Publication document thumbnail

An tAontas Eorpach in 2017

Sa Tuarascáil Ghinearálta, tugtar eolas faoin méid a rinne an tAontas Eorpach in 2017, tráth a ceiliúradh seasca bliain a bheith ann ó síníodh Conarthaí na Róimhe, na conarthaí lenar bunaíodh an tAontas. Tugtar an t-eolas is déanaí faoin gcaoi a bhfuil ag éirí leis an Aontas na deich dtosaíocht atá aige a chur i gcrích, faoi na bearta atá ar siúl chun borradh a chur faoin bhfostaíocht agus faoin ngeilleagar agus faoi na comhaontuithe trádála le Ceanada agus leis an tSeapáin. Tráchtar freisin ar an gcaoi a bhfuil an tAontas Eorpach ag dul i ngleic le dúshlán na himirce agus ar an gcomhar nua tábhachtach atá ann i réimse na cosanta agus na slándála. Tugtar léargas ar an díospóireacht faoi thodhchaí na hEorpa, díospóireacht ina raibh na mílte saoránach páirteach go dtí seo, agus mínítear mar a rinneadh dul chun cinn ó thaobh cearta sóisialta a chosaint agus a fheabhsú. Tá eolas faoin méid sin agus faoi cheisteanna eile le fáil san fhoilseachán “An tAontas Eorpach in 2017”.

An tAontas Eorpach in 2017 ar fáil ina iomláine i bhfoirm Tuarascála Ginearálta agus mar leagan achomair sna formáidí seo a leanas:

  HTML PDF EPUB PRINT
An tAontas Eorpach in 2017 – An Tuarascáil Ghinearálta HTML PDF General Report EPUB General Report Paper General Report
An tAontas Eorpach in 2017 – Buaicphointí PDF Highlights EPUB Highlights Paper Highlights

RÉAMHRÁ

Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh
Jean-Claude Juncker. © European Union

Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh
Jean-Claude Juncker

 

Ba chloch mhíle 2017 don Aontas Eorpach. Is sa bhliain sin a cheiliúramar 60 bliain Chonarthaí na Róimhe. Ba mhaith an deis a bhí ann sin machnamh ar an méid atá athruithe le trí scór bliain anuas. Is mó, is láidre agus is ilghnéithí ár nAontas anois ná mar a bhí in 1957.

Lena chois sin, ba í an bhliain í inar athdhearbhaíomar na prionsabail a seasaimid ar fad leo le chéile. Na luachanna agus na mianta sin ar ar tógadh an tAontas seo againne, is iad cuisle Eoraip an lae inniu iad i gcónaí. Saoirse, daonlathas, comhionannas agus meas ar dhínit an duine agus ar an smacht reachta — is iad na nithe sin a thugann le chéile sinn agus a chosnaíonn sinn.

Is fada an bealach atá curtha dínn againn le blianta beaga anuas. Táimid ag cur i bhfeidhm gach ceann de na 10 dtosaíocht a leag an Coimisiún síos agus a d’fhaomh Parlaimint na hEorpa agus na Ballstáit. Ar an dóigh sin táimid ag déanamh an chúraim a chuir saoránaigh na hEorpa agus a bParlaimint orainn tar éis thoghcháin Pharlaimint na hEorpa in 2014. San fhoilseachán seo tá cuntas ar an dul chun cinn a rinneamar in 2017.

Faoi mar atá ráite ag Seirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa, tá 80 % de na tionscnaimh a d’fhógair an Coimisiún curtha i láthair aige 3 bliana ó thús a thréimhse oifige. I roinnt réimsí tosaíochta tá na tionscnaimh ar fad, beagnach, a fógraíodh curtha i láthair, agus i gcásanna áirithe, e.g. an Margadh Aonair Digiteach, tá an figiúr chomh hard le 94 %.

