADH SAOTHAIR AN AONTAIS EORPAIGH SA LÁ ATÁ INNIU ANN

Cuid ríthábhachtach den Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta is ea an ghné láidir shóisialta de. I mí na Samhna 2017 d’fhógair Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún Colún Eorpach na gCeart Sóisialta. Tá sé ina threoir chun dul i ngleic le dúshláin shóisialta nua chun sochaithe nua-aimseartha, cuimsitheacha agus iomaíocha a chinntiú.

Cé go mbíonn deiseanna nua fostaíochta ann, go háirithe do dhaoine óga, a bhuí leis na socruithe níos solúbtha oibre atá ann ar na saolta seo, féadann éiginnteacht agus neamhionannais eacnamaíocha a bheith ann dá mbarr. I gcomhréir le prionsabail Cholún na gCeart Sóisialta, is mian leis an gCoimisiún a chinntiú go bhfuil deis chothrom ag gach duine saol oibre iomlán a bheith aige, i ndálaí oibre maithe agus le cosaint shóisialta iomchuí, beag beann ar an gcineál conartha fostaíochta atá aige.

In 2017 agus in 2018, chomh maith leis an moladh maidir leis an gColún féin, bheartaigh an Coimisiún Eorpach tionscnaimh shonracha chun é a chur i ngníomh.

An Coimisinéir Marianne Thyssen le linn cuairt ar Aveiro na Portaingéile ag Ionad Gníomhaíochta Sóisialta Bhardas Ílhavo (CASCI), tionscadal atá maoinithe ag an Aontas agus lena dtugtar cúnamh sóisialta agus deiseanna post do dhaoine atá i mbaol an eisiaimh shóisialta, agus daoine faoi mhíchumas san áireamh, an 26 Aibreán 2018.

An Coimisinéir Marianne Thyssen le linn cuairt ar Aveiro na Portaingéile ag Ionad Gníomhaíochta Sóisialta Bhardas Ílhavo (CASCI), tionscadal atá maoinithe ag an Aontas agus lena dtugtar cúnamh sóisialta agus deiseanna post do dhaoine atá i mbaol an eisiaimh shóisialta, agus daoine faoi mhíchumas san áireamh, an 26 Aibreán 2018.

Mar shampla, i mí an Mhárta chuir an Coimisiún Pacáiste Cothromaíochta Sóisialta i láthair, pacáiste ina bhfuil moltaí i dtaobh Údarás Eorpach Saothair chun a chinntiú go ndéantar rialacha an Aontais maidir le soghluaisteacht chothrom don lucht saothair a chur i bhfeidhm ar bhealach cothrom, simplí agus éifeachtach (féach Caibidil 4 freisin).

Mar chuid den Phacáiste Cothromaíochta Sóisialta bhí tionscnamh ann le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le rochtain ar chosaint shóisialta i gcomhair oibrithe agus daoine féinfhostaithe. I mí na Nollag, thug airí chun críche comhaontú polaitiúil maidir leis an tionscnamh sin. Is é is aidhm don Mholadh tacú le daoine atá i gcineálacha fostaíochta neamhchaighdeánacha agus le daoine féinfhostaithe, nach bhfuil, mar gheall ar a stádas fostaíochta, cumhdaithe ag scéimeanna slándála sóisialta rud a fhágann iad gan chosaint ar an éiginnteacht eacnamaíoch dá réir.

Clúdaíonn an Moladh scéimeanna slándála sóisialta don dífhostaíocht, do thinneas agus don chúram sláinte, do shaoire mháithreachais/atharthachta, do thimpistí ag an obair agus do ghalair cheirde, don easláine agus don tseanaois. Is é is sprioc dó tíortha an Aontais a spreagadh chun a chinntiú gur féidir le gach oibrí neamhchaighdeánach agus gach duine féinfhostaithe a bheith ina bhall de scéimeanna slándála sóisialta agus ranníocaíochtaí a dhéanamh leis na scéimeanna sin, rud a dhúnfaidh bearnaí i gcumhdaigh fhoirmiúla. Tá sé mar aidhm aige freisin go mbeidh siad in ann leasanna sóisialta a charnadh agus a ghlacadh mar bhaill de scéim agus trédhearcacht a mhéadú i dtaca le córais slándála sóisialta agus cearta.

Cothromaíocht oibre agus saoil

In 2017, chuir an Coimisiún i láthair togra le haghaidh treoir nua maidir le cothromaíocht oibre agus saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí. Ós ceann de na príomhspriocanna de chuid Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta í an chothromaíocht sin, leagtar amach sa togra roinnt íoschaighdeáin nua nó níos déine i dtaca le saoire atharthachta, saoire tuismitheora agus saoire cúramóra, chomh maith le socruithe solúbtha oibre. Tá caibidlíocht ar siúl faoi láthair idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle. Tháinig siad ar chomhaontú sealadach i mí na Nollag.

Dálaí oibre trédhearcacha intuartha

I mí an Mheithimh 2018, tháinig na Ballstáit ar chomhaontú ar an togra ón gCoimisiún le haghaidh treoir maidir le dálaí oibre trédhearcacha intuartha. Is é is aidhm don togra a chinntiú, i margadh saothair nua-aimseartha solúbtha, go gcuirtear gach oibrí san Aontas go hiomlán ar an eolas i scríbhinn faoi dhálaí bunúsacha an ghaoil fostaíochta, agus leagtar amach leis an togra freisin cearta nua i gcomhair gach oibrí, i gcomhair na n-oibrithe sin atá i gcineálacha fostaíochta neamhchaighdeánacha san áireamh. Bhí an chaibidlíocht idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle fós ar siúl ag deireadh 2018.

Ag dul i ngleic le dúshláin fostaíochta agus shóisialta

Bhí Colún Eorpach na gCeart Sóisialta ina threoirlíne do thimthriall 2018 den chomhordú ar an mbeartas eacnamaíoch, timthriall a dtugtar an Seimeastar Eorpach air. Mar thoradh air sin, ba mhó arís an bhéim a bhí ar dhúshláin fostaíochta agus shóisialta sna moltaí a eisíodh chuig na Ballstáit. Cuireadh scórchlár sóisialta nua i láthair sa Dréacht-Tuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht. Déanann sé rianú ar threocht agus ar fheidhmíocht i dtíortha uile an Aontais i dtaca le trí réimse a bhaineann le 20 prionsabal an Cholúin: comhdheiseanna agus rochtain chothrom ar an margadh saothair; dálaí oibre cothroma; agus cosaint shóisialta agus cuimsiú sóisialta.

Agus gealladh maith faoi chúrsaí eacnamaíochta, féachann moltaí tírshonracha 2018 le cur chuige réamhbhreathnaitheach a chur chun cinn, cur chuige a dhíríonn ar bhonn a chur faoin bhfás inbhuanaithe cuimsitheach fadtéarmach. Chun an sprioc sin a bhaint amach beidh rannpháirtíocht ar gach leibhéal ríthábhachtach, an rannpháirtíocht le páirtithe sóisialta agus leis an tsochaí shibhialta san áireamh. Ghlac an Chomhairle na moltaí i mí Iúil.

Tacaíocht a thabhairt do leasuithe sna Ballstáit

Cé gur bhisigh geilleagar na hEorpa agus go bhfuil sé ag fás leis go leanúnach, tá tuilleadh athchóirithe struchtúracha de dhíth chun ár gcuid geilleagar a dhéanamh níos inbhuanaithe, níos cuimsithí, níos táirgiúla agus níos buanseasmhaí.

Chun tacú leis na hiarrachtaí sin ar athchóiriú, bhunaigh an Coimisiún an tSeirbhís Tacaíochta um Athchóiriú in 2015, seirbhís a chuidíonn leis na Ballstáit athchóirithe a ullmhú, a dhearadh agus a chur chun feidhme. Ní thugtar an tacaíocht seo ach amháin má iarrtar í, agus bíonn sí saincheaptha don Bhallstát lena mbaineann.

Is mó go mór an t-éileamh a bhí ar an tseirbhís ná mar a bhí súil leis. Go n-uige seo, tá cúnamh tugtha ag an tSeirbhís, tríd an gClár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach agus foinsí eile, do bheagnach 500 tionscadal um thacaíocht theicniúil i 25 Bhallstát. Is éard atá i gceist leis sin, mar shampla, cúnamh a thabhairt do na Ballstáit córais oideachais agus córais chúraim sláinte a athchóiriú, bainistíocht airgeadais phoiblí a nuachóiriú, údaráis chánach a athchóiriú, éifeachtúlacht an riaracháin phoiblí agus an chórais bhreithiúnaigh a mhéadú, an geilleagar digiteach a fhorbairt, timpeallachtaí a chruthú atá fabhrach do lucht gnó agus an teacht a bhíonn ar mhaoiniú a éascú.

Mar shampla, fuair Aireacht Dlí agus Cirt na Cróite tacaíocht agus í ag féachaint le bainistíocht cúirte na tíre a fheabhsú chun córas breithiúnach éifeachtach agus meas ar an smacht reachta a neartú. Tá an Coimisiún ag tacú leis an tSlóvaic freisin agus í ag féachaint leis an gcóras sláinte a dhéanamh níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla, agus anuas air sin tá an Coimisiún ag tabhairt tacaíochta don Laitvia a straitéis chánach mheántéarmach a chur chun feidhme. Tugadh tacaíocht don Bhulgáir freisin chun timpeallacht a chruthú atá níos fabhraí do lucht gnó agus tacaíodh leis na stáit Bhaltacha chun cuidiú le feidhmiú na margaí caipitil sa réigiún a fheabhsú.

Ó tharla méadú a bheith ag teacht ar an éileamh ó na Ballstáit mhol an Coimisiún i mí na Nollag 2017 an maoiniú don Chlár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach a mhéadú. D’fhaomh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an togra in 2018, rud a fhágann gurb é €222.8 milliún an buiséad iomlán don Chlár go dtí 2020. Cuirfidh sé sin ar chumas an Aontais freagairt d’éileamh mór na mBallstát ar thacaíocht.

Iomaíocht chothrom

Le 10 mbliana anuas, is mór a chuidigh an rialú a dhéanann an tAontas ar an státchabhair san earnáil baincéireachta chun earnáil baincéireachta an Aontais a chur ar a seanléim trí bheith ag tabhairt ar na bainc, mar choinníoll le tacaíocht Stáit a fháil, a gcláir chomhardaithe a athstruchtúrú agus caoi a chur orthu. Chomh maith leis sin chuidigh an Coimisiún le dul i ngleic leis na fadhbanna iarmhartacha atá fós ag bainc na hEorpa.

Sa Chipir, d’fhaomh an Coimisiún státchabhair chun maoiniú a dhéanamh ar imeacht ordúil Cyprus Cooperative Bank as an margadh, codanna de Hellenic Bank a dhíol agus deireadh a chur le €6 bhilliún d’iasachtaí neamhthuillmheacha. Lena chois sin thug an Chipir gealltanais cheangailteacha an creat breithiúnach a athchóiriú, beart a chuideoidh chun dul i ngleic le fadhb na n-iasachtaí neamhthuillmheacha san am atá le teacht agus chun na costais a bheidh ar cháiníocóirí a laghdú. San Iodáil, d’éirigh le Banca Monte dei Paschi, mar chuid dá phlean athstruchtúrúcháin, drochiasachtaí dar luach €24.6 billiún a dhiúscairt a bhuí le “GACS”, scéim ráthaíochta na hIodáile atá saor ó chabhair agus a bunaíodh in 2016. Ó mhí Eanáir go mí Mheán Fómhair 2018, rinneadh naoi gcinn eile d’idirbhearta margadh-oiriúnacha trí mheán GACS, bearta a bhain €14.4 billiún eile de dhrochiasachtaí as córas baincéireachta na hIodáile.

Ina theannta sin, bhí toradh dearfach ar an imscrúdú a thug an Coimisiún i gcrích maidir leis an gcabhair a fuair Nova Ljubljanska Banka sa tSlóivéin in 2013 nuair a ghlac an banc sin le bearta cabhrach ón Stát, bearta a chinnteoidh go mbeidh sé ina ghníomhaí inmharthana i margadh baincéireachta na Slóivéine arís.

In 2018, d’fhaomh an Coimisiún go ndíolfaí HSH Nordbank sa Ghearmáin le hinfheisteoirí príobháideacha gan aon chabhair bhreise. Go deimhin, tá bunús na mbanc a fuair tacaíocht ó na cáiníocóirí le linn na géarchéime ar mhaithe leis an gcobhsaíocht airgeadais, tá siad anois ag imeacht as a bpróiseas státchabhrach agus is amhlaidh atá siad tarraingteach arís do rannpháirtithe an mhargaidh phríobháidigh.

Leanfar den rialú neamhspleách ar an státchabhair san earnáil baincéireachta chun a chinntiú go bhfuil an earnáil airgeadais cothrom agus iomaíoch, agus cloífear go dlúth le creat um réiteach bainc an Aontais Bhaincéireachta chuige sin freisin.

Ról idirnáisiúnta an euro a neartú

An Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin Valdis Dombrovskis agus Christine Lagarde, Stiúrthóir Bainistíochta an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, ag Cruinnithe Earraigh an Bhainc Ceannais agus CAI, Washington, Stáit Aontaithe Mheiriceá, an 21 Aibreán 2018.

An Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin Valdis Dombrovskis agus Christine Lagarde, Stiúrthóir Bainistíochta an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, ag Cruinnithe Earraigh an Bhainc Ceannais agus CAI, Washington, Stáit Aontaithe Mheiriceá, an 21 Aibreán 2018.

Ina aitheasc ar Staid an Aontais i mí Mheán Fómhair d’fhógair Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, pleananna chun tuilleadh tionscnamh a thabhairt isteach le ról idirnáisiúnta an euro a neartú. I mí na Nollag a fógraíodh na tionscnaimh sin ón gCoimisiún agus léiríonn siad tiomantas na hEorpa taobhú le geilleagar oscailte iltaobhach riailbhunaithe, agus tá an poitéinseal iontu leas mór a dhéanamh do shaoránaigh agus do chuideachtaí na hEorpa, trí chostais trádála níos ísle, trí rogha níos fairsinge, trí rochtain níos fearr ar mhaoiniú, trí neamhspleáchas níos mó agus trí chóras airgeadais domhanda níos buanseasmhaí, mar shampla. I gcroí na dtionscnamh tá pleananna i dtaobh an euro a dhéanamh níos tarraingtí mar airgeadra domhanda trí bhuanseasmhacht gheilleagar na hEorpa a mhéadú mar aon le doimhneacht, leachtacht agus éifeachtúlacht mhargaí airgeadais na hEorpa, go háirithe trí Aontas na Margaí Caipitil a thabhairt i gcrích. Chomh maith leis sin, iarrtar iontu úsáid níos mó a bhaint as an euro in earnálacha straitéiseacha, san earnáil fuinnimh, san earnáil amhábhair agus san earnáil iompair mar shampla, agus ionadaíocht níos aontaithe a dhéanamh ar an limistéar euro ar an leibhéal idirnáisiúnta.

Buiséad fadtéarmach an Aontais 2021-2027

I mí na Bealtaine 2018, chuir an Coimisiún Eorpach dhá thogra i láthair a léiríonn an chaoi a bhféadfadh an chéad bhuiséad eile a bheidh ag an Aontas (2021-2027) cur le cobhsaíocht, le cóineasú agus le comhtháthú sa limistéar euro agus san Aontas agus iad ag cur le folláine agus le buanseasmhacht an gheilleagair ag an am céanna.

Leis an gClár Tacaíochta um Athchóiriú atáthar a mholadh tabharfar tacaíocht d’athchóirithe tábhachtacha i ngach Ballstát. Beidh buiséad iomlán €25 bhilliún ag an gclár céanna. Tá trí ghné i gceist leis: Uirlis Athchóiriúcháin, chun tacaíocht airgeadais a thabhairt d’athchóirithe, Ionstraim Tacaíochta Teicniúla, chun comhairle theicniúil a thabhairt agus a roinnt; agus Saoráid um Chóineasú chun cuidiú leis na Ballstáit sin atá ag dul isteach sa limistéar euro. Cuirfidh an Clár ar chumas an Aontais freagairt d’éileamh mór na mBallstát ar thacaíocht chun athchóirithe a chuireann feabhas ar fhás a ullmhú, a dhearadh agus a chur chun feidhme.

Beidh an togra maidir le Sásra Eorpach um Chobhsú Infheistíochtaí, ina chuidiú le leibhéil na hinfheistíochta poiblí a chobhsú agus téarnamh eacnamaíoch tapa a éascú i gcás suaitheadh eacnamaíoch mór sna Ballstáit atá sa limistéar euro agus sna Ballstáit sin atá rannpháirteach sa Mheicníocht Rátaí Malairte Eorpach.

Caibidil 6

Beartas trádála cothrom forásach chun leas a bhaint as an domhandú

“Is é is ciall le beartas trádála na hEorpa an leas is mó a bhaint as deiseanna le comhpháirtithe, i ngach cearn den domhan, atá ar comhintinn linn. Ciallaíonn sé, freisin, féachaint leis an gcóras domhanda riailbhunaithe a fheabhsú agus a mhúnlú le go leanfaidh sé air ag tabhairt na síochána, an rathúnais agus an dul chun cinn.”

Jean-Claude Juncker, Eochairóráid “Cor cinniúnach don chaidreamh trasatlantach”, 25 Iúil 2018

Radharc ar long lasta lánluchtaithe ar an bhfarraige agus longa eile níos faide amach.
© Fotolia

© Fotolia

In 2018 rinne an tAontas Eorpach athdhearbhú ar a ionad mar chumhacht trádála, agus lean sé de bheith ar cheann de na geilleagair is oscailte ar domhan agus de bheith ag brú chun cinn le clár uaillmhianach caibidlíochta trádála, clár a bhfuil sé d’aidhm leis margaí a oscailt agus dálaí cothroma iomaíochta a chruthú, ar fud an domhain, do chuideachtaí Eorpacha. Tá comhaontuithe trádála tugtha i gcrích ag an Aontas le 70 tír ar fud an domhain, rud is fiú 40 % d’olltáirge intíre an domhain iomláin. Tá geilleagar na hEorpa ag brath ar an trádáil: le gach €1 bhilliún d’easpórtálacha, tacaítear le 14 000 post san Aontas. A bheith oscailte don domhan agus ardchaighdeáin a bheith againn, is é sin, fós, an bealach is fearr chun leas a bhaint as an domhandú do mhuintir uile na hEorpa.

Ó tharla 36 mhilliún post san Aontas a bheith ag brath ar easpórtálacha, 80 % de na hiompórtálacha a bheith á n-úsáid chun earraí nó seirbhísí de chuid an Aontais a tháirgeadh nó a chur ar fáil, agus ó tharla go bhfuiltear ag súil gur as lasmuigh den Aontas a thiocfaidh 90 % den fhás domhanda sna deicheanna beaga de bhlianta amach romhainn, tá an trádáil oscailte níos tábhachtaí ná riamh don Aontas Eorpach.

Mar dhóigh chun bonn a chur faoin rathúnas, tá an tAontas tiomanta do chóras trádála iltaobhach riailbhunaithe. Tá príomhról aige i gcónaí san Eagraíocht Dhomhanda Trádála agus tá smaointe curtha i láthair aige chun an eagraíocht sin a athchóiriú. Nuair a sháraíonn stáit eile na rialacha trádála idirnáisiúnta nó nuair a théann siad i mbun cleachtais éagóracha trádála, cosnaíonn an tAontas gnólachtaí, oibrithe agus saoránaigh na hEorpa.

In 2018, chosain an tAontas a leasanna in aghaidh claontaí cosantachais agus in aghaidh na mbacainní trádála atá ag teacht chun cinn. Tháinig rialacha níos láidre agus níos éifeachtaí i bhfeidhm i dtaca le cosaint na trádála. Chomh maith leis sin, chuir an tAontas tús le próiseas chun creat nua a chur ar bun lena ndéanfar scagadh ar infheistíochtaí straitéiseacha a thagann ó lasmuigh den Aontas.

Tháinig an tAontas ar chomhaontú trádála nua le Meicsiceo, shínigh sé margadh trádála leis an tSeapáin agus lean sé air leis na cainteanna le Mercasur. Rinne an tAontas dul chun cinn maith le caibidlíochtaí trádála eile, an chaibidlíocht leis an tSile ar cheann acu, agus chuir sé tús le cainteanna i dtaca le comhaontuithe trádála leis an Astráil agus leis an Nua-Shéalainn.

Beartas trádála cothrom forásach

Le blianta beaga anuas, is i méad atá na dúshláin atá roimh an trádáil idirnáisiúnta ag dul, arae tá amhras ann arís faoi éifeachtaí an domhandaithe, táthar ag ceistiú an chuspóra atá le comhaontuithe trádála, ag ceistiú an fhiúntais atá iontu, agus tá an cosantachas ag borradh arís. Chun dul i gleic leis sin, in 2018 ghéaraigh an tAontas go mór ar a chuid oibre chun cosaint a thabhairt don chóras riailbhunaithe trádála idirnáisiúnta a bhfuil an Eagraíocht Dhomhanda Trádála mar fhoras aige; agus é i mbun na hoibre sin d’oibrigh sé go dlúth i gcomhar lena chomhpháirtithe trádála d’fhonn rialacha na trádála idirnáisiúnta a nuachóiriú.

Lean an tAontas air leis an bpríomhról atá aige san Eagraíocht Dhomhanda Trádála. D’athdhearbhaigh an tAontas a thiomantas i leith na hEagraíochta, agus d’athdhearbhaigh sé freisin go leanfadh sé de bheith ag tacú leis an iarracht saincheisteanna móra a réiteach sa chóras iltaobhach trádála domhanda. I mí Mheán Fómhair 2018, chuir an tAontas i láthair páipéar coincheapa maidir le hathchóiriú na heagraíochta. Tharraing sé aird ar leith ar a riachtanaí agus atá sé nuashonrú a dhéanamh ar an leabhar rialacha a bhaineann le fóirdheontais agus le haistrithe éigeantacha teicneolaíochta, rudaí atá ina mbunchúis leis an méadú teannais sa trádáil, agus ar an riachtanas atá le breis trédhearcachta a bheith san eagraíocht. Chuir sé béim, freisin, ar a riachtanaí agus atá sé deireadh a chur leis an mbac atá ar cheapadh comhaltaí ar an gComhlacht Achomhairc, ionas go seasfaidh an córas réitithe díospóidí atá ag an eagraíocht.

Fairis sin, caithfidh an beartas trádála a bheith éifeachtach, trédhearcach agus ní mór é a bhunú ar luachanna. Leanadh den chur chuige céanna in 2018, is é sin treoir a ghlacadh ó na prionsabail bhunúsacha atá in An Straitéis Trádáil do Chách, 2015 (2015 Trade For All Strategy): a bheith oscailte don domhan agus ardchaighdeáin a bheith againn, is é sin, fós, an bealach is oiriúnaí chun an domhandú a chur chun leasa do chách san Aontas.

Lean an tAontas den obair atá ar siúl aige chun comhaontuithe nua trádála a chaibidlíocht, na comhaontuithe atá ann cheana a thabhairt cothrom le dáta, agus chun a chinntiú go mbeidh na gnólachtaí, na hoibrithe agus na tomhaltóirí in ann iomlán tairbhe a bhaint as na buntáistí a thagann as comhaontuithe trádála.

Rinneadh dul chun cinn le hullmhú na reachtaíochta le haghaidh an chreata atá molta ag an Aontas chun scagadh a dhéanamh ar infheistíocht dhíreach ón gcoigríoch, ar chúiseanna a bhaineann leis an tslándáil agus leis an ord poiblí. Tá sé d’aidhm leis sin a chinntiú go mbeidh an infheistíocht ón gcoigríoch fós ina foinse thábhachtach fáis ag an Aontas, agus a chinntiú, mar sin féin, go gcosnaítear bunleasanna an Aontais. I mí na Samhna, tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú polaitiúil maidir le cruth deiridh an chreata. Tá an Pharlaimint le vóta a chaitheamh ar an gcomhaontú i mí Feabhra 2019 agus tá an Chomhairle leis an Rialachán a ghlacadh gan mhoill ina dhiaidh sin. Meastar go dtiocfaidh an Rialachán i bhfeidhm i mí an Aibreáin 2019.

Trí bhíthin na Straitéise um Rochtain ar an Margadh atá aige, téann an tAontas i ngleic le bacainní atá roimh an rochtain ar an margadh, ar fud an domhain, agus, san am céanna, cloíonn sé leis an tiomantas atá aige don trádáil chothrom riailbhunaithe fhreagrach.

An Eoraip ag tabhairt cosanta

Ilchríoch oscailte í an Eoraip, ach más ea, níl sí saonta. Tá a cosa i dtaca ag an Aontas, i dtaca lena luachanna agus a leasanna a chosaint. Tugann beartas trádála an Aontais cosaint stóinseach do ghnólachtaí agus d’oibrithe an Aontais aon uair a sháraíonn stáit eile na rialacha domhanda trádála nó aon uair a théitear i mbun cleachtais éagóracha trádála.

Nuair a theipeann ar na hidirghabhálacha taidhleoireachta, ní leasc leis an Aontas tairbhe a bhaint as sásra réitithe díospóidí na hEagraíochta Domhanda Trádála chun a chearta a fhorfheidhmiú agus chun lántairbhe a bhaint as a bhallraíocht ar mhaithe le gnólachtaí, oibrithe agus feirmeoirí na hEorpa. In 2018 thionscain an tAontas nósanna imeachta in aghaidh na Síne i dtaca le haistrithe teicneolaíochta, agus in aghaidh na Stát Aontaithe i dtaca leis na bearta a rinne siad maidir le hiompórtáil cruach agus alúmanaim. Fuarthas toradh ar na nósanna imeachta díospóide sin: in 2018 stad an Rúis de bheith ag forchur dleachtanna frithdhumpála ar fheithiclí éadroma tráchtála as an nGearmáin agus an Iodáil.

Tugann uirlisí cosanta trádála an Aontais cosaint do 360 000 post san Eoraip

Agus é ag déanamh de réir rialacha na hEagraíochta Trádála Domhanda agus de réir reachtaíocht an Aontais, chuir an tAontas tús le 10 gcinn d’fhiosrúcháin nua faoi chleachtais éagóracha trádála agus d’fhorchuir sé seacht gcinn de bhearta nua cosanta trádála in aghaidh na gcleachtas céanna. Ar na bearta sin a d’fhorchuir sé bhí dleachtanna frithdhumpála ar chruach ón tSín, rud a d’fhágfadh go mbeadh na praghsanna easpórtálacha de réir luach margaidh cothrom. Chomh maith leis sin, chuir an tAontas tús le 17 gcinn d’fhiosrúcháin athbhreithnithe nua agus rinne sé athnuachan, go ceann tréimhse 5 bliana eile, ar bhearta a bhí i bhfeidhm cheana.

I mí Iúil, d’fhorchuir an tAontas bearta cosanta sealadacha ar iompórtálacha 23 chatagóir táirgí cruach. Tá na bearta sin dírithe ar dhul i ngleic leis an bhféidearthacht go dtiocfadh athruithe treo i dtreis i dtrádáil na cruach, go mbeadh cruach á heaspórtáil chun an Aontais Eorpaigh ó thíortha eile de dheasca na dtaraifí breise a d’fhorchuir na Stáit Aontaithe.

Chomh maith leis sin tugann an tAontas cosaint dá chuid tionscal aon uair a thionscnaíonn tríú tíortha fiosrúcháin cosanta trádála (fiosrúcháin frithdhumpála, frithchúitimh nó cosanta) in aghaidh easpórtálacha ón Aontas. Samplaí de sin na himeachtaí a thionscain na Stáit Aontaithe (cruach agus alúmanam, painéil ghréine, ológa), an Tuirc (boinn feithiclí) agus Iosrael (smearáin chacó).

In 2018, i mí an Mheithimh, tháinig i bhfeidhm reachtaíocht nuachóirithe an Aontais maidir le frithdhumpáil agus frithchúiteamh. An reachtaíocht nuachóirithe sin, maille leis na hathruithe a rinneadh, i mí na Nollag, 2017, ar na rialacha a bhaineann le ríomh an chorrlaigh dumpála i gcásanna ina ndíchumtar praghsanna agus costais, de dheasca idirghabhálacha stáit, is iad sin an chéad mhórbhabhta athchóirithe a rinneadh ar ghléasanna cosanta trádála an Aontais ó cuireadh an Eagraíocht Dhomhanda Trádála ar bun in 1994. Cuireann na rialacháin nua gléasanna cosanta trádála an Aontais in oiriúint do na dúshláin atá romhainn san eacnamaíocht dhomhanda. Tá siad níos éifeachtaí, níos trédhearcaí, agus is fusa do ghnólachtaí iad a úsáid, agus cuireann siad ar chumas an Aontais dleachtanna níos airde a fhorchur ar tháirgí atá á ndumpáil.

I dtaca le paitinní, tá siad ríthábhachtach do gheilleagar an Aontais Eorpaigh, agus don trádáil idirnáisiúnta, mar dhreasuithe chun nuálaíochta, agus ar an dóigh chéanna tá an rochtain ar chaighdeáin tábhachtach don fhorbairt theicneolaíoch. An gaol idir paitínní agus caighdeáin, tá sé ar cheann de thosaíochtaí an Aontais. I mí Dheireadh Fómhair, bhunaigh an tAontas grúpa ina bhfuil 15 shaineolaí ar Phaitinní Caighdeánacha Bunriachtanacha. Tá na paitinní sin ina gcuid den teicneolaíocht chaighdeánaithe, agus cuireann an grúpa saineolas ar fáil agus cuireann sé comhairle ar an gCoimisiún Eorpach faoin dóigh le feabhas a chur ar mhodh a gceadúnaithe. Bhí a chéad chruinniú aige an 12 Samhain.

Go fóill féin, castar bacainní trádála roimh easpórtálaithe an Aontais in áiteanna ar fud an domhain. Sa Tuarascáil Bhliantúil ar Bhacainní Trádála agus Infheistíochta, tuarascáil de chuid an Choimisiúin Eorpaigh a foilsíodh i mí an Mheithimh, taispeántar gur casadh 396 bhacainn roimh easpórtálaithe Eorpacha in 57 dtír le linn 2017, figiúr ab airde go mór ná figiúr 2016. Léirítear sa tuarascáil sin go raibh de thoradh ar an Straitéis um Rochtain ar an Margadh, straitéis de chuid an Choimisiúin Eorpaigh, gur cuireadh deireadh le 45 bhacainn a bhí roimh easpórtálacha ab fhiú €8.2 billiún ón Aontas — dhá oiread an líon bacainní ar cuireadh deireadh leo in 2016.

Tá an tAontas ag glacadh seasamh glan, i gcónaí, i dtaca le hearraí a úsáidtear le haghaidh phionós an bháis nó le haghaidh céastóireachta. I mí Mheán Fómhair, ag Tionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, tionóladh cruinniú den Chomhghuaillíocht Dhomhanda ar son Trádáil Saor ó Earraí Céastóireachta, comhghuaillíocht a bhunaigh an tAontas in 2017 i gcomhar le páirtithe eile. Chuaigh toscairí ó shé thír nua isteach sa Chomhghuaillíocht, den chéaduair, agus toscairí ón Astráil agus ón Nua-Shéalainn orthu sin, agus shocraigh na comhaltaí, d’aon intinn, go rachaidís i gceann bearta chun srian agus cosc a chur le trádáil in earraí a úsáidtear le haghaidh phionós an bháis nó le haghaidh céastóireachta agus shocraigh siad, d’aon intinn, go ndíreoidís ar rún ceangailteach a rith tríd na Náisiúin Aontaithe.

An Eoraip ar thús cadhnaíochta

Na comhaontuithe trádála atá curtha i gcrích ag an Aontas le caibidlíocht nó a bhfuil sé i mbun caibidlíochta fúthu le tíortha ar fud an domhain, tá sé d’aidhm leo a chinntiú go mbeidh an trádáil le leas cách. Cuidíonn na comhaontuithe sin leis an Aontas na caighdeáin arda atá ag an Eoraip a chur i bhfeidhm i bhfad taobh amuigh de theorainneacha na hEorpa, i dtaca le, mar shampla, sábháilteacht bia, cearta oibrithe, an comhshaol agus cearta tomhaltóirí.

Bhí príomhról ag an Aontas sa phlé a rinneadh ag na Náisiúin Aontaithe faoi leasú a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadann infheisteoirí díospóidí le tíortha a réiteach. I rith 2018, lean an tAontas dá iarrachtaí cúirt iltaobhach a bhunú le haghaidh díospóidí dá leithéid a shocrú, rud a bheadh ina dhul chun cinn mór nuálaíoch sa rialachas domhanda.

I mí an Mheithimh, bhronn Coimisinéir Trádála an Aontais, Cecilia Malström, bhronn sí Gradam an Aontais don Chathair is fearr Trádáil Eiticiúil agus Chothrom ar chathair Ghent; aitheantas a bhí sa Ghradam sin do thionscnaimh áitiúla a bhí ag díriú ar chleachtais eiticiúla chothroma a chur chun cinn sa trádáil.

An Comhaontú Trádála idir an tAontas Eorpach agus Meicsiceo

I mí an Aibreáin, chuir an tAontas agus Meicsiceo críoch ar an gcaibidlíocht faoi chomhaontú trádála nua. Trádáil saor ó dhleacht a bheidh sa trádáil earraí ar fad, beagnach, táirgí talmhaíochta san áireamh, idir an tAontas agus Meicsiceo. Bainfidh lucht tionscail agus talmhaíochta an Aontais buntáiste as an simpliú ar an bpróiseas custaim.

Tá na caighdeáin is airde is féidir leagtha síos sa chomhaontú, i dtaca le cosaint lucht saothair agus tomhaltóirí, agus cosaint don tsábháilteacht agus don chomhshaol. Tagraítear ann go sonrach do phrionsabal an réamhchúraim, rud a fhágann gur féidir le lucht déanta beartas gníomhú chun cosaint a thabhairt do shláinte an duine, na n-ainmhithe agus na bplandaí, nó an chomhshaoil, aon uair a bhfeictear dóibh go bhfuil riosca ann, agus an gníomhú sin a dhéanamh ar leibhéal a mheasann siad féin a bheith iomchuí, fiú sa chás nach bhfuil aon chonclúid le fáil as an anailís eolaíochtúil.

Gealltar sa chomhaontú go gcuirfear chun feidhme comhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide. Chomh maith leis sin, tugann sé cosaint do cheart Bhallstáit an Aontais a gcuid seirbhísí poiblí a eagrú ar an dóigh is mian leo.

Is é an chéad chomhaontú trádála é, de chuid an Aontais Eorpaigh, a théann i ngleic leis an éilliú, leithéid na breabaireachta agus an sciúrtha airgid, sna hearnálacha príobháideacha agus poiblí.

De réir an chomhaontaithe, beidh cuideachtaí Eorpacha agus Meicsiceacha ar bhonn cothrom le chéile agus iad ag cur tairiscintí isteach do chonarthaí rialtais i gceachtar den dá mhargadh soláthair phoiblí. Lena chois sin, tugann an comhaontú nua cosaint do chearta maoine intleachtúla agus cuireann sé cosc ar chóipeanna de 340 táirge traidisiúnta bia agus dí de chuid an Aontais a bheith á ndíol i Meicsiceo.

AN tAONTAS EORPACH AGUS MEICSICEO: COMHAONTÚ TRÁDÁLA

Osclaítear deiseanna nua trádála leis an gcomhaontú, i réimsí leithéid seirbhísí airgeadais, an iompair, na r-thráchtála, na teileachumarsáide, agus a bhuí leis an spreagadh a thabharfaidh sé don iomaíocht uaillmhianach agus a bhuí leis na forálacha i dtaca le fóirdheontais, cuideoidh sé an cothrom iomaíochta a chur chun cinn agus treisiú leis an rochtain ar an margadh.