Tá an geilleagar ag téarnamh le 5 bliana anuas; tá sin le sonrú i ngach ceann de na Ballstáit agus in 2016 agus 2017 bhí ráta fáis an Aontais níos mó ná ráta fáis na Stát Aontaithe agus na Seapáine. Tá an ráta fostaíochta níos airde ná riamh agus an ráta dífhostaíochta níos ísle ná mar a bhí le 9  mbliana. De bharr an Phlean Infheistíochta don Eoraip tá breis agus €256 bhilliún d’infheistíocht nua curtha ar fáil againn, rud a bhí ina chuidiú corradh le 300 000 post a chruthú. Is cúis mhór sásaimh dom gur chomhaontaigh Parlaimint na hEorpa agus na Ballstáit an Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha a mhéadú go €500 billiún ar a laghad faoi 2020 agus síneadh a chur lena thréimhse feidhme.

Gheall mé go mbeimis mór sna gnóthaí móra agus beag sna gnóthaí beaga. Dá bhrí sin chiorraíomar an méid reachtaíochta a dhéanaimid ó i bhfad os cionn 100 tionscnamh mór in aghaidh na bliana, mar a bhí ag an gCoimisiún a bhí ann roimhe seo, go 21 ar fad in 2017. Dhíríomar ar bhearta nithiúla arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar shaol daoine. Sampla de sin is ea deireadh a bheith curtha le táillí fánaíochta, rud a fhágann nach gcaithfidh daoine táille bhreise a íoc a thuilleadh as téacsanna a sheoladh, glaonna a dhéanamh agus dul ar líne agus iad ag taisteal san Aontas.

Is fearr is acmhainn dúinn anois aghaidh a thabhairt ar dhúshláin nua imirce agus slándála de bharr an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh nua a bhíonn ar patról sa Ghréig, san Iodáil, sa Bhulgáir agus sa Spáinn. Táimid ag obair chun aghaidh a thabhairt ar na bunchúiseanna atá leis an imirce agus chun cuidiú le daoine a saol a fheabhsú sa bhaile. San am céanna, tá an dlúthpháirtíocht i lár bheartas imirce an Aontais fós. Ní thabharfaidh an tAontas riamh droim láimhe leis na daoine a bhfuil cosaint de dhíth orthu go fíreannach.

Beidh na chéad rialacha maidir le cibearshlándáil i bhfeidhm ó mhí na Bealtaine 2018 chun ár líonraí agus ár gcórais faisnéise a choinneáil slán. Tá an Eoraip ag spreagadh bearta domhanda sa réimse sin agus tá sé ar thús cadhnaíochta ó thaobh chur i bhfeidhm Chonradh Pháras maidir leis an athrú aeráide.

Lena chois sin, chomhlíonamar gealltanais a shíl cuid mhór daoine nárbh fhéidir a chomhlíonadh fiú i dtús ár dtréimhse oifige. Thoiligh 25 Bhallstát dul i mbuanchomhar struchtúrtha maidir le gnóthaí cosanta agus slándála — céim mhór chun tosaigh a chuirfidh go mór le neart agus le sábháilteacht na hEorpa. Nuair a chuir mé an moladh sin i láthair in 2014 agus mé i m’Uachtarán tofa, shíl cuid mhór daoine nach raibh ann ach baoth-aisling. Ach tá sé tagtha isteach fíor anois. Is léir air sin gur beag nach féidir a dhéanamh nuair a bhíonn aontacht agus uaillmhian ann.

Is é an scéal céanna é maidir le comhlíonadh an ghealltanais a tugadh 60 bliain ó shin an chothroime agus an dul chun cinn sóisialta a chur i réim san Eoraip. I mí na Samhna ghlac Cinn Stáit nó Rialtais an Aontais páirt i gcruinniú mullaigh in Göteborg chun dúshláin choiteanna a phlé agus an eolas fairsing atá ag gach ceann de na Ballstáit a roinnt le chéile. Is ansin a d’fhógraíomar Colún Eorpach na gCeart Sóisialta chun an gealltanas a rinneamar a chomhlíonadh, is é sin go dtroidfimis chun an comhionannas agus caighdeáin mhaireachtála níos fearr a bhaint amach.

Léiríomar freisin go raibh sé de mhisneach againn beart a dhéanamh de réir ár mbriathair i dtaobh trádáil shaor chothrom. De bharr an chomhaontaithe um chomhpháirtíocht eacnamaíoch leis an tSeapáin is féidir go dtiocfaidh níos mó ná an tríú cuid de mhéadú ar an méid iomlán a easpórtálaimid chun na Seapáine agus go sábhálfar €1 bhilliún de dhleachtanna custaim do ghnólachtaí an Aontais. Sábhálfaidh an comhaontú trádála atá déanta againn le Ceanada beagnach €600 milliún dóibh in aghaidh na bliana. Ach léiríomar freisin nach saorthrádálaithe saonta sinn nuair a chuireamar togra i láthair maidir le scagadh infheistíochtaí agus nuachóiriú ár n-ionstraimí cosanta trádála.

Is léir as sin uile gur in 2017 a tháinig an chóir ghaoithe linn go fíreannach san Eoraip athuair, agus muinín agus mórtas in éineacht léi. B’fhollas sin tráth a thugamar onóir dóibh siúd a chaith a saol ag troid ar son ár luachanna coiteanna agus ag cur na síochána os cionn an uile ní. I mí Iúil reáchtáladh, den chéad uair riamh, Searmanas Eorpach Oinigh i bParlaimint na hEorpa in Strasbourg, agus b’oiriúnach an chaoi é sin leis an Dochtúir Helmut Kohl, Saoránach Oinigh den Eoraip, a onórú.Is léir air sin uile gur in 2017 a tháinig an chóir ghaoithe leis an Eoraip an athuair agus muinín agus mórtas léi.

Is é dóigh is fearr, dar liom, le hómós a thabhairt do Helmut Kohl, do Simone Veil agus do na hEorpaigh mhóra eile go léir a réitigh an bealach d’Eoraip an lae inniu ná Aontas níos fearr a fhágáil inár ndiaidh, díreach mar a rinne na glúine a chuaigh romhainn.

Is de réir an mheoin sin a d’fhoilsíomar an Páipéar Bán ar Thodhchaí na hEorpa i mí an Mhárta. Is é an cuspóir a bhí leis sin tús a chur le díospóireacht oscailte ionraic faoin todhchaí trí chuntas a thabhairt ar an bhforás a d’fhéadfadh teacht ar an Aontas faoi 2025 de réir na roghanna a dhéanfaimid uaidh seo amach. Thugamar an díospóireacht sin ar fud na hEorpa agus ghlac daoine i 27 dtír páirt in os cionn 300 Comhphlé leis na Saoránaigh, agus rinneamar teagmháil leis na milliúin duine ar na meáin shóisialta. Ba é an teachtaireacht shoiléir a tugadh go gcaithfeadh an Eoraip an stiúir a ghlacadh ar a cinniúint féin, agus díriú ar na nithe sin a bhfuil tábhacht leo agus torthaí a ghnóthú dá saoránaigh.

Is chuige sin a chuir mé i láthair, i mí Mheán Fómhair, le linn m’aithisc ar Staid an Aontais, an fhís den Eoraip atá agam agus í níos aontaithe, níos láidre agus níos daonlathaí. Aontas comhionannais, Aontas a dhíreodh ar cheisteanna bunriachtanacha, Aontas dóchais, cobhsaíochta, cothroime agus deiseanna, do chách — sin é atá uaim.

Ní féidir leanúint de bheith ag smaoineamh ar an todhchaí mar rud teibí. Ní mór tosú ar an tógáil inniu. Sin an fáth ar leag mé síos treochlár soiléir chun sin a bhaint amach sula dtiocfadh ceannairí 27 mBallstát an Aontais le chéile ag cruinniú mullaigh urghnách in Sibiu na Rómáine an 9 Bealtaine 2019. Thugamar na chéad chéimeanna cheana féin trí thograí tábhachtacha a chur i láthair i mí na Nollag chun ár n­-aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta a neartú, rud a bheidh ina chuidiú geilleagar sábháilteachta ina mbeidh deiseanna do chách a dhéanamh de gheilleagar na hEorpa.