Tairbhe eile atá sa chomhaontú, is é sin go gcuireann sé feabhas ar na dálaí infheistíochta, agus tá córas nua cúirte infheistíochta an Aontais ina chuid de, rud a chinntíonn trédhearcacht agus ceart na rialtas ar a bheith ag rialú ar son an leasa phoiblí. D’aontaigh an tAontas agus Meicsiceo go ndíreoidís ar Chúirt Infheistíochta lltaobhach a bhunú.

An Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche leis an tSeapáin

Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, i láthair ag an gcruinniú mullaigh idir an tAontas agus an tSeapáin in éineacht le Shinzō Abe, Príomh-Aire na Seapáine, Tóiceo na Seapáine, an 17 Iúil 2018.

Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, i láthair ag an gcruinniú mullaigh idir an tAontas agus an tSeapáin in éineacht le Shinzō Abe, Príomh-Aire na Seapáine, Tóiceo na Seapáine, an 17 Iúil 2018.

Ag cruinniú mullaigh an Aontais Eorpaigh agus na Seapáine i mí Iúil, shínigh Uachtarán an Choimisiúin, Jean-Claude Juncker, agus Uachtarán na Comhairle, Donald Tusk agus Príomh-Aire na Seapáine, Shinzō Abe, an Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin, an comhaontú trádála déthaobhach is mó dár chuir an tAontas riamh i gcrích.

An tiomantas don daonlathas, do chosaint chearta an duine, don tsaorthrádáil oscailte, don iltaobhachas agus don ord idirnáisiúnta riailbhunaithe, is tiomantas é atá ag an tSeapáin agus ag an Aontas araon. Tá an tSeapáin le fada ina comhpháirtí straitéiseach ag an Aontas agus is comhghuaillí tábhachtach í i ngnóthaí domhanda.

An Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche a tháinig i bhfeidhm an 1 Feabhra 2019, cruthóidh sé limistéar trádála oscailte a mbeidh 635 mhilliún duine ann agus beagnach aon trian d’olltáirgeacht intíre an domhain. Cuirfidh sé deireadh le bacainní trádála, agus cuideoidh sé leis an Aontas agus leis an tSeapáin agus iad ag obair le chéile chun na rialacha trádála domhanda a mhúnlú.

Cuirfidh an tAontas deireadh le hiomlán, beagnach, an luach €1 bhilliún de dhleachtanna a íocann cuideachtaí Eorpacha a bhíonn ag easpórtáil chun na Seapáine, agus cuirfidh sé deireadh, freisin, le roinnt bacainní rialála atá ann le fada, i dtaca le heaspórtáil gluaisteán ón Aontas, mar shampla. Tiocfaidh, dá thoradh, méadú ar easpórtálacha ón Aontas agus cruthóidh sé deiseanna nua do chuideachtaí Eorpacha a rachaidh chun tairbhe do na saoránaigh. Is fairsinge na deiseanna a bheidh ann dá thairbhe, go háirithe maidir le príomhábhair easpórtála earnáil talmhaíochta an Aontais, agus tabharfaidh sé cosaint, i margadh na Seapáine, d’ainmneacha breis agus 200 táirge traidisiúnta bia agus dí. Fágfaidh an Comhaontú go mbeidh sé níos éasca do chuideachtaí as an Aontas seirbhísí a chur ar fáil sa tSeapáin. Na forálacha i dtaca le hiomaíocht agus fóirdheontais, cuideoidh siad an cothrom iomaíochta a chur chun cinn. Chomh maith leis sin, tá caibidil ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide sa Chomhaontú. Déantar foráil ann do phointí teagmhála agus faisnéis dhírithe le haghaidh gnólachtaí beaga, rud a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis ó tharla gur gnólachtaí beaga iad ceithre chúigiú díobh sin a bhíonn ag easpórtáil chun na Seapáine san am i láthair.

Tá na caighdeáin is airde is féidir leagtha síos sa chomhaontú, i dtaca le cosaint lucht saothair agus tomhaltóirí, agus cosaint don tsábháilteacht agus don chomhshaol, agus tugann sé cosaint iomlán do sheirbhísí poiblí. Tá caibidil ar leith ann ar an bhforbairt inbhuanaithe, agus is é an chéad chomhaontú trádála de chuid an Aontais é ina dtugtar gealltanas ar leith cloí le Comhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide.

I rith 2018, lean an tAontas den chaibidlíocht leis an tSeapáin maidir le caighdeáin don chosaint infheistíochta agus don réiteach díospóidí, agus bhí trí chruinniú acu lena linn.

AN COMHAONTÚ COMHPHÁIRTÍOCHTA EACNAMAÍCHE IDIR AN tAONTAS AGUS AN tSEAPÁIN — EASPÓRTÁLAITHE I DO CHEANTAR FÉIN

An Comhaontú Cuimsitheach Eacnamaíoch agus Trádála le Ceanada

An Coimisinéir Cecilia Malmström ag bualadh le Jim Carr, Aire Éagsúlú Trádála Idirnáisiúnta Cheanada, ar chomóradh bliana an Chomhaontaithe Chuimsithigh Eacnamaíoch agus Trádála, Montréal, Ceanada, an 26 Meán Fómhair 2018.

An Coimisinéir Cecilia Malmström ag bualadh le Jim Carr, Aire Éagsúlú Trádála Idirnáisiúnta Cheanada, ar chomóradh bliana an Chomhaontaithe Chuimsithigh Eacnamaíoch agus Trádála, Montréal, Ceanada, an 26 Meán Fómhair 2018.

An 21 Meán Fómhair 2018, rinneadh comóradh ar an gComhaontú Cuimsitheach Eacnamaíoch agus Trádála idir an tAontas Eorpach agus Ceanada, arae ba é sin cothrom an lae, bliain roimhe sin, ar tosaíodh á chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach.

D’fhéadfadh sé go sábhálfadh an comhaontú trádála sin breis agus €500 milliún sa bhliain de tharaifí a d’íocadh cuideachtaí de chuid an Aontais le Ceanada ar a gcuid easpórtálacha san am a caitheadh. Cuireadh tús le beagnach 99 % den tsábháil sin an chéad lá ar tháinig ann don chomhaontú.

Tá na gnólachtaí uile in ann am agus airgead a shábháil, a bhuí leis an éascú a rinneadh ar na nósanna imeachta. Chomh maith leis sin, is féidir le tomhaltóirí an Aontais tairbhe a bhaint as an mbreis rogha agus as an ísliú ar phraghsanna.

AN COMHAONTÚ CUIMSITHEACH EACNAMAÍOCH AGUS TRÁDÁLA IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS CEANADA — EASPÓRTÁLAITHE I DO CHEANTAR FÉIN

Próiseas caibidlíochta trédhearcach cuimsitheach

Dála mar a bhí riamh, bhí an trédhearcacht agus an caidreamh leis an bpobal ina gcuid ríthábhachtach den bheartas trádála in 2018 arae tá siad sin riachtanach chun an daonlathas, muinín an phobail agus an chuntasacht a chinntiú. Caithfidh an méid sin a bheith ann ag gach tráth, is é sin roimh thús na caibidlíochta, lena linn agus ina ndiaidh, agus ar ndóigh tráth a chuirtear na comhaontuithe chun feidhme.

TRÉDHEARCACHT I gCAIBIDLÍOCHT TRÁDÁLA
IDIRPHLÉ LEIS AN tSOCHAÍ SHIBHIALTA I dTACA LE BEARTAS TRÁDÁLA

Amhail a rinne sé riamh aon uair a bhí caibidlíocht á déanamh ar chomhaontuithe trádála, lean an Coimisiún Eorpach de bheith ag foilsiú na dtuarascálacha ar na babhtaí caibidlíochta, ag foilsiú na bpáipéar seasaimh agus na moltaí i leith théacs na gcomhaontuithe. D’fhoilsigh sé freisin mórchuid ábhar breise a bhain leis an gcomhaontú trádála idir an tAontas agus Meicsiceo. Le linn 2018, d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach an dara Tuarascáil Bhliantúil chuimsitheach uaidh, tuarascáil ina ndéantar measúnú ar chur chun feidhme chomhaontuithe trádála an Aontais. Chuir sin ar chumas institiúidí eile de chuid an Aontais, agus ar chumas geallsealbhóirí agus na sochaí sibhialta, mionscrúdú a dhéanamh ar an gcaoi a raibh an tAontas ag cur na gcomhaontuithe chun feidhme. Tá ceachtanna ann freisin a mbainfear tairbhe astu le linn caibidlíochtaí atá ar siúl faoi láthair nó a dhéanfar amach anseo.

I mí Feabhra, bhí a chéad cheann de shé chruinniú ag an ngrúpa comhairleach nua maidir le caibidlíocht thrádála an Aontais. 28 eagraíocht atá sa ghrúpa, agus iad ann thar ceann gnólachtaí, ceardchumann, tomhaltóirí agus comhlachtaí comhshaoil, agus is aidhm don ghrúpa idirphlé a chur ar siúl agus tuairimí a bhailiú ó réimse fairsing geallsealbhóirí.

Stáit Aontaithe Mheiriceá

Ba é an áit a raibh an fócas, i dtaca le Stáit Aontaithe Mheiriceá (“SAM”), aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann leis an leas coiteann. I mí an Mheithimh, d’fhorchuir SAM taraifí ar easpórtálacha cruach agus alúmanaim ón Aontas. Ba é a mheas an tAontas nach raibh údar maith leis na taraifí sin, go raibh siad mídhleathach, agus mheas sé nach raibh de rogha aige ach bearta athchothromaithe a thabhairt i bhfeidhm i dtaca le heaspórtálacha ó SAM. Nuair a casadh ar a chéile, i mí Iúil, Uachtarán an Choimisiúin, Jean-Claude Juncker, agus Uachtarán SAM, Donald Trump, shocraigh siad, d’aon intinn, Grúpa Oibre Feidhmiúcháin a bhunú chun éascaíocht a dhéanamh don trádáil agus clár dearfach don trádáil thrasatlantach a fhorbairt. Tá sé d’aidhm ag an nGrúpa teacht ar dhóigheanna chun an comhar i ngnóthaí rialála a mhéadú, taraifí ar earraí tionsclaíocha (seachas feithiclí) a chur ar ceal, éascaíocht a dhéanamh don trádáil i bpónairí soighe, breis trádála a chur á déanamh i ngás nádúrtha leachtaithe ar mhaithe le treisiú leis an tslándáil fuinnimh, agus an Eagraíocht Dhomhanda Trádála a athchóiriú.

Tionóladh ceithre chruinniú ar an leibhéal polaitiúil ó cuireadh an Grúpa ar bun, cruinnithe ag ar díríodh ar shaincheisteanna rialála a phlé. Tá toradh maith faighte as sin, cheana féin. I dtaca le gás nádúrtha leachtaithe, tá roinnt bheag conarthaí fadtréimhseacha sínithe ag cuideachtaí as an Aontas le cuideachtaí as SAM, agus tá tús curtha ag an Aontas le tionscadail nua le haghaidh bonneagair agus críochfort. Thoiligh SAM a chuid ceanglas ceadúnacháin a bhogadh, i dtaca le heaspórtáil gáis nadúrtha leachtaithe chun an Aontais Eorpaigh. I dtaca le pónairí soighe, tá a scair de mhargadh an Aontais dúbailte, a bheag nó a mhór, acu sin atá ag easpórtáil ó SAM. Thoiligh an dá thaobh gan taraifí nua a thabhairt i bhfeidhm ina gcuid trádála fad a bheidh an obair sin ag dul ar aghaidh.

An tSín

D’éirigh go maith leis an Aontas Eorpach ag an gcruinniú mullaigh leis an tSín in 2018. Chomh maith leis sin, bhí trí cinn de bhabhtaí cainteanna aige a bhí dírithe ar chomhaontú infheistíochta a dhéanamh leis an tSín; sna cainteanna i dtimpeall an chruinnithe mullaigh, rinneadh na chéad tairiscintí i dtaca le rochtain ar na margaí. Rinneadh dhá bhabhta caibidlíochta ar chomhaontú a thabharfadh cosaint d’ainmneacha táirgí traidisiúnta bia agus dí. Thoiligh an tSín oibriú i gcomhar leis an Aontas chun an Eagraíocht Dhomhanda Trádála a athchóiriú ionas go mbeidh an eagraíocht in ann dul i ngleic leis na dúshláin atá roimpi.

Caibidlíochtaí eile

Tá comhaontuithe trádála ag an Aontas Eorpach le 70 comhpháirtí, agus cumhdaíonn siad sin 40 % d’olltáirgeacht intíre an domhain. Agus é de rún acu margaí nua a oscailt d’easpórtálacha ón Eoraip, chuir an tAontas tús le caibidlíochtaí nua trádála agus rinne sé dul chun maith le caibidlíochtaí atá ar siúl cheana.

An chomharsanacht theas agus thoir

Sa chomharsanacht theas, tháinig airí agus ionadaithe trádála as 43 de thíortha an Aontais don Réigiún Meánmhuirí i gceann a chéile i mí an Mhárta, den chéad uair ó bhí 2010 ann, chun tiomáint a chur as an nua faoin gclár réigiúnach trádála agus infheistíochta. D’fhormhuinigh siad pleananna gníomhaíochta i dtaca le comhar méadaithe in iliomad réimsí agus sa chomhrac in aghaidh píoráideachta agus góchumtha.

Rinneadh dul chun, trí bhíthin dhá bhabhta caibidlíochta le linn 2018, maidir le Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála a bhunú leis an Túinéis.

I mí an Mheithimh, thionól an Coimisiún Eorpach agus Comhairle Comhair Stáit Arabacha na Murascaille (“AGCC”) an dara cruinniú san Idirphlé AE-AGCC ar Thrádáil agus Infheistíocht.

Sa chomharsanacht thoir dhírigh an tAontas ar chur chun feidhme a chomhaontuithe le haghaidh Limistéir Dhoimhne Chuimsitheacha Saorthrádála leis an tSeoirsia, leis an Moldóiv agus leis an Úcráin.

Meiriceá Laidineach

Leanadh leis na cainteanna le Mercasur (an Airgintín, an Bhrasaíl, Paragua agus Uragua) le linn 2018. Tá sé d’aidhm leis an gcaibidlíocht sin dhá mhargadh thábhachtacha réigiúnacha a chomhtháthú, taraifí a chiorrú, tuilleadh deiseanna gnó a chruthú in Mercosur, rogha an tomhaltóra a leathnú, an rómhaorlathas a leasú, cur le fás agus iomaíochas, luachanna coiteanna ar nós na forbartha inbhuanaithe a chur chun cinn, agus poist a chruthú.

FÍRICÍ TÁBHACHTACHA I dTACA LE MERCOSUR

I mí na Samhna thionól an tAontas trí bhabhta caibidlíochta leis an tSile chun Comhaontú Saorthrádála 2002 idir an tAontas agus an tSile a thabhairt cothrom le dáta. Mhol an tAontas forálacha píolótacha i dtaca le trádáil agus inscne.

I mí an Aibreáin, chuir an tAontas críoch ar chaibidlíocht lena ndearnadh nuachóiriú ar an gcomhaontú trádála le Meicsiceo.

An Áise agus an Astraláise

An 19 Deireadh Fómhair shínigh an tAontas comhaontú trádála agus infheistíochta le Singeapór. I mí Dheireadh Fómhair, freisin, agus críoch curtha ar na comhaontuithe trádála agus infheistíochta le Vítneam, chuir an Coimisiún na comhaontuithe sin faoi bhráid na Comhairle lena bhformheas agus faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa le go dtoileodh sí leo. Rinne an tAontas trí bhabhta cainteanna trádála leis an Indinéis. Tá sé d’aidhm leis an gcaibidlíocht an trádáil agus an infheistíocht dhíreach idir an tAontas agus an Indinéis a mhéadú. Is é an cuspóir atá ann comhaontuithe a fháil a bheidh ar aon dul, mórán, leis na comhaontuithe a rinneadh le Singeapór agus le Vítneam.

An Coimisinéir Karmenu Vella ag bualadh le Siti Nurbaya Bakar, Aire Comhshaoil agus Foraoiseachta na hIndinéise, ag an 8ú Comhphlé Gnólachtaí idir an tAontas Eorpach agus an Indinéis in Iacárta na hIndinéise, an 25 Deireadh Fómhair 2018.

An Coimisinéir Karmenu Vella ag bualadh le Siti Nurbaya Bakar, Aire Comhshaoil agus Foraoiseachta na hIndinéise, ag an 8ú Comhphlé Gnólachtaí idir an tAontas Eorpach agus an Indinéis in Iacárta na hIndinéise, an 25 Deireadh Fómhair 2018.

TRÁDÁIL DHÉTHAOBHACH AN AONTAIS LEIS AN ASTRÁIL AGUS  AN NUA-SHÉALAINN

I mí an Mheithimh thionscain an tAontas caibidlíochtaí chun comhaontuithe trádála a bhaint amach leis an Astráil agus leis an Nua-Shéalainn.

Le linn 2018, bhí dhá bhabhta cainteanna ag an Aontas le gach tír díobh agus d’fhoilsigh an tAontas moltaí maidir le 18 gcinn de réimsí caibidlíochta.

Tíortha san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin

I mí Lúnasa shínigh an Ghaimbia an Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir-réigiúnach leis an Aontas; nuair a shínigh, ba í an 14ú tír í, as Iarthar na hAfraice, a rinne amhlaidh. Shínigh an Mharatáin é i mí Mheán Fómhair, an 15ú tír a rinne amhlaidh (agus níl in easnamh anois ach síniú na Nígéire). An 5 Nollaig d’fhormheas an Chomhairle aontachas Shamó leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche le tíortha san Aigéan Ciúin. Is comhaontuithe trádála agus forbartha iad na Comhaontuithe Comhpháirtíochta Eacnamaíche, toradh caibidlíochta idir an tAontas agus tíortha nó réigiúin san Afraic, i Muir Chairib nó san Aigéan Ciúin. Táthar á gcur chun úsáide faoi láthair i 30 tír, nó tuairim air sin, san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin. Ní miste dearcadh ar na comhaontuithe sin mar chéimeanna ionsar limistéar saorthrádála idir-ilchríochach a chruthú san am atá le teacht, rud atá ar cheann d’aidhmeanna na comhghuaillíochta nua sin, an Chomhghuaillíocht idir an Afraic agus an Eoraip le haghaidh Infheistíocht agus Poist Inbhuanaithe, agus rud a thacaíonn leis na hiarrachtaí atá ar siúl san Afraic le limistéar saorthrádála a bhaint amach ar an ilchríoch sin.

An Bhliain i bPictiúir

Uachtarán na Comhairle Donald Tusk, Uachtarán an Choimisiúin Jean-Claude Juncker agus Príomh-Aire na Bulgáire Boyko Borissov i láthair ag searmanas oscailte Uachtaránacht Chomhairle na Bulgáire, Sófia na Bulgáire, an 11 Eanáir 2018.

Uachtarán na Comhairle Donald Tusk, Uachtarán an Choimisiúin Jean-Claude Juncker agus Príomh-Aire na Bulgáire Boyko Borissov i láthair ag searmanas oscailte Uachtaránacht Chomhairle na Bulgáire, Sófia na Bulgáire, an 11 Eanáir 2018.

Seoladh Bliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha an 31 Eanáir 2018. Ar an bpóstaer feachtais a úsáideadh chun an Bhliain a chur chun cinn tá éagsúlacht agus foirmeacha ilchineálacha na hoidhreachta cultúrtha atá ar fud na hEorpa.

Seoladh Bliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha an 31 Eanáir 2018. Ar an bpóstaer feachtais a úsáideadh chun an Bhliain a chur chun cinn tá éagsúlacht agus foirmeacha ilchineálacha na hoidhreachta cultúrtha atá ar fud na hEorpa.

Tháinig Cinn Stáit nó Rialtais AE-28 le chéile do Chruinniú Comhchéime an Earraigh den Chomhairle Eorpach agus díríodh ar ghnóthaí eacnamaíocha, agus an trádáil agus an cánachas san áireamh, an Bhruiséil, an Bheilg, an 22 Márta 2018.

Tháinig Cinn Stáit nó Rialtais AE-28 le chéile do Chruinniú Comhchéime an Earraigh den Chomhairle Eorpach agus díríodh ar ghnóthaí eacnamaíocha, agus an trádáil agus an cánachas san áireamh, an Bhruiséil, an Bheilg, an 22 Márta 2018.

Póstaer le haghaidh ceann de na cúig ghearrscannán a coimisiúnaíodh don fheachtas EU and Me, a stiúir scannánóirí Eorpacha cáiliúla, faoi na cearta éagsúla atá ag daoine san Aontas. Baineadh bonn óir amach mar gheall ar an bhfeachtas sin ag an bhFéile Cannes Lions. Seoladh an feachtas an 9 Bealtaine 2018.

Póstaer le haghaidh ceann de na cúig ghearrscannán a coimisiúnaíodh don fheachtas EU and Me, a stiúir scannánóirí Eorpacha cáiliúla, faoi na cearta éagsúla atá ag daoine san Aontas. Baineadh bonn óir amach mar gheall ar an bhfeachtas sin ag an bhFéile Cannes Lions. Seoladh an feachtas an 9 Bealtaine 2018.

Bhí Plasticus, míol mór plaisteach déanta as an méid céanna plaistigh a shroicheann an fharraige mhór gach soicind, mar chuid de sheoladh an #PassOnPlastic Pledge, an Bhruiséil, an Bheilg, an 15 Bealtaine 2018.

Bhí Plasticus, míol mór plaisteach déanta as an méid céanna plaistigh a shroicheann an fharraige mhór gach soicind, mar chuid de sheoladh an #PassOnPlastic Pledge, an Bhruiséil, an Bheilg, an 15 Bealtaine 2018.

Uachtarán na Fraince Emmanuel Macron, Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe Theresa May agus Seansailéir na Gearmáine Angela Merkel ag déanamh geábh siúil trasna Dhroichead na Leannán le linn an Chruinnithe Mullaigh idir an tAontas Eorpach agus na Balcáin Thiar, Sóifia na Bulgáire, an 17 Bealtaine 2018.

Uachtarán na Fraince Emmanuel Macron, Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe Theresa May agus Seansailéir na Gearmáine Angela Merkel ag déanamh geábh siúil trasna Dhroichead na Leannán le linn an Chruinnithe Mullaigh idir an tAontas Eorpach agus na Balcáin Thiar, Sóifia na Bulgáire, an 17 Bealtaine 2018.

Bhí nóiméad ciúnais ann i gcuimhne Nicole Fontaine, iarUachtarán Pharlaimint na hEorpa (1999 go 2002), tar éis a báis i mí na Bealtaine, Strasbourg na Fraince, an 28 Bealtaine 2018.

Bhí nóiméad ciúnais ann i gcuimhne Nicole Fontaine, iarUachtarán Pharlaimint na hEorpa (1999 go 2002), tar éis a báis i mí na Bealtaine, Strasbourg na Fraince, an 28 Bealtaine 2018.

Uachtarán na Comhairle Donald Tusk, Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe Theresa May, Seansailéir na Gearmáine Angela Merkel, Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump, Príomh-Aire Cheanada Justin Trudeau, Uachtarán na Fraince Emmanuel Macron, Príomh-Aire na Seapáine Shinzō Abe, Príomh-Aire na hIodáile Giuseppe Conte agus Uachtarán an Choimisiúin Jean-Claude Juncker i láthair ag Cruinniú Mullaigh G7 in Québec, Ceanada, an 8 Meitheamh 2018.

Uachtarán na Comhairle Donald Tusk, Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe Theresa May, Seansailéir na Gearmáine Angela Merkel, Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump, Príomh-Aire Cheanada Justin Trudeau, Uachtarán na Fraince Emmanuel Macron, Príomh-Aire na Seapáine Shinzō Abe, Príomh-Aire na hIodáile Giuseppe Conte agus Uachtarán an Choimisiúin Jean-Claude Juncker i láthair ag Cruinniú Mullaigh G7 in Québec, Ceanada, an 8 Meitheamh 2018.

Bronnadh gradam náisiúnta de chuid na Fraince ar Simone Veil, iarFheisire i bParlaimint na hEorpa agus an chéad Uachtarán mná ar Pharlaimint na hEorpa, agus cuireadh sa Phaintéón í. Níor bronnadh an gradam sin ach ar chúigear ban agus tá sise ar an gcúigiú duine díobh sin, Páras, an Fhrainc, an 1 Iúil 2018. © Associated Press

© Associated Press

Bronnadh gradam náisiúnta de chuid na Fraince ar Simone Veil, iarFheisire i bParlaimint na hEorpa agus an chéad Uachtarán mná ar Pharlaimint na hEorpa, agus cuireadh sa Phaintéón í. Níor bronnadh an gradam sin ach ar chúigear ban agus tá sise ar an gcúigiú duine díobh sin, Páras, an Fhrainc, an 1 Iúil 2018.

Thit líon na ndaoine dífhostaithe go dtí an leibhéal is ísle ó 2008 i leith, agus shroich ráta dífhostaíochta an Aontais Eorpaigh an bhuaic is airde riamh de réir staitisticí Eurostat a eisíodh an 2 Iúil 2018.

Thit líon na ndaoine dífhostaithe go dtí an leibhéal is ísle ó 2008 i leith, agus shroich ráta dífhostaíochta an Aontais Eorpaigh an bhuaic is airde riamh de réir staitisticí Eurostat a eisíodh an 2 Iúil 2018.

Uachtarán an Choimisiúin Jean-Claude Juncker agus Príomh-Aire na Síne Li Keqiang ag an gCruinniú Mullaigh idir an tAontas Eorpach agus an tSín, Béising na Síne, an 16 Iúil 2018.

Uachtarán an Choimisiúin Jean-Claude Juncker agus Príomh-Aire na Síne Li Keqiang ag an gCruinniú Mullaigh idir an tAontas Eorpach agus an tSín, Béising na Síne, an 16 Iúil 2018.

Uachtarán na Comhairle Donald Tusk, Príomh-Aire na Seapáine Shinzō Abe agus Uachtarán an Choimisiúin Jean-Claude Juncker i láthair ag an gCruinniú Mullaigh idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin tar éis comhaontú tábhachtach, Comhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin, a shíniú, Tóiceo na Seapáine, an 17 Iúil 2018.

Uachtarán na Comhairle Donald Tusk, Príomh-Aire na Seapáine Shinzō Abe agus Uachtarán an Choimisiúin Jean-Claude Juncker i láthair ag an gCruinniú Mullaigh idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin tar éis comhaontú tábhachtach, Comhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin, a shíniú, Tóiceo na Seapáine, an 17 Iúil 2018.

Ceanglaíonn fear a charr leictreach de phol luchtaithe poiblí, cuid de thionscadal na cathrach cliste City-zen in Amstardam na hÍsiltíre a fuair maoiniú ón gclár Fís 2020 de chuid an Aontais Eorpaigh. Tá an maoiniú sin mar chuid den Phlean Infheistíochta don Eoraip de chuid an Uachtaráin Juncker, rud a sháraigh a sprioc infheistíochta bhunaidh, €315 bhilliún, an 18 Iúil 2018.

Ceanglaíonn fear a charr leictreach de phol luchtaithe poiblí, cuid de thionscadal na cathrach cliste City-zen in Amstardam na hÍsiltíre a fuair maoiniú ón gclár Fís 2020 de chuid an Aontais Eorpaigh. Tá an maoiniú sin mar chuid den Phlean Infheistíochta don Eoraip de chuid an Uachtaráin Juncker, rud a sháraigh a sprioc infheistíochta bhunaidh, €315 bhilliún, an 18 Iúil 2018.

Cáiseanna Eorpacha ar díol in Wellington, an Nua-Shéalainn. Chuir an tAontas Eorpach agus an Nua-Shéalainn tús le cainteanna le haghaidh comhaontú trádála cuimsitheach uaillmhianach an 21 Iúil 2018.

Cáiseanna Eorpacha ar díol in Wellington, an Nua-Shéalainn. Chuir an tAontas Eorpach agus an Nua-Shéalainn tús le cainteanna le haghaidh comhaontú trádála cuimsitheach uaillmhianach an 21 Iúil 2018.

Comhraiceoirí dóiteáin ag comhordú na freagartha d’fhalscaithe na Sualainne le linn shamhradh 2018, mar chuid den Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta, rud a thiomsaíonn acmhainní do na Ballstáit in am an ghátair, Kårböle na Sualainne, an 22 Iúil 2018.

Comhraiceoirí dóiteáin ag comhordú na freagartha d’fhalscaithe na Sualainne le linn shamhradh 2018, mar chuid den Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta, rud a thiomsaíonn acmhainní do na Ballstáit in am an ghátair, Kårböle na Sualainne, an 22 Iúil 2018.

Bhrúigh seoladh na satailíte Galileo in Kourou, Guáin na Fraince, Clár Spáis an Aontais Eorpaigh chun cinn. Tá breis agus 10 % d’olltáirgeacht intíre an Aontais ag brath ar sheirbhísí a bhaineann leis an spás cheana féin, an 25 Iúil 2018.

Bhrúigh seoladh na satailíte Galileo in Kourou, Guáin na Fraince, Clár Spáis an Aontais Eorpaigh chun cinn. Tá breis agus 10 % d’olltáirgeacht intíre an Aontais ag brath ar sheirbhísí a bhaineann leis an spás cheana féin, an 25 Iúil 2018.

Uachtarán an Choimisiúin Jean-Claude Juncker agus Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump i láthair ag preasagallamh tar éis an chruinnithe a bhí acu féachaint le laghdú a dhéanamh ar tharaifí agus ar bhacainní trádála eile idir an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe, Washington, na Stáit Aontaithe, an 25 Iúil 2018.

Uachtarán an Choimisiúin Jean-Claude Juncker agus Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump i láthair ag preasagallamh tar éis an chruinnithe a bhí acu féachaint le laghdú a dhéanamh ar tharaifí agus ar bhacainní trádála eile idir an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe, Washington, na Stáit Aontaithe, an 25 Iúil 2018.

D’fhoilsigh an Banc Ceannais Eorpach nótaí bainc €100 agus €200 nua a bhfuil gnéithe slándála nuashonraithe mar chuid díobh — rud a neartaíonn cumais frith-ghóchumtha an euro agus a chomhlánaíonn sraith nótaí bainc Europa, Frankfurt na Gearmáine, an 17 Meán Fómhair 2018. © European Union - European Central Bank

© European Union - European Central Bank

D’fhoilsigh an Banc Ceannais Eorpach nótaí bainc €100 agus €200 nua a bhfuil gnéithe slándála nuashonraithe mar chuid díobh — rud a neartaíonn cumais frith-ghóchumtha an euro agus a chomhlánaíonn sraith nótaí bainc Europa, Frankfurt na Gearmáine, an 17 Meán Fómhair 2018.

Seansailéir na hOstaire Sebastian Kurz, Uachtarán na Comhairle Donald Tusk agus Uachtarán an Choimisiúin Jean-Claude Juncker ag an bpóidiam le linn cruinniú neamhfhoirmiúil de Chinn Stáit nó Rialtais an Aontais chun an tslándáil inmheánach agus an imirce a phlé, Salzburg na hOstaire, an 20 Meán Fómhair 2018.

Seansailéir na hOstaire Sebastian Kurz, Uachtarán na Comhairle Donald Tusk agus Uachtarán an Choimisiúin Jean-Claude Juncker ag an bpóidiam le linn cruinniú neamhfhoirmiúil de Chinn Stáit nó Rialtais an Aontais chun an tslándáil inmheánach agus an imirce a phlé, Salzburg na hOstaire, an 20 Meán Fómhair 2018.

Uachtarán an Choimisiúin Jean-Claude Juncker ag glacadh páirt san 1 000ú Comhphlé leis na Saoránaigh, Freiburg na Gearmáine, an 1 Deireadh Fómhair 2018.

Uachtarán an Choimisiúin Jean-Claude Juncker ag glacadh páirt san 1 000ú Comhphlé leis na Saoránaigh, Freiburg na Gearmáine, an 1 Deireadh Fómhair 2018.

Príomh-Idirbheartaí an Choimisiúin le haghaidh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach, Michel Barnier agus Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe, Theresa May ag bualadh le chéile le haghaidh idirbheartaíocht faoi imeacht na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach, an Bhruiséil, an Bheilg, an 18 Deireadh Fómhair 2018.

Príomh-Idirbheartaí an Choimisiúin le haghaidh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach, Michel Barnier agus Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe, Theresa May ag bualadh le chéile le haghaidh idirbheartaíocht faoi imeacht na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach, an Bhruiséil, an Bheilg, an 18 Deireadh Fómhair 2018.

Searmanas nochta phortráid an iriseora a dúnmharaíodh Daphne Caruana Galizia, i láthair Uachtarán na Parlaiminte Antonio Tajani agus bhaill teaghlaigh Caruana Galizia Uas., Strasbourg na Fraince, an 23 Deireadh Fómhair 2018.

Searmanas nochta phortráid an iriseora a dúnmharaíodh Daphne Caruana Galizia, i láthair Uachtarán na Parlaiminte Antonio Tajani agus bhaill teaghlaigh Caruana Galizia Uas., Strasbourg na Fraince, an 23 Deireadh Fómhair 2018.

Seoladh an feachtas #EUprotects an 25 Deireadh Fómhair 2018. Cuirtear laochra ó gach cearn den Eoraip agus níos faide i gcéin os comhair an phobail faoin mana coiteann Together we protect.

Seoladh an feachtas #EUprotects an 25 Deireadh Fómhair 2018. Cuirtear laochra ó gach cearn den Eoraip agus níos faide i gcéin os comhair an phobail faoin mana coiteann Together we protect.

Tá Géraldine Maitreyi Gupta ar dhuine de na mílte Eorpach óg a liostáil sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach. Bhronn Institiúid na Polaitíochta i Vín na hOstaire an duais “Nuálaíocht sa Pholaitíocht” don “tSibhialtacht” ar an gCór, an 17 Samhain 2018.

Tá Géraldine Maitreyi Gupta ar dhuine de na mílte Eorpach óg a liostáil sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach. Bhronn Institiúid na Polaitíochta i Vín na hOstaire an duais “Nuálaíocht sa Pholaitíocht” don “tSibhialtacht” ar an gCór, an 17 Samhain 2018.

An Berlaymont, an foirgneamh de chuid an Choimisiúin Eorpaigh, faoi shoilse oráiste le tacaíocht leanúnach a thabhairt d’fheachtas na Náisiún Aontaithe Orange the world (An domhan a dhathú oráiste) chun deireadh a chur le foréigean in aghaidh na mban, an Bhruiséil, an Bheilg, an 24 Samhain 2018.

An Berlaymont, an foirgneamh de chuid an Choimisiúin Eorpaigh, faoi shoilse oráiste le tacaíocht leanúnach a thabhairt d’fheachtas na Náisiún Aontaithe Orange the world (An domhan a dhathú oráiste) chun deireadh a chur le foréigean in aghaidh na mban, an Bhruiséil, an Bheilg, an 24 Samhain 2018.

Uachtarán an Choimisiúin Jean-Claude Juncker ag tabhairt aithisc ag an gCruinniú Mullaigh de chuid G20 dírithe ar an trádáil idirnáisiúnta agus ar chórais chánach, Buenos Aires na hAirgintíne, an 30 Samhain 2018.

Uachtarán an Choimisiúin Jean-Claude Juncker ag tabhairt aithisc ag an gCruinniú Mullaigh de chuid G20 dírithe ar an trádáil idirnáisiúnta agus ar chórais chánach, Buenos Aires na hAirgintíne, an 30 Samhain 2018.

Seoladh an #EUROat20 mar cheiliúradh ar na chéad 20 bliain den airgeadra aonair, an Bhruiséil, an Bheilg, an 3 Nollaig 2018.

Seoladh an #EUROat20 mar cheiliúradh ar na chéad 20 bliain den airgeadra aonair, an Bhruiséil, an Bheilg, an 3 Nollaig 2018.