Ní féidir leanúint de bheith ag smaoineamh ar an todhchaí mar rud teibí. Ní mór tosú ar an tógáil inniu. Sin é an fáth ar leag mé síos treochlár soiléir chun sin a bhaint amach sula dtiocfadh ceannairí 27 mBallstát an Aontais le chéile ag cruinniú mullaigh speisialta in Sibiu na Rómáine an 9 Bealtaine 2019, tráth a fhéachfaidh siad le dúshraith choiteann a chur faoin Aontas don am i ndiaidh Brexit.

Thugamar na chéad chéimeanna cheana féin trí thograí tábhachtacha a chur i láthair i mí na Nollag chun ár n­-aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta a neartú, rud a bheidh ina chuidiú geilleagar sábháilteachta ina mbeidh deiseanna do chách a dhéanamh de gheilleagar na hEorpa. Na tograí a chuirimid i láthair, mar shampla Ciste Airgeadaíochta Eorpach nua, líne bhuiséid ar leith don limistéar euro, Aire Eorpach nua Geilleagair agus Airgeadais, bíonn sprioc ar leith acu, agus is é sprioc é sin ná níos mó post a chruthú, fás a chothú agus infheistíocht a mhéadú.

De réir mar a thógfaimid na chéad chéimeanna eile ar an mbóthar go Sibiu, caithfimid a chinntiú go leanfaidh an Eoraip de bheith ag cur le chéile. Fuaireamar amach i mbliana go bhfuil níos mó i gceist leis an Eoraip ná Margadh Aonair, níos mó ná airgeadra aonair, níos mó ná tacar institiúidí agus conarthaí. Is Aontas í atá comhdhéanta de dhaoine agus de chultúir choiteanna. Is é an meascán saibhir sin de chultúir agus oidhreacht na gcultúr sin atáimid a cheiliúradh le linn Bhliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha 2018 a seoladh in Milano i mí na Nollag.

Sin í an Eoraip a leanfaimid de bheith ag troid ar a son in 2018.

Jean-Claude Juncker

CAIBIDIL 1

Borradh nua a chur faoi phoist, fás agus infheistíocht

“Is é an phríomhthosaíocht a bheidh agam agus mé i m’Uachtarán ar an gCoimisiún Eorpach cumas iomaíochta na hEorpa a neartú agus spreagadh a chur faoin infheistíocht ar mhaithe le poist a chruthú.”

Jean-Claude Juncker, Treoirlínte Polaitiúla, 15 Iúil 2014

© iStockphoto.com/Rawpixel

© iStockphoto.com/Rawpixel

In 2017 bhí cruthú post agus cothú fáis fós ina phríomhthosaíocht ag an Aontas Eorpach, agus tríd is tríd bhí na treochtaí eacnamaíocha dearfach le linn an ama sin. Chun an ghéarchéim eacnamaíoch agus airgeadais a chur dínn agus í a fhágáil ar ár gcúl b’éigean an tAontas Eorpach a dhéanamh níos buanseasmhaí agus níos iomaíche agus, san am céanna, b’éigean deimhin a dhéanamh de go mbeadh deiseanna nua ann dóibh siúd is mó a ndearna an ghéarchéim difear dóibh. Chuige sin ba ghá an chothromaíocht cheart a aimsiú idir inbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí a chinntiú agus staid fhioscach a bhaint amach a bheadh ina cuidiú an téarnamh a neartú.

Ba léir go raibh an ráta fostaíochta ag dul in airde, agus rinneadh iarracht le linn na bliana le dlús a chur leis sin. De bharr na hiarrachta sin baineadh amach ráta dífhostaíochta 8.7 % sa limistéar euro, an ráta is ísle ó bhí Eanáir 2009 ann.

De bharr an Chiste Eorpaigh le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (an chéad cholún den Phlean Infheistíochta don Eoraip) tá breis agus €256 bhilliún d’infheistíocht nua curtha ar fáil cheana ar fud an Aontais, rud a bhí ina chuidiú 300 000 post a chruthú. I bhfianaise na dtionscadal a faomhadh in 2015 agus in 2016, faoi 2020 beidh tacaíocht tugtha leis an gCiste do 700 000 post agus beidh 0.7% curtha le holltáirgeacht intíre an Aontais. I ngeall ar a fheabhas a chruthaigh an Ciste, mhol Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, síneadh a chur lena thréimhse feidhme.

I mí na Nollag socraíodh síneadh a chur le spriocmhéid agus le tréimhse feidhme an Chiste, á ardú go €500 billiún ar a laghad faoi 2020. Is méadú nach beag é sin ar an sprioc a bhí ann i dtosach ama, is é sin €315 bhilliún d’infheistíochtaí nua. I mí na Samhna d’fhógair Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, rud a bheidh ina threoir do cheapadh beartas fostaíochta agus sóisialta agus ina shlat tomhais chun feidhmíocht na mBallstát a mheas.

Le linn na bliana chuidigh an tAontas leis na Ballstáit bearta a dhéanamh chun leanúint de bheith ag cur borradh faoi gheilleagar an Aontais, go háirithe tacaíocht d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide, don oideachas, do thaighde agus nuálaíocht, don bheartas réigiúnach, don iompar, don fhostaíocht, don talmhaíocht agus don iascach.

An Plean Infheistíochta don Eoraip

In 2015, rinne an Coimisiún Eorpach, in éindí leis an mBanc Eorpach Infheistíochta, an Plean Infheistíochta don Eoraip a sheoladh. Cuid den phlean sin is ea an Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha, rud ag a bhfuil buiséad tosaigh €21 bhilliún ón Aontas Eorpach agus arb é is príomhaidhm dó infheistíocht phríobháideach a mhealladh. De réir meastacháin atá déanta, faoi 2020 cruthófar 700 000 post agus tiocfaidh méadú 0.7 % ar olltáirgeacht intíre an Aontais de bharr na n-infheistíochtaí a faomhadh faoin bplean in 2015 agus 2016. Léiríonn sin go bhfuil an infheistíocht straitéiseach atáthar a dhéanamh ag cur borradh faoi chruthú post agus faoin bhfás ar fud an Aontais, fiú amháin in earnálacha agus i réigiúin ar bhuail an ghéarchéim buille trom orthu 10 mbliana ó shin. I ndiaidh an chomhaontaithe i bprionsabal ar tháinig Parlaimint na hEorpa agus na Ballstáit air i mí Mheán Fómhair, vótáil an Pharlaimint i mí na Nollag glacadh le Rialachán lena gcuirfear síneadh le tréimhse feidhme an Chiste Eorpaigh le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha agus lena neartófar é. An tréimshe feidhme atá ag an leagan nua agus feabhsaithe den Chiste, ar a dtugtar Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha 2.0, tá síneadh ó lár 2018 go deireadh 2020 curtha leis agus tá a sprioc infheistíochta méadaithe ó €315 bhilliún go €500 billiún ar a laghad.

NA GNÉITHE NUA DEN CHISTE EORPACH LE hAGHAIDH INFHEISTÍOCHTAÍ STRAITÉISEACHA 2.0

Grafaic faisnéise: An 14 Meán Fómhair 2016 chuir an Coimisiún togra i láthair, i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2015/1017, á mholadh tréimhse feidhme an Chiste Eorpaigh le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha a shíneadh go dtí an 31 Nollaig 2020 agus feabhsuithe teicniúla a chur ar ghnéithe teicniúla den Chiste sin agus den Mhol Comhairleach Eorpach maidir le hInfheistíocht. De thoradh an togra sin méadóidh ráthaíocht an Aontais ó €16 bhilliún go €26 bhilliún agus méadóidh caipiteal an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta ó €5 bhilliún go €7.5 billiún, rud a fhágfaidh gur cheart go mbeadh €500 billiún d'infheistíocht phríobháideach agus phoiblí ar fáil as seo go 2020 (sin méadú ar an spriocmhéid a bhí ann roimhe seo, is é sin €315 bhilliún.Tá béim sa togra, freisin, ar inbhuanaitheacht tionscadal,  an gclúdach geografacha a leathnú agus ar dhóigheanna le rannpháirtíocht réigiún beagfhorbartha a mhéadú, agus ina theannta sin tá sé d'aidhm aige cinntí infheistíochta agus nósanna imeachta rialachais a dhéanamh níos trédhearcaí agus an ghné shóisialta a athneartú le huirlisí breise airgeadais.