An t eolaí Gérard Mourou ag fáil a Dhuaise Nobel ón Rí Carl XVI Gustaf, an tSualainn. Bhí an tUasal Mourou ar dhuine de bhuaiteoirí Dhuais Nobel na Fisice, i dteannta Arthur Ashkin agus Donna Strickland, toisc gur chuidigh sé le hathrú ó bhun a chur ar an bhfisic léasair. Bronnadh €500 000 ar thionscadal bonneagair taighde an Uasail Mourou ón Seachtú Creatchlár de chuid an Aontais le haghaidh Taighde. Stócólm, an tSualainn, an 10 Nollaig 2018. © Nobel Media AB

© Nobel Media AB

An t eolaí Gérard Mourou ag fáil a Dhuaise Nobel ón Rí Carl XVI Gustaf, an tSualainn. Bhí an tUasal Mourou ar dhuine de bhuaiteoirí Dhuais Nobel na Fisice, i dteannta Arthur Ashkin agus Donna Strickland, toisc gur chuidigh sé le hathrú ó bhun a chur ar an bhfisic léasair. Bronnadh €500 000 ar thionscadal bonneagair taighde an Uasail Mourou ón Seachtú Creatchlár de chuid an Aontais le haghaidh Taighde. Stócólm, an tSualainn, an 10 Nollaig 2018.

Is í an Eoraip a bhí ar thús cadhnaíochta arís i ndáil le cosaint an chomhshaoil in Katowice na Polainne nuair a tháinig tíortha an domhain mhóir ar chomhaontú faoi leabhar nua rialacha le Comhaontú Pháras a chur chun feidhme sa chomhrac in aghaidh an athraithe aeráide, an 15 Nollaig 2018. © Associated Press

© Associated Press

Is í an Eoraip a bhí ar thús cadhnaíochta arís i ndáil le cosaint an chomhshaoil in Katowice na Polainne nuair a tháinig tíortha an domhain mhóir ar chomhaontú faoi leabhar nua rialacha le Comhaontú Pháras a chur chun feidhme sa chomhrac in aghaidh an athraithe aeráide, an 15 Nollaig 2018.

Tá comhartha Strasbourg stronger than hate (Is treise Strasbourg ná an fuath) ar taispeáint ag mórshiúil caoinfhulaingthe i gCearnóg Kleber, Strasbourg na Fraince, tar éis ionsaí ó fhear gunna ar mhargadh Nollag gar don chearnóg, an 16 Nollaig 2018. © Sebastien Bozon / AFP

© Sebastien Bozon / AFP

Tá comhartha Strasbourg stronger than hate (Is treise Strasbourg ná an fuath) ar taispeáint ag mórshiúil caoinfhulaingthe i gCearnóg Kleber, Strasbourg na Fraince, tar éis ionsaí ó fhear gunna ar mhargadh Nollag gar don chearnóg, an 16 Nollaig 2018.

Uachtarán Ruanda Paul Kagame, Seansailéir na hOstaire Sebastian Kurz, Cathaoirleach Choimisiún an Aontais Afracaigh Moussa Faki Mahamat agus Uachtarán an Choimisiúin Jean-Claude Juncker i láthair ag an bhFóram Ardleibhéil idir an Afraic agus an Eoraip maidir leis an gcomhar digiteach, Vín na hOstaire, an 18 Nollaig 2018.

Uachtarán Ruanda Paul Kagame, Seansailéir na hOstaire Sebastian Kurz, Cathaoirleach Choimisiún an Aontais Afracaigh Moussa Faki Mahamat agus Uachtarán an Choimisiúin Jean-Claude Juncker i láthair ag an bhFóram Ardleibhéil idir an Afraic agus an Eoraip maidir leis an gcomhar digiteach, Vín na hOstaire, an 18 Nollaig 2018.

Caibidil 7

Limistéar de cheartas agus de chearta bunúsacha atá bunaithe ar mhuinín fhrithpháirteach

“Tá níos mó i gceist lenár nAontas Eorpach ná cómhargadh mór. Is Aontas comhluachanna é freisin. Leagtar na comhluachanna sin amach sna Conarthaí agus sa Chairt um Chearta Bunúsacha. Bíonn saoránaigh ag súil leis go gcuirfidh a rialtas ceartas, cosaint agus cothromaíocht ar fáil, agus aird iomlán á tabhairt aige ar chearta bunúsacha agus ar an smacht reachta. Éilíonn sé sin comhghníomhaíocht Eorpach freisin, rud a bhíonn bunaithe ar ár gcomhluachanna.”

Jean-Claude Juncker, Treoirlínte Polaitiúla, an 15 Iúil 2014

Púicín ar Bhantiarna an Cheartais agus claíomh i ngreim leathláimhe aici, agus meá go hard sa lámh eile. © Fotolia

© Fotolia

Leagadh bunchlocha deireanacha an Aontais Slándála in 2018 nuair a tugadh isteach tacar nua moltaí a shéanfaidh ar sceimhlitheoirí agus ar choirpigh caoi ar choireanna a dhéanamh. Cuimsíonn na moltaí sin bearta chun rochtain trasteorann ar fhianaise leictreonach agus ar fhaisnéis airgeadais a éascú do na húdaráis forfheidhmithe dlí, bearta chun cosc a chur le calaois doiciméad agus úsáid céannachta bréige, agus rialacha nua i dtaca le sócmhainní coiriúla a chalcadh agus a choigistiú. Chuir an tAontas dlús freisin leis an gcomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta agus i gcoinne ábhar sceimhlitheoireachta ar líne.

I mí na Bealtaine cuireadh tús le ré nua cosanta sonraí ar fud an Aontais nuair a tháinig rialacha nua i bhfeidhm lena gcuirtear creat níos láidre agus níos comhsheasmhaí ar fáil le haghaidh cosaint sonraí do dhaoine, do ghnólachtaí agus d’údaráis riaracháin.

Lean an tAontas de bheith ag obair chun feabhas a chur ar éifeachtacht na gcóras náisiúnta ceartais agus le hurraim an smachta reachta a chur chun cinn agus a chaomhnú. Chun bearta bunúsacha a neartú a thuilleadh, mhol an Coimisiún caighdeáin uile-Aontais chun sceithirí eolais a chosaint, neartaigh sé na comhlachtaí comhionannais, agus d’oibrigh sé ar an bPlean Gníomhaíochta um an mBearna Pá idir na hInscní agus ar an Straitéis Eorpach um Míchumas.

I mí Mheán Fómhair 2018, ghlac an Coimisiún pacáiste beart chun toghcháin oscailte, chothroma agus shábháilte a chinntiú, mar chuid den ullmhúchán do thoghcháin Eorpacha 2019. Bhíothas ag súil le réamh-chomhaontú idir an Pharlaimint agus an Chomhairle i mí Eanáir 2019.

Ghlac an Coimisiún Margadh Nua do Thomhaltóirí lena neartaítear cearta tomhaltóirí sa réimse digiteach, agus córas Eorpach comhshásaimh le haghaidh cásanna ina ndearnadh dochar do ghrúpaí tomhaltóirí.

Aghaidh a thabhairt ar an sceimhlitheoireacht agus ar an gcoireacht san Eoraip

Lean an tAontas de bheith ag cur a Phlean Gníomhaíochta 2017 chun feidhme i dtaca le spásanna poiblí a chosaint, plean ar tugadh níos mó ná €100 milliún maoinithe dó. Cuireadh dlús le cur chun feidhme Phlean Gníomhaíochta Dheireadh Fómhair 2017 i ndáil leis an ullmhacht a fheabhsú maidir le rioscaí ceimiceacha, bitheolaíocha, raideolaíocha agus núicléacha tar éis an méid a thit amach in Salisbury agus in Amesbury na Ríochta Aontaithe.

Tháinig trí threoir ríthábhachtacha i bhfeidhm in 2018 i dtaca le treise a chur leis an gcomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta agus na coireachta tromchúisí, mar atá, an Treoir ón Aontas maidir le Taifead Ainmneacha Paisinéirí (PNR), an Treoir maidir leis an Sceimhlitheoireacht a Chomhrac agus an Treoir maidir le fáil agus seilbh arm a rialú.

Rinne an Coimisiún moltaí i mí Aibreáin chun cosc a chur le maoiniú sceimhlitheoirí tríd an rochtain ar fhaisnéis airgeadais a neartú. Ar an gcaoi sin, thabharfaí rochtain phrapúil do na húdaráis forfheidhmithe dlí ar an bhfaisnéis airgeadais is gá a fháil chun coireanna tromchúiseacha a imscrúdú. Déanann na rialacha nua comhar níos fearr a chur chun cinn idir na húdaráis forfheidhmithe dlí náisiúnta agus na haonaid náisiúnta um fhaisnéis airgeadais, agus le Europol. Tá an moladh á phlé faoi láthair idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, agus tá sé d’aidhm acu é a ghlacadh roimh na toghcháin Eorpacha i mí na Bealtaine 2019.

I mí Mheán Fómhair mhol an Coimisiún rialacha nua i dtaca le hábhar sceimhlitheoireachta a bhaint den idirlíon laistigh de 1 uair an chloig amháin. Soiléiríonn togra róil na n-údarás náisiúnta agus na soláthraithe seirbhíse óstála agus ag am céanna tugann sé isteach coimircí láidre a chinntíonn go n-urramaítear cearta bunúsacha, mar shampla, an tsaoirse cainte agus cruthú dualgais cúraim atá ceangailteach ó thaobh dlí de.

Sheol an Coimisiún tionscnamh freisin lena n-iarrtar ar an gComhairle Eorpach Airteagal 86 den Chonradh a leasú chun cur ar chumas an reachtóra inniúlacht Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a leathnú chun an sceimhlitheoireacht trasteorann a chomhrac ar fud na mBallstát go léir. A bhuí le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a bheith treisithe agus ag feidhmiú ar leibhéal an Aontais, bheifí in ann aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh atá ann faoi láthair san iarracht i gcoinne na sceimhlitheoireachta, agus cur chuige coiteann i gcoinne na sceimhlitheoireachta a bhunú san Aontas — cur chuige a chuimseodh na céimeanna go léir idir imscrúdú agus ionchúiseamh údair na gcoireanna sceimhlitheoireachta.

Baineann coirpigh agus sceimhlitheoirí úsáid as téacstheachtaireachtaí, ríomhphoist agus feidhmchláir chun cumarsáid a dhéanamh le chéile. Bíonn iarratais trasteorann ag baint le níos mó ná leath de na himscrúduithe coiriúla sa lá atá inniu, ar iarratais iad chun fianaise leictreonach a fháil atá i seilbh soláthraithe seirbhíse atá lonnaithe i dtíortha eile. Ní féidir beagnach dhá thrian de na coireanna sin a imscrúdú ná a ionchúiseamh i gceart, áfach, mar gheall ar na deacrachtaí a bhíonn ag imscrúdaitheoirí teacht ar an bhfianaise sin go pras. Chun dul i ngleic leis an bhfadhb sin, mhol an Coimisiún rialacha nua i mí Aibreáin chun go mbeadh rochtain níos éasca ag na húdaráis bhreithiúnacha agus na húdaráis forfheidhmithe dlí ar an bhfianaise sin cibé áit a stóráiltear í san Aontas. I mí na Nollag ghlac an Chomhairle a seasamh caibidlíochta ar an Rialachán atá molta, agus cuirfidh sí tús le caibidlíocht le Parlaimint na hEorpa a luaithe a ghlacfaidh an Pharlaimint a seasamh caibidlíochta féin.

CAD A THIOCFAIDH AS NA TOGRAÍ NUA?
ROCHTAIN AR FHIANAISE LEICTREONACH A ÉASCÚ

An 14 Samhain, glacadh rialachán nua i dtaca le sócmhainní a chalcadh agus a choigistiú thar theorainneacha. Leis na rialacha nua is fusa a bheidh sé sócmhainní coiriúla a ghabháil thar theorainneacha, cistí aindleathacha a chalcadh agus a choigistiú ar bhealach níos éifeachtúla, agus cearta an íospartaigh chun cúitimh a chosaint.

Tháinig an tAontas ar chomhaontú faoi chreat dlíthiúil an Chórais Faisnéise Eorpaigh um Thaifid Choiriúla a fheabhsú trí bhearna sa chóras a dhúnadh agus cabhrú leis na Ballstáit náisiúnaigh tríú tír a ciontaíodh i gcoir a aithint. Cruthóidh an reachtaíocht sin córas láraithe lena sainaithneofar na tíortha san Aontas ónar féidir faisnéis mhionsonraithe faoi chiontuithe a fháil go tapa ó chláir náisiúnta.

Reachtaíocht níos éifeachtúla i gcoinne sciúradh airgid

Mar gheall ar rialacha nua i gcoinne an sciúrtha airgid atá i bhfeidhm ó bhí mí Iúil 2018 ann, ní féidir córais airgeadais an Aontais a úsáid chun airgead a sciúradh ná chun sceimhlitheoirí a mhaoiniú. I mí Dheireadh Fómhair 2018, tháinig an tAontas ar chomhaontú faoi bhearta neartaithe de chuid an dlí choiriúil chun dul i ngleic le sciúradh airgid. Le Treoir nua déanfar na cionta agus na smachtbhannaí i réimse an sciúrtha airgid a chomhchuibhiú agus cinnteofar ar an gcaoi sin go gcuirfear an pionós géar céanna ar choirpigh agus sceimhlitheoirí contúirteacha ar fud an Aontais Eorpaigh ar fad. Bunaithe ar mhodheolaíocht a d’fhoilsigh an Coimisiún i mí an Mheithimh, tá beartas níos láidre curtha i bhfeidhm maidir le sainaithint na ndlínsí tríú tír a bhfuil easnaimh straitéiseacha ar a gcórais i ndáil leis an sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac.

In ainneoin gur creat daingean atá ag an Aontas i gcoinne an sciúrtha airgid, léiríodh go soiléir le cásanna a bhí ann le déanaí a bhain le bainc de chuid an Aontais go bhféadfaí feabhas a chur air, go háirithe ó thaobh comhar trasteorann idir na húdaráis inniúla de. I mí Mheán Fómhair, chuir an Coimisiún togra i láthair chun an mhaoirseacht ar institiúidí airgeadais an Aontais a fheabhsú le dul i ngleic, ar bhealach níos fearr, le baol an sciúrtha airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoirí, go háirithe trí shainordú an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh a threisiú ionas gur féidir leis gníomhú i dtaca le maoirseacht maidir le sciúradh airgid san earnáil airgeadais. Tá an togra á phlé ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle faoi láthair agus tá sé mar aidhm acu é a ghlacadh roimh na toghcháin Eorpacha i mí na Bealtaine 2019.

Ina theannta sin, chuir an Coimisiún togra i láthair i mí Aibreáin lena n-éascófar úsáid a bhaint as faisnéis airgeadais agus faisnéis eile chun coireacht thromchúiseach a chosc agus a chomhrac. Leis an togra sin feabhsófar an comhar idir Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais agus údaráis forfheidhmithe dlí chomh maith le comhar idir na hAonaid um Fhaisnéis Airgeadais féin.

Ar deireadh, ghlac an Coimisiún Rialachán Tarmligthe lena nglactar na caighdeáin theicniúla rialála maidir leis na critéir le haghaidh pointí teagmhála lárnacha a shannadh d’eisitheoirí ríomh-airgid agus do sholáthraithe seirbhíse íocaíochta agus ina bhfuil rialacha maidir lena bhfeidhmeanna.

An ceartas sibhialta

An comhar breithiúnach a fheabhsú

I mí na Bealtaine, ghlac an Coimisiún dhá thogra i dtaca le nuachóiriú agus digitiú an chomhair bhreithiúnaigh i ndáil le doiciméid a sheirbheáil agus fianaise a ghlacadh, a bhfuil sé d’aidhm acu rochtain ar an gceartas sibhialta a dhéanamh níos saoire, níos éifeachtúla agus níos éasca do shaoránaigh agus do ghnólachtaí. Tá na moltaí sin faoi chaibidil sa Chomhairle agus i bParlaimint na hEorpa faoi láthair.

I mí na Nollag, tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú i gcruinnithe tríthaobhacha faoi na rialacha atá beartaithe ar imeachtaí dócmhainneachta chun córais athstruchtúraithe a chur ar bun agus an dara seans a thabhairt d’fhiontraithe. Glacfar an tionscnamh seo go foirmiúil in 2019 agus méadóidh sé na deiseanna atá ann do chuideachtaí inmharthana a bhfuil deacrachtaí airgeadais acu athstruchtúrú a dhéanamh go luath chun féimheacht a sheachaint agus chun nach mbeidh orthu baill foirne a leagan as. Cinnteoidh sé freisin go bhfaighidh fiontraithe macánta an dara seans gnó a dhéanamh tar éis féimheachta.

I mí na Nollag 2018, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil faoin nuashonrú atáthar a mholadh ar “Rialachán IIa na Bruiséile” lena ndéanfaí athchóiriú ar na rialacha le haghaidh cosaint leanaí i ndíospóidí teaghlaigh trasteorann agus lena gcuirfí dlús leis na himeachtaí.

Dlí na gcuideachtaí agus rochtain ar fhaisnéis chuideachta

I mí Aibreáin mhol an Coimisiún rialacha nua maidir le húsáid uirlisí digiteacha agus próisis dhigiteacha i dtaca le dlí na gcuideachtaí agus tiontuithe, cumaisc agus deighiltí trasteorann. Is é is aidhm aige sin é a chur ar chumas cuideachtaí uirlisí digiteacha a úsáid agus iad ag plé le húdaráis phoiblí i dtaca le saincheisteanna a bhaineann le dlí na gcuideachtaí, agus próiseas comhchuibhithe a chur ar fáil do chuideachtaí a dhéanann athstruchtúrú nó athlonnú laistigh den Mhargadh Aonair, agus ag an am céanna níos mó soiléire dhlíthiúil agus níos mó coimircí a chur ar fáil d’fhostaithe, do gheallsealbhóirí agus do chreidiúnaithe. Rinneadh dul chun cinn maith sa chaibidlíocht i bParlaimint na hEorpa agus sa Chomhairle le linn 2018, de réir amchlár uaillmhianach arb é is aidhm dó go nglacfar na rialacha nua le linn an téarma pharlaimintigh reatha.

Le linn 2018 baineadh úsáid go forleathan as Córas Idirnasctha na gClár Gnó, lena ndéantar níos éasca é teacht ar fhaisnéis chuideachtaí san Aontas Eorpach. Rinneadh níos mó ná 372 000 cuardach ar fhaisnéis cuideachtaí agus níos mó na 241 000 iarratas ar shonraí cuideachtaí le linn na chéad 17 mí ó cuireadh an córas i bhfeidhm.

Cosaint níos láidre do shonraí pearsanta

Leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, atá i bhfeidhm ó mhí na Bealtaine 2018, cruthaítear creat cosanta sonraí níos láidre agus níos comhsheasmhaí do dhaoine, do ghnólachtaí agus d’údaráis riaracháin ar fud an Aontais. I mí Eanáir, d’eisigh an Coimisiún treoir lena mínítear na príomhnuálaíochtaí agus na príomhdheiseanna a thugtar isteach leis an Rialachán nua.

Tháinig rialacha nua cosanta sonraí le haghaidh institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais i bhfeidhm an 11 Nollaig 2018.

Tá sé d’aidhm ag na rialacha ríomhphríobháideachais atáthar a mholadh ardleibhéal príobháideachais a chur ar fáil d’úsáideoirí seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus cothrom iomaíochta a sholáthar do ghníomhaithe uile an mhargaidh. Cinntíonn na rialacha nua go mbeidh creat próiseála sonraí láidir comhtháite ann agus cuireann siad na rialacha atá ann cheana, a tugadh isteach in 2002, i gcomhréir leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí chun cearta na saoránach a chaomhnú i dtaca le sonraí pearsanta a chosaint.

Tá tábhacht ag baint le sreafaí sonraí ó thaobh an ghnó de agus ó thaobh fhorfheidhmiú an dlí de. Le cinneadh gurb ann do leibhéal leordhóthanach cosanta sonraí i dtír áirithe nach bhfuil san Aontas, is féidir sonraí pearsanta a aistriú gan aon bhac idir an tAontas Eorpach agus an tír atá i gceist chun críocha gnó agus/nó is féidir leis na húdaráis forfheidhmithe dlí sonraí a mhalartú nuair is gá, ach cinntítear go mbíonn na sonraí sin faoi chosaint i rith an ama.

I mí Iúil, chríochnaigh an tAontas Eorpach agus an tSeapáin an chaibidlíocht ar leordhóthanacht chómhalartach chun críocha tráchtála. Ag an am céanna, tá caibidlíocht ar bun idir an tAontas agus an Chóiré Theas i ndáil le leordhóthanacht chun críocha tráchtála, agus táthar ag súil leis go dtabharfar chun críche í go luath in 2019.

Giovanni Buttarelli, an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, ag bualadh le hAmbasadóir na hIndia Gaitri Issar Kumar, an Bhruiséil, an Bheilg, an 30 Lúnasa 2018.
©An tAontas Eorpach

Giovanni Buttarelli, an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, ag bualadh le hAmbasadóir na hIndia Gaitri Issar Kumar, an Bhruiséil, an Bheilg, an 30 Lúnasa 2018.

Cearta bunúsacha agus córais bhreithiúnacha

Éifeachtacht na gcóras ceartais a fheabhsú agus an smacht reachta a chaomhnú

Is ríthábhachtach córais cheartais a bheith éifeachtach chun dlí an Aontais a chur i bhfeidhm agus le haghaidh na hinfheistíochta. In 2018 bhain an Coimisiún úsáid as Scórchlár Ceartais an Aontais Eorpaigh agus as an Seimeastar Eorpach chun na Ballstáit a spreagadh le neamhspleáchas, cáilíocht agus éifeachtúlacht a gcóras ceartais a fheabhsú. D’eisigh an Chomhairle moltaí maidir leis an tsaincheist sin chuig an gCróit, an Iodáil, an Chipir, an Phortaingéil agus an tSlóvaic i mí Iúil.

I mí Mheán Fómhair tharchuir an Coimisiún cás na Polainne chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh mar gheall ar sháruithe ar phrionsabal an neamhspleáchais bhreithiúnaigh ar tháinig ann dóibh de dheasca an dlí nua de chuid na Polainne lena n-íslítear aois scoir bhreithimh na Cúirte Uachtaraí. D’eisigh an Chúirt Bhreithiúnais bearta eatramhacha lenar ceadaíodh iarratais uile an Choimisiúin go dtí go mbeadh breithiúnas críochnaitheach tugtha ag an gCúirt.

I gcomhthéacs bhuiséad fadtéarmach nua an Aontais, mhol an Coimisiún Rialachán maidir le buiséad an Aontais a chosaint i gcás easnamh i smacht reachta na mBallstát.

Cearta a chosaint agus comhrac a chur ar an idirdhealú

Frans Timmermans, Céad-Leas -Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, ag cur togra an Choimisiúin i láthair maidir le sceithirí a chosaint, an Bhruiséil, an Bheilg, an 23 Aibreán 2018.
©An tAontas Eorpach

Frans Timmermans, Céad Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, ag cur togra an Choimisiúin i láthair maidir le sceithirí a chosaint, an Bhruiséil, an Bheilg, an 23 Aibreán 2018.

I mí Aibreáin, mhol an Coimisiún caighdeáin uile-Eorpacha i dtaca le cosaint do sceithirí eolais a nochtann sáruithe ar rialacha an Aontais, sáruithe a d’fhéadfadh dochar tromchúiseach a dhéanamh do leas an phobail. Feabhsóidh sé sin brath, imscrúdú agus cur i bhfeidhm pionós i dtaca le sáruithe ar dhlíthe an Aontais agus beidh cosaint ann don cheart chun tuairimí a nochtadh agus do cheart saoirse na meán.

I dTuarascáil 2017 ar Chur i bhFeidhm Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, cuireadh i dtábhacht na dúshláin phráinneacha atá ann ó thaobh cearta bunúsacha a chur i bhfeidhm i dtéarmaí praiticiúla i saol na ndaoine. Áirítear ar na dúshláin sin gníomhú níos fearr i ndáil le coireanna fuatha, an fhuathchainte agus an foréigean i gcoinne na mban agus cur chun cinn Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. Aibhsítear sa tuarascáil freisin a thábhachtaí an tsochaí shibhialta a bheith saor agus beoga agus na cúirteanna a bheith neamhspleách.

I mí Iúil, sheol an Coimisiún litir fógra fhoirmiúil chuig an Ungáir i dtaca lena dlí lena ndéantar coir as gníomhaíochtaí a thacaíonn le hiarratais tearmainn agus chónaithe, agus chun urramú rialacha an Aontais i ndáil le saorghluaiseacht daoine a chinntiú chomh maith le hurramú forálacha Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

Coireanna fuatha agus fuathchaint ar líne agus as líne a chomhrac

Bhí torthaí fós ar Chód Iompair an Aontais Eorpaigh maidir le beart a dhéanamh i gcoinne na fuathchainte mídhleathaí ar líne. De réir an tríú meastóireacht ar an gCód, a foilsíodh i mí Eanáir 2018, rinneadh tuilleadh dul chun cinn ó thaobh fuathchaint atá ciníoch nó seineafóibeach ar líne a mheas agus a bhaint anuas go tapa.

An Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin Andrus Ansip i láthair ag preasagallamh maidir le dul i ngleic le hábhar neamhdhleathach ar líne, an Bhruiséil, an Bheilg, an 1 Márta 2018.
©An tAontas Eorpach

An Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin Andrus Ansip i láthair ag preasagallamh maidir le dul i ngleic le hábhar neamhdhleathach ar líne, an Bhruiséil, an Bheilg, an 1 Márta 2018.

AG DUL I nGLEIC LE hÁBHAR MÍDHLEATHACH AR LÍNE

Bhain cuideachtaí TF anuas 70 %, ar an meán, den ábhar a cuireadh ar a súile dóibh agus bhain siad amach an sprioc mórchuid na bhfógraí a mheas laistigh de 24 huair an chloig — bhí an meán os cionn 81 % ina leith sin. Caighdeán don tionscal is ea an Cód feasta sa chomhrac i gcoinne na fuathchainte mídhleathaí: d’fhógair Snapchat, Instagram, Google+ agus Dailymotion le linn 2018 go mbeidís ag cloí leis.

Neamh-idirdhealú agus comhionannas

Tá sé de dhualgas ar gach Ballstát eagraíocht amháin — comhlacht comhionannais — ar a laghad a bheith bunaithe acu ina dtír chun anailís agus monatóireacht a dhéanamh ar an idirdhealú, chomh maith le cóir chomhionann a chur chun cinn agus a chosaint do gach duine atá ina gcónaí sa Bhallstát. I mí an Mheithimh mhol an Coimisiúin tacar beart do Bhallstáit lena chinntiú go dtugann na comhlachtaí comhionannais cosaint éifeachtach do shaoránaigh agus go gcuireann siad comhrac ar an idirdhealú.

Ar an méid atá bainte amach leis an Straitéis Eorpach maidir le Míchumas tá togra an Choimisiúin i dtaca le Gníomh Eorpach Inrochtaineachta chun feabhas a chur ar inrochtaineacht táirgí agus seirbhísí a úsáidtear gach lá, e.g. fóin phóca, ríomhairí, ríomhleabhair, seirbhísí ríomhthráchtála agus baincéireachta. Beidh tionchar dearfach aige sin ar shaol na milliún duine de mhuintir na hEorpa agus beidh sé níos éasca agus níos tarraingtí do ghnólachtaí táirgí agus seirbhísí a chruthú agus a dhíol. Thángthas ar chomhaontú sealadach i mí na Samhna 2018 agus táthar ag súil go nglacfaidh Parlaimint na hEorpa an togra go críochnaitheach faoi mhí Aibreáin 2019.

Frans Timmermans, Céad-Leas -Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, ag glacadh páirt in oscailt oifigiúil na Féile Pride sa Bheilg, an Bhruiséil, an Bheilg, an 19 Bealtaine 2018.
©An tAontas Eorpach

Frans Timmermans, Céad Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, ag glacadh páirt in oscailt oifigiúil na Féile Pride sa Bheilg, an Bhruiséil, an Bheilg, an 19 Bealtaine 2018.

An Coimisinéir Vĕra Jourová ag an gcomhdháil Unlocking Women’s Potential (Cumas na mban a nochtadh), sa Bhruiséil, an Bheilg, an 8 Márta 2018 (Lá Idirnáisiúnta na mBan).

An Coimisinéir Vĕra Jourová ag an gcomhdháil Unlocking Women’s Potential (Cumas na mban a nochtadh), sa Bhruiséil, an Bheilg, an 8 Márta 2018 (Lá Idirnáisiúnta na mBan).

Lean an tAontas de bheith ag cur na héagsúlachta chun cinn trí thacú le gluaiseacht na gCairteanna Éagsúlachta, gluaiseacht ar a bhfuil méadú ag teacht agus a chuireann tacaíocht ar fáil trí bhainistiú éagsúlachta le haghaidh 9 000 eagraíocht ar fud na hEorpa, lena gclúdaítear 15 mhilliún fostaí. Lean sé freisin de bheith ag cur a Liosta Beart chun feidhme chun borradh a chur faoin gcomhionannas LADTI trí mhonatóireacht a dhéanamh ar an reachtaíocht, tionscadail a mhaoiniú agus feasacht a mhúscailt.

I mí Eanáir, d’fhoilsigh an Coimisiún mionmheastóireacht ar chreat an Aontais Eorpaigh do Straitéisí Náisiúnta maidir le Lánpháirtiú na Romach 2011-2020. Rinne an tAontas cur chun cinn gníomhach ar chultúr na Romach le linn Sheachtain AE na Romach i mí Aibreáin agus rinneadh Uileloscadh na Romach a chomóradh.

Ar an meán, tá mná go fóill ag saothrú 16 % níos lú ná fir san Aontas. Chun dul i ngleic leis an mbearna phá idir na hinscní, thosaigh an Coimisiún ag cur plean gníomhaíochta chun feidhme chun comhionannas pá a bhaint amach idir fir agus mná, agus táthar ag súil leis go mbeidh dul chun cinn intomhaiste ann faoi 2020.

Chuir an tAontas i gcrích a aontachas le Coinbhinsiún Iostanbúl de chuid Chomhairle na hEorpa maidir le foréigean in aghaidh na mban agus an foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac. Is céim mhór é sin i dtreo creat dlíthiúil níos cuimsithí ar leibhéal an Aontais Eorpaigh chun deireadh a chur le foréigean inscne.

Frans Timmermans, an Céad-Leas -Uachtarán den Choimisiún Eorpach (ar dheis) agus an staraí Simon Schama (ar chlé) ag glacadh páirt i ndíospóireacht a d’eagraigh an Coimisiún faoi chuimsiú Lá Cuimhneacháin Idirnáisiúnta an Uileloiscthe i gcomhar le Comhdháil Eorpach na nGiúdach agus Músaem Cuimhneacháin Uileloscadh na Stát Aontaithe, an Bhruiséil, an Bheilg, an 24 Eanáir 2018.

Frans Timmermans, an Céad Leas-Uachtarán den Choimisiún Eorpach (ar dheis) agus an staraí Simon Schama (ar chlé) ag glacadh páirt i ndíospóireacht a d’eagraigh an Coimisiún faoi chuimsiú Lá Cuimhneacháin Idirnáisiúnta an Uileloiscthe i gcomhar le Comhdháil Eorpach na nGiúdach agus Músaem Cuimhneacháin Uileloscadh na Stát Aontaithe, an Bhruiséil, an Bheilg, an 24 Eanáir 2018.

Saoránacht an Aontais Eorpaigh

Cosaint chonsalach

I mí na Bealtaine 2018, tháinig rialacha i bhfeidhm i dtaca le cosaint chonsalach, lena soiléirítear cearta shaoránaigh an Aontais cabhair a fháil ó ambasáidí Bhallstáit eile an Aontais i dtír lasmuigh den Aontas Eorpach. Seoladh feachtas faisnéise ar chosaint chonsalach i mí Lúnasa 2018, feachtas a bhí dírithe ar thaistealaithe óga san Eoraip.

I mí na Bealtaine, mhol an Coimisiún feabhsuithe ar na rialacha a bhaineann le Doiciméid Phráinne Taistil de chuid an Aontais chun an doiciméad a dhéanamh níos sláine agus chun na próisis ghaolmhara a chuíchóiriú. Thacaigh Coiste na Parlaiminte um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile leis an moladh agus tá sé faoi chaibidil faoi láthair ag an gComhairle.

Cártaí aitheantais

I mí Aibreáin, mhol an Coimisiún feabhsuithe ar ghnéithe slándála chártaí aitheantais shaoránaigh an Aontais, ar dhoiciméid chónaithe agus ar chártaí cónaithe bhaill teaghlaigh nach den Aontas iad. Leis na rialacha atáthar a mholadh, déanfar na gnéithe slándála a nuachóiriú agus ar an gcaoi sin beidh sé níos éasca do shaoránaigh an Aontais leas a bhaint as a gcearta saorghluaiseachta. Tá cinneadh déanta ag an bParlaimint agus ag an gComhairle dul i mbun caibidlíochta i dtaca leis an togra.

Toghcháin

Mar gheall ar scannal Facebook/Cambridge Analytica, chomh maith leis na rioscaí méadaithe atá ann do thoghcháin de bharr feachtais bréagaisnéise, cibear-ionsaithe agus bagairtí hibrideacha, is tosaíocht de chuid an Choimisiúin feasta é toghcháin oscailte chóra do Pharlaimint na hEorpa a chinntiú in 2019.

Chuige sin, ghlac an Coimisiún, i mí Mheán Fómhair 2018, pacáiste beart chun tacú le húdaráis na mBallstát agus le geallsealbhóirí ábhartha eile ina gcomh-iarrachtaí chun toghcháin oscailte chóra a chinntiú.

An Coimisinéir Julian King ag labhairt ag preasagallamh faoi bhearta nua chun toghcháin shaora agus chóra a chinntiú agus dul i ngleic leis an sceimhlitheoireacht ar líne agus as líne, an Bhruiséil, an Bheilg, an 13 Meán Fómhair 2018.
©An tAontas Eorpach

An Coimisinéir Julian King ag labhairt ag preasagallamh faoi bhearta nua chun toghcháin shaora agus chóra a chinntiú agus dul i ngleic leis an sceimhlitheoireacht ar líne agus as líne, an Bhruiséil, an Bheilg, an 13 Meán Fómhair 2018.

BEARTA CHUN TOGHCHÁIN NA hEORPA A CHOSAINT

Leagadh síos sa phacáiste tacar de bhearta nithiúla, mar atá, comhar feabhsaithe trí ghréasáin comhoibre toghcháin a bhunú (ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon); treoir i dtaca le cur i bhfeidhm rialacha cosanta sonraí i gcomhthéacs toghcháin; níos mó trédhearcachta maidir le fógraí polaitiúla ar líne agus cumarsáid pholaitiúil ar líne; cibearshlándáil neartaithe; forfheidhmiú díograiseach na rialacha toghcháin atá ann cheana, chun an comhthéacs ar líne a chur san áireamh; múscailt feasachta; agus cur i bhfeidhm pionós cuí mar gheall ar mhí-úsáid a bhaint as sonraí pearsanta chun tionchar a imirt d’aon ghnó ar thoradh na dtoghchán Eorpach.