In 2017 bhíothas fós ar an gcosán ceart chun an sprioc a shroicheadh €315 bhilliún ar a laghad d’infheistíochtaí nua a chur ar fáil ón gCiste san fhíorgheilleagar faoi lár 2018. Baineadh úsáid as an gCiste i ngach ceann de na 28 mBallstát agus bhí coinne le tuairim agus €256 bhilliún d’infheistíochtaí san iomlán a chur ar fáil roimh dheireadh 2017.

Faoi dheireadh 2017 bhí 357 dtionscadal infreastruchtúir agus nuálaíochta faofa faoin gCiste agus maoiniú €39.2 billiún in áirithe lena n-aghaidh. Ina theannta sin, faomhadh 347 gcomhaontú maoiniúcháin d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus maoiniú €11.9 billiún curtha ar fáil lena n-aghaidh. Meastar go mbainfidh 539 000 fiontar den saghas sin leas as sin.

Sa bhreis air sin, leis an Mol Comhairleach Eorpach maidir le hInfheistíocht neartaíodh an chomhairle a thugtar ar mhaithe le tionscadail a fhorbairt agus a ullmhú, agus tionscadail a raibh maoiniú á lorg lena n-aghaidh, rinneadh an phoiblíocht ba ghá ina dtaobh ar an Tairseach Eorpach de Thionscadail Infheistíochta.

EARNÁLACHA ATÁ INCHÁILITHE, DEN CHÉAD UAIR, DO THACAÍOCHT FAOIN gCISTE EORPACH LE hAGHAIDH INFHEISTÍOCHTAÍ STRAITÉISEACHA 2.0

Grafaic faisnéise: Tá sé ráite go sonrach anois go mbeidh tacaíocht ar fáil ón gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha d’earnálacha amhail an talmhaíocht inbhuanaithe, an fhoraoiseacht, an t iascach agus an dobharshaothrú. Tá sin i gcomhréir leis an mbéim níos mó atáthar ag iarraidh a chur ar infheistíochtaí inbhuanaithe i ngach earnáil chun cuidiú spriocanna Chomhaontú Pháras a shroicheadh agus chun geilleagar tíosach, ciorclach, ísealcharbóin a dhéanamh de gheilleagar na hEorpa.

An Tairseach Eorpach de Thionscadail Infheistíochta: an comhpháirtí ceart a aimsiú do thionscadal.

Rinneadh bearta nithiúla chun feabhas a chur ar an timpeallacht ghnó freisin, agus chun an Margadh Aonair a athneartú. Ar na bearta atá déanta ar leibhéal an Aontais tá tionscnaimh mar an Straitéis don Mhargadh Aonair, Aontas na Margaí Caipitil, an Margadh Aonair Digiteach, an tAontas Fuinnimh agus an Plean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach. Mar chuid den Seimeastar Eorpach chuir an Coimisiún béim ar leith ar na dúshláin infheistíochta atá ann ar leibhéal na mBallstát a aithint agus ar na hathchóirithe is mó a theastaíonn chun dul i ngleic leo sin. Is maith atá an méid sin léirithe sna moltaí tírshonracha a tugadh do na 27 mBallstát agus a ghlac an Chomhairle an 11 Iúil 2017.

I bhfianaise a fheabhas a d’éirigh leis an bPlean Infheistíochta, agus i ndiaidh an togra a cuireadh i mí Mheán Fómhair 2016 maidir le síneadh a chur le tréimhse feidhme an Phlean agus lena mhaoiniú, chomhaontaigh an Pharlaimint agus an Chomhairle spriocmhéid infheistíochta an Chiste a mhéadú go €500 billiún ar a laghad, agus an sprioc sin a bhaint amach faoi 2020.

Ó tharla gur tugadh i gcrích i ndeireadh 2017 an chaibidlíocht ar athbhreithniú an Rialacháin Airgeadais, beifear in ann feabhas a chur ar idir-inoibritheacht clár agus cistí, agus rialacha níos simplí a chur i bhfeidhm maidir le Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa agus an Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha a úsáid in éineacht le chéile. Lena chois sin, beifear in ann deontais agus ionstraimí airgeadais a úsáid le chéile faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa.

An Plean Infheistíochta san fhíorgheilleagar

Tacaíonn an Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha le hinfheistíocht in earnálacha a bhfuil tábhacht straitéiseach ag roinnt leo do gheilleagar an Aontais, mar shampla fuinneamh, iompar, teicneolaíochtaí digiteacha, taighde, forbairt agus nuálaíocht, an comhshaol agus tíosaíocht acmhainní, an t-infreastruchtúr sóisialta agus gnólachtaí beaga. Chuige sin déantar infheistíocht i réimsí ar nós fiontraíocht shóisialta, tionchar sóisialta agus nuálaíocht shóisialta, agus i réimsí eile nach iad. Mar shampla, trí bhíthin an Chiste mhaoinigh an Banc Eorpach Infheistíochta 14 ionad cúraim phríomhúil in Éirinn agus pháirtmhaoinigh sé tógáil campas nua an Nova School of Business and Economics i Liospóin. Sa bhreis air sin, leis an gcuid sin den Chiste atá in áirithe d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide, tugadh tacaíocht €10 milliún do scéim íocaíochta de réir torthaí san Fhionlainn chun cuidiú le dídeanaithe agus le himircigh post a fháil.

An beartas eacnamaíoch agus fioscach

Gach bliain déantar beartais eacnamaíocha na mBallstát a chomhordú sa timthriall comhordúcháin ar a dtugtar an Seimeastar Eorpach. I ndeireadh na bliana a sheoltar an Seimeastar Eorpach, san am céanna le nithe eile amhail foilsiú an tSuirbhé Bhliantúil Fáis agus eisiúint togra ina bhfuil na moltaí maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro.

TÁ DUL CHUN CINN Á DHÉANAMH MAIDIR LEIS AN DÍFHOSTAÍOCHT SAN AONTAS EORPACH A LAGHDÚ

Grafaic faisnéise: Le 3 bliana anuas cruthaíodh breis agus 8 milliún post san Aontas, tá an dífhostaíocht ag an leibhéal is ísle ó bhí 2009 ann, agus tá an leibhéal fostaíochta níos airde ná a bhí sé riamh agus post ag 235 mhilliún duine. Dá ainneoin sin ar fad, is ceart a bheith airdeallach i gcónaí. Tá breis agus 18 milliún duine fós dífhostaithe, 17 % d’aos óg an Aontais ina measc.

I mí Feabhra 2017 foilsíodh na Tuarascálacha Tíre, ina ndearnadh anailís ar na dúshláin eacnamaíocha agus shóisialta a bhí roimh gach ceann de na Ballstáit, cé is moite den Ghréig. Bhí ag gabháil leis an anailís sin measúnú ar mhíchothromaíochtaí maicreacnamaíocha maille le tuarascáil ar na bearta a bhí déanta ag na Ballstáit d’fhonn an Conradh ar Chobhsaíocht, ar Chomhordú agus ar Rialachas san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a chur i bhfeidhm, conradh ina bhfuil sé leagtha síos nach mór buiséad 22 Bhallstát den 25 Bhallstát a shínigh an conradh agus a thoiligh é a bheith ina cheangal orthu, nach mór é a bheith ar comhardú nó ar barrachas. Bhí na tuarascálacha sin mar bhonn le plé a rinneadh leis na Ballstáit faoi na roghanna beartais a bhí le déanamh ag gach ceann acu sula gcuirfidís a gclár náisiúnta um athchóiriú agus a bplean buiséadach meántéarmach i bhfeidhm. I ndeireadh an earraigh, ar bhonn na dtuarascálacha sin, d’ullmhaigh an Coimisiún na tograí ina raibh na moltaí tírshonracha lena gcur faoi bhráid na Comhairle.