Tomhaltóirí a chosaint

I mí Aibreáin, mhol an Coimisiún Margadh Nua do Thomhaltóirí le cinntiú go mbainfidh tomhaltóirí tairbhe iomlán as a gcearta AE. Moltar sna rialacha nua córas comhshásaimh Eorpach le haghaidh cásanna ina bhfuil dochar déanta do ghrúpaí tomhaltóirí, maille le coimircí cuí ionas nach féidir mí-úsáid a bhaint as. Ag an am céanna, tabharfaidh na rialacha sin cumhachtaí níos láidre d’údaráis tomhaltóirí na mBallstát chun pionóis a ghearradh ar thrádálaithe a sháraíonn na rialacha sin. I mí na Nollag, ghlac Parlaimint na hEorpa a seasamh ar an gcuid sin den Mhargadh Nua a bhaineann le comhshásamh agus bheartaigh sí a seasamh a ghlacadh ar an gcuid eile de i mí Eanáir 2019.

Tá sé d’aidhm freisin ag na rialacha nua cearta tomhaltóirí a chur in oiriúint do na teicneolaíochtaí nua. Ar an gcaoi sin, mar shampla, nuair a bheidh tomhaltóirí ag cuardach margaí agus ardáin ar líne, cuirfear in iúl go soiléir dóibh más rud é go bhfuil trádálaí ag íoc as an toradh cuardaigh. Beidh sé de dhualgas ag margaí ar líne freisin tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi na halgartaim phríomha a shocraíonn rangú na dtorthaí agus faoi cé uaidh a bhfuil an tomhaltóir ag ceannach.

Lean an Coimisiún de bheith ag obair i gcoinne cleachtais tráchtála mhíthreoracha, mar shampla táirge a mhargú leis an maíomh go bhfuil sé comhionann le táirge eile nuair is amhlaidh i ndáiríre go bhfuil éagsúlachtaí suntasacha idir a gcomhdhéanamh nó a saintréithe. Ceann de na bealaí ar leanadh den obair sin ab ea an moladh go ndéanfaí soiléiriú ar an dlí is infheidhme de chuid an Aontais laistigh de thionscnamh an Margaidh Nua do Thomhaltóirí. Ina theannta sin, sheol an Coimisiún modheolaíocht choiteann tástála arna forbairt le lucht tionsclaíochta, modheolaíocht atá á cur chun feidhme mar chuid d’fheachtas tástála ar fud an Aontais.

Faoi na rialacha nua maidir le pacáistí taistil atá i bhfeidhm ó bhí mí Iúil ann, gheobhaidh taistealaithe faisnéis shoiléir faoi cé acu atá á thairiscint dóibh pacáiste a bhfuil cosaint iomlán ag gabháil leis nó socrú nasctha taistil a bhfuil cosaint níos teoranta ag gabháil leis. Bainfidh taistealaithe tairbhe freisin as cearta níos láidre, mar shampla i gcás cealuithe, nó i gcás ina n-ardaíonn an t-eagraí an praghas níos mó ná 8 %.

Gearáin a réiteach lasmuigh den chúirt

Le próiseas an réitigh mhalartaigh díospóide, cinntítear go mbeidh réiteach díospóide inacmhainne agus neamhchlaonta ar fáil do thomhaltóirí agus do thrádálaithe i gcás ina dtéann rud éigin ó rath le ceannach tomhaltóra. Le linn 2018, bunaíodh comhlachtaí réitigh díospóide ag a raibh deimhniú cáilíochta i ngach Ballstát den Aontas.

Comhghníomhaíochtaí chun tomhaltóirí a chosaint

Bhí baint ag an gCoimisiún le roinnt gníomhaíochtaí comhpháirteacha i gcomhar le comhlachtaí náisiúnta chun rialacha cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú in 2018. Tar éis an scannail astaíochtaí dieselgate, thug Volkswagen gealltanas go leanfaidís de bheith ag déanamh na ndeisiúcháin saor in aisce go dtí deireadh 2020. I mí Iúil, bhí 80 % de na gluaisteáin bhainteacha deisithe nó á ndeisiú. Mar thoradh ar ghníomhaíocht chomhpháirteach eile a bhain le Facebook, Twitter agus Google +, feabhsaíodh na téarmaí seirbhíse do níos mó ná 250 milliún duine a úsáideann na meáin shóisialta san Aontas. In 2018, cuireadh tús le caingean in aghaidh AirBnB lena bpraghsáil a dhéanamh níos trédhearcaí agus lena dtéarmaí seirbhíse a chur i gcomhréir le caighdeáin an Aontais.

Táirgí contúirteacha a choinneáil ó thomhaltóirí

Leis an gCóras Mear-Rabhaidh um Tháirgí Neamh-Bhia Contúirteacha ceadaítear malartú a dhéanamh go gasta ar fhaisnéis faoi tháirgí contúirteacha a fhaightear ar an margadh agus faoi na bearta a dhéantar le cinntiú go gcoimeádfar na táirgí ó chustaiméirí, páistí go háirithe. In 2018, rinneadh 2 257 dtáirge chontúirteacha a chur chuig na 31 údarás náisiúnta san Eoraip atá páirteach sa chóras.

De bharr an chórais mear-rabhaidh Safety Gate is féidir faisnéis a mhalartú go pras faoi tháirgí contúirteacha nach táirgí bia iad agus ar baol do shláinte agus do shábháilteacht tomhaltóirí iad.

De bharr an chórais mear-rabhaidh Safety Gate is féidir faisnéis a mhalartú go pras faoi tháirgí contúirteacha nach táirgí bia iad agus ar baol do shláinte agus do shábháilteacht tomhaltóirí iad.

I mí an Mheithimh, shínigh ceithre mhargadh ar líne: Alibaba (thar ceann AliExpress); Amazon; eBay; agus Rakuten France “Gealltanas Sábháilteachta Táirgí” agus gheall siad, i measc nithe eile, táirgí contúirteacha a aimsíonn údaráis náisiúnta faireachais ar a suíomhanna gréasáin a bhaint anuas laistigh de 2 lá oibre.

Léirítear i dTuarascáil Bhliantúil 2017 faoi Chóras Mear-rabhaidh an Aontais Eorpaigh um Bia-ábhair agus Beathú gur tugadh 3 832 fhógra bunaidh faoi rioscaí féideartha bia nó beathaithe le linn 2017, agus gur rangaíodh 942 díobh mar “fholáirimh” lenar bhain imní mhór faoi shláinte.

rescEU

Bonn fónta is ea Sásra an Aontais Eorpaigh um Chosaint Shibhialta mar atá sé faoi láthair le haghaidh gníomhaíocht chomhordaithe uile-Eorpach i ndáil le tubaistí nádúrtha agus tubaistí de dhéantús an duine, ach léirigh séasúr dóiteán foraoise 2018 arís gur gá an Sásra a fheabhsú agus a neartú. Ba mhó ná 130 000 heicteár an t-achar iomlán a dódh san Eoraip in 2018 agus meastar go méadóidh an riosca dóiteáin a thuilleadh mar gheall ar an athrú aeráide. In 2018, bhain an Ghréig, an Laitvia, an Phortaingéil agus an tSualainn leas as Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta chun dul i ngleic le dóiteáin foraoise. Ba le dóiteáin a bhain an cion is mó (35 %) de na hiarratais ar chabhair ón Aontas Eorpach.

I mí na Nollag 2018, tháinig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar chomhaontú sealadach faoi mholadh an Choimisiúin an Sásra a neartú. Leis an togra sin cuirfear borradh faoin infheistíocht i gcosc tubaistí agus in ullmhacht do thubaistí, spreagfar comhthiomsú cúnaimh tríd an gCúltaca Cosanta Sibhialta Eorpach, agus cruthófar cúltaca d’acmhainní breise cosanta sibhialta ar leibhéal an Aontais Eorpaigh chun gníomhú i gcás tubaistí (ar a dtugtar rescEU). I measc acmhainní rescEU beidh eitleáin comhraicthe dóiteáin agus héileacaptair comhraicthe dóiteáin agus, bunaithe ar anailís riosca, beifear in ann acmhainní eile a chuimsiú freisin. Tá na trí hinstitiúid tiomanta don ghlacadh foirmiúil a chur i gcrích agus tá an teacht i bhfeidhm socraithe don chéad leath de 2019.

Buiséad fadtéarmach an Aontais 2021-2027

Mar chuid de bhuiséad fadtéarmach an Aontais don tréimhse 2021-2027, tá molta ag an gCoimisiún Ciste um Cheartas, Cearta agus Luachanna a chruthú dá moltar buiséad €947 milliún don tréimhse 7 mbliana. Díreofar an Ciste ar dhaoine agus eintitis a chuireann le luachanna coiteanna, cearta agus éagsúlacht shaibhir an Aontais Eorpaigh.

Caibidil 8

I dtreo beartas nua maidir leis an imirce

“Ní féidir linn coinneáil de bheith ag argóint chun teacht ar réiteach ad hoc gach uair a thagann long nua i dtír. Ní leor an dlúthpháirtíocht neamhbhuan. Dlúthpháirtíocht bhuan a theastaíonn anois, choíche agus go deo.”

Jean-Claude Juncker, an tAitheasc ar Staid an Aontais, an 12 Meán Fómhair 2018

Grianghraf de víosa Schengen 2018 a eisíodh sa Spáinn. © Fotolia

© Fotolia

In 2018, lean an cur chuige cuimsitheach atá ag an Aontas Eorpach i leith na himirce de bheith éifeachtach: tá comhar níos dlúithe bainte amach le tíortha comhpháirtíochta; tá bainistiú níos fearr á dhéanamh ar na teorainneacha seachtracha; agus tá uirlisí oibríochtúla níos éifeachtaí ann chun teorainneacha a chosaint agus chun an imirce laistigh den Aontas Eorpach a bhainistiú de mheon na dlúthpháirtíochta agus na freagrachta. An obair a rinneadh ar an gClár Oibre Eorpach maidir leis an imirce, ba mhór an cuidiú é chun deireadh a chur leis an imirce neamhrialaithe chontúirteach agus a chinntiú go mbeidh sí sábháilte rialta rianúil as seo amach. Tar éis do líon an ndaoine a tháinig i dtír san Aontas Eorpach a bhuaicphointe a shroicheadh in 2015, tá sreafaí na n-imirceach ar an leibhéal a bhí ann roimh an ngéarchéim.

I mí Mheán Fómhair, chuir an Coimisiún i láthair moltaí nua chun an Garda Teorann agus Cósta Eorpach a dhaingniú ionas go mbeidh buanchór 10 000 ball foirne oibríochtúil aige; chun sainordú níos láidre a bhunú do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann ionas gur féidir leo dul i gcomhar chun foirne comhpháirteacha an Aontais Eorpaigh um bainistiú imirce a chur i mbun oibre i ngach uile chás agus tacaíocht iomlán oibríochtúil a chur ar fáil do na Ballstáit. Mhol an Coimisiún i mí Mheán Fómhair freisin, athbhreithniú spriocdhírithe a dhéanamh ar an Treoir um Fhilleadh chun nósanna imeachta maidir le filleadh atá níos éifeachtaí agus níos simplithe a chur i bhfeidhm.

In 2018, tar éis 2 bhliain d’obair dhian, bhí cúig cinn de sheacht dtogra a beartaíodh chun feabhas a chur ar an gcóras tearmainn atá i bhfeidhm faoi láthair réidh lena nglacadh. Tháinig méadú ar líon na mbealaí dleathacha imirce chuig an Aontas Eorpach i gcás daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu, agus tá bealaí sábháilte dleathacha curtha ar fáil do bheagnach 44 000 duine ó 2015 i leith a bhuí le cláir athlonnaithe.

Sa tuarascáil uaidh i mí na Nollag ar dhul chun cinn an Chlár Oibre Eorpaigh maidir leis an imirce, mhol an Coimisiún arís dlús a chur leis na hiarrachtaí i dtaobh imirce lucht oibre a bhainistiú ar bhealach níos fearr, bunaithe ar riachtanais ár ngeilleagar.

An Clár Oibre Eorpach maidir leis an Imirce

In imeacht na bliana 2018, chuir an Coimisiún roinnt tuarascálacha ar dhul chun cinn i láthair i dtaobh chur chun feidhme an Chláir Oibre Eorpaigh maidir leis an Imirce, ina scrúdaítear na bearta arna ndéanamh chun na sreafaí isteach a chobhsú agus chun bainistiú níos fearr a dhéanamh ar theorainneacha seachtracha an Aontais. Scrúdaíodh sna tuarascálacha sin na hiarrachtaí atá déanta ag an Aontas ó thaobh aghaidh a thabhairt ar na bunchúiseanna atá leis an imirce, tacaíocht a chur ar fáil do na Ballstáit túslíne agus do na tíortha máguaird a bhfuil brú mór imirce orthu, imircigh a chosaint le linn a dturas, nuair a fhilltear iad agus ar athligean isteach dóibh, agus an dul chun cinn atá déanta maidir le bealaí dleathacha ar nós athlonnú.

Sa tuarascáil uaidh i mí na Nollag 2018, thug an Coimisiún le fios a éifeachtach is atá an cur chuige cuimsitheach an Aontais maidir leis an imirce: tá teacht na n-imirceach neamhrialta ar an leibhéal a bhí ann roimh an ngéarchéim, agus táthar tar éis comhar níos dlúithe le tíortha comhpháirtíochta a bhaint amach; tá teorainneacha seachtracha á mbainistiú níos fearr; agus tá uirlisí níos éifeachtaí ann chun imirce a bhainistiú laistigh den Aontas. Thángthas ar an gconclúid sa tuarascáil nach mór leanúint den obair ar gach leibhéal, lasmuigh agus laistigh den Aontas.

Teorainneacha a chosaint agus dul i ngleic le sreafaí neamhrialta

Bainistiú teorainneacha

Le linn na bliana 2018, leanadh den chaibidlíocht i dtaobh an togra ón gCoimisiún in 2017 maidir le Cód Teorainneacha Schengen a thabhairt cothrom le dáta mar fhreagairt ar an ngá le slándáil ár saoránach a ráthú gan aon cheall ar a gceart chun saorghluaiseachta. Is é is cuspóir leis na rialacha maidir le hathbhunú rialuithe sealadacha ag na teorainneacha inmheánacha a oiriúnú do na riachtanais reatha agus coimircí nós imeachta níos láidre a thabhairt isteach ionas go mbeidh rialuithe teorann ag teorainneacha inmheánacha ina rogha dheiridh.

Sa Teachtaireacht uaidh i mí na Nollag maidir leis an Imirce, d’iarr an Coimisiún go ndéanfaí Schengen a athbhunú ina iomláine mar limistéar gan rialuithe sealadacha ag na teorainneacha inmheánacha, agus é bunaithe ar Chomhchóras Eorpach Tearmainn dea-fheidhmithe.

Thug an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta tacaíocht don gharda teorann náisiúnta trí 1 350 saineolaí ar an meán a chur i mbun oibre feadh na mbealaí imirce go léir in 2018. I mí an Mheithimh, d’iarr na Ballstáit go ndéanfaí ról tacaíochta na Gníomhaireachta a dhaingniú, agus comhar le tríú tíortha, acmhainní breise agus sainordú feabhsaithe a chur chun cinn mar chuid de sin.

LÍON NA nDAOINE A FILLEADH IN OIBRÍOCHTAÍ LENAR THACAIGH AN GHNÍOMHAIREACHT EORPACH UM AN nGARDA TEORANN AGUS CÓSTA
ACMHAINN OIBRÍOCHTÚIL NA GNÍOMHAIREACHTA EORPAÍ UM AN nGARDA TEORANN AGUS CÓSTA A MHÉADÚ

Mar fhreagairt air sin, mhol an Coimisiún an Ghníomhaireacht a neartú ionas go mbeidh buanchór 10 000 ball foirne oibríochtúil aici faoi 2020. Beidh cumhachtaí feidhmiúcháin agus a dtrealamh féin ag baill an bhuanchóir chun idirghabháil a dhéanamh, nuair is gá, feadh theorainneacha seachtracha an Aontais Eorpaigh agus i dtíortha nach Ballstáit den Aontas iad. Áirithítear leis an togra freisin go gcoinneoidh Ballstáit a gceannasacht maidir le hoibríochtaí a dhéanfar ag a dteorainneacha. Faoi dheireadh 2018, bhí comhaontú sa Chomhairle idir na Ballstáit maidir le roinnt eilimintí den togra ón gCoimisiún (forálacha maidir le filleadh agus comhar le tríú tíortha) agus tá plé ann i gcónaí maidir leis na heilimintí uile.

Lean an tAontas den chaibidlíocht le tíortha na mBalcán Thiar i dtaca le comhaontuithe comhair oibríochtúil maidir le bainistiú teorainneacha, comhaontuithe a chuirfeadh ar chumas an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh cúnamh a thabhairt agus a fhoireann a chur i mbun oibre nuair is gá sin. I mí Dheireadh Fómhair, shínigh an tAontas Eorpach comhaontú den sórt sin leis an Albáin, agus cuireadh inisealacha le comhaontuithe le Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine (mí Iúil) agus leis an tSeirbia (mí Mheán Fómhair). Tugadh i gcrích caibidlíochtaí le Montainéagró agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin freisin.

Córais faisnéise maidir le slándáil agus bainistiú teorainneacha

Is i mí Dheireadh Fómhair 2018, a tháinig i bhfeidhm an Rialachán lena mbunaítear Córas an Aontais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú taistil (ETIAS). Leis an gcóras nua, bunófar réamhsheiceálacha ar rioscaí slándála agus imirce taistealaithe nach gá víosa a bheith acu agus atá ag baint leasa as saor-rochtain ar limistéar Schengen, agus cuirfidh sin an córas ar shlí a chuir i bhfeidhm faoi dheireadh 2021.

Tar éis theacht i bhfeidhm an dlí nua i mí na Nollaig 2017, chrom an Coimisiún ar chóras nua dul isteach/imeachta a chur chun feidhme le haghaidh limistéar Schengen. Déanfaidh an córas na rialuithe atá ag teorainneacha seachtracha an Aontais a dhaingniú trí shonraí a chlárú faoi dhul isteach agus imeacht agus diúltú cead isteach náisiúnach tríú tír agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha limistéar Schengen. Meastar go mbeidh sé ag feidhmiú faoi dheireadh 2020.

An Córas Faisnéise Schengen a neartú

Tacaíonn Córas Faisnéise Schengen le rialú ar theorainneacha seachtracha agus le comhar d’fhorfheidhmiú an dlí i dtíortha Schengen. I mí na Nollag 2018 tháinig rialacha nua i bhfeidhm chun an córas a dhaingniú. Ar na hathruithe a tugadh isteach tá foláirimh nua maidir le cinntí um fhilleadh agus forfheidhmiú níos fearr a dhéanamh ar thoirmeasc ar theacht isteach, oibleagáid foláirimh atá nasctha le sceimhlitheoireacht a chur ann, mar aon le forálacha níos láidre maidir le leanaí ar iarraidh agus daoine atá i ngátar. Áirítear ann freisin rialacha níos láidre maidir le cosaint sonraí, úsáid níos éifeachtúla méarlorg, lorg dearnana agus íomhánna d’aghaidh chun daoine a shainaithint, agus rochtain níos éasca ar an gcóras do Ghníomhaireachtaí an Aontais.

Idir-inoibritheacht

I mí na Nollag 2017 mhol an Coimisiún reachtaíocht nua maidir le hidir-inoibritheacht córas faisnéise chun a chinntiú go mbeidh rochtain ag gardaí teorann, ag oifigigh inimirce agus ag lucht forfheidhmithe dlí ar an bhfaisnéis a bheidh ag teastáil nuair is gá sin. Faoi dheireadh 2018, bhí dul chun cinn tábhachtach déanta ag Parlaimint na hEorpa agus ag na Ballstáit, rud a chuireann an reachtaíocht ar shlí a ghlactha sa chéad ráithe de 2019.

Filleadh agus athligean isteach

Le tacaíocht ón Aontas Eorpach, thug an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce cúnamh do 16 463 duine filleadh go deonach ón Libia in 2018 amháin. Tá an tAontas ag obair i gcónaí le hAontas na hAfraice, leis na Náisiúin Aontaithe agus le húdaráis na Libia chun deireadh a chur le himircigh a choinneáil go córasach faoi choimeád, leanaí ina measc. A bhuí leis na hiarrachtaí sin, scaoileadh saor ó choinneáil breis agus 2 700 imirceach.

I mí Mheán Fómhair, mhol an Coimisiún athbhreithniú spriocdhírithe a dhéanamh ar an Treoir um Fhilleadh, lena ndéanfar, i dteannta an togra le haghaidh Rialachán nua maidir le Garda Teorann agus Cósta Eorpach, sainordú na Gníomhaireachta maidir le filleadh a neartú, éifeachtacht bheartas an Aontais um fhilleadh a fheabhsú agus, ag an am céanna, a chinntiú go ndéanfar cearta bunúsacha na n-imirceach a urramú.

D’fhonn dlús a chur le nósanna imeachta um fhilleadh agus chun cosc a chur ar éalú agus ar ghluaiseachtaí tánaisteacha neamhrialta, tugtar isteach leis an togra nósanna imeachta simplithe um fhilleadh ag an teorainn sheachtrach ar dhaoine ar diúltaíodh a n-iarratas ar thearmann. Tugtar isteach leis an togra freisin oibleagáid cinntí um fhilleadh a eisiúint láithreach bonn d’iarrthóirí tearmainn ar diúltaíodh dóibh, rud a dhúnfaidh bearna nós imeachta a bhí ann go dtí seo a thug deis do dhaoine éalú, agus rud a chuirfidh de cheangal ar imircigh neamhrialta comhoibriú leis na nósanna imeachta maidir lena sainaithint. Lena chois sin, déantar comhchuibhiú ar na rialacha lena n-ordaítear imircigh neamhrialta a choinneáil faoi choimeád chun críche a n-aistrithe, lena n-áirítear trí uastréimhse choinneála nach lú ná trí mhí a shocrú agus trína chinntiú go bhféadfar imircigh a choinneáil a bhfuil rioscaí don ord phoiblí nó rioscaí slándála ag baint leo. Ar deireadh, cheanglófaí ar na Ballstáit cláir náisiúnta a bhunú chun cúnamh a thabhairt d’imircigh neamhrialta atá toilteanach filleadh go deonach.

Cosaint a thabhairt do dhaoine atá i ngátar

An córas tearmainn a athchóiriú

Seasann an tAontas Eorpach i gcónaí lena luachanna bunúsacha trí chosaint a chur ar fáil do dhaoine a bhfuil cosaint de dhíth orthu, agus tugadh cosaint do 164 055 iarrthóir tearmainn sna chéad naoi mí de 2018. Rinneadh dul chun cinn suntasach, mar thoradh ar 2 bhliain d’obair dhian, ar thograí 2016 ón gCoimisiún chun an Comhchóras Eorpach Tearmainn a athchóiriú, agus tá cúig cinn de sheacht dtograí an Choimisiúin ullamh lena nglacadh: an Rialachán maidir le Cáiliú, an Treoir maidir le Coinníollacha Glactha, an Rialachán maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach Tearmainn, Rialachán Eurodac agus an Rialachán um Chreat Athlonnaithe an Aontais. Cé gur cuid d’athchóiriú níos leithne é, tá a thairbhe shoiléir féin ag baint le gach togra agus is suntasach an difríocht a dhéanfadh gach uile cheann acu san áit a bhfuil gá leis ach é a ghlacadh gan mhoill.

Chomh maith leis sin, rinneadh dul chun cinn tábhachtach ar an Rialachán maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn agus maidir le Rialachán Bhaile Átha Cliath, ar dhá eilimint fhíor-riachtanacha iad de chóras tearmainn a sheasfaidh an aimsir. Arna iarraidh sin do na Ballstáit, d’fhéadfaí socruithe sealadacha a leagan amach a mbeadh na buneilimintí a bheidh i Rialachán Bhaile Átha Cliath amach anseo mar chuid díobh agus bheadh na socruithe sin á n-úsáid go dtí go dtaga rialachán nua Bhaile Átha Cliath i bhfeidhm. Ina theannta sin, agus ar mhaithe le comhréiteach a éascú, mhol an Coimisiún i mí Mheán Fómhair sainordú, uirlisí agus buiséad Ghníomhaireacht Tearmainn an Aontais a leathnú (€321 mhilliún don tréimhse 2019-2020) chun cúnamh níos cuimsithí a chur ar fáil do na Ballstáit le linn an nós imeachta idirnáisiúnta cosanta nuair a iarrtar sin. Agus iad ag obair i gcomhar leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, tacóidh foirne comhpháirteacha an Aontais um bainistiú imirce leis na Ballstáit nuair is gá agus san áit is gá, maidir le cúraimí ar nós iarrthóirí tearmainn a shainaithint agus a chlárú, cinntí a ullmhú maidir le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta agus cúnamh oibríochtúil.

TUILLEADH CÚNAIMH DO NA BALLSTÁIT

“Teophointí” agus tacaíocht don Ghréig, don Iodáil agus don Spáinn

Chun tacú le húdaráis na Gréige agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le heagraíochtaí neamhrialtasacha a bhfuil an ghéarchéim dídeanaithe agus daonnúla sa Ghréig á bainistiú acu, leithdháil an Coimisiún breis agus €816.4 milliún de Chúnamh Éigeandála orthu ó thús na bliana 2015. Tá an cistiú éigeandála sna sála ag an €613.5 milliún a leithdháileadh cheana ar an nGréig faoi na cláir náisiúnta don tréimhse 2014-2020. I ndeireadh na bliana, rinne an Coimisiún bainistiú €252 mhilliún a tharmligean chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta atá ag feidhmiú sa Ghréig, Unicef agus Gníomhaireacht Dídeanaithe na Náisiún Aontaithe (UNHCR) ina measc. Sa bhreis air sin, cuireann an Coimisiún tacaíocht struchtúrach bhuan ar fáil do na húdaráis Ghréagacha sa mhéid agus go mbíonn ionadaíocht bhuan aige ar na hoileáin “teophointí” uile.

An Coimisinéir Dimitris Avramopoulos (ar dheis) ag tabhairt cuairt ar champa dídeanaithe le Dimitris Vitsas, Aire Imirce na Gréige, in Ritsona na Gréige, an 12 Aibreán 2018.

An Coimisinéir Dimitris Avramopoulos (ar dheis) ag tabhairt cuairt ar champa dídeanaithe le Dimitris Vitsas, Aire Imirce na Gréige, in Ritsona na Gréige, an 12 Aibreán 2018.

BEATHA DAOINE A SHÁBHÁIL

Maidir leis an Iodáil, leithdháileadh os cionn €35.5 milliún uirthi in 2018, rud a fhágann gurb é €224.9 milliún méid iomlán na cabhrach éigeandála a cuireadh ar fáil don Iodáil ó bhí 2014 ann. Leithdháileadh an cúnamh éigeandála sin anuas ar an tacaíocht a thug an tAontas Eorpach do chláir náisiúnta na hIodáile faoin gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht agus faoin gCiste um Shlándáil Inmheánach don tréimhse 2014-2020, is é sin maoiniú breis agus €724 mhilliún.

I mí Iúil, i bhfianaise an mhéadaithe a tháinig ar líon na n-imirceach a bhí ag teacht isteach, leithdháileadh €36.01 milliún i bhfoirm cúnamh éigeandála ar an Spáinn chun cur lena hacmhainneacht imircigh a ghlacadh ag a cósta theas agus in Ceuta agus in Melilla, agus chun cabhrú líon na ndaoine a fhilltear ar a dtíortha a mhéadú. Tá an maoiniú éigeandála a tugadh don Spáinn sna sála ag an €737.5 milliún a leithdháileadh ar an Spáinn don bhainistiú imirce, teorann agus slándála faoi chláir náisiúnta don tréimhse 2014-2020.

Maidir le himircigh a tháinig i dtír ag teophointí san Iodáil agus sa Ghréig, rinneadh iad a shainaithint, a chlárú, a méarloirg a thógáil agus a sonraí a sheiceáil sna bunachair sonraí ábhartha slándála. Ina thuarascáil ar dhul chun cinn i mí na Nollag i dtaca leis an gClár Oibre Eorpach maidir leis an Imirce, luaigh an Coimisiún go bhfuil feabhas tagtha ar an gcás sa Ghréig, ach gur gá d’údaráis na Gréige tuilleadh a dhéanamh chun coinníollacha glactha a fheabhsú, chun dlús a chur le hiarratais ar thearmann a phróiseáil agus chun líon na ndaoine a fhilltear ar a dtíortha a mhéadú.

Lean formhór Bhallstáit an Aontais Eorpaigh de bheith ag cuidiú chun an brú atá ar an nGréig agus ar an Iodáil a mhaolú trí iarratasóirí incháilithe ó na tíortha sin a athlonnú, mar is iad an dá thír sin atá ag an túslíne shreafaí na himirce.

An Ráiteas ón Aontas Eorpach agus ón Tuirc

Bhí tábhacht mhór fós leis an Ráiteas ón Aontas Eorpach agus ón Tuirc 2016 maidir le cúl a chur ar mhuiraistir neamhrialta chontúirteacha ó mhórthír na Tuirce go dtí oileáin na Gréige, maidir le beatha daoine a shábháil ar muir agus maidir le Siriaigh a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu a athlonnú.

Is iontach na hiarrachtaí atá déanta ag an Tuirc foscadh agus tacaíocht a chur ar fáil do níos mó ná 3.5 milliún dídeanaí cláraithe ón tSiria, agus tá sé léirithe ag an Aontas go seasfaidh sé go diongbháilte leis an Tuirc i dtaca leis an dúshlán sin. Leanann an tSaoráid do Dhídeanaithe sa Tuirc de bheith ag freastal ar riachtanais na ndídeanaithe agus na bpobal óstach sa Tuirc, i ndlúthchomhar le húdaráis na Tuirce. Sa tSaoráid, cuirtear cabhair ar fáil do bhreis agus 1.3 milliún dídeanaí, trí airgead a aistriú gach mí, oideachas a chur ar fáil do 500 000 leanbh agus cúram sláinte a chur ar fáil do na céadta míle duine, agus dáileadh €1.9 billiún ar an gcaoi sin. Ina theannta sin, chrom an tAontas Eorpach ar an dara tráthchuid den tacaíocht airgeadais dar luach €3 bhilliún a chur chun tairbhe.

LÍON NA nDAOINE A THÁINIG I dTÍR AR OILEÁIN AEIGÉACHA NA GRÉIGE

Tacaíocht airgeadais le haghaidh bhainistiú éifeachtúil na himirce

Tacaíonn an Coimisiún leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag na Ballstáit i dtaca le bainistiú imirce agus teorann a fheabhsú trí mhaoiniú suntasach a chur ar fáil. Leis an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, a bhfuil €576 mhilliún ann, an Ciste Slándála Inmheánaí (Teorainneacha agus Víosa), a bhfuil €567 milliún ann, agus an Ciste Slándála Inmheánaí (Poilíní), a bhfuil €92.7 milliún ann, leanadh de thacaíocht a thabhairt don fhothú acmhainní in 2018, agus cuireadh cúnamh daonnúil agus cúnamh cúraim sláinte ar fáil agus tugadh cuidiú i dtaobh an comhar oibríochtúil a fhorbairt. Maidir leis an tréimhse 2014-2020, meastar gurb é €5.5 billiún luach na tacaíochta ón Aontas d’iarrachtaí náisiúnta i réimsí na himirce agus na slándála don Chiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, agus gur luach €2.9 billiún atá ann i gcás an Chiste Slándála Inmheánaí (gan gníomhaireachtaí a chur san áireamh).

I mí na Nollag 2018, rinne Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle leasú ar na rialacha maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht le go bhféadfaidh na Ballstáit leanúint d’úsáid a bhaint as maoiniú a bhí curtha i leataobh roimhe seo do scéim éigeandála athlonnaithe an Aontais, scéim a raibh rath air agus a tugadh i gcríoch in 2017. Fágfaidh an t-athrú gur féidir leis na Ballstáit leanúint de na cistí atá fágtha a úsáid chun iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta nó tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta a athlonnú nó a athshuí agus, chomh maith leis sin, gur féidir leo freastal ar riachtanais eile a bhaineann le himirce faoi raon feidhme an Chiste.

Imirce a bhainistiú agus beatha daoine a shábháil ar muir

Le hOibríocht Themis, i dteannta oibríochtaí comhpháirteacha eile agus misin chabhlaigh de chuid an Aontais, tugadh tuilleadh tacaíochta don Iodáil chun dul i ngleic le hinimirce neamhrialta trasna na Meánmhara Láir. San iomlán, tá os cionn 690 000 duine tarrtháilte ar muir a bhuíochas sin do na hoibríochtaí sin.

Thairis sin, lean an tAontas de bheith ag obair i gcomhar le húdaráis na Tuirce agus le NATO sa Mheánmhuir Láir agus sa Mhuir Aeigéach chun na líonraí coiriúla smuigleála atá ag feidhmiú sna limistéir sin a chur ó mhaith. Cuireadh leis an gcomhar le comhpháirtithe sa tSaiheil chun dul i ngleic le líonraí smuigleála imirceach agus líonraí gáinneála daoine, i gcomhréir leis an Dearbhú a glacadh in Niamey (an Nígir) i mí an Mhárta.

I gcomhréir le Plean Gníomhaíochta 2015 in aghaidh Smuigleáil Imirceach, i mí na Bealtaine 2018 mhol an Coimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an reachtaíocht lena n-eagraítear an bealach a n-oibríonn na Ballstáit, an tAontas Eorpach agus Gníomhaireacht an Aontais d’Oifigigh Idirchaidrimh Inimirce i gcomhar le chéile. Is éard is aidhm don athbhreithniú sin a chinntiú go mbeidh comhar agus comhordú níos fearr ann idir na baill foirne Eorpacha a sheoltar go dtí tríú tíortha chun dul i mbun oibre ar chúrsaí imirce. Táthar ag súil leis go gcuirfear tús le caibidlíochtaí idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle go luath in 2019 ionas gur féidir leis na rialacha nua teacht i bhfeidhm faoi dheireadh Bealtaine 2019.

I mí na Nollag d’fhaomh an Chomhairle Eorpach bearta maidir le forfheidhmiú an dlí chun cur leis an gcomhrac in aghaidh líonraí coireachta a bhíonn i mbun smuigleáil imirceach. Na bearta nithiúla sin, baineann siad leas as cur chuige idirghníomhaireachta feabhsaithe atá ann ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon, rud a fhágann go mbaintear an leas is fearr as sineirgí idir na huirlisí atá ar fáil agus go mbaintear lán-úsáid as na sócmhainní seachtracha atá ag an Aontas Eorpach. Ar na príomhchuspóirí tá acmhainneacht oibríochtúil agus anailíseach an Lárionaid Eorpaigh in aghaidh Smuigleáil Imirceach a mhéadú; feabhas a chur ar acmhainneacht an Aontais dul i ngleic le cumarsáid ar líne idir smuigléirí; comhpháirtíochtaí a fhorbairt le tríú tíortha; agus faisnéis maidir le líonraí coireachta a roinnt.

Feabhas a chur ar bhealaí sábháilte dleathacha chun na hEorpa

Is cuid lárnach de chur chuige cuimsitheach an Aontais i leith na himirce é bealaí dleathacha rianúla a chur ar fáil le haghaidh daoine a bhfuil cosaint de dhíth orthu agus bealaí a leagan amach le haghaidh imirce lucht oibre. Tagann an méid sin go léir le beartas daingean maidir le dul i ngleic le sreafaí neamhrialta imirceach, agus cosaint níos fearr ar theorainneacha, nósanna imeachta tearmainn cuíchóirithe agus filleadh níos éifeachtaí a chinntiú. Ina aitheasc ar Staid an Aontais i mí Mheán Fómhair, d’iarr an tUachtarán Juncker arís, thar ceann an Choimisiúin, go ndéanfaí níos mó bealaí dleathacha a oscailt.

Athlonnú

Maidir le daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu, tá sé léirithe ag tionscnaimh athlonnaithe de chuid an Aontais gur féidir bealaí dleathacha sábháilte a réiteach dóibh, rud a chuirfidh deireadh leis an imirce chontúirteach neamhrialta. Ó bhí 2015 ann, chuidigh cláir athlonnaithe an Aontais le breis agus 48 700 duine a bhí in umar na haimléise, dídean a fháil san Aontas. Ar na daoine sin bhí beagnach 21 000 duine ar athlonnaigh na Ballstáit iad in 2018 mar chuid den ghealladh comhchoiteann a rinneadh breis agus 50 000 duine a bhfuil cosaint de dhíth orthu a athlonnú faoi dheireadh 2019 — an scéim athlonnaithe is mó de chuid an Aontais go dtí seo.

AN DUL CHUN CINN ATÁ DÉANTA AG AN AONTAS EORPACH Ó 2015 MAIDIR LE hATHLONNÚ

Imirce atá bunaithe ar riachtanais a chur chun cinn

Mhol an Coimisiún freisin bealaí níos tarraingtí a bhunú le haghaidh imirce lucht oibre bunaithe ar riachtanais. Chun geilleagar tarraingteach agus níos iomaíche a chur chun cinn, is gné riachtanach é scéim nua de chuid an Aontais don Chárta Gorm a chur ar bun, rud a bhfuil breisluach suntasach ag baint leis le hais an Chárta Ghoirm atá ann faoi láthair i gcomhréir leis an togra ón gCoimisiún in 2016. Faoi dheireadh na bliana, bhí dul chun cinn mór déanta ag an Aontas, ag obair i gcomhar le comhpháirtithe tábhachtacha san Aifric, i dtaca le treoirthionscadail a chur chun feidhme maidir leis an imirce dhleathach. Tá €20 milliún curtha i leataobh anois agus táthar ag súil leis go gcuirfear tús le roinnt tionscadal sa bhliain 2019. Is é an toradh a bheidh ar na tionscadail sin go dtiocfaidh imirce shábháilte rianúil in áit imirce neamhrialta.

Lánpháirtiú

Is den ríthábhacht an lánpháirtiú éifeachtach luath chun go rachaidh an imirce chun tairbhe d’imircigh agus don gheilleagar araon agus don chomhtháthú sóisialta san Eoraip trí chéile. Lean an tAontas Eorpach de Phlean Gníomhaíochta 2016, a glacadh an 7 Meitheamh, a chur i bhfeidhm maidir le lánpháirtiú náisiúnach tríú tír. Leagtar síos leis creat cuimsitheach, rud a thacóidh le hiarrachtaí na mBallstát a gcuid beartas um lánpháirtiú a fhorbairt agus a neartú trí thacaíocht airgeadais agus treoracha i dtaobh dea-chleachtais a chur ar fáil. Chuir an Coimisiún cur chuige ilpháirtithe leasmhara chun cinn ar mhaithe le lánpháirtiú imirceach i margadh an tsaothair a fheabhsú agus chuir sé tacaíocht ar fáil do ghníomhaithe lánpháirtíochta ar an láthair, mar atá údaráis áitiúla agus réigiúnacha agus eagraíochtaí neamhrialtasacha.

Ag an bhFóram Eorpach um Imirce i mí an Mhárta, bhí breis agus 200 geallsealbhóir ann a chuir dea-shamplaí de lánpháirtiú imirceach i margadh an tsaothair faoi bhráid na rannpháirtithe.

An beartas víosaí

Tá ceangal ar náisiúnaigh de chuid tíortha áirithe lasmuigh den Aontas víosa a bheith acu agus iad ag taisteal chuig Limistéar Schengen. Tá comhbheartas víosaí leagtha síos ag an Aontas i dtaobh gearrfhanachta sa limistéar Schengen bunaithe ar liosta coiteann na dtíortha nach mór dá saoránaigh víosa a bheith acu agus iad ag trasnú na dteorainneacha seachtracha, agus bunaithe ar liosta na dtíortha nach bhfuil an ceangal sin ar a saoránaigh. Sa bhliain 2017 (an bhliain a bhfuil na figiúirí is déanaí ar fáil ina taobh), d’eisigh na 26 Stát Schengen 14.6 milliún víosa gearrfhanachta.

I mí an Mhárta, mhol an Coimisiún an comhbheartas víosaí a athchóiriú chun na rialacha a oiriúnú do chúrsaí slándála atá ag teacht chun cinn, do dhúshláin a bhaineann le himirce agus do dheiseanna nua ó thaobh forbairtí teicneolaíochta de. Is é cuspóir na n-athruithe atá beartaithe ar an gCód Víosaí nósanna imeachta víosa do thaistealaithe dlisteanacha a éascú, agus slándáil a neartú agus rioscaí imirce neamhrialta a mhaolú ag an am céanna. Faoi dheireadh 2018, bhí Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a sainorduithe maidir leis na caibidlíochtaí idirinstitiúideacha a ghlacadh. Bhí plé ar siúl idir na comhreachtóirí, agus é mar rún acu na caibidlíochtaí a thabhairt i gcrích go luath sa bhliain 2019.

I mí na Bealtaine, mhol an Coimisiún an Córas Faisnéise Víosaí a uasghrádú, ionas gur fearr is féidir leis freagairt do dhúshláin slándála agus imirce atá ag teacht chun cinn agus chun bainistiú theorainneacha seachtracha an Aontais a fheabhsú. A bhuí leis na hathruithe atá beartaithe, beifear in ann seiceálacha cúlra níos críochnúla a dhéanamh ar iarratasóirí ar víosaí agus bearnaí slándála agus faisnéise a dhúnadh, go háirithe maidir le doiciméid bhuanchónaithe arna n-eisiúint ag na Ballstáit. Ina theannta sin, beidh idir-inoibritheacht iomlán ann le bunachair sonraí eile ar fud an Aontais. Bhí plé ar siúl i bParlaimint na hEorpa agus sa Chomhairle ag deireadh na bliana 2018, agus é ina rún na caibidlíochtaí a thabhairt i gcrích go luath sa bhliain 2019.

I rith na bliana 2018, leanadh de chaibidlíochtaí leis an mBealarúis, leis an tSín agus leis an Túinéis faoi chomhaontuithe maidir le víosaí a éascú. Maidir le léirscaoileadh víosaí, dheimhnigh an Coimisiún i mí Iúil go raibh na critéir ar fad maidir le taisteal gan víosa chuig limistéar Schengen comhlíonta ag an gCosaiv (is gan dochar atá an t-ainmniú seo do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag luí le UNSCR 1244/99 agus tuairim CBI faoi dhearbhú neamhspleáchais na Cosaive).

I mí na Nollag 2018 d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach Teachtaireacht maidir le cómhalartacht víosa, ina gcuirtear síos ar an staid ina bhfuil cúrsaí faoi láthair agus ina ndéantar eolas na slí maidir leis an neamh-chómhalartacht atá ann leis na Stáit Aontaithe arb é sin an t-aon chás den sórt sin atá fós ann. Náisiúnaigh ón mBulgáir, ón gCróit, ón gCipir, ón bPolainn agus ón Rómáin, ní mór dóibh víosa a bheith acu fós chun taisteal chuig na Stáit Aontaithe. Sa Teachtaireacht sin, déantar achoimre ar an dul chun cinn atá déanta maidir le cómhalartacht víosa a bhaint amach, eadhon dul chun cinn na mBallstát thuasluaite chun na ceanglais riachtanacha a leagtar síos le reachtaíocht na Stát Aontaithe a chomhlíonadh.

Buiséad fadtéarmach an Aontais 2021-2027

I mí an Mheithimh 2018, rinne an Coimisiún moladh i dtaobh struchtúr na n-ionstraimí tiomnaithe cistiúcháin maidir le himirce agus le bainistiú teorainneacha. I dteannta na leithdháiltí do na gníomhaireachtaí ábhartha, is fiú €34.9 na hacmhainní a mholtar, arb é sin beagnach trí oiread mhéid an imchlúdaigh €13 bhilliún atá ann faoi láthair (gníomhaireachtaí san áireamh). Leis na tograí maidir leis an gCiste um Thearmann agus Imirce agus leis an Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Víosaí, atá ina gcuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, foráiltear maidir le meicníocht solúbthachta chun acmhainní a dháileadh de réir mar a thagann dúshláin, riachtanais agus tosaíochtaí chun cinn.

Caibidil 9

Gníomhaí domhanda níos láidre

“Is mian liom an tAontas seo is linn a bheith ina ghníomhaí níos láidre ar fud an domhain … agus ina theannta sin, is mian liom go ndéanfaimid tuilleadh díchill i réimse na cosanta.”

Jean-Claude Juncker, an tAitheasc ar Staid an Aontais, an 13 Meán Fómhair 2017

Oibreoirí cabhrach agus iad ag dul ar bord eitleán EU ECHO le cúnamh daonnúil a thabhairt do Phoblacht Dhaonlathach an Chongó le linn an 10ú ráig Ebola inti.
© An tAontas Eorpach

De réir mar atá cúrsaí ag dul chun míchobhsaíochta go domhanda, agus méadú ar an iniúchadh a bhíonn á dhéanamh ar ról na n-institiúidí idirnáisiúnta, tá an tAontas Eorpach ag úsáid a chuid cumhachta ar thaobh na taidhleoireachta, na polaitíochta, agus na heacnamaíochta ina sholáthraí slándála dó leis an tsíocháin agus an tslándáil a chur chun cinn go hidirnáisiúnta.

Is daingean a chreideann an tAontas Eorpach gurb í an tsíocháin an toradh a bhíonn ar an taidhleoireacht iltaobhach nuair a bhíonn ceisteanna práinneacha idirnáisiúnta ann. Léirigh an tAontas Eorpach ceannaireacht, cruthaitheacht agus iontaofacht ag tacú dó leis an gcomhaontú núicléach leis an Iaráin, le comhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide, le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, le comhaontuithe nua trádála gona gcoimircí láidre sóisialta agus gona gcomhar leis an Aontas Afracach, agus le hobair in éineacht leis na Náisiúin Aontaithe. Chomh maith leis sin, ba é an tAontas Eorpach an soláthraí ba mhó den chúnamh forbartha oifigiúil in 2018 arís.

Lenár mbeartais chomharsanachta agus mhéadaithe, thugamar tacaíocht don chobhsaíocht, agus dhíríomar ar bhreis caidrimh a chothú idir an tAontas Eorpach agus a chuid comharsana.

In 2018, is tosaíocht a bhí i slándáil agus i gcosaint na hEorpa, agus rinne an tAontas Eorpach beart cinniúnach i ndiaidh a chéile le cur leis an ról atá aige ina sholáthraí slándála go domhanda, agus le cur leis an gcumhacht eacnamaíoch atá aige. Is sampla de sin atá sa mhéadú atá a bheartú don Chiste Eorpach Cosanta, maille le glacadh 34 thionscnamh cosanta faoi chreat an Bhuanchomhair Struchtúrtha, agus Saoráid um Shíocháin Eorpach nua le haghaidh comhar cosanta idir tíortha.

In 2018, neartaigh an tAontas Eorpach a stádas mar an deontóir cabhair dhaonnúil is mó ar domhan, agus b’fhiú os cionn €1 bhilliún an t-airgead a chuir sé ar fáil. An chabhair dhaonnúil a thug an tAontas Eorpach uaidh ar fud an domhain, chuir sí tacaíocht ar fáil a choinnigh daoine ina mbeatha nuair a bhí tubaistí nádúrtha nó coinbhleachtaí ann.

Comharsanacht an Aontais Eorpaigh

An chomharsanacht thoir

An Cruinniú Mullaigh a bhí ag Comhpháirtíocht an Oirthir in 2017, is ann a rinneadh athdhearbhú ar an tiomantas daingean atá san Aontas Eorpach agus i measc a chuid comhpháirtithe don Chomhpháirtíocht: an Airméin, an Asarbaiseáin, an Bhealarúis, an Mholdóiv, an tSeoirsia agus an Úcráin. In 2018, is ar an athchóiriú i réimse na heacnamaíochta a bhíothas ag díriú, sin agus ar neartú an rialachais, ar bhreis nascachta, agus ar neartú na sochaí.

An Coimisinéir Johannes Hahn agus Príomh-Aire na Seoirsia Mamuka Bakhtadze ag oscailt na Chéad Scoile Eorpaí de chuid Chomhpháirtíocht an Oirthir in Tbilisi na Seoirsia, an 4 Meán Fómhair 2018.
© An tAontas Eorpach

An Coimisinéir Johannes Hahn agus Príomh-Aire na Seoirsia Mamuka Bakhtadze ag oscailt na Chéad Scoile Eorpaí de chuid Chomhpháirtíocht an Oirthir in Tbilisi na Seoirsia, an 4 Meán Fómhair 2018.

Ba í 2018 an ceathrú bliain den mhuintearas nua idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin, agus i mí Iúil bhí Cruinniú Mullaigh ann a raibh toradh fónta air, rud a léirigh go bhfuil an tAontas Eorpach fós ag tacú go dúthrachtach le clár athchóirithe na hÚcráine. Is é an tAontas Eorpach an comhpháirtí trádála is mó atá ag an Úcráin go fóill, agus is é is foinse cúnaimh di thar aon tír eile, cúnamh a dhírigh in 2018 ar scileanna fostaíochta ar nós an ghairmoideachais agus athchóiriú na hoiliúna, sin agus an Ciste um Éifeachtúlacht Fuinnimh.

Maidir leis an gcaidreamh idir an tAontas Eorpach agus an tSeoirsia, rud a bhfuil comhaontú comhlachais uaillmhianach ann cheana mar chreat dó, is caidreamh é sin a chuaigh i ndlús arís in 2018. I mí na Samhna, chuir an tUachtarán Juncker agus baill eile den Choimisiún Eorpach fáilte roimh bhaill de rialtas na Seoirsia faoi stiúir an Phríomh-Aire Meuhtadze agus iad ag teacht le freastal ar chruinniú i bhfoirgneamh an Berlaymont sa Bhruiséil. Chuir an tAontas Eorpach agus an tSeoirsia rompu breis agus 25 ghníomh choincréiteacha a dhéanamh i dtrí réimse fócais: an geilleagar, trádáil agus nascacht; oideachas, taighde agus nuálaíocht; an ceartas agus an tslándáil inmheánach. De bharr na ngníomh seo, rachaidh an comhar chun cinn, agus beidh sochar agus tairbhe ann go fhollasach do mhuintir na Seoirsia.

An Rúis

Chomh fada agus a bhaineann le caidreamh an Aontais Eorpaigh leis an Rúis, is í an urraim don dlí idirnáisiúnta an rud is mó tábhacht. Is iad na prionsabail seo a leanas is treoir do bheartas an Aontais Eorpaigh i leith na Rúise: tacaíocht iomlán do neamhspleáchas na hÚcráine, do fhlaithiúnas na hÚcráine, agus do shláine chríocha na hÚcráine laistigh de na teorainneacha atá aici a bhfuil aitheantas idirnáisiúnta ann dóibh; comhaontuithe Minsk (pacáiste beart leis an tsíocháin a chur i réim san Úcráin go marthanach) a chur chun feidhme go hiomlán, pacáiste atá sínithe ag ionadaithe de chuid na hÚcráine, na Rúise, agus ag scarúnaithe ó “Dhaon-Phoblacht Donetsk” agus “Daon-Phoblacht Luhanra”); an caidreamh a neartú lenár gcuid comhpháirtithe san oirthear; an teacht aniar atá san Aontas Eorpach a neartú; gur gá plé leis an Rúis go roghnaitheach, agus bheith toilteanach tacú le sochaí shibhialta na Rúise. In 2018, rinne an tAontas Eorpach teagmháil leis an Rúis mar gheall ar dhúshláin slándála, an Iaráin agus an tSiria mar shampla. D’athdhearbhaigh an tAontas Eorpach gurb é beartas an neamhaitheantais atá sé a chleachtadh i leith an ionghabháil mhídhleathach a rinne an Rúis ar an gCrimé. Is rímhór an t-ábhar imní don Aontas Eorpach an chúis a bheith ag dul i dtroime i gCaolas Kerch agus i Muir Mheoid, sin agus an sárú atá an Rúis a dhéanamh ar an dlí idirnáisiúnta.

Comharsanacht theas an Aontais Eorpaigh

In 2018, lean an tAontas Eorpach air ag obair lena chuid tíortha comhpháirtíochta sa chomharsanacht theas leis an gcobhsaíocht inbhuanaithe a chur chun cinn, mar aon le slándáil agus fás i réimsí go leor, rud a bhí bunaithe ach go háirithe ar Thosaíocht nua de chuid Chomhpháirtíocht Bheartas Comharsanachta na hEorpa leis an Ailgéir, an Éigipt, an Iordáin agus an Liobáin. I mí na Bealtaine, tugadh tosaíochtaí polaitiúla don tréimhse 2018-2020 chun críche. Tacaíonn an tAontas Eorpach le forbairt shocheacnamaíoch, dea-rialachas, cearta an duine, le slándáil agus le bunchúiseanna na himirce neamhrialta i ngach tír sa réigiún.

Bhí an tAontas Eorpach ag obair go gníomhach le dul i bpáirt le hinstitiúidí idirnáisiúnta airgeadais agus leis an earnáil phríobháideach, faoin bPlean Eorpach Infheistíochta Seachtraí, agus le cruthú Chiste Eorpaigh um Fhorbairt Inbhuanaithe, rud a bhfuil ráthaíocht airgeadais ann is cúnamh i laghdú riosca i gcás infheistíochtaí agus é de réir mhúnla Phlean Infheistíochta Inmheánach an Aontais. Tacaíonn an Plean le cur in úsáid infheistíochtaí ón earnáil phríobháideach i gcuideachtaí beaga agus meánmhéide, i bhfiontraíocht na mban, sa bhonneagar fuinnimh agus digiteach, agus i réimsí go leor eile, ar mhaithe le comaoin a chur ar an bhforbairt áitiúil. I measc na rudaí eile atá sa Phlean, tá cúnamh teicniúil le hathneartú a dhéanamh ar institiúidí áitiúla agus iad ag comhrac in aghaidh na héillitheachta. In 2018, chuaigh an Éigipt, an Iordáin, Maracó agus an Liobáin i bpáirt leis an Ailgéir, Iosrael agus an Liobáin sa Chomhpháirtíocht um Thaighde agus um Nuálaíocht i Limistéar na Meánmhara (PRIMA). Maoineoidh PRIMA taighde agus infheistíocht le feabhas a chur ar an talmhaíocht inbhuanaithe agus ar an teacht a bhíonn ar uisce i réigiún atá thíos leis an athrú aeráide agus le méadú an daonra. Lean an tAontas den chothú a dhéanann sé ar an gcomhar idir na réigiúin faoi Aontas na Meánmhara agus Conradh na Stát Arabacha.

Na Balcáin Thiar agus próiseas an mhéadaithe

In 2018, chuir an tAontas Eorpach biseach nach beag ar an gcaidreamh atá aige leis na Balcáin Thiar. I mí Feabhra, d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach Straitéis na mBalcán Thiar le haghaidh peirspictíocht inchreidte don mhéadú agus do bhreis caidrimh idir an tAontas agus an réigiún sin. Tá athdhearbhú sa straitéis sin gurb é geall na ballraíochta san Aontas Eorpach an spreagadh is mó atá ann le hathchóiriú agus le nuachóiriú a dhéanamh sna Balcáin Thiar. Is ann a leagtar amach Phlean Gníomhaíochta cuimsitheach 57 mbeart le linn na tréimhse 2018-2020, plean atá bunaithe ar shé thionscnamh shuaitheanta (an smacht reachta, an tslándáil agus an imirce, an fhorbairt shocheacnamaíoch, an nascacht, an clár oibre digiteach, an t-athmhuintearas agus an dea-chaidreamh idir comharsana). Tá an plean á chur i bhfeidhm feasta, cuireadh tús le bunáite na ngníomhaíochta in 2018, agus tugadh cuid acu i gcrích in 2018.

Bhí Cruinniú Mullaigh i Sóifia i mí na Bealtaine, d’fhreastail an tUachtarán Juncker ar an gcruinniú, agus rinneadh athdhearbhú ann ar an dearcadh sin. Arsa seisean: “De bharr an chruinnithe mhullaigh seo, dʹéirigh linn nasc an mhuintearais a neartú a thuilleadh lenár gcuid cairde sna Balcáin thiar, cairde linn atá ag teacht i gcóngar an Aontais Eorpaigh beagán ar bheagán lá i ndiaidh lae — gach cara díobh ar a luas féin agus de réir a chuid suáilcí féin. Is ionann a bheith ar ancaire san Aontas Eorpach agus a bheith ar aon luachanna agus ar aon phrionsabail lena chéile, idir urraim don smacht reachta, neamhspleáchas na breithiúnachta agus an tsaoirse chainte — mar thar aon ní, is comhphobal luachanna agus dlí atá in Aontas na hEorpa.”

Chomh maith leis sin, sheol an tAontas Eorpach cláir thacaíochta sa talmhaíocht agus san fhorbairt tuaithe san Albáin, i Montainéagró agus sa tSeirbia, agus tá na cláir sin ag feidhmiú go fóill i bPoblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine. Cuireann siad le sábháilteacht bia agus le cáilíocht an bhia, agus fágann siad gur rud níos mealltaí do dhaoine na slite beatha atá á gcleachtadh faoin tuath.

In 2018, lean Montainéagró agus an tSeirbia den chaibidlíocht aontachais leis an Aontas Eorpach. An luas a bheidh sa chaibidlíocht sin, gach ní san áireamh, is ar an dul chun cinn sa smacht reachta atá sé ag brath i gcás na Seirbia, agus ar normalú an chaidrimh leis an gCosaiv (is gan dochar atá an t-ainmniú seo do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag luí le UNSCR 1244/99 agus tuairim CBI faoi dhearbhú neamhspleáchais na Cosaive). Ba dhíol sásaimh don Aontas Eorpach an comhaontú déthaobhach idir an Ghréig agus Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine maidir le hainm na dara tíre, agus is inmholta leo an comhaontú a dhaingniú. I ndiaidh tréaniarrachtaí athchóirithe san Albáin agus i bPoblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine, iarrachtaí ar sheas an tAontas Eorpach leo, is é moladh a bhí ag an gCoimisiún caibidlíocht aontachais a thosú leis an dá thír. Lean an tAontas Eorpach air ag tacú leis an athchóiriú sa Bhoisnia, sa Heirseagaivéin agus sa Chosaiv.

An Tuirc

Maidir leis an gcaidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Tuirc, ba dhúshlán an ní go fóill an smacht reachta a bheith ag dul chun donais sa Tuirc, agus idir bhunchearta agus neamhspleáchas na mbreithiúna a bheith ag dul in olcas ann. Is amhlaidh más ea atá an chaibidlíocht aontachais ar athló, agus níor déanadh a thuilleadh oibre ar nuachóiriú an Aontais Custaim idir an tAontas agus an Tuirc. Ainneoin sin, tá an comhphlé polaitiúil slán go fóill, agus táthar i gcomhar le chéile ar an leibhéal teicniúil i réimsí comhleasa mar imirce, slándáil, trádáil, iompar agus an comhshaol.

Caidreamh idir an Afraic agus an Eoraip

An tUachtarán Jean-Claude Juncker ag labhairt ag an gCruinniú Mullaigh idir an tAontas Eorpach agus an Afraic, an Bhruiséil, an Bheilg, an 15 Samhain 2018.
© An tAontas Eorpach

An tUachtarán Jean-Claude Juncker ag labhairt ag an gCruinniú Mullaigh idir an tAontas Eorpach agus an Afraic, an Bhruiséil, an Bheilg, an 15 Samhain 2018.

Is éard is aidhm do Chomhghuaillíocht nua na hAfraice na hEorpa um Infheistíocht Inbhuanaithe agus um Poist a seoladh i mí Mheán Fómhair 2018 comhpháirtíocht an Aontais leis an Afraic a chur ar an gcéad leibhéal eile. Cuirfidh an tionscnamh comaoin ar chruthú na bpost san Afraic trí thacaíocht a thabhairt don oideachas agus do scileanna, trí bhorradh a chur faoin trádáil, agus trí infheistíocht a spreagadh in earnálacha eacnamaíochta straitéiseacha. Is éard a dúirt an tUachtarán Juncker ag labhairt dó ag aitheasc Staid an Aontais in 2018: “Ba cheart go gcuideodh an Chomhghuaillíocht sin — mar a shamhlaímidne é — suas le 10 milliún post a chruthú san Afraic go ceann 5 bliana beaga. Teastaíonn uainn creat a leagan síos a mheallfaidh tuilleadh infheistíocht phríobháideach chun na Afraice. Ní ag tosú ón nua atáimid: faoin bPlean Infheistíochta Seachtraí atá againn, plean a seoladh 2 bhliain ó shin, spreagfar infheistíocht luach breis agus €44 bhilliún sna hearnálacha poiblí agus príobháideacha. Faoi na tionscadail atá ar na bacáin cheana féin, agus gan ach iad sin a áireamh, cuirfear €24 bhilliún ar fáil.”

Ag Fóram Ard-Leibhéil i Vín i mí na Nollag, rinneadh athneartú ar an gcomhpháirtíocht seo idir an tAontas Eorpach agus an Afraic, comhpháirtíocht a bhfuil an dá pháirtí ar aon stádas le chéile ann, mar ar díríodh ar an nuálaíocht, an infheistíocht, cruthú na bpost, an t-oideachas, agus tacaíocht don ghnó agus don trádáil. Sula raibh ráithe caite, bhí toradh curtha ag an gComhghuaillíocht idir an Afraic agus an Eoraip ar na chéad tionscadail a bhí idir lámha acu.

Cuid de na tionscnaimh a seoladh i Vín, bhí ráthaíocht AE ag dul leo (Saoráid Comhroinnte Rioscaí NASIRA), ráthaíocht de chineál nach raibh ann cheana faoin bPlean Infheistíochta Seachtraí AE, rud a gcaithfear €75 bhilliún d’airgead AE air le spreacadh a chur in infheistíochtaí suas le luach €750 milliún i gcomhair fiontraithe ón Afraic fho-Shahárach agus comharsanacht theas an Aontais Eorpaigh. Meastar go gcruthófar 800 000 post dá bharr sin, agus meastar go rachaidh sé chun tairbhe dóibh siúd a dtagann sé rite leo teacht ar iasachtaí inacmhainne, fiontair bheaga agus mheánmhéide, daoine atá aslonnaithe go hinmheánach, dídeanaithe, daoine a cuireadh thar teorainn ar ais, mná agus daoine óga, mar shampla. Maidir le malartuithe i réimse an oideachais, de réir gach cosúlachta, éireoidh leis an Aontas Eorpach sprioc na 35 000 malairt in 2020 a chur i gcrích.

Mura mbeadh ach in 2018, tá €540 milliún geallta ag an Aontas Eorpach ina thacaíocht d’athchóiriú gnó agus infheistíochta maidir leis an gcomhshaol, rud is airde go mór ná gealltanas Chomhghuaillíocht na hAfraice agus na hEorpa le tacaíocht AE a mhéadú go €300-350 milliún in aghaidh na bliana don tréimhse 2018-2020.

An Coimisinéir Christos Stylianides ag bualadh le Denis Mukwege, buaiteoir Dhuais Nobel na Síochána agus bunaitheoir Ospidéal Panzi, le linn na cuairte a thug sé ar Bukavu, Poblacht Dhaonlathach an Chongó, an 24 Márta 2018.
© An tAontas Eorpach

An Coimisinéir Christos Stylianides ag bualadh le Denis Mukwege, buaiteoir Dhuais Nobel na Síochána agus bunaitheoir Ospidéal Panzi, le linn na cuairte a thug sé ar Bukavu, Poblacht Dhaonlathach an Chongó, an 24 Márta 2018.

LEAS A BHAINT AS POITÉINSEAL IOMLÁN AN CHOMHTHÁTHAITHE EACNAMAÍOCH AGUS NA TRÁDÁLA

Is de thiomantas an Aontais Eorpaigh tacú le cruthú Limistéar Saorthrádála Mhór-roinn na hAfraice, agus tá tacaíocht €50 milliún fógartha acu i gcomhair an chuspóir sin ach go háirithe. Is i mí na Nollag a rinneadh an chéad bheart, agus is éard a bhí ann sin clár €3 mhilliún a síníodh i bpáirt leis an gCoimisiún Eacnamaíochta don Afraic le forbairt a dhéanamh ar straitéisí náisiúnta i gcur chun feidhme limistéir saorthrádála mhór-roinn na hAfraice.

Gné thábhachtach i gComhghuaillíocht na hAfraice agus na hEorpa atá sa chomhar idir na tascfhórsaí comhpháirteacha a cuireadh ar bun ag cruinniú Vín maidir le saol na tuaithe san Afraic, an eacnamaíocht dhigiteach, cúrsaí iompair agus fuinnimh.

Chomh maith leis sin, tá rath ar an bPlean Infheistíochta Seachtraí: Tacaíonn an tAontas Eorpach le tionscnaimh infheistíochta i dTuaisceart na hAfraice agus san Afraic fho-Shahárach trí bhíthin a chuid ardán infheistíochta réigiúnacha, agus fuarthas tacaíocht uaidh in earnálacha tábhachtacha éagsúla, ina measc sin an fuinneamh in-athnuaite, an talmhaíocht inbhuanaithe, bonneagar uirbeach, an nascacht, agus an digitiú. Táthar ag cur leis an idirphlé idir na hearnálacha príobháideacha san Afraic agus san Eoraip trí bhíthin an ardáin Gnó Inbhuanaithe don Afraic. Sna tíortha seo a leanas san Afraic, tá tús curtha le hidirphlé idir an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach le Gnó Inbhuanaithe don Afraic a chur chun cinn: an Cósta Eabhair; an Aetóip; an Afraic Theas; Maracó; an Nigéir; An Tansáin; An Túinéis agus Uganda.

Tá idirphlé den chineál ceánna á n-ullmhú faoi láthair in 25 thír san Afraic. Is cúnamh a bheidh anseo le biseach a chur ar chruthú post maith, go mór mór do dhaoine óga agus do na mná. Is in Abidjan le linn Fhóram Gnó AE-na hAfraice i mí na Samhna 2017 a seoladh na hidirphléití seo. Mar chuid den chúram seo, thug an tUachtarán Juncker cuairt ar an Túinéis i mí Dheireadh Fómhair 2018.

COMHGHUAILLÍOCHT NUA NA hAFRAICE–NA hEORPA UM INFHEISTÍOCHT INBHUANAITHE AGUS UM POIST

Lean an tAontas air ag tógáil chomhpháirtíocht leis an Afraic a bhfuil an dá pháirtí ar aon stádas le chéile ann. Ar shamplaí den bhiseach atá ar chomhar an Aontais Eorpaigh leis an Afraic i dtaca le ceisteanna síochána agus slándála de, tá Fórsa Comhpháirteach G5 na Saiheile, mar aon le Meabhrán tuisceana idir an tAontas Afracach agus an tAontas Eorpach ar Shíocháin, Slándáil agus Rialachas, agus tacaíocht an Aontais don tslándáil agus don athmhuintearas i gCorn na hAfraice. Is tábhachtach na réimsí comhair atá sa chabhair dhaonna, sa chomhar forbartha agus sa tacaíocht don tsíocháin agus don tslándáil fós, ach tá neartú mór déanta ag an Aontas Eorpach ar an gcomhpháirtíocht eacnamaíochta atá aige leis an Afraic. Faoin am seo, tá an tAontas Eorpach agus an Afraic ag obair as lámha a chéile i réimsí nua, an taighde agus an nuálaíocht mar shampla, agus in earnálacha eacnamaíocha straitéiseacha, an talmhaíocht, cuir i gcás, an digitiú, iompar agus fuinneamh.

Meiriceá Thuaidh agus Meiriceá Laidineach

An Coimisinéir Neven Mimica le linn cuairt ar Réigiún Chapare na Bolaive, an 4 Bealtaine 2018.
© An tAontas Eorpach

An Coimisinéir Neven Mimica le linn cuairt ar Réigiún Chapare na Bolaive, an 4 Bealtaine 2018.

Faoi mar ab ea cheana, is cuid ríthábhachtach de shlándáil agus de rathúnas na hEorpa fós comhpháirtíocht láidir le Stáit Aontaithe Mheiriceá atá ag feidhmiú i gceart. Tá tiomantas san Aontas Eorpach fós don chomhpháirtíocht straitéiseach leis na Stáit Aontaithe, rud atá bunaithe ar luachanna coiteanna agus ar leas an dá thaobh, sin agus ar an toil atá ann freagracht a chleachtadh i gcúrsaí an domhain chun ár leasa féin go ceachtartha. Le bliain anuas, tá an tAontas ag obair go dlúth in éineacht le riarachán agus le Comhdháil na Stát Aontaithe mar a bhfuil cuspóirí coiteanna (na Balcáin Thiar, an Úcráin, an Rúis, an Chóiré Thuaidh, an fhrithsceimhlitheoireacht, an chibearshlándáil agus cúrsaí cosanta — ECAT, cuir i gcás). Sheas an tAontas Eorpach an fód nuair a tugadh dúshlán a chuid luachanna, a chuid prionsabal, nó dúshlán a leasa.

I mí Iúil, tar éis cruinniú idir an tUachtarán Juncker agus an tUachtarán Trump, d’eisigh na Stáit Aontaithe agus an tAontas Eorpach comhráiteas inar gheall siad comhoibriú le chéile i dtreo taraifí nialais, bacainní neamhtharaife nialais, agus fóirdheontais nialais ar earraí tionsclaíochta nach de thionscal na ngluaisteán iad. Chuir siad rompu féachaint le bacainní a laghdú agus cur leis an trádáil i réimse na seirbhísí, na gceimiceán, na gcógas, na dtáirgí leighis agus na bpónairí soighe. Chuir an dá pháirtí rompu an comhar straitéiseach i réimse an fhuinnimh a neartú.

Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, ag fáiltiú roimh Iván Duque Márquez, Uachtarán na Colóime, sa Bhruiséil, an Bheilg, an 24 Deireadh Fómhair 2018.
© An tAontas Eorpach

Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, ag fáiltiú roimh Iván Duque Márquez, Uachtarán na Colóime, sa Bhruiséil, an Bheilg, an 24 Deireadh Fómhair 2018.

Trí bhíthin an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Straitéisí, tá neartú déanta ag an Aontas Eorpach ar an gcaidreamh atá aige le Ceanada. Tá an tAontas Eorpach agus Ceanada ag leanúint den dlúthchomhar atá eatarthu i réimse na slándála, na cosanta, agus i gcúrsaí a bhaineann leis na fir agus na mná.

Is ar nuachóiriú na gcomhaontuithe comhlachais atá ann le Mercosur, le Meicsiceo agus leis an tSile a bhí an fócas ó thaobh chomhar an Aontais Eorpaigh le Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib. An comhaontú a rinneadh le Havana in 2018, is comhaontú é a chuir tús le ré nua i gcomhar an Aontais Eorpaigh le Cúba. Tá an tAontas Eorpach ag leanúint dá chuid tacaíochta do chur chun feidhme an chomhaontuithe shíochána sa Cholóim.

An Áise agus an tAigéan Ciúin

In 2018, rinne an tAontas Eorpach neartú ar an taidhleoireacht eacnamaíochta, agus chuir sé dlús leis an ról slándála atá aige san Áise, rud a chuimsigh obair ar laghdú an teannais ar leithinis na Cóiré. Rinne an tAontas Eorpach obair ar Straitéis um nascadh na hEorpa agus na hÁise, agus is é an comhrac in aghaidh an athraithe aeráide agus an comhar réigiúnach a bhí i gcroílár na straitéise sin. Ionas go bhféadfaí forbairt iomlán a chur ar an gcaidreamh, ghlac an tAontas Eorpach Straitéis nua maidir leis an India, agus dhaingnigh sé Comhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus na hOileáin Fhilipíneacha. Sheol an tAontas agus an Téalainn idirphlé saothair chun cúinsí oibre cóiriúla a chur chun cinn.

Federica Mogherini, an tArdionadaí/an Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin, le linn cuairt ar an an gCóiré Theas in Panmunjom, an sráidbhaile ina bhfuil sos cogaidh sa chrios dímhíleataithe a scarann an Chóiré Thuaidh agus an Chóiré Theas ó chéile, an 5 Lúnasa 2018.
© An tAontas Eorpach

Federica Mogherini, an tArdionadaí/an Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin, le linn cuairt ar an an gCóiré Theas in Panmunjom, an sráidbhaile ina bhfuil sos cogaidh sa chrios dímhíleataithe a scarann an Chóiré Thuaidh agus an Chóiré Theas ó chéile, an 5 Lúnasa 2018.

Lean an tAontas Eorpach den teagmháil leis an tSín maidir le ceist an athraithe aeráide, agus maidir le ceisteanna slándála comhleasa, margadh núicléach na hIaráine, cuir i gcás, Afganastáin agus leithinis na Cóiré. San am céanna, chinntigh an tAontas Eorpach breis cómhalartachta sa chaidreamh eacnamaíochta, eolaíochta agus teicneolaíochta. Chuaigh an tAontas Eorpach i mbun teagmhála leis an tSín faoi chúrsaí bonneagair, agus rinne siad obair leis an infheistíocht a ailíniú le gréasáin straitéiseacha AE agus le trédhearcacht agus inbhuanaitheacht eacnamaíochta agus shóisialta a chur chun cinn. Mhol an tAontas Eorpach comhar ní ba dhlúithe i gcás na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, réiteach coinbhleachtaí, rialacha idirnáisiúnta, agus an urraim do chearta an duine.

In 2018, is deis ar leith a bhí i mBliain na Turasóireachta AE-an tSín le cur le trácht na gcuairteoirí agus leis an infheistíocht ar gach taobh faoi seach. B’aidhm dó aird a tharraingt ar áiteanna ar bheagán cáil, feabhas a chur ar an taisteal agus an turasóireacht a chleachtann daoine, agus deiseanna a sholáthar le méadú a chur ar an gcomhar eacnamaíochta. Na tionscnaimh agus na himeachtaí a bhí ann i rith na bliana, ba mhó ná 150 a líon.

Federica Mogherini, an tArdionadaí/an Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin, in éineacht le Wang Yi, Comhairleoir Stáit agus Aire Gnóthaí Eachtracha na Síne, ag preasagallamh don chruinniú Idirphlé Ardleibhéil Straitéise idir an tAontas Eorpach agus an tSín, an Bhruiséil, an Bheilg, an 1 Meitheamh 2018.
© An tAontas Eorpach

Federica Mogherini, an tArdionadaí/an Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin, in éineacht le Wang Yi, Comhairleoir Stáit agus Aire Gnóthaí Eachtracha na Síne, ag preasagallamh don chruinniú Idirphlé Ardleibhéil Straitéise idir an tAontas Eorpach agus an tSín, an Bhruiséil, an Bheilg, an 1 Meitheamh 2018.

STRAITÉIS AN AONTAIS CHUN AN EORAIP AGUS AN ÁISE A NASCADH

Tionóladh an 12ú Cruinniú na hÁise-na hEorpa sa Bhruiséil an 18-19 Deireadh Fómhair 2018, ag tabhairt le chéile ceannairí 51 tír ón Eoraip agus ón Áise, ionadaithe an Aontais, agus Ard-Rúnaí Chomhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas.

An Meánoirthear

Lean an tAontas Eorpach den fhreagairt ghníomhach a chleachtann sé do na géarchéimeanna agus na coinbhleachtaí atá gan réiteach le fada sa réigiún. Is díol suntais a bhí sa chúnamh a thug sé don phróiseas cobhsaíochta do na próisis síochána sa tSiria agus in Éimin atá faoi stiúir na Náisiún Aontaithe, don phróiseas cobhsaíochta san Iaráic, agus don réiteach dhá stát atá á lorg ar an gcoinbhleacht idir Iosrael agus an Phalaistín.

An tSiria

An chomhdháil maidir le “Tacaíocht do Thodhchaí na Siria agus an Réigiúin” i mí Aibreán 2018, ba dheis í don chomhphobal idirnáisiúnta athnuachan agus athneartú a dhéanamh ar an tiomantas polaitiúil, daonnúil agus airgeadais atá siad a chleachtadh i leith mhuintir na Siria. Ghlac am tAontas Eorpach an Straitéis AE i gcomhair na hIaráice le tacaíocht a thabhairt don tír agus í ag téarnamh tar éis an chomhraic le Da’esh.

Éimin

In Éimin, lean an tAontas Eorpach den tacaíocht a thugann sé don phróiseas atá faoi stiúir Thoscaire Speisialta na Náisiún Aontaithe Martin Griffiths, agus don tacaíocht a thugann sé don phobal atá ag fulaingt de bharr na géarchéime.

Iosrael, Próiseas Síochána an Mheánoirthir, agus na críocha Palaistíneacha faoi fhorghabháil

Lean an tAontas Eorpach den tacaíocht láidir a chleachtann sé i leith réiteach ar an gcoinbhleacht idir Iosrael agus an Phalaistín agus i leith réiteach an dá stát. Ceapadh Ionadaí Speisialta AE ar Phróiseas Síochána an Mheán-Oirthir, sin í Susanna Terstal. Chomh maith leis sin, gheall an tAontas Eorpach go mbronnfadh sé €40 milliún sa bhreis mar thacaíocht do Ghníomhaireacht na Náisiún Aontaithe um Fhóirithint agus Oibreacha ar mhaithe le dídeanaithe Palaistíneacha sa Neasoirthear le hoideachas a chur ar fáil do 500 000 de chlann na ndídeanaithe sa Phalaistín, mar aon le cúram sláinte d’os cionn 3.5 milliún othar, agus cabhair d’os cionn 250 000 dídeanaí Palaistíneach leochaileach, ionas gurbh fhiú €146 mhilliún an tacaíocht in 2018.

An Iaráin

In 2018, sheas an tAontas Eorpach an fód i leith an chomhaontaithe núicléach leis an Iaráin, agus lean sé den tacaíocht a chleachtann sé do chur chun feidhme an chomhaontuithe, ós de bhunchlocha an chórais dhomhanda maidir le neamhleathadh é, agus ós mór is leas é do shlándáil an Aontais Eorpaigh, an réigiúin agus an domhain mhóir. Ba mhór ba chúis aiféala don Aontas Eorpach an tarraingt siar a rinne na Stáit Aontaithe, agus na hathsmachtbhannaí a chuir siad i bhfeidhm. Spreag an tAontas Eorpach an Iaráin le leanúint de chur chun feidhme iomlán na gceanglas atá air sa réimse núicléach, rud a bhfuil dearbhú ina leith i dtuarascálacha éagsúla ón nGníomhaireacht Idirnáisiúnta don Fhuinneamh Adamhach. San am céanna, lean an tAontas air ag cothú caidreamh leis an Iaráin, go háirithe i réimsí na trádála agus na hinfheistíochta, an fhuinnimh, an chomhshaoil, an oideachais, an taighde, an chomhair núicléach shibhialta, na cabhrach daonnúla agus chearta an duine. Is gníomhach a chuaigh an tAontas Eorpach i dteagmháil leis an Iaráin maidir le saincheisteanna réigiúnacha chomh maith, na diúracáin bhalaistíocha, cuir i gcás, sin agus cearta an duine, ionas go mbeadh srian agus teagmháil dhearfach á gcleachtadh sa réigiún.

Slándáil agus cosaint

Ó tharla a laghad sin cinnteachta faoin saol atá i ndán dúinn, is mithid don Eoraip breis freagrachta a ghlacadh uirthi féin i dtaobh a cuid slándála féin go hinmheánach agus go seachtrach. Ní amháin gur rud ríthábhachtach do shlándáil na hEorpa atá i gcosaint na hEorpa, ach is rud ríthábhachtach é agus sinn sa tóir ar shíocháin agus slándáil go domhanda.

Measann 76 % d’fhreagróirí gur láthair forastachta i ndomhan cailme é an tAontas Eorpach. Sin méadú cúig phointe i gcomparáid le 2017, agus méadú 10 bpointe i gcomparáid le 2016.

I mí na Márta, síníodh an chéad chomhaontú deontais faoin Réamhbheart i dTaca le Taighde Cosanta, comhaontú luach €35 mhilliún do Ocean 2020 faoi mar a thugtar ar an gcéad tionscadal taighde míleata tras-Eorpach. San am céanna, faoi scáth an Bhuanchomhair Struchtúrtha um Chosaint, rud a bunaíodh i mí na Nollag 2017 de chinneadh de chuid na Comhairle, rinneadh dul chun cinn mór, agus seoladh 34 chomhthionscadal cosanta ilnáisiúnta i rith na bliana i réimse na hoiliúna agus na gcleachtadh míleata ar tír, ar muir, agus ar an aer, agus i réimse na cibearchosanta, rud a bhfuil síormhéadú ar a chuid tábhachta. I mí na Márta 2018, seoladh tionscnamh cosanta arbh aidhm dó feabhas a chur ar an tsoghluaisteacht mhíleata faoi scáth Plean Gníomhaíochta de chuid an Aontais. I mí Iúil, bhunaigh an tAontas Eorpach an Clár Eorpach Forbartha Tionscal i Réimse na Cosanta don Tréimhse 2019-2020, agus mhol buiséad €13 bhilliún don Chiste Cosanta Eorpach le haghaidh an chéad bhuiséad fadtéarmach eile de chuid an Aontais (2021 go dtí 2027) ar mhaithe le ról an Aontais Eorpaigh ina sholáthraí slándála agus cosanta a mhéadú.

COSAINT AN AONTAIS EORPAIGH
COMHBHEARTAS SLÁNDÁLA AGUS COSANTA AN AONTAIS EORPAIGH — MISIN AGUS OIBRÍOCHTAÍ 2018

In 2018, reáchtáil an tAontas Eorpach sé mhisean míleata agus 10 misean sibhialta faoi scáth an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta lasmuigh dá chuid teorainneacha. Más san Afganastáin é, san Iaráic nó sa tSaiheil, ní féidir institiúidí stáit a fhothú atá láidir athléimneach ionchuimsitheach gan infheistíocht i bhforbairt póilíní agus breithiúna agus dochtúirí agus riarthóirí scoile gairmiúla, mar aon le harm iontaofa agus é faoi smacht an daonlathais. I mí an Mheithimh dá bhrí sin, mhol an tAontas Eorpach go mbunófaí an tSaoráid Eorpach Síochána ionas gurbh fhusa a chuid misean agus oibríochtaí a mhaoiniú faoi scáth an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta, agus tacaíocht a thabhairt do pháirtithe na hEorpa. I mí na Samhna, ghlac airí an Aontais Comhshocrú Sibhialta don Chomhbheartas Slándála agus Cosanta, rud arb é toradh atá i gceist leis Comhbheartas Slándála agus Cosanta a bheidh níos inniúla, níos éifeachtaí agus níos comhtháite.

Níl sna misin mhíleata ach uirlis amháin d’uirlisí an Aontais Eorpaigh le ceart a bhaint den timpeallacht dhúshlánach slándála atá ann lenár linn. In 2018, d’aithin na Ballstáit an ról ríthábhachtach atá ag an gComhbheartas Slándála agus Cosanta agus ag féachaint na ndúshlán slándála dúinn, ina measc sin an choiriúlacht eagraithe, an sceimhlitheoireacht agus bagairtí hibrideacha. Is é cinneadh a rinne siad tuilleadh treise a chur leis an ngné shibhialta atá sa Comhbheartas Slándála agus Cosanta trí bhíthin Comhshocrú Sibhialta.

An sceimhlitheoireacht agus an t-antoisceacht fhoréigneach a chosc agus a chomhrac

Le bliain anuas, i gcomhréir leis an Straitéis Dhomhanda Frithsceimhlitheoireachta agus Plean Gníomhaíochta na Náisiún Aontaithe chun Cosc a chur le hAntoisceacht Fhoréigneach, bhí an fhrithsceimhlitheoireacht agus cosc na hantoisceachta foréigní i measc phríomhthosaíochtaí an Aontais Eorpaigh. Tá neartú déanta ag an Aontas Eorpach ar an idirphlé frithsceimhlitheoireachta tiomanta i bpáirt leis na Balcáin Thiar, an Tuirc, tíortha an Mheánoirthir, agus tíortha Thuaisceart na hAfraice, mar aon le heagrais idirnáisiúnta tábhachtacha.

An imirce

Tá an tAontas Eorpach ag leanúint dá chuid oibre le Ballstáit agus le páirtithe idirnáisiúnta le daoine a shaoradh óna mbás, le cosaint a chur ar fáil, le cosáin a thairiscint a bheadh dleathach sábháilte, agus le dul i ngleic le bunchúiseanna na himirce. Tá dlús curtha aige sa chomhrac in aghaidh gréasáin choiriúla a thagann i dtír ar an éadóchas agus a chleachtann smuigleáil daoine agus gáinneáil. In 2018, glacadh le Comhshocrú Domhanda na hImirce chomh maith le gComhshocrú Domhanda na nDídeanaithe.

Is d’obair an Aontais Eorpaigh cuid den bhuíochas gur tharla na nithe seo a leanas: 33 000 imirceach a bhí sáinnithe sa Libia á gcur abhaile go sábháilte; laghdú 80 % ar líon na ndaoine a tháinig chun na hEorpa ar bhealach na Meánmhara Láir; agus bunú cainéil éalaithe sa Nígir dóibh siúd a raibh cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu. Ó mhí na Samhna 2017 i leith, rinneadh aslonnú ar 2 105 dhídeanaí agus iarrthóir tearmainn leochaileacha. Chuaigh Ciste Iontaobhais Éigeandála an Aontais Eorpaigh don Afraic i ngleic le bunchúiseanna na héagobhsaíochta, an easáitithe éigeantaigh, agus na himirce neamhrialta, agus thug siad cúnamh i mbainistiú na himirce.

Freagairt do ghéarchéimeanna agus éigeandálaí daonnúla

An choinbhleacht atá sa tSiria, níl insint ná aithris ar an ainnise agus ar an uafás a tharraing sí ar na milliúin daoine. Ó thús na cogaíochta in 2011, tá tacaíocht á cur ar fáil ag an Aontas Eorpach le saoránaigh na Siria agus saoránaigh na dtíortha máguaird a choinneáil ina mbeatha. In 2018, bhí luach €311 mhilliún lena chuid tionscnamh daonnúil sa tSiria, san Iordáin, sa Liobáin, san Éigipt agus sa Tuirc.

Ní féidir coinbhleachtaí idirnáisiúnta a réiteach ach le córas láidir iltaobhach, agus in 2018 is d’eagraíochtaí de chuid na Náisiún Aontaithe (NA) a tugadh beagnach leath an mhaoinithe a rinneadh an tAontas Eorpach ar chabhair dhaonnúil. Is don Chlár Domhanda Bia, don dá áisíneacht na Náisiún Aontaithe a bhíonn ag plé le dídeanaithe agus le himircí, do Unicef agus don Eagraíocht Dhomhanda Sláinte a tugadh an sciar ba shuntasaí den mhaoiniú. In 2018, cuireadh tograí oideachais i gcroí-lár ghníomhaíochtaí cabhrach daonnúla an Aontais Eorpaigh, agus is é €100 milliún an luach a bhí ag dul leo.

FREAGAIRT AN AONTAIS EORPAIGH AR GHÉARCHÉIMEANNA AR FUD AN DOMHAIN: IDIRGHABHÁLACHA TÁBHACHTACHA

In 2018, chuir an tAontas Eorpach an sásra um chosaint sibhialta atá aige ar obair 10 n-uaire le freagairt do thubaistí gan choinne i Meiriceá Laidineach, san Afraic agus san Áise. I ndeireadh mhí Mheán Fómhair, cuir i gcás, nuair a bhuail sraith maidhmeanna talún agus súnámaí an Indinéis, is é an Coimisiún Eorpach a rinne an comhordú ar sholáthar na dídine, ar na modail chumhachta, agus ar íonú an uisce ó ocht mBallstát éagsúla.

Cearta an Duine

Lean an tAontas Eorpach air ag cosaint chearta an duine agus á gcur chun cinn, go mór mór agus urraim do na cearta sin á gcreimeadh in áiteanna go leor ar fud an domhain. Thug an tAontas Eorpach tacaíocht láidir do chomóradh 70 bliain Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine. Seoladh “Dea-scéalta faoi Chearta an Duine” ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, rud a thug cónaidhm tíortha le chéile, agus cuireadh béim dá bharr ar chleachtais dhearfacha i réimse chearta an duine.

Tá an comhionannas idir na mná agus na fir ar cheann de bhunluachanna an Aontais Eorpaigh, agus tá sé ina thosaíocht dá chuid beartas Eorpach agus idirnáisiúnta. Tacaíonn an tAontas Eorpach le clár oibre na Náisiún Aontaithe i leith na mBan, na Síochána, agus na Slándála. Tá sé i mbun oibre chomh maith ar chur chun feidhme an phlean ghníomhaíochta atá leagtha amach sa doiciméad oibre maidir le “Comhionannas idir na hinscní agus cumhachtú na mban: saol na gcailíní agus na mban a bhunathrú chun feabhais trí chaidreamh seachtrach an Aontais Eorpaigh, 2016-2020”.

In 2018, chuaigh Misin Breathnóireachta Toghchán go dtí an Chosaiv, an Ghaimbia, an Hondúras, an Liobáin agus an Túinéis.

Smachtbhannaí AE

Is éard is smachtbhanna ann, rud a dtugtar “beart sriantach” air go minic, uirlis d’uirlisí an Aontais Eorpaigh le cuspóirí an chomhbheartais eachtraigh agus slándála a chur chun cinn: an tsíocháin, an daonlathas, an urraim don smacht reachta, cearta an duine, agus an dlí idirnáisiúnta. Is cuid de chur chuige i leith bheartas cuimsitheach is leithne ná sin a bhíonn iontu i gcónaí, cur chuige ina mbíonn idirphlé polaitiúil agus iarrachtaí comhlántacha i gceist. Ní rud pionósach atá i smachtbhannaí an AE, ach is éard is aidhm dóibh athrú a chur ar bheartas nó ar ghníomhaíocht na tíre nó na n-eintiteas nó na ndaoine is sprioc dóibh. Tá mapa de smachtbhannaí AE le feiceáil anseo.

Ag obair in éineacht le comhpháirtithe idirnáisiúnta

Federica Mogherini, an tArdionadaí/an Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin, agus Amina Mohammed, Leas-Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, i láthair ag seoladh Chlár Mheiriceá Laidinigh le linn an 73ú seisiún de chuid Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, Nua-Eabhrac, Stáit Aontaithe Mheiriceá, an 27 Meán Fómhair 2018.
© An tAontas Eorpach

Federica Mogherini, an tArdionadaí/an Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin, agus Amina Mohammed, Leas-Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, i láthair ag seoladh Chlár Mheiriceá Laidinigh le linn an 73ú seisiún de chuid Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, Nua-Eabhrac, Stáit Aontaithe Mheiriceá, an 27 Meán Fómhair 2018.

Ní mór don Aontas Eorpach freagracht straitéiseach a ghlacadh air féin le beart aonair a dhéanamh nuair is gá sin agus le comhpháirtithe nuair is féidir sin. Sin é an fáth ar neartaigh an tAontas Eorpach an comhar atá idir é agus comhpháirtithe idirnáisiúnta eile, Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT) agus na Náisiúin Aontaithe, cuir i gcás.

Na Náisiúin Aontaithe

Creideann an tAontas san ord idirnáisiúnta atá bunaithe ar rialacha, ord arb iad na Náisiúin Aontaithe atá ina chroílár, agus an domhan slán cobhsaí dá bharr sin. Le linn Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe in 2018, is faoi stiúir an Uachtaráin Donald Tusk agus an Uachtaráin Jean-Claude Juncker a bhí toscaireacht an Aontais Eorpaigh, agus is é comhaontú a socraíodh leo comhpháirtíocht straitéiseach athnuaite leis na Náisiúin Aontaithe, agus gealltanas i dtaobh feabhas a chur ar an gcomhar forbartha mar chuid de. Thacaigh an tAontas leis na hathchóirithe a mhol Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe António Guterres, athchóirithe a d’fhágfadh gur rud ar fónamh don 21ú hAois a bheidh sna Náisiúin Aontaithe. Cuireadh dlús leis an gcomhar i réimse na síochána agus na slándála, go háirithe i bPoblacht na hAfraice Láir, i Libia, i Mailí, sa tSaiheil agus sa tSomáil.

Comhpháirtíocht níos láidre idir an tAontas Eorpach agus ECAT

An comhar idir an tAontas Eorpach agus ECAT, is cuid thábhachtach d’obair an Aontais atá ann i neartú shlándáil agus chosaint na hEorpa mar chuid de Straitéis Dhomhanda an Aontais.

San iomlán, tá 74 ghníomhaíocht á gcur chun feidhme i láthair na huaire i gceantair éagsúla, agus tá léargas sa tríú babhta de thuarascálacha ar an dul chun cinn a foilsíodh in 2018 ar an dul chun cinn tapa agus ar an mbreisluach sa chomhar idir an tAontas Eorpach agus ECAT. Mar aon le sin, rinne an tAontas Eorpach agus ECAT comhordú ar obair eile go comhthreomhar le feabhas a chur ar chumas an Aontais Eorpaigh freagairt do ghéarchéim chasta den chineál hibrideach, agus le tuilleadh forbartha a chur ar an idirghníomhaíocht idir an dá eagraíocht san fheasacht faoi chúrsaí suímh, faoin bhfreagairt do chibir-ghéarchéimeanna, agus ar an gcumarsáid straitéiseach le linn géarchéimeanna.

COMHAR IDIR AN tAONTAS EORPACH agus ECAT

An tAontas Eorpach sa G7 agus sa G20

Is ball iomlán den G7 agus den G20 atá san Aontas Eorpach. Sna fóraim sin, bíonn an tAontas Eorpach ag comhrac leis le cosaint a dhéanamh ar an ord idirnáisiúnta atá bunaithe ar an ord, ord atá faoi bhrú i láthair na huaire ó thaobh na trádála de, agus ó thaobh na slándála, ó thaobh an athrú aeráide de, agus ó thaobh chearta an duine. Le linn do cheannairí de chuid an G7 a bheith cruinnithe le chéile i mí an Mheithimh i gCeanada, thug siad gealltanas i ndearbhú go ndéanfaidís an cosantachas trádála a chomhrac agus an Eagraíocht Dhomhanda Trádála a nuachóiriú, agus d’áitigh siad ar an Rúis scor den chreimeadh atá siad a dhéanamh ar an daonlathas, agus deireadh a chur leis an tacaíocht a thugann siad don réimeas sa tSiria. Chomh maith leis sin, chuir siad in iúl gur mhian leo dí-armáil núicléach leithinis na Cóiré agus na hIaráine. Gheall ceannairí an G7 go n-oibreoidís as lámha a chéile le fás ionchuimsitheach a bhaint amach, sin agus comhionannas idir na hinscní, agus rinne an tAontas Eorpach athdhearbhú ar an tiomantas láidir atá ann le Comhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide a chur chun feidhme. Le linn chruinniú an G20 in Buenos Aires, d’eisigh na ceannairí dearbhú a bhí dírithe ar chothú na comhthola le haghaidh forbairt a bheadh cothrom inbhuanaithe. Rinne ceannairí an G20 athnuachan ar an ngealltanas atá déanta acu le hobair as lámha a chéile le feabhas a chur ar ord idirnáisiúnta atá bunaithe ar rialacha, agus le tacaíocht a thabhairt don athchóiriú riachtanach ar an Eagraíocht Dhomhanda Trádála chun feabhas a chur ar fheidhmiú na heagraíochta sin.

An Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin Andrus Ansip ag caint le Navdeep Bains, Aire Nuálaíochta, Eolaíochta agus Forbartha Eacnamaíche Cheanada, ag cruinniú Airí Fostaíochta agus Nuálaíochta G7 faoi “Ullmhú do phoist sa todhchaí”, Montréal, Ceanada, an 28 Márta 2018.
© An tAontas Eorpach

An Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin Andrus Ansip ag caint le Navdeep Bains, Aire Nuálaíochta, Eolaíochta agus Forbartha Eacnamaíche Cheanada, ag cruinniú Airí Fostaíochta agus Nuálaíochta G7 faoi “Ullmhú do phoist sa todhchaí”, Montréal, Ceanada, an 28 Márta 2018.

Buiséad fadtéarmach an Aontais Eorpaigh 2021-2027

Is é an tAontas Eorpach an deontóir is mó ar domhan i réimse na cabhrach forbartha, an príomh-chomhpháirtí trádála, agus an t-infheisteoir is mó ón gcoigríoch i mórán gach uile thír ar domhan. Sa bhuiséad fadtéarmach do 2021 go 2027 atá ag an Aontas Eorpach, cuirfear leis an airgead a chaitear ar fhorbairt agus ar chabhair dhaonnúil. Ós Aontas é a chuireann an tsíocháin agus an chobhsaíocht chun cinn, aontas a chraobhscaoileann a chuid luachanna agus a rialacha, is iomaí dúshlán atá roimhe sa tslí, chomh maith le deiseanna ar an saol nasctha seo a bhíonn ag dul chun castachta an t-am go ar fad. An rath agus an tsíocháin i gcomharsanacht an Aontais Eorpaigh, is rud é a chuir le rath an Aontais féin. I gcomhair an chéad bhuiséad fadtéarmach eile, is éard atá á mholadh ag an gCoimisiún méadú 26 % a chur ar an infheistíocht a dhéanfar sna gníomhaíochtaí seachtracha go €123 bhilliún, maille le hathstruchtúrú mór ar ionstraimí na gníomhaíochta seachtraí atá ag an Aontas Eorpach le feabhas a chur ar an gcomhleanúnachas, le héifeachtúlacht comhair a fhothú, le simpliú a dhéanamh ar phróisis, agus le barainneachtaí scála a úsáid. Is le linn na bliana freisin a seoladh an Ciste Cosanta Eorpach le cabhrú leis na Ballstáit i gcaitheamh airgead na gcáiníocóirí ar bhealach níos éifeachtaí. Déanfaidh an Ciste infheistíochtaí náisiúnta sa taighde faoi chúrsaí cosanta a chomhordú agus a mhéadú, agus déanfaidh sé amhlaidh le trealamh cosanta agus an teicneolaíocht cosanta atá ag teacht chun cinn. Dhá phríomhshnáithe atá sa Chiste: (i) taighde; agus (ii) forbairt. Seo réimsí taighde a bhíonn i gceist: cúrsaí leictreonaice, meat-ábhair, bogearraí criptithe agus an róbataic. Maidir le forbairt, tharlódh trealamh cosanta agus an teicneolaíocht faoina scáth sin, forbairt ar theicneolaíocht na ndrón cuir i gcás, agus ar an gcumarsáid satailíte, a rud a mbeadh laghdú costas ag gabháil leis.

Níl teorainn ar domhan nach ligeann bagairtí slándála isteach, agus tá méadú ag teacht ar ghné idirnáisiúnta na mbagairtí sin. Is amhlaidh atá oiread castachta sna dúshláin seo nach féidir agus nach ceart tabhairt ar Bhallstát ar bith aghaidh a thabhairt orthu ina aonar. Ní mór do bhuiséad an Aontais Eorpaigh tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit sna freagrachtaí a ghlacann siad orthu féin agus sa dícheall a dhéanann siad ag féachaint leis go mbíonn muintir na hEorpa saor ó chontúirt. De réir na moltaí a chuir an Coimisiún faoi bhráid na Comhairle agus na Parlaiminte, tuairim agus €19.5 billiún an luach a bheidh i mBuiséad an Aontais Eorpaigh don tslándáil agus don chosaint (€13 bhilliún don Chiste Eorpach Cosanta móide €6.5 billiún don tsoghluaisteacht mhíleata faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa). Chomh maith leis sin, de réir moladh a chuir an tArd-Ionadaí faoi bhráid na Comhairle le tacaíocht ón gCoimisiún, cuirfear €10.5 billiún eile ar fáil laistigh de bhuiséad an Aontais Eorpaigh don tSaoráid Síochána Eorpach. Is éard is dóichí más ea go rachaidh an caiteachas iomlán ar shlándáil agus ar chosaint sa tréimhse 2021-2027 thar €30 billiún.

Caibidil 10

Aontas ina bhfuil athrú daonlathach ar siúl

“Faoin gceannaireacht seo agamsa, beidh an Coimisiún Eorpach tiomanta an chomhpháirtíocht speisialta le Parlaimint na hEorpa a chomhlíonadh. […] Tá mé tiomanta freisin an trédhearcacht a fheabhsú maidir le teagmháil le geallsealbhóirí agus lucht brústocaireachta.”

Jean-Claude Juncker, Treoirlínte Polaitiúla, an 15 Iúil 2014

Radharc síos isteach ar Pharlaimint na hEorpa agus lán tí ann le linn chomóradh 70 bliain Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine.

Ina threoirlínte polaitiúla in 2014 don chéad Choimisiún Eorpach eile, thug Uachtarán an Choimisiúin Jean-Claude Juncker gealltanas go “n-oibreodh sé le go mbeadh iontaoibh ag na saoránaigh as an tionscadal Eorpach in athuair”. Leis an aidhm sin a bhaint amach, d’oibrigh Coimisiún Juncker ón gcéad lá amach le go mbeadh an tAontas Eorpach níos daonlathaí, trí fháilte a fhearadh roimh ionchur ó na saoránaigh sa phróiseas déanta beartais, tríd an trédhearcacht a mhéadú agus trí phrionsabail na Rialála Níos Fearr a leabú go smior in obair an Choimisiúin.

Leanadh ar aghaidh in 2018 de bheith ag cur lenar baineadh amach roimhe sin trí thionscnaimh nua atá dírithe ar an todhchaí a chur i láthair. I mí Feabhra, chuir an Coimisiún bearta praiticiúla i láthair do Cheannairí an Aontais chun an nasc leis na saoránaigh a fheabhsú ag an gcéad toghchán Eorpach eile agus chun an tAontas a chur ag obair ar dhóigh níos éifeachtúla. D’imigh an Comhphlé leis na Saoránaigh ó neart go neart, idir reáchtáil an 1 000ú Comhphlé in Freiburg na Gearmáine, i mí Dheireadh Fómhair leis an Uachtarán Juncker, agus díospóireachtaí forleathana maidir le Todhchaí na hEorpa.

Pléadh Todhchaí na hEorpa in an-chuid seisiún den Chomhphlé leis na Saoránaigh, agus cuireadh dlús leis an díospóireacht sin le linn 2018 trí chainteanna ar líne, sna Parlaimintí, sna cathracha agus i réigiúin ar fud an Aontais mar chuid den réamhullmhúchán don Chruinniú Mullaigh in Sibiu i mí na Bealtaine 2019, cruinniú a bhfuiltear ag súil leis an Aontas na cinntí sin a ghlacadh ann.

Thug an Coimisiún a thuairimí uaidh faoin bpróiseas roghnúcháin don chéad Uachtarán eile ar an gCoimisiún, faoi chomhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa agus an Choimisiúin san am atá le teacht agus faoi fheidhmiú Uachtarán na Comhairle Eorpaí agus an Choimisiúin a mbeadh an dá institiúid faoina chúram aige.

Shocraigh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle comhaontú i mí Fheabhra i dtaca le rialacha nua maidir le páirtithe polaitiúla Eorpacha a mhaoiniú agus i mí na Nollag maidir le hathchóiriú ar Thionscnamh na Saoránach Eorpach, tionscnamh ina mbeidh tuilleadh faisnéise agus cúnaimh d’eagróirí, rud a fhágfaidh go mbeidh sé níos éasca do shaoránaigh tionscnamh a ullmhú. Agus i mí na Bealtaine chuir an Coimisiún a thogra i láthair le haghaidh bhuiséad fadtéarmach an Aontais don am atá amach romhainn, togra a chuireann tús le próiseas leis na hinstitiúidí Eorpacha eile chun a chinntiú go mbeidh na hacmhainní ag an Aontas Eorpach uaillmhianta an Aontais a chomhlíonadh agus aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo.

Todhchaí na hEorpa

Ina aitheasc ar Staid an Aontais 2016, chuir an tUachtarán Juncker tús leis an bpróiseas machnaimh i dtaca lena bhfuil i ndán don Eoraip agus d’Aontas Eorpach na 27 mBallstát. Ghlac ceannairí an Aontais dhá Dhearbhú faoin mbealach chun cinn: sa Bhratasláiv i mí Mheán Fómhair 2016, agus sa Róimh i mí an Mhárta 2017 agus thug an Coimisiún, in éineacht le Parlaimint na hEorpa agus leis na Ballstáit, san am céanna, cuireadh do na saoránaigh rannchuidiú leis an díospóireacht faoi thodhchaí na hEorpa trí pháirt a ghlacadh sa Chomhphlé leis na Saoránaigh agus trí chomhairliúcháin ar líne atá dréachtaithe ag na saoránaigh iad féin.

Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, ag caint ag seisiún iomlánach Pharlaimint na hEorpa ar an díospóireacht faoi thodhchaí na hEorpa, Strasbourg na Fraince, an 23 Deireadh Fómhair 2018.

Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, ag caint ag seisiún iomlánach Pharlaimint na hEorpa ar an díospóireacht faoi thodhchaí na hEorpa, Strasbourg na Fraince, an 23 Deireadh Fómhair 2018.

I mí an Mhárta 2017 d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach Páipéar Bán maidir le Todhchaí na hEorpa, inar cuireadh cúig chás i láthair faoin dóigh a bhféadfadh an tAontas athrú le himeacht aimsire. Leanadh é sin le sraith de chúig pháipéar machnaimh i dtaca leis na saincheisteanna a mbeidh an tionchar is mó acu ar thodhchaí an Aontais Eorpaigh. San aitheasc a thug sé ar Staid an Aontais in 2017, mhol an tUachtarán Juncker Treochlár le haghaidh Aontas a bheidh Níos Aontaithe, Níos Láidre agus Níos Daonlathaí.

Anuas air sin, chomhaontaigh ceannairí náisiúnta ar Chlár Oibre na gCeannairí liosta de na fadhbanna agus de na dúshláin is práinní ar cheart a réiteach, roimh na toghcháin Eorpacha i mí na Bealtaine 2019. Rinneadh dul chun cinn suntasach go dtí seo, arae ghlac an Coimisiún na tograí go léir a d’iarr ceannairí an Aontais sa Bhrataslaiv agus sa Róimh, tograí uaillmhianacha i réimsí na himirce, an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadraíochta, saincheisteanna institiúideacha, cánachas sa gheilleagar digiteach, saincheisteanna digiteacha, taighde agus nuálaíocht, oideachas agus cultúr.

I mí Fheabhra 2018 mhol an Coimisiún pacáiste roghanna ionas go n-oibreodh an tAontas ar dhóigh níos éifeachtúla, roghanna a dhéanfadh córas na bpríomh-iarrthóirí ar phost Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh (Spitzenkandidaten) a dhearbhú agus a fheabhsú. Is é a d’iarr an pacáiste sin freisin go mbeadh na nascanna idir páirtithe polaitiúla Eorpacha agus na ballpháirtithe náisiúnta agus réigiúnacha níos trédhearcaí, ionas gur fusa is féidir le vótóirí a thuiscint an difear a dhéanann a vóta ó thaobh cinntí a dhéanamh san Eoraip de. I Meán Fómhair 2018, chun a chinntiú go mbeidh na toghcháin Eorpacha saor agus cóir, chuir an Coimisiún bearta sonracha breise i láthair arb é is aidhm dóibh ár bpróisis dhaonlathacha a chosaint ar chúbláil tríú tíortha nó leasanna príobháideacha, amhail leas a bhaint as sonraí pearsanta a fhaightear go mídhleathach.

Chomhaontaigh na ceannairí i Meán Fómhair 2018 bearta i dtaca le slándáil inmheánach, agus i mí na Nollag chomhaontaigh siad bearta a bhaineann leis an Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta.

An bóthar go Sibiu

Sa Treochlár le haghaidh Aontas a bheidh níos aontaithe, níos láidre agus níos daonlathaí, mhol an tUachtarán Juncker cruinniú speisialta do na ceannairí in Sibiu, an Rómáin, chun saincheisteanna straitéiseacha faoi thodhchaí an Aontais a phlé. Reáchtálfar cruinniú neamhfhoirmiúil na gceannairí an 9 Bealtaine 2019, tráth ar cheart deis a bheith ag ceannairí náisiúnta teachtaireacht dóchais, aontachta agus diongbháilteachta a fhógairt agus ár gcomhluachanna a thabhairt ar ais chun cuimhne. Deis a bheidh ann freisin buaic an phróisis mhachnaimh faoi thodhchaí na hEorpa a chomóradh le tiomantas athnuaite d’Aontas Eorpach a dhéanfaidh beart sna réimsí sin atá tábhachtach go fírinneach dá shaoránaigh. An iarraidh seo — 6 seachtaine tar éis an dáta atá ceaptha d’imeacht na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach agus 2 sheachtain roimh thoghcháin Pharlaimint na hEorpa — táthar ag súil go ndéanfaidh ceannairí machnamh ar Chlár Oibre Straitéiseach nua lena socrófar tosaíochtaí agus lena dtreorfar obair an Aontais Eorpaigh sa chéad 5 bliana eile atá romhainn.

Ina aitheasc ar Staid an Aontais 2018, luaigh an tUachtarán Junckner an athuair an gealltanas chun an Eoraip a dhéanamh níos aontaithe, níos láidre agus níos daonlathaí. Tá roinnt garspriocanna agus príomhthionscnamh ar an “mBóthar go Sibiu” chun 10 dtosaíocht pholaitiúla an Choimisiúin a bhaint amach, mar aon leis na tograí comhlántacha réamhbhreathnaitheacha. Tá trí thosaíocht ann do na trí institiúid de chuid an Aontais Eorpaigh — Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún — chun an méid sin a fhíorú.

  • Beart a dheanamh de réir a mbriathar — na tograí reachtacha atá fós ar feitheamh a ghlacadh.
  • Dúshláin thábhachtacha atá fós le sárú — an dúshlán chun obair i réimse na himirce a thabhairt i gcrích san áireamh; an tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a neartú agus aghaidh a thabhairt ar na teannais atá ag géarú sa chóras trádála domhanda.
  • Cur chuige i leith na todhchaí a fhabhrú don Aontas Eorpach. Chuige sin, i mí na Bealtaine, chuir an Coimisiún a thogra síos don chéad bhuiséad fadtéarmach eile a bheidh ag Aontas na 27 mBallstát (2021 go 2027). Chun caoi a thabhairt don Aontas a bheith ina ghníomhaí domhanda éifeachtach agus ceannasach, mhol an Coimisiún i mí Mheán Fómhair tuilleadh úsáide a bhaint as vótáil trí thromlach cáilithe i réimsí áirithe de chomhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais Eorpaigh. Ar na tionscnaimh chun cur chuige a thabhairt i dtaobh thodhchaí an Aontais freisin, tá tionscnaimh chun sásraí a neartú tuilleadh chun an smacht reachta a chosaint sna Ballstáit ar fad.

Beidh lorg na dtrí rud a leanas ar chlár oibre an Aontais in 2019: cur i gcrích, cinniúint agus daonlathas.

Beidh cur i gcrích ar phríomhfhócas an Choimisiúin agus Uachtarán Juncker suas go dtí an lá deireanach dá théarma oifige. Tá na tograí go léir atá bunaithe ar 10 dTosaíocht Choimisiún Juncker leagtha amach, ach is gá thart ar 241 togra a ghlacadh fós sna míonna beaga atá le teacht. Beidh an Coláiste ag obair gan stad gan staonadh chun a chinntiú go nglacfaidh na comhreachtóirí go foirmiúil an méid is mó tograí agus is féidir chun fíordhifríocht a dhéanamh i saol daoine.

Is í 2019 an bhliain nuair is mithid don Eoraip an stiúir a ghlacadh ar a cinniúint féin, faoi mar a d’iarr an tUachtarán Juncker ina aitheasc deireanach ar Staid an Aontais. An 9 Bealtaine in Sibiu na Rómáine, cuirfidh na 27 gceannaire tús le ré gheal nua ag cruinniú mullaigh thar a bheith speisialta trína réiteofar an bealach le haghaidh Eoraip níos aontaithe, níos láidre agus níos daonlathaí.

Gan ach 2 sheachtain tar éis Sibiu, glacfaidh Eorpaigh páirt sa dara toghchán is mó áit ar bith ar domhan — gan ach olltoghchán na hIndia níos mó ná é. Idir an daonlathas agus na toghcháin Eorpacha beidh deis ag daoine a gcuid tuairimí a chur in iúl maidir leis an gcineál Aontais atá uathu, agus ag na páirtithe go léir fud fad an speictrim a smaointe faoin todhchaí a chur in iúl.

Parlaimint na hEorpa

Antonio Tajani, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, ag caint le linn preasagallamh i bParlaimint na hEorpa faoi tharraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas, Strasbourg na Fraince, an 15 Samhain 2018.

Antonio Tajani, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, ag caint le linn preasagallamh i bParlaimint na hEorpa faoi tharraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas, Strasbourg na Fraince, an 15 Samhain 2018.

Chuaigh Parlaimint na hEorpa i ngleic le raon leathan saincheisteanna beartais in 2018, ag glacadh reachtaíochta chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, chun a chinntiú gurb eol do na Ballstáit cé atá ag trasnú na dteorainneacha seachtracha, chun Cór Dlúthpháirtíochta nua a chur ar bun chun cuidiú le daoine óga obair dheonach nó obair a dhéanamh ar thionscadail ina dtír féin nó thar lear, chun geilleagar “ciorclach” atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a spreagadh agus chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. Lena chois sin, d’fhaomh an Pharlaimint nuachóiriú ar uirlisí na hEorpa chun dul i ngleic le cleachtais éagóracha trádála a dhéanann tíortha ar fud an domhain, chomh maith le reachtaíocht chun na rialacha maidir le hoibrithe atá ar postú i dtír eile san Aontas seachas ina dtír féin a dhéanamh níos cothroime agus níos éifeachtaí.

An Chomhairle Eorpach

Bhí cruinniú neamhfhoirmiúil ag an gComhairle Eorpach i mí Fheabhra chun saincheisteanna institiúideacha a phlé inar cuimsíodh comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa, liostaí trasnáisiúnta, agus ceapacháin, an Spitzenkandidaten ar phost Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh san áireamh. Ina theannta sin, bhí díospóireacht ag na ceannairí i dtaca leis na tosaíochtaí polaitiúla don chéad bhuiséad fadtéarmach eile de chuid an Aontais Eorpaigh (2021-2027) a phlé.

Dhírigh Comhairle Eorpach an Mhárta ar an ngeilleagar (go háirithe ar Straitéisí an Mhargaidh Aontair), trádáil, saincheisteanna sóisialta, agus ullmhúcháin do Chruinniú Mullaigh an Aontais Eorpaigh–na mBalcán Thiar i mí na Bealtaine. I gcomhthéacs Chlár Oibre na gCeannairí, rinneadh plé freisin maidir le cánachas digiteach agus caidreamh eachtrach. Ghlac an Chomhairle Eorpach (i gcumraíocht Airteagal 50 na 27 mBallstát) treoirlínte i dtaca leis an gcaidreamh a bheidh ann amach anseo leis an Ríocht Aontaithe. Ag Cruinniú Mullaigh an Euro, mhalartaigh na ceannairí tuairimí maidir le gnéithe uile an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta, cé is moite den Aontas Baincéireachta agus den Sásra Cobhsaíochta Eorpach.

Donald Tusk, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, i bParlaimint na hEorpa, in Strasbourg na Fraince, an 24 Deireadh Fómhair 2018.

Donald Tusk, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, i bParlaimint na hEorpa, in Strasbourg na Fraince, an 24 Deireadh Fómhair 2018.

Bhuail ceannairí an Aontais Eorpaigh i Sóifia na Bulgáire i mí na Bealtaine le haghaidh Chruinniú Mullaigh na mBalcán Thiar. Roimh an gcruinniú mullaigh, thionóil na ceannairí dinnéar oibre i gcomhthéacs Chlár Oibre na gCeannairí sin nuair a bhí an plé dírithe ar shaincheisteanna digiteacha, agus ar thaighde agus nuálaíocht.

I mí an Mheithimh bhí an imirce ar an bpríomhábhar a bhí faoi chaibidil ag na ceannairí. Bhí trácht freisin sa chlár oibre ar shlándáil agus ar chosaint, ar an gcéad bhuiséad fadtéarmach eile de chuid an Aontais Eorpaigh (2021-2027), ar thrádáil, ar an Seimeastar Eorpach, ar chánachas digiteach, ar nuáil agus ar an Eoraip dhigiteach. Ag Cruinniú Mullaigh an Euro, phléigh na ceannairí cur i gcrích an Aontais Bhaincéireachta agus ról an tSásra Cobhsaíochta Eorpaigh sa todhchaí. Rinne an Chomhairle Eorpach (ag cruinniú na 27 mBallstát i bhformáid Airteagal 50) athbhreithniú ar staid an dul chun cinn atá déanta sna caibidlíochtaí i dtaca le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach, ag tabhairt dá haire an easpa dul chun cinn atá déanta ó Chomhairle Eorpach an Mhárta maidir leis an dréacht-chomhaontú um tharraingt siar agus maidir leis an gcaidreamh a bheidh ann amach anseo.

Ag cruinniú neamhfhoirmiúil i Salzburg i mí Mheán Fómhair, thug na ceannairí aghaidh ar chaibidlíochtaí faoi Airteagal 50, chomh maith leis an tslándáil inmheánach faoi Chlár Oibre na gCeannairí. Chomh maith leis sin, rinne siad breithniú ar chur chun feidhme chonclúidí Chomhairle Eorpach an Mheithimh maidir le himirce.

I mí Dheireadh Fómhair thug na ceannairí aghaidh ar an tslándáil inmheánach agus ar an imirce inmheánach mar obair leantach ar chruinniú neamhfhoirmiúil mhí Mheán Fómhair. Faoi chaidreamh seachtrach, thug na ceannairí aghaidh ar an gcaidreamh idir an tAontas agus an Afraic, ar Chruinniú Mullaigh an Aontais–Léig na nArabach atá sceidealta le haghaidh mhí Fheabhra 2019, ar Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe agus ar na hullmhúcháin do Chomhdháil na Náisiún Aontaithe um Athrú Aeráide in Katowice, an Pholainn. Bhí plé ag na ceannairí freisin i dtaca le caibidlíochtaí Airteagal 50 agus faoi shaincheisteanna a bhaineann leis an Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta.

I mí na Samhna eagraíodh cruinniú urghnách den Chomhairle Eorpach (Airteagal 50) chun deis a thabhairt do cheannairí AE-27 an dréacht-Chomhaontú um Tharraingt Siar a fhormhuiniú agus chun an Dearbhú Polaitiúil a fhaomhadh lena leagtar amach an creat don chaidreamh a bheidh ann amach anseo idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe.

I mí na Nollag phléigh an Chomhairle Eorpach an chéad bhuiséad fadtéarmach eile, an imirce, an Margadh Aonair, an t-athrú aeráide, an tslándáil agus an chosaint, mífhaisnéis, an comhrac in aghaidh an chiníochais agus na seineafóibe, na Comhphléití leis na Saoránaigh agus na Comhairliúcháin leis na Saoránaigh, agus na hUllmhúcháin don Chlár Oibre Straitéiseach. Faoi chaidreamh seachtrach, thug na ceannairí aghaidh ar na hullmhúcháin do Chruinniú Mullaigh an Aontais Eorpaigh–Léig na nArabach, ar an Rúis, agus ar an gComhaontú um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin. Reáchtáladh cruinniú den Chomhairle Eorpach (Airteagal 50) freisin, mar aon le Cruinniú Mullaigh faoin Euro a raibh ionstraim bhuiséadach maidir le cóineasú agus iomaíochas sa limistéar euro agus neartú ról idirnáisiúnta an euro ar na príomhcheisteanna a pléadh.

Comhairle an Aontais Eorpaigh

Is ag an mBulgáir agus ag an Ostair a bhí Uachtaránacht rothlach Chomhairle an Aontais Eorpaigh in 2018. Sa chéad leath den bhliain, dhírigh an Bhulgáir ar imirce, ar shlándáil, ar an ngeilleagar digiteach, ar na Balcáin Thiar, agus ar chomhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta. Sa dara leath de 2018, dhírigh Uachtaránacht na hOstaire ar imirce, ar shlándáil inmheánach, ar an gcoimhdeacht agus ar dhigitiú.

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste Eorpach na Réigiún

In 2018 bhí ról gníomhach ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa sa phlé faoin gcéad bhuiséad fadtéarmach eile de chuid an Aontais don tréimhse 2021-2027. Reáchtáil sé díospóireacht iomlánach i mí Mheán Fómhair ina raibh an Coimisinéar Günther Oettinger páirteach, Coimisinéar atá freagrach as buiséad agus acmhainní. Bhí ról gníomhach ag an gCoiste freisin sa díospóireacht faoin Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh. I mí na Bealtaine, thionóil an Coiste seisiún iomlánach comórtha chun comóradh 60 bliain a cheiliúradh agus d’óstáil sé na Laethanta Sochaí Sibhialta bliantúla, a dhírigh ar shaoránacht, ar dhaonlathas agus ar chultúr in Eoraip dhigitithe.

Sa chéad leath de 2018, bhí Coiste Eorpach na Réigiún gafa le hobair an Tascfhórsa maidir le Coimhdeacht, Comhréireacht agus “Níos Lú a Dhéanamh, agus é a Dhéanamh ar Shlí Níos Éifeachtúla” ag rannchuidiú i dtaobh saincheisteanna atá tábhachtach d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha. Lean an Coiste ar aghaidh le sraith d’imeachtaí poiblí “halla baile” agus leis na Comhphléití leis na Saoránaigh faoi thodhchaí na hEorpa, arbh é an toradh air gur glacadh tuairim maidir le todhchaí na hEorpa, agus gur neartaíodh an Chomhghuaillíocht faoin gComhtháthú — comhghuaillíocht díobh sin a chreideann gur gá do bheartas comhtháthaithe an Aontais leanúint de bheith ina cholún de thodhchaí an Aontais. I mí na Samhna, bhí an Coiste ina óstach don naoú ceann de Chomhdháil Eorpach na Cumarsáide Poiblí, a bhí tiomanta d’Fheachtasaíocht ar son na hEorpa chun ullmhú do na toghcháin Eorpacha in 2019.

Toghadh Luca Jahier ina Uachtarán ar Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa i mí Aibreáin 2018.

Toghadh Luca Jahier ina Uachtarán ar Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa i mí Aibreáin 2018.

Karl-Heinz Lambertz, Uachtarán Choiste na Réigiún, ag cur i láthair Sheachtain Eorpach na Réigiún agus na gCathracha 2018 agus na chéad ghlúine eile de Chláir Beartais Comhtháthaithe, an Bhruiséil, an Bheilg, an 8 Deireadh Fómhair 2018.

Karl-Heinz Lambertz, Uachtarán Choiste na Réigiún, ag cur i láthair Sheachtain Eorpach na Réigiún agus na gCathracha 2018 agus na chéad ghlúine eile de Chláir Beartais Comhtháthaithe, an Bhruiséil, an Bheilg, an 8 Deireadh Fómhair 2018.

An Clár Oibre maidir le Rialáil Níos Fearr a Chur i gCrích

Clár Oibre an Choimisiúin 2019

I mí Dheireadh Fómhair chuir an Coimisiún Eorpach a Chlár Oibre do 2019 i láthair. Leagadh amach ann trí phríomhthosaíocht don chéad bhliain eile: teacht go tapa ar chomhaontú leis na comhreachtóirí maidir le tograí reachtacha atá ar feitheamh chun na 10 dtosaíocht pholatiúla a bhaint amach; líon teoranta tionscnamh nua a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin gan réiteach; agus, mar chuid den treochlár do Chruinniú Mullaigh Sibiu an 9 Bealtaine 2019, roinnt tionscnamh a chur i láthair ina léirítear cur chuige an Aontais a bheidh ann amach anseo nuair nach mbeidh ach 27 mBallstát ann, na boinn a threisiú le haghaidh Eoraip a bheidh láidir, aontaithe agus ceannasach. Cuimsíonn tionscnaimh nua amhail imirce, an tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a threisiú, teannais sa chóras trádála domhanda a laghdú, dul i ngleic le dúshláin a thagann faoin smacht reachta agus bailchríoch a chur ar an gcomhaontú um tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach.

Tascfhórsa maidir le Coimhdeacht, Comhréireacht agus “Níos Lú a Dhéanamh, agus é a Dhéanamh ar Shlí Níos Éifeachtúla”

Bunaíodh an Tascfhórsa maidir le Coimhdeacht, Comhréireacht agus “Níos Lú a Dhéanamh, agus é a Dhéanamh ar Shlí Níos Éifeachtúla” in 2017 chun moltaí a dhéanamh chun prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a fheidhmiú ar dhóigh níos fearr; réimsí beartais a shainaithint ina bhféadfaí obair a aththarmligean nó a chur ar ais chuig na Ballstáit; agus teacht ar bhealaí chun páirt níos mó a thabhairt do na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla maidir le beartais an Aontais a cheapadh agus a chur i gcrích. Is é Frans Timmermans, Céad-Leas-Uachtarán an Choimisiúin a bhí ina chathaoirleach air, agus bhí ionadaithe ó pharlaimintí náisiúnta agus ó Choiste na Réigiún páirteach sa tascfhórsa. Tugadh cuireadh do Pharlaimint na hEorpa freisin ionadaithe a ainmniú, ach chinn sí gan é sin a dhéanamh.

AN CHOIMHDEACHT GHNÍOMHACH: MODH NUA OIBRE

D’eisigh an Tascfhórsa a thuarascáil deiridh an 10 Iúil. Ba é an tátal a baineadh as go bhfuil gá le modh nua oibre ar choimhdeacht agus comhréireacht ionas gur féidir le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus le parlaimintí náisiúnta rannchuidiú ar bhealach níos éifeachtaí le ceapadh beartas an Aontais agus le reachtaíocht nua a cheapadh. Sa chur chuige nua atá beartaithe dhéanfadh gach leibhéal rialtais measúnú níos comhsheasmhaí ar choimhdeacht agus ar chomhréireacht, ar bhonn “greille samhla” — atá inchomparáide le seicliosta coimhdeachta agus comhréireachta. Níor aithin an Tascfhórsa aon inniúlacht nó réimse beartais ar cheart iad a aththarmligean go críochnaitheach, go hiomlán nó go páirteach, chuig na Ballstáit.

Mar fhreagairt ar thuarascáil an Tascfhórsa, d’fhoilsigh an Coimisiún an teachtaireacht “Prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta: Ag neartú a róil i gceapadh beartas an Aontais Eorpaigh” an 23 Deireadh Fómhair. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún go leor de na gníomhartha sa Teachtaireacht a chur chun feidhme mar chuid den chleachtadh leanúnach ina ndéantar machnamh ar an staid mar atá sa chlár oibre um rialáil níos fearr, agus tabharfar tuairisc faoin méid sin in earrach 2019.

Ag obair chun reachtaíocht a shimpliú

I gcomhréir leis an ngealltanas a glacadh sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, i mí na Samhna chuir an Coimisiún Suirbhé Bliantúil ar iarrachtaí an Aontais reachtaíocht a shimpliú i láthair, chun ró-rialáil a sheachaint agus an t-ualach rialála a gabhadh ar láimh sa bhliain 2018 a laghdú. Déantar an obair laistigh den Chlár um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála arb é is aidhm leis deiseanna a shainaithint chun reachtaíocht a shimpliú agus costais nach bhfuil gá leo a laghdú. Gach uair a mholann an Coimisiún dlí atá ann cheana a athbhreithniú, fíoraíonn sé an féidir é a shimpliú agus aon chostas nach bhfuil gá leis a bhaint as. Fuarthas amach sa suirbhé gur thug an Coimisiún atá ann faoi láthair, faoin gClár um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála (REFIT), níos mó ná 150 tionscnamh chun críche a bhí dírithe ar shimpliú a dhéanamh ar an reachtaíocht agus ar ualaí a laghdú. Sampla a bhí ann le déanaí is ea togra chun na rialacha reatha CBL a leasú i gcás ina meastar go mbeidh na costais chomhlíontachta do ghnólachtaí beaga in ann laghdú faoi €11.9 billiún sa bhliain go €56.1 billiún in aghaidh na bliana, laghdú 18 % a dhéanamh i gcomparáid leis an staid reatha.

Tugtar tacaíocht don iarracht sin le hardán REFIT (is é sin grúpa Geallsealbhóirí agus Rialtas) a d’eisigh thart ar 31 tuairim in 2018 ag moladh don Choimisiún bearta a dhéanamh i réimsí a mbaineann ualach ar leith leo do shaoránaigh agus do ghnólachtaí.

Tugadh faoi mhórthionscnaimh simpliúcháin eile in 2018 i gcomhthéacs an chéad bhuiséid fhadtearmaigh eile a bheidh ag an Aontas (2021-2027). Mar gheall ar na cláir nua, beidh sé níos éasca do thairbhithe iarratas a chur isteach ar dheiseanna maoinithe an Aontais agus chun leas a bhaint astu.

Comhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr

In 2016 agus in 2017 tháinig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún Eorpach ar chomhaontú ar dhá Dhearbhú Chomhpháirteacha maidir le tosaíochtaí reachtacha an Aontais. Leag siad béim ar 89 dtionscnamh nár mhór tús áite a thabhairt dóibh sa phróiseas reachtach. Is léiriú é go bhfuil na trí institiúid ar a ndícheall ag iarraidh a chinntiú go ndéanfar dul chun cinn suntasach ar na tionscnaimh sin agus, nuair is féidir, go ndéanfar iad a chur i gcrích roimh na toghcháin Eorpacha i mí na Bealtaine 2019.

Faoi dheireadh na céad leithe de 2018, bhí na tionscnaimh ar fad a fógraíodh sna Dearbhuithe Comhpháirteacha maidir le tosaíochtaí reachtacha glactha ag an gCoimisiún Eorpach. As na 89 dtionscnamh sa Dearbhú Comhpháirteach, faoi dheireadh 2018, rinne Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle 61 acu a chomhaontú go polaitiúil nó a ghlacadh go foirmiúil. Maidir leis na 28 dtionscnamh atá ar an gclár go fóill, tá gach cosúlacht ann go gcomhaontófar seacht gcinn díobh faoi mhí na Bealtaine 2019. D’fhéadfaí na 21 tionscnamh eile a chomhaontú faoi mhí na Bealtaine 2019 freisin ach toil láidir pholaitiúil a bheith ag na comhreachtóirí.

Thug an Comhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr tuilleadh trédhearcachta, cuntasachta agus soiléireachta dlíthiúla don chóras de ghníomhartha cur chun feidhme (coisteolaíocht) agus de ghníomhartha tarmligthe atá ann cheana. In 2018, lean an Coimisiún Eorpach dá chuid caibidlíochtaí leis an bParlaimint agus leis an gComhairle faoi chritéir maidir leis an rogha idir gníomhartha cur chun feidhme agus tarmligthe agus an reachtaíocht atá ann cheana a chur i gcomhréir leis an gcóras a tugadh isteach le Conradh Liospóin — leanann an dá chineál gníomhartha sin na gealltanais faoin gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Tá caibidlíochtaí ar siúl freisin i dtaca le feabhas breise a chur ar an gcóras coisteolaíochta. Is é is aidhm do na caibidlíochtaí sin go léir cur le cobhsaíocht dhlíthiúil agus conspóid sna caibidlíochtaí reachtacha a laghdú. Cuireadh Clár nua na ngníomhartha tarmligthe, an chéad uirlis reáchtóireachta fíor-idirinstitiúideach, ar líne an 12 Nollaig 2017.

Monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm dhlí an Aontais

Tá feidhmiú éifeachtach an dlí ríthábhachtach chun a chinntiú go mbaineann saoránaigh agus gnólachtaí leas as sochair dhlí an Aontais. Is cuma cé chomh cúramach agus a dhéantar aon riail a dhréachtú agus a ullmhú, bíonn a héifeachtacht lánspleách ar a cur chun feidhme. Dá réir sin tugann an Coimisiún aird ní amháin ar reachtaíocht nua a mholadh, ach ar a chinntiú go ndéantar í a fheidhmiú agus a fhorfheidhmiú mar is ceart.

CÁSANNA MAIDIR LE SÁRÚ AR CHUIR AN COIMISIÚN TÚS LEO

Léirítear sa Tuarascáil Bhliantúil le haghaidh 2017, a foilsíodh an 12 Iúil 2018, laghdú beag (5.91 %) ar chásanna sáruithe atá ar siúl in aghaidh na mBallstát i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin. Soghluaisteacht agus iompar, an comhshaol agus cobhsaíocht airgeadais, seirbhísí airgeadais agus margaí caipitil a bhí sna réimsí beartais lena bhain an líon ba mhó cásanna sáruithe a tionscnaíodh in 2017.

Páirt a bheith ag na saoránaigh i reachtóireacht an Aontais

Mar chuid de Chlár Oibre an Choimisiúin maidir le Rialáil Níos Fearr, cuireadh feabhas ar shuíomh gréasáin lárnach an chomhairliúcháin “Nocht Do Thuairim” le go mbeadh sé níos fusa don phobal i gcoitinne leanúint ar aghaidh agus cur lena phróiseas reachtóireachta.

Ó seoladh an suíomh gréasáin i 2016, tháinig méadú seasta ar líon na gcuairteanna bliantúla, líon a bhain beagnach 500 000 amach le haghaidh 2018. Chun an cur chuige “rialáil níos fearr” a mheas, agus chun measúnú a dhéanamh ar cé chomh maith agus a oibríonn na huirlisí um rialáil níos fearr ó thaobh cleachtais de agus ó thaobh baint amach a chuspóirí, sheol an Coimisiún comhairliúchán poiblí ón 17 Iúil go dtí an 23 Deireadh Fómhair. Gach saoránach, eagraíocht agus údarás poiblí a raibh suim nó taithí acu i gceapadh bheartais an Aontais, cuireadh fáilte rompu aighneacht a dhéanamh. Bailíodh breis agus 600 aighneacht ó na Ballstáit ar fad. Rinneadh na nithe sin a scrúdú agus a anailísiú go críochnúil in éineacht leis an ionchur ó chomhairliúcháin spriocdhírithe a rinne institiúidí agus comhlachtaí an Aontais. Cuirfear bailchríoch ar an gcleachtadh sa chéad leath de 2019.

Smacht reachta a chinntiú

Is gné bhunúsach den daonlathas agus d’urraim do chearta bunúsacha é cloí leis an smacht reachta. Ach is ráthaíocht ríthábhachtach í freisin ar fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — mar Mhargadh Aonair, mar réimse ina gcuirtear dlíthe i bhfeidhm go haonfhoirmeach agus ina gcaitear an buiséad mar ba cheart, agus mar limistéar inar féidir le Ballstáit agus lena gcuid saoránach bheith ag obair le chéile de mheon muiníne frithpháirtí i dtreo ár gcuspóirí coiteanna.

Is é an riosca is mó nuair a thugtar neamhaird ar an smacht reachta go ndéantar muinín fhrithpháirteach a chreimeadh: cuireann neamhchomhlíonadh rialacha Chonarthaí an Aontais isteach go díreach ar bhonn na dlúthpháirtíochta, an chomhtháthaithe agus aitheantais fhrithpháirtigh i dtaca le cinntí náisiúnta.

In 2018, lean an Coimisiún de bheith ag tabhairt aghaidh ar dhúshláin an smachta reachta i roinnt Ballstát, go háirithe san Ungáir agus sa Pholainn. Sa chomhthéacs sin, b’éigean don Choimisiún leas a bhaint as nósanna imeachta maidir le sárú agus, i gcás na Polainne, as forálacha Airteagal 7 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

Lean an Coimisiún de bheith ag obair i gcomhar leis an mBulgáir agus leis an Rómáin mar chuid den Sásra Comhair agus Fíorúcháin.

Nuálaíocht mhór sa bhuiséad fadtéarmach is ea an nasc neartaithe atá beartaithe idir maoiniú ón Aontas agus an smacht reachta. Is réamhchoinníoll riachtanach maidir le bainistíocht fhónta airgeadais agus cistiú éifeachtach ón Aontas é urraim a thabhairt don smacht reachta. Tá sásra nua á mholadh ag an gCoimisiún le buiséad an Aontais a chosaint ar rioscaí airgeadais a bhaineann le heasnaimh ghinearálaithe maidir le smacht reachta ar na Ballstáit. Leis na huirlisí nua atá beartaithe beidh an tAontas in ann rochtain ar mhaoiniú an Aontais a chur ar fionraí, a laghdú, nó a shrianadh ar bhealach atá comhréireach le cineál, tromchúis agus raon feidhme na n-easnamh sa smacht reachta.

An 9 Deireadh Fómhair 2018 d’atogh Comhaltaí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh Koen Lenaerts chun bheith ina Uachtarán ar an gCúirt go dtí an 6 Deireadh Fómhair 2021.

An 9 Deireadh Fómhair 2018 d’atogh Comhaltaí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh Koen Lenaerts chun bheith ina Uachtarán ar an gCúirt go dtí an 6 Deireadh Fómhair 2021.

Trédhearcacht agus cuntasacht

An Comhchlár Trédhearcachta

Is cuid dhílis d’obair institiúidí an Aontais iad teagmháil leis na geallsealbhóirí agus leis an tsochaí shibhialta. Ag an am céanna, tá trédhearcacht agus cuntasacht ríthábhachtach chun muinín na saoránach Eorpach a choinneáil i ndlisteanacht na bpróiseas polaitiúil, reachtaíochta agus riaracháin san Aontas. Tá tábhacht ar leith ag baint le trédhearcacht na hionadaíochta leasanna ionas go mbeidh saoránaigh in ann súil a choinneáil ar na gníomhaíochtaí agus ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu siúd a fhéachann le tionchar a imirt ar phróiseas reachtóireachta an Aontais. Is é sin an fáth ar chuir an Coimisiún togra síos chun an Clár Trédhearcachta atá ann faoi láthair a uasghrádú le Comhaontú Idirinstitiúideach nua de chineál sainordaitheach a chumhdódh Parlaimint na hEorpa, an Coimisiún agus, den chéad uair riamh, Comhairle an Aontais Eorpaigh. Tá na caibidlíochtaí maidir leis an sainchomhad seo agus na hinstitiúidí eile ar siúl faoi láthair.

Cód Iompair nua do Chomhaltaí an Choimisiúin

Ghlac an Coimisiún Eorpach an Cód Iompair nua do bhaill an Choimisiúin Eorpaigh an 31 Eanáir. Ar chuid de na nithe nua tá síneadh a chur leis an tréimhse fógraíochta le haghaidh gníomhaíochtaí, tar éis dóibh éirí as oifig, go 2 bhliain (3 bliana i dtaca leis an Uachtarán), rialacha níos déine maidir le leasanna airgeadais na gCoimisinéirí, cosc níos fearr ar choinbhleachtaí leasa agus trédhearcacht níos fearr (mar shampla, i dtaca le foilsiú míosúil speansais mhisin na gCoimisinéirí). Ina theannta sin, de réir mheon na trédhearcachta agus na cuntasachta, agus mar a fhoráiltear sa Chód Iompair nua, foilseoidh an Coimisiún tuarascálacha bliantúla maidir lena chur i bhfeidhm.

Rochtain ar dhoiciméid

I mí Dheireadh Fómhair, ghlac an Coimisiún a Thuarascáil ar Rochtain ar Dhoiciméid, 2017. Léirítear sa tuarascáil gur mhéadaigh líon na n-iarrataí tosaigh ar rochtain ar dhoiciméid a cuireadh isteach faoi Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid faoi 3 % beagnach (ó 6 077 iarraidh in 2016 go 6 255 in 2017) agus líon na n-iarrataí deimhniúcháin faoi 1 % (ó 295 in 2016 go 299 in 2017). Is ag an gCoimisiún Eorpach a bhíonn an líon is mó iarrataí ar rochtain ar dhoiciméid le láimhseáil fós, agus sin le farasbarr mór, as measc institiúidí uile an Aontais.

Léiríonn sé sin go bhfuil saoránaigh an Aontais Eorpaigh agus tairbhithe eile ag baint úsáid ghníomhach as a gceart rochtain a fháil ar dhoiciméid atá i seilbh an Choimisiúin Eorpaigh. Nochtadh go hiomlán nó go páirteach breis agus 82 % de na doiciméid ar iarradh rochtain orthu ag an gcéim thosaigh. Tugadh rochtain níos leithne nó fiú lánrochtain in 46 % de na cásanna a athbhreithníodh ag an gcéim dheimhniúcháin. San am céanna, lean an Coimisiún de bheith ag foilsiú méid mór doiciméadúcháin agus faisnéise ar a leathanaigh ghréasáin agus i gcláir éagsúla phoiblí lena gcumhdaítear gach réimse gníomhaíochta de chuid an Aontais.

Buiséad an Aontais a rialú

Tá creat rialaithe agus creat feidhmíochta i bhfeidhm chun dearbhú réasúnta a thabhairt go n-íoctar maoiniú an Aontais i gcomhréir leis na rialacha ábhartha agus tá obair leanúnach ann chun a chinntiú go ndéantar bearta chun earráidí a chosc, a bhrath agus a cheartú, rud a chuireann leis an bhfócas ar bhaint amach torthaí.

In Aibreán 2018, tar éis di moladh dearfach a fháil ón gComhairle, thug Parlaimint na hEorpa a faomhadh deiridh maidir leis an gcaoi ar chuir an Coimisiún buiséad an Aontais chun feidhme in 2016. Cuireann an nós imeachta um urscaoileadh bliantúil ar chumas na Parlaiminte agus na Comhairle an Coimisiún a thabhairt chun cuntais go polaitiúil maidir le cur chun feidhme an bhuiséid agus bainistiú airgead na gcáiníocóirí a choimeád faoi smacht an daonlathais.

I mí Iúil, chuir an Coimisiún a Phacáiste le haghaidh Tuairisciú Comhtháite Airgeadais i láthair i dtaca le buiséad an Aontais 2017, inar tugadh le chéile iomlán na faisnéise a bhí ar fáil maidir le cur chun feidhme, feidhmíocht, torthaí, bainistiú fónta airgeadais agus cosaint bhuiséad an Aontais. Léiríodh sa tuarascáil gur bhain buiséad an Aontais torthaí maithe amach i gcomhréir le tosaíochtaí an Choimisiúin agus gur cuireadh chun feidhme i gceart é.

In 2018, rinne an Coimisiún dul chun cinn suntasach chun Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a bhunú, oifig ag a mbeidh inniúlacht cionta coiriúla a dhéanann difear do bhuiséad an Aontais sna 22 Bhallstát rannpháirteacha a imscrúdú agus a ionchúiseamh, agus táthar ag súil leis go mbeidh sí i mbun oibre faoi dheireadh 2020.

Klaus-Heiner Lehne, Uachtarán Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, ag an Global Audit Leadership Forum, Lucsamburg, an 26 Aibreán 2018.

Klaus-Heiner Lehne, Uachtarán Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, ag an Global Audit Leadership Forum, Lucsamburg, an 26 Aibreán 2018.

I mí Dheireadh Fómhair, den aonú bliain déag as a chéile, thug Cúirt Iniúchóirí na hEorpa a beannacht do chuntais bhliantúla an Aontais agus ba é a tuairim go raibh siad fíor agus cothrom. Ina theannta sin, bhraith an Chúirt níos lú earráidí sna réimsí caiteachais i gcomparáid leis an méid a tuairiscíodh sna 4 bliana roimhe sin. I gcás breis agus leath de chaiteachas an Aontais, ba é tuairim na Cúirte go raibh an ráta earráide faoi bhun an ráta ag a meastar earráid ábhartha a bheith ann. Níor thángthas ar aon earráid ar thaobh an ioncaim den bhuiséad.

Na parlaimintí náisiúnta

Rinneadh Tuarascálacha Bliantúla 2017 ar Choimhdeacht agus ar Chomhréireacht agus ar chaidreamh an Choimisiúin le parlaimintí náisiúnta araon a fhoilsiú an 23 Deireadh Fómhair, mar aon le Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta.

Fuarthas 570 tuairim ó na parlaimintí náisiúnta in 2018, 37 dtuairim réasúnaithe san áireamh a cuireadh isteach faoin Nós Imeachta chun Faireachán a dhéanamh ar Phrionsabal na Coimhdeachta agus inar áitíodh go raibh gníomhartha reachtacha ann, a chuir an Coimisiún i láthair, nach raibh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta. Lean an Coimisiún ar aghaidh lena idirphlé polaitiúil leis na parlaimintí náisiúnta. Chuige sin, bhuail na Coimisinéirí leis na parlaimintí náisiúnta 140 uair in imeacht na bliana, agus iad ar cuairt ar na Ballstáit nó nuair a bhí feisirí ar cuairt ar an mBruiséil. D’fhreastail Comhaltaí an Choimisiúin ar chruinnithe idirpharlaiminteacha éagsúla agus ar imeachtaí eile inar bhuail siad le feisirí ó na parlaimintí náisiúnta.

CUAIRTEANNA AR NA PARLAIMINTÍ NÁISIÚNTA

An tOmbudsman Eorpach

I bhfiosrúcháin an Ombudsman Eorpaigh ar líomhaintí drochriaracháin in institiúidí agus i gcomhlachtaí an Aontais Eorpaigh, clúdaíodh roinnt ábhar maidir leis an gCód Iompair do Chomhaltaí an Choimisiúin i measc ábhar eile, agus go háirithe gníomhaíochtaí tar éis éirí as oifig, ceapadh comhairleoirí speisialta an Choimisiúin, agus trédhearcacht caibidlíochtaí idirnáisiúnta. Tugadh aghaidh freisin ar ábhair shonracha ar nós saincheisteanna a bhaineann le glaonna ar thairiscintí, conarthaí, íocaíochtaí déanacha, ábhair a bhaineann le baill foirne aonair agus rochtain ar dhoiciméid. In 2018, rinneadh beagnach 97 % de na 229 gcinneadh agus moladh a d’eisigh an tOmbudsman Eorpach a dhúnadh gan aon dath a fháil a thabharfadh le fios go raibh drochriarachán ann.

Tionscnamh Eorpach na Saoránach

Chláraigh an Coimisiún seacht dTionscnamh Saoránach nua sa bhliain 2018.

Foilsíodh an 28 Márta 2018, ina ndearnadh staid na hionstraime mar atá a chur i láthair; i.e. na príomhfhadhbanna a bhíonn ar gheallsealbhóirí dul i ngleic leo, feabhsúcháin atá tugtha isteach nó molta cheana féin ag an gCoimisiún ina thogra le haghaidh Rialachán nua a glacadh an 13 Meán Fómhair 2017.

Le linn Lá Thionscnamh na Saoránach 2018, a eagraíonn Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 10 Aibreán, sheol an Coimisiún feachtas cumarsáide 3 bliana faoin Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh. Is é a bhí i gceist leis sin go príomha feachtais ar na meáin shóisialta bunaithe ar fhíseáin ghearra, agus ar imeachtaí i mBallstáit ag díriú ar iolraitheoirí féideartha.

Seoladh Fóram an Tionscnaimh ó na Saoránaigh an 22 Bealtaine freisin. Is ardán comhoibritheach ar líne é an Fóram, a thacaíonn le saoránaigh ar spéis leo tionscnamh a thosú nó a bhfuil tionscnamh á chomhordú acu cheana trí dhea-chleachtais a chur i láthair, trí chúnamh a thabhairt comhpháirtithe a aimsiú i dtíortha eile, nó trí chomhairle neamhspleách saineolaithe a chur ar fáil.

An 12 Nollaig, thángthas ar chomhaontú polaitiúil le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle maidir le hathchóiriú an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh, bunaithe ar an togra ón gCoimisiún a glacadh in 2017.

Comhphléití leis na Saoránaigh agus Comhairliúcháin leis na Saoránaigh

Image.  © European Union

Comhphlé leis na Saoránaigh

Ó bhí 2015 ann, bhí breis agus 1 300 Comhphlé leis na Saoránaigh ann i mbreis agus 400 baile agus cathair ar fud an Aontais. Tháinig méadú suntasach ar líon na gcomhphléití tar éis fhoilsiú an Pháipéir Bháin maidir le Todhchaí na hEorpa in 2017. Chun an móiminteam a choinneáil, i mí Feabhra 2018, d’fhógair an Coimisiún go raibh sé ar intinn aige sprioc 1 000 Comhphlé leis na Saoránaigh a bhaint amach.

An 1 Deireadh Fómhair 2018, rinne an tUachtarán Juncker agus an tUasal Winfried Kretschmann, Aire-Uachtarán Baden-Württemberg, díospóireacht le saoránaigh ag an 1000ú Comhphlé leis na Saoránaigh ó thús thréimhse oifige an Choimisiúin, in Freiburg, an Ghearmáin.

COMHPHLÉITE LEIS NA SAORÁNAIGH AR FUD AN AONTAIS EORPAIGH

In 2018, bhí 833 Chomhphlé leis na Saoránaigh ar siúl i 27 mBallstát, rud a thug breis agus 70 000 duine le chéile. Ó 2015 i leith, tá plé déanta ag breis agus 160 000 duine ar na saincheisteanna is mó dar leo féin le hUachtarán agus le Leas-Uachtaráin an Choimisiúin, le Coimisinéirí, le hoifigigh an Aontais, le feisirí Pharlaimint na hEorpa agus le polaiteoirí náisiúnta. Is féidir an tionchar a fheiceáil cheana féin in obair an Choimisiúin agus na n-institiúidí eile. Mar shampla, léiríonn na tograí ón gCoimisiún le haghaidh buiséad fadtéarmach nua, agus na pléití a bhí ann ina dhiaidh sin i measc na gcomhreachtóirí, na tosaíochtaí agus na huaillmhianta a chuir saoránaigh in iúl le linn dhíospóireachtaí an Pháipéir Bháin.

SRACTHÉACHAINT AR AN gCOMHPHLÉ LEIS NA SAORÁNAIGH
AN COMHPHLÉ LEIS NA SAORÁNAIGH Ó  CUIREADH TÚS LE COIMISIÚN JUNCKER

Tá an Coimisiún Eorpach ag forbairt formáidí nua de chomhphléití leis na Saoránaigh, imeachtaí trasteorann ina measc ina mbeidh saoránaigh ó dhá nó trí cinn de na Ballstáit páirteach, Comhphléití beo leis na Saoránaigh i bpáirt le húsáideoirí ardáin na meán sóisialta, ceardlanna do shaoránaigh ina ndéanfaidh saoránaigh ábhair a phlé ar feadh lae roimh chomhphlé, agus comhpháirtíochtaí nua leis na hinstitiúidí eile agus leis na Ballstáit.

Reáchtáladh an chéad chomhphlé trasnáisiúnta i gcathracha teorann in 2018 le saoránaigh ó Mhálta agus ón Iodáil, ón nGearmáin agus ón Ísiltír, agus ón nGearmáin agus ón bPolainn. Chomheagraigh Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Comhphlé leis na Saoránaigh le chéile in Bled na Slóivéine, i mí Aibreán 2018. Rinne Franc Bogovič agus Tibor Szanyi, ar feisirí Eorpacha iad beirt, agus na Coimisinéirí Violeta Bulc agus Phil Hogan, ionadaíocht ar son na n-institiúidí. Phléigh an pobal saincheisteanna mar atá forbairt tuaithe agus bailte cliste, nascacht agus an comhbheartas talmhaíochta.

Díospóireacht maidir le todhchaí na hEorpa

Cuireadh dlús leis an díospóireacht maidir le todhchaí na hEorpa in 2018. Is é aidhm deiridh na díospóireachta éisteacht a thabhairt do gach tuairim agus smaoineamh, as gach cearn den Eoraip, agus tá tábhacht ag baint le gach guth. Is é sin an fáth gur dhírigh an Coimisiún Eorpach ar fhor-rochtain i mbealaí éagsúla agus ar chomhpháirtíocht leis na hinstitiúidí agus leis na Ballstáit eile go léir ar mhaith leo páirt a ghlacadh ann. Thug buíon mór freagra ar an nglao sin. Sheol Parlaimint na hEorpa sraith díospóireachtaí ardphróifíle maidir le todhchaí na hEorpa le Cinn Stáit nó Cinn Rialtais, agus thug Coiste Eorpach na Réigiún an díospóireacht amach chuig réigiúin, cathracha agus bardais na hEorpa tríd an bhfeachtas Machnamh a dhéanamh ar an Eoraip.

I ndiaidh tionscnamh ón Uasal Emmanuel Macron, Uachtarán na Fraince agus ó cheannairí eile, chomhaontaigh na 27 mBallstát i mí an Mhárta creat comhpháirteach chun comhairliúcháin a eagrú leis na saoránaigh maidir le todhchaí na hEorpa, ag cur leis an méid a bhí déanta ag an gCoimisiún Eorpach roimhe sin.

DÍOSPÓIREACHTAÍ IOMRÁITEACHA I bPARLAIMINT NA hEORPA IN 2018
AN COMHAIRLIÚCHÁN AR LÍNE

Chun tacú leis an bpróiseas, i mí Bealtaine 2018, d’oibrigh an Coimisiún Eorpach i gcomhar le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ar chleachtadh uathúil faoin daonlathas rannpháirtíoch. Roghnaigh gníomhaireacht pobalbhreithe neamhspleách Painéal Saoránach ina raibh 96 duine ó 27 mBallstát chun éagsúlacht cúlraí agus tuairimí socheacnamaíocha i leith an Aontais a léiriú. Thar thréimhse 2 lá i mí na Bealtaine pléadh agus dearadh tacar ceisteanna le bheith curtha ar Eorpaigh.

Ba é an ceistneoir sin an bunús le haghaidh comhairliúchán ar líne, ag fiafraí d’Eorpaigh an treo don Aontas atá uathu don todhchaí. Fuarthas breis agus 76 000 aighneacht faoi dheireadh 2018. Sa chuid is mó díobh sin, tá tuairimí agus smaointe cáilíochtúla sa bhreis ar na ceisteanna “dúnta” atá dírithe ar roinnt de na príomh-shaincheisteanna a bhaineann le todhchaí na hEorpa.

Comhlánaíodh an comhairliúchán ar líne le suirbhé speisialta Eorabharaiméadair faoi thodhchaí na hEorpa a rinneadh idir an 24 Deireadh Fómhair agus an 7 Samhain le sampla ionadaíoch de 27 339 saoránach de chuid an Aontais.

Ionchais na saoránach

In ainneoin éagsúlacht na bhformáidí agus na rannpháirtithe, bíonn claonadh sna comhphléití díriú ar roinnt ábhar áirithe a thagann chun cinn arís agus arís eile. Bíonn tuairim dhearfach ag na rannpháirtithe ar an iomlán i leith an Aontais Eorpaigh. Dealraítear dóibh go bhfuil réiteach fadhbanna spleách ar an Aontas. Bíonn imní agus frustrachas ann freisin. Is minic go n-ardaítear ceisteanna faoi shannadh cúraimí agus cé dóibh ar cheart iad a bheith sannta. Is iondúil go gceapann na saoránaigh gur féidir dul i ngleic ar bhealach níos éifeachtúla leis na príomhdhúshláin trí chomhghníomhaíocht ar leibhéil Eorpacha agus náisiúnta. Is minic a bhíonn siad i bhfách, a bheag nó a mhór, le tuilleadh comhchuibhithe ar an leibhéal Eorpach, mar shampla i dtaca leis an gcomhshaol agus sábháilteacht bia. Mar sin féin, bíonn an tromlach ag súil agus ag iarraidh go ndéanfar athchóirithe le go mbeidh an tAontas níos éifeachtúla agus níos trédhearcaí.

Tá tuilleadh eolais faoi inneachar agus faoi thorthaí na gComhphléití leis na Saoránaigh agus na ndíospóireachtaí maidir le todhchaí na hEorpa ar fáil sa Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn maidir leis an gComhphlé leis na Saoránaigh agus comhairliúcháin na Saoránach a chuir an Coimisiún faoi bhráid na Comhairle Eorpaí í an 11 Nollaig 2018.

Tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach

I reifreann a reáchtáladh an 23 Meitheamh 2016 vótáil muintir na Ríochta Aontaithe, le corrlach 52 % in aghaidh 48 %, ar son imeacht as an Aontas Eorpach. An 29 Márta 2017 thug an Ríocht Aontaithe fógra foirmiúil don Chomhairle Eorpach go raibh rún aici imeacht as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (Euratom). Leis an bhfógra sin scaoileadh faoin bpróiseas a leagtar síos in Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach i dtaca le Ballstát tarraingt siar as an Aontas, agus tosaíodh ag giorrú an 2 bhliain go tráth an tarraingt siar.

An próiseas caibidlíochta

Is ar an gCoimisiún Eorpach a leagadh an cúram comhaontú um tharraingt siar a chaibidliú leis an Ríocht Aontaithe. Le linn na caibidlíochta sin, níl rannpháirtíocht sa Chomhairle Eorpach (Airteagal 50) ná sa Chomhairle (Airteagal 50) ag an gcomhalta atá ina ionadaí thar ceann an Bhallstáit atá i mbun tarraingt siar. Cheap an Coimisiún Michel Barnier chun bheith ina Phríomh-Idirbheartaí thar ceann an Choimisiúin. Bunaíodh tascfhórsa, agus cuireadh Barnier ina cheannaire air, chun an t-ullmhúchán a dhéanamh le haghaidh na caibidlíochta agus chun dul i mbun na caibidlíochta leis an Ríocht Aontaithe faoi Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

An 29 Aibreán 2017, ghlac an Chomhairle Eorpach (Airteagal 50) treoirlínte inar leagadh síos seasaimh agus prionsabail an Aontais Eorpaigh le haghaidh na caibidlíochta. An 22 Bealtaine 2017 ghlac an Chomhairle (Airteagal 50) cinneadh lenar údaraigh sí tús a chur leis an gcaibidlíocht leis an Ríocht Aontaithe, maille leis an gcéad tacar de threoracha caibidlíochta. Bhí d’aidhm leis na treoracha sin deimhin a dhéanamh de gur de réir struchtúr soiléir agus cur chuige aontaithe a thabharfadh an tAontas faoin gcaibidlíocht.

Leag Parlaimint na hEorpa amach, freisin, prionsabail agus coinníollacha na Parlaiminte ar bhain leis an gcaoi a ndéanfadh sí féin an Comhaontú um Tharraingt Siar a fhaomhadh.

Tosaíodh ar an gcaibidlíocht fhoirmiúil an 19 Meitheamh 2017, tar éis olltoghchán na Ríochta Aontaithe. An 8 Nollaig 2017 d’fhoilsigh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe tuarascáil chomhpháirteach ar na réimsí ina raibh comhaontú idir an dá thaobh maidir le príomh-shaincheisteanna áirithe den tarraingt siar, is é sin, cearta na saoránach, an socrú airgeadais, agus an riachtanas atá le réiteach cúlstop chun teorainn chrua idir Éire agus Tuaisceart Éireann a sheachaint. Dá éis sin, an 15 Nollaig 2017, dheimhnigh an Chomhairle Eorpach (Airteagal 50) go rabhthas tar éis “dul chun cinn leordhóthanach” a dhéanamh chun dul ar aghaidh go dtí an dara céim sa chaibidlíocht agus ghlac sí treoirlínte maidir le féidearthachtaí do shocruithe idirthréimhseacha agus don chaidreamh sa todhchaí.

An 29 Eanáir 2018 ghlac an Chomhairle (Airteagal 50) cinneadh lenar údaraíodh caibidlíocht a dhéanamh maidir le socruithe idirthréimhseacha agus ghlac sí treoracha caibidlíochta. An 6 Feabhra 2018 d’fhoilsigh an Coimisiún a thogra maidir le socruithe idirthréimhseacha. An 19 Márta 2018, thug lucht idirbheartaíochta an Aontais agus na Ríochta Aontaithe céim chinntitheach eile chun cinn nuair a tháinig siad ar chomhaontú maidir le dréacht-Chomhaontú um Tharraingt Siar, rud lenar léiríodh, i dtéarmaí dlíthiúla, an méid a bhí curtha i gcrích sa chéad chéim den chaibidlíocht. Bhí téacs dlíthiúil faoin idirthréimhse sa dréacht-Chomhaontú, freisin.

An 23 Márta 2018 ghlac an Chomhairle Eorpach (Airteagal 50) treoirlínte maidir le creat don chaidreamh sa todhchaí idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe.

An 19 Meitheamh 2018 d’fhoilsigh lucht idirbheartaíochta an Aontais agus na Ríochta Aontaithe ráiteas comhpháirteach, lenar leagadh amach an dul chun cinn a bhí déanta sa chaibidlíocht ar an gComhaontú um Tharraingt Siar.

Rinne Comhairlí Eorpacha (Airteagal 50) an 29 Meitheamh 2018 agus an 17 Deireadh Fómhair 2018, athbhreithniú ar staid na caibidlíochta agus d’athdhearbhaigh siad go raibh aontacht láidir ann idir na 27 mBallstát, maille le haontacht láidir i dtaca leis an struchtúr aonair caibidlíochta mar a leagadh síos é.

Tar éis 17 mí de dhianchaibidlíocht, shocraigh idirbheartaithe an Choimisiúin agus na Ríochta Aontaithe, d’aon intinn, an 14 Samhain 2018, ar an gComhaontú um Tharraingt Siar maidir le téarmaí tharraingt siar dhea-ordúil na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach agus, an 22 Samhain, shocraigh siad, d’aon intinn, ar an Dearbhú Polaitiúil lenar leagadh amach an creat don chaidreamh sa todhchaí idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe. An 25 Samhain 2018 d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach (Airteagal 50) an Comhaontú um Tharraingt Siar go foirmiúil agus d’fhaomh sí an Dearbhú Polaitiúil.

An Comhaontú um Tharraingt Siar agus an Dearbhú Polaitiúil maidir le creat an chaidrimh sa todhchaí

Sa Chomhaontú um Tharraingt Siar tugtar lán-urramúil do threoirlínte na Comhairle Eorpaí, treoirlínte a raibh de chuspóir leo an deimhneacht dhlíthiúil a chur ar fáil agus leasanna an Aontais a chaomhnú san áit a gcruthaítear éiginnteacht de dheasca Brexit.

Is é rud atá i gceist leis sin, go príomha, cearta na saoránach, an socrú airgeadais, teorainn chrua a sheachaint ar oileán na hÉireann, chomh maith le córas rialachais láidir a chaomhnóidh ról Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i dtaca le léirmhíniú dhlí an Aontais. Socraítear, sa chomhaontú, réimse saincheisteanna eile a bhaineann leis an scaradh, ionas go mbeidh deimhneacht dhlíthiúil ag na saoránaigh, ag geallsealbhóirí agus ag gnólachtaí.

Sa Chomhaontú déantar foráil freisin maidir le hidirthréimhse a mhairfeadh go deireadh 2020, a d’fhéadfaí a fhadú aon uair amháin, go ceann 1 bhliain nó 2 bhliain eile, ar a mhéad, rud a gcaithfeadh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe toiliú leis go comhpháirteach. Ar feadh na hidirthréimhse sin caithfidh an tAontas leis an Ríocht Aontaithe amhail agus dá mba Bhallstát í, ach amháin nach mbeidh rannpháirtíocht aici sna hinstitiúidí ná sa phróiseas cinnteoireachta.

Tá trí phrótacal sa Chomhaontú, freisin: prótacal maidir le hÉirinn agus le Tuaisceart Éireann, lena ndéantar foráil maidir le cúlstop, a fheidhmeoidh de réir dlí agus a chinnteoidh nach mbeidh aon teorainn chrua idir Éire agus Tuaisceart Éireann, agus a mbeidh feidhm aige mura bhfíoraítear, agus go dtí go bhfíoraítear, an cuspóir sin le comhaontú a dhéanfar san am atá le teacht; prótacal maidir le Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha sa Chipir, lena dtugtar cosaint do leasanna na gCipireach a chónaíonn agus a oibríonn sna Limistéir sin; agus prótacal maidir le Giobráltar, lena ndéantar foráil maidir le dlúthchomhar idir an Spáinn agus an Ríocht Aontaithe i dtaca leis an dóigh a gcuirfear chun feidhme na forálacha maidir le cearta na saoránach atá sa Chomhaontú um Tharraingt Siar, agus lena ndéileáiltear leis an gcomhar riaracháin idir na húdaráis inniúla i réimsí beartais áirithe.

Tá Dearbhú Polaitiúil ag gabháil leis an gComhaontú um Tharraingt Siar, dearbhú ina leagtar amach an creat le haghaidh an chaidrimh sa todhchaí idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe (agus sin de réir Airteagal 50 den Chonradh, áit a leagtar síos mar choinníoll gur cheart creat an chaidrimh sa todhchaí a thabhairt san áireamh sa Chomhaontú um Tharraingt Siar).

Sainítear freisin sa Dhearbhú Polaitiúil na paraiméadair le haghaidh comhpháirtíocht eacnamaíoch agus slándála de chineál uaillmhianach, domhain. Tá níos mó réimsí cumhdaithe ann ná a chumhdaítear in aon cheann de na comhpháirtíochtaí atá ag an Aontas le haon tríú tír eile: earraí, seirbhísí, an réimse digiteach, an tsoghluaisteacht, an earnáil iompair, an earnáil fuinnimh, an tslándáil inmheánach, beartas eachtrach, an tslándáil, an chosaint. agus an iliomad réimsí eile.

Na chéad chéimeanna eile

Sular féidir don Chomhaontú um Tharraingt Siar teacht i bhfeidhm, ní foláir don Ríocht Aontaithe an Comhaontú a dhaingniú de réir a cuid socruithe bunreachtúla féin. Tá éiginnteacht ann, faoi láthair, faoi cé acu a dhéanfar nó nach ndéanfar an daingniú sin ar thaobh na Ríochta Aontaithe.

Ar thaobh an Aontais, tá tosaithe ag an gCoimisiún, ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle (Airteagal 50) ar na céimeanna atá riachtanach chun a chinntiú gur féidir don chomhaontú teacht i bhfeidhm an 30 Márta 2019. An 5 Nollaig 2018 ghlac an Coimisiún tograí le haghaidh cinntí ón gComhairle maidir le síniú agus tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar.

I dtaca le comhaontuithe lena rialófar an caidreamh sa todhchaí leis an Ríocht Aontaithe, déanfar iad sin a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, a luaithe a thiocfaidh an t-am nach mbeidh an Ríocht Aontaithe ina Ballstát. Thug an dá pháirtí a dtiomantas go ndéanfaidís a ndícheall, ar feadh a gcumais, na comhaontuithe sin a thabhairt i gcrích a luaithe agus is féidir tar éis tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, d’fhonn a chinntiú gur féidir dóibh teacht i bhfeidhm faoi dheireadh 2020.

Tá sé ina chuspóir ríshoiléir ag an Aontas, ó fhíorthús na caibidlíochta leis an Ríocht Aontaithe, gur tarraingt siar dea-ordúil a dhéanfaidh an Ríocht Aontaithe as an Aontas trí bhíthin Comhaontú um Tharraingt Siar a n-aontóidh na páirtithe leis agus a dhaingneoidh siad. Dá ainneoin sin, rinne an Coimisiún an-soiléir é, i gcónaí, gur mór an mhíshocracht a thiocfaidh as rogha na Ríochta Aontaithe imeacht as an Aontas, agus go dtiocfaidh an mhíshocracht sin cibé acu a bheidh Comhaontú um Tharraingt Siar ann, in am don tarraingt siar, nó nach mbeidh. An 23 Márta 2018 d’iarr an Chomhairle Eorpach (Airteagal 50) “ar an gCoimisiún, ar Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, agus ar na Ballstáit, leanúint orthu ag obair ar an ullmhacht, ar gach leibhéal, le haghaidh iarmhairtí tharraingt siar na Ríochta Aontaithe, agus gach toradh a d’fhéadfadh a bheith ar an tarraingt siar sin a thabhairt san áireamh”. Chuige sin, ní hé amháin go bhfuil an Coimisiún tar éis a bheith, go seasta, ag iarraidh ar shaoránaigh na hEorpa, ar ghnólachtaí agus ar na Ballstáit déanamh réidh le haghaidh pé iarmhairtí a bheidh ann, ach tá sé féin ar a dhícheall, ó thús, i mbun a chuid oibre ullmhachta féin.

Sa chéad dá Theachtaireacht ón gCoimisiún i dtaca leis an ullmhúchán do tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach, teachtaireachtaí an 19 Iúil agus an 13 Samhain, shainigh an Coimisiún scóip na hoibre ullmhachta agus teagmhais sin, agus na prionsabail ar a bhfuil sí bunaithe, agus chuir sé síos ar na bearta a bhí déanta go dtí sin. I dTeachtaireacht sin na Samhna, thug an Coimisiún tuairisc ar an dul chun cinn a bhí déanta i dtaca leis na hocht dtogra reachtacha dá chuid a bhí curtha, faoin am sin, faoi bhráid na gcomhreachtóirí aige, agus d’fhógair sé 18 gcinn de bhearta nua ullmhachta. Ar cheann de na bearta bunriachtanacha, bhí foilsiú 83 gcinn d’Fhógraí Ullmhachta, le linn 2018, lenar leagadh amach na hiarmhairtí dlí a ghabhfaidh leis an tarraingt siar i dtaca leis an iliomad réimsí ilghnéitheacha. Mar chuid den obair ullmhachta sin, tá an Coimisiún tar éis teagmháil a dhéanamh le mórchuid geallsealbhóirí agus gnólachtaí chun an obair atá ar siúl aige a mhíniú dóibh agus, rud nach lú a thábhacht, chun iad a spreagadh le déanamh réidh do pé iarmhairtí a thiocfaidh, na rioscaí a ghabhann leis na hiarmhairtí sin a mheas agus pleanáil a dhéanamh ar an gcaoi a dtabharfadh siad faoi iad a mhaolú.

D’iarr Comhairle Eorpach (Airteagal 50) an 13 Nollaig 2018 go ndlúthófaí leis an obair ar an ullmhacht d’iarmhairtí tharraingt siar na Ríochta Aontaithe, agus go ndéanfaí an obair sin ar gach leibhéal agus le haghaidh gach cineál iarmharta a d’fhéadfadh teacht as an tarraingt siar. Mar fhreagairt air sin, ghlac an Coimisiún, an 19 Nollaig 2018, Teachtaireacht eile, an tríú ceann, chomh maith le 14 bheart teagmhais reachtacha, lena gcumhdaítear líon teoranta réimsí ar réimsí iad a measann an Coimisiún gur mhór an mhíshocracht a bhuailfeadh iad, do shaoránaigh agus do ghnólachtaí na 27 mBallstát, dá n-imíodh an Ríocht Aontaithe gan aon socrú a bheith déanta. Ar na réimsí sin tá réimse an airgeadais, an t-aeriompar, custaim, an beartas aeráide, chomh maith le réimsí eile. Bearta aontaobhacha iad sin, cinn a bhfuil teorainn ama leo; tá sé d’aidhm leo an damáiste a mhaolú, agus níorbh fhéidir dóibh a mhaolú ach na hiarmhairtí is tromchúisí a thiocfadh as tarraingt siar gan chomhaontú.

Teagmháil a dhéanamh le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh

Dul ann tú féin

Tá na céadta Ionad Eolais Europe Direct ann ar fud an Aontais Eorpaigh. Is féidir leat
seoladh an ionaid is gaire duit a fháil anseo:
https://europa.eu/european-union/contact_ga

Ar an bhfón nó le ríomhphost

Seirbhís is ea Europe Direct a thabharfaidh freagra duit ar cheisteanna faoin Aontas Eorpach: Is féidir leat dul i dteagmháil leis an tseirbhís sin:

— ag uimhir shaorghlao: 00 800 6 7 8 9 10 11 (d'fhéadfadh oibreoirí áirithe táille a ghearradh as na glaonna sin);

— ag an ngnáthuimhir seo a leanas: +32 22999696; nó

— le ríomhphost, tríd an suíomh: https://europa.eu/european-union/contact_ga

Eolas a fháil faoin Aontas Eorpach

Ar líne

Tá eolas faoin Aontas Eorpach ar fáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh ar an suíomh gréasáin Europa ag: https://europa.eu/european-union/index_ga

Foilseacháin de chuid an Aontais

Is féidir leat foilseacháin de chuid an Aontais Eorpaigh, idir cinn saor in aisce agus cinn a bhfuil praghas orthu, a íoslódáil nó a ordú ag: https://publications.europa.eu/ga/publications. Más mian leat a lán cóipeanna de na foilseacháin saor in aisce a fháil, is féidir dul i dteagmháil le Europe Direct nó le d'ionad eolais áitiúil chun é sin a dhéanamh (féach https://europa.eu/european-union/contact_ga).

Dlí an Aontais Eorpaigh agus doiciméid ghaolmhara

Chun teacht ar eolas dlíthiúil ón Aontas Eorpach, dlí an Aontais Eorpaigh ón mbliain 1952 ar aghaidh sna teangacha oifigiúla san áireamh, téigh chuig EUR-Lex ag: http://eur-lex.europa.eu

Sonraí oscailte ón Aontas Eorpach

Is féidir teacht ar thacair shonraí ón Aontas Eorpach ag Tairseach Sonraí Oscailte an Aontais (http://data.europa.eu/euodp/ga). Is féidir sonraí a íoslódáil agus a athúsáid saor in aisce, ar bhonn tráchtála nó ar bhonn neamhthráchtála.

Eolas faoin bhfoilseachán seo

An tAontas Eorpach in 2018 — An Tuarascáil Ghinearálta ar Ghníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh

An Coimisiún Eorpach
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
Seirbhís eagarthóireachta & Sprioc For-rochtana
1049 An Bhruiséil
AN BHEILG

An tAontas Eorpach in 2018 — An Tuarascáil Ghinearálta ar Ghníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh a ghlac an Coimisiún Eorpach an 15 Feabhra 2019 faoi uimhir thagartha C(2019) 1115.

Aitheantóirí

An Tuarascáil Ghinearálta ar Ghníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh

Print ISBN 978-92-79-97091-7 ISSN 2443-9533 doi: 10.2775/25792 NA-AD-19-001-GA-C
PDF ISBN 978-92-79-97092-4 ISSN 2443-9541 doi: 10.2775/03847 NA-AD-19-001-GA-N
EPUB ISBN 978-92-79-97099-3 ISSN 2443-9541 doi: 10.2775/920961 NA-AD-19-001-GA-E
HTML ISBN 978-92-79-97120-4 ISSN 2443-9541 doi: 10.2775/51492 NA-AD-19-001-GA-Q

Buaicphointí

Print ISBN 978-92-79-97196-9 ISSN 2443-9517 doi:10.2775/84434 NA-AP-19-001-GA-C
PDF ISBN 978-92-79-97186-0 ISSN 2443-9525 doi:10.2775/286190 NA-AP-19-001-GA-N
EPUB ISBN 978-92-79-97154-9 ISSN 2443-9525 doi:10.2775/506217 NA-AP-19-001-GA-E

Níl an Coimisiún Eorpach faoi dhliteanas as aon iarmhairt
a eascraíonn as athúsáid an fhoilseacháin seo.

Lucsamburg: Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2019
© An tAontas Eorpach, 2019

Údaraítear athúsáid ach an fhoinse a admháil.
Déantar beartas atáirgthe dhoiciméid an Choimisiúin Eorpaigh a rialú le Cinneadh 2011/833/AE (IO L 330, 14.12.2011, lch. 39).

Chun grianghraif nó ábhar eile nach bhfuil faoi chóipcheart an Aontais a úsáid nó a atáirgeadh, ní mór cead a fháil go díreach ó shealbhóirí an chóipchirt.

CREIDIÚNTAÍ
Gach grianghraf © An tAontas Eorpach mura dtugtar a mhalairt le fios.
Clúdach: cóipchearta mar atá sonraithe sa chlúdach laistigh.

Ar an gclúdach

  1. Tram a bhfuil íomhá fheachtas InvestEU air. Is é InvestEU an chuid deiridh de Phlean Infheistíochta an Choimisiúin seo don Eoraip, plean a chuaigh os cionn a sprice infheistíochta €315 bhilliún i mí Iúil 2018. (© An tAontas Eorpach)
  2. Uachtarán na Comhairle Donald Tusk, Príomh-Aire na Breataine Theresa May, Seansailéir na Gearmáine Angela Merkel, Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump, Príomh-Aire Cheanada Justin Trudeau, Uachtarán na Fraince Emmanuel Macron, Príomh-Aire na Seapáine Shinzō Abe, Príomh-Aire na hIodáile Giuseppe Conte agus Uachtarán an Choimisiúin Jean-Claude Juncker le linn Chruinniú Mullaigh G7 in Québec, Ceanada, an 8 Meitheamh 2018. (© An tAontas Eorpach)
  3. Greta Thunberg, gníomhaí aeráide, ag labhairt di ag Comhdháil na Náisiún Aontaithe COP24 um Athrú Aeráide in Katowice, an Pholainn, an 4 Nollaig 2018. (© Associated Press)
  4. Antonio Tajani, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa. (© An tAontas Eorpach)
  5. Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh. (© An tAontas Eorpach)
  6. Donald Tusk, Uachtarán na Comhairle Eorpaí. (© An tAontas Eorpach)
  7. Uachtarán an Choimisiúin Jean-Claude Juncker agus Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump i láthair ag preasagallamh faoin gcaidreamh trádála idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe, sa Teach Bán, Washington, na Stáit Aontaithe, an 25 Iúil 2018. (© An tAontas Eorpach)
  8. Ceannairí domhanda le linn an tsearmanais a rinne comóradh ar shos cogaidh chéad bliain an Chéad Chogaidh Dhomhanda, Páras, an Fhrainc, an 11 Samhain 2018. (© An tAontas Eorpach)
  9. Uachtarán na Comhairle Donald Tusk, Príomh-Aire na Seapáine Shinzō Abe agus Uachtarán an Choimisiúin Jean-Claude Juncker tar éis dóibh dhá chomhaontú thábhachtacha idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin a shíniú, Tóiceo, an tSeapáin, an 17 Iúil 2018. (© An tAontas Eorpach)
  10. An chéad Phainéal Saoránach Eorpach a reáchtáil Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, painéal a tionóladh chun comhairliúchán poiblí ar Thodhchaí na hEorpa a ullmhú. D’oibrigh grúpa 96 shaoránach Eorpacha ó 27 mBallstát le chéile chun comhairliúchán 12 cheist ar líne a cheapadh, an Bhruiséil, an Bheilg, 5-6 Bealtaine 2018. (© An tAontas Eorpach)
  11. Feisirí le linn seisiún iomlánach de chuid Pharlaimint na hEorpa, Strasbourg, an Fhrainc. (© An tAontas Eorpach)
  12. Cruinniú de chuid Choláiste na gCoimisinéirí, an Bhruiséil, an Bheilg. (© An tAontas Eorpach)
  13. Cruinniú mullaigh de chuid na Comhairle Eorpaí, an Bhruiséil, an Bheilg. (© An tAontas Eorpach)

An tAontas Eorpach in 2017