Sna moltaí sin tá treoir a thabharfaidh an Chomhairle do na Ballstáit faoin dóigh le borradh a chur faoi phoist agus faoin bhfás. Tá na moltaí sin ag teacht sna sála ar fhianaise go bhfuil ag éirí leis na Ballstáit an treoir ar leith a tugadh do gach ceann díobh in 2016 a chur i bhfeidhm, is é sin borradh a chur faoin infheistíocht, beartais fhioscacha stuama a chur i bhfeidhm agus an t-airgeadas poiblí a bheith fónta ( “an triantán órga” a thugtar air sin). Ina cheann sin, is é 7.3 % an ráta dífhostaíochta a bhí san Aontas ina iomláine i mí na Samhna — an ráta is ísle ó bhí mí Dheireadh Fómhair 2008 ann (ó thús thréimhse oifige Choimisiún Juncker tá beagnach 9 milliún post cruthaithe). An 21 Nollaig bhí 236 mhilliún duine fostaithe san Aontas, an líon is airde riamh. Tá téarnamh eacnamaíoch anois ann le 5 bliana, agus moladh do na Ballstáit an fhaill sin a thapú.

Cé nach ionann tosaíochtaí eacnamaíocha ó Bhallstát go chéile, bhíothas den tuairim nárbh fhéidir fás níos cuimsithí, níos tréine agus níos inbhuanaithe a chothú d’éagmais bearta eile i ngach réimse. Chuige sin treisíodh an bhéim ar na tosaíochtaí agus na dúshláin shóisialta a bhí le sárú sna Ballstáit. I mí na Samhna d’fhógair Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, rud a bheidh ina threoir, ar bhonn an 20 prionsabal atá leagtha síos ann, chun beartas fostaíochta agus sóisialta a cheapadh agus ina shlat tomhais chun feidhmíocht na mBallstát i réimse na fostaíochta agus gnóthaí sóisialta a mheas.

Maidir le gnóthaí fioscacha, léirigh na moltaí a rinne an Coimisiún don Chomhairle i mí na Bealtaine go bhfuil an Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis á chur i bhfeidhm ar dhóigh sholúbtha chiallmhar. Agus pleananna buiséadacha meántéarmacha na mBallstát á meas, cuireadh san áireamh caiteachas a bhain le hathchóirithe struchtúracha agus le nithe neamhghnácha a thit amach nach raibh neart ag rialtais na mBallstát orthu, e.g. cláir do dhídeanaithe, agus bearta frithsceimhlitheoireachta. Ar bhonn na moltaí ón gCoimisiún chuir an Chomhairle clabhsúr ar na nósanna imeachta um easnamh iomarcach i mí an Mheithimh i gcás na Cróite agus na Portaingéile, agus i mí Mheán Fómhair i gcás na Gréige agus i mí na Nollag i gcás na Ríochta Aontaithe. Dá bhrí sin, rinneadh tuilleadh dul chun cinn sa réimse seo in 2017, agus thit an líon Ballstát a raibh easnamh iomarcach acu síos go dhá cheann, ó 24 Bhallstát in 2011.

Maidir leis an limistéar euro go háirithe, i mí na Samhna mhol an Coimisiún seasamh fioscach a bheadh neodrach tríd is tríd a ghlacadh agus meascán beartais de chineálacha éagsúla, gan iomarca gan easpa ann, a chur i bhfeidhm. Chuige sin ba ghá beartais a chothódh fás inbhuanaithe cuimsitheach agus a dtiocfadh breis buanseasmhachta, athchothromaithe agus cóineasaithe astu. Thairis sin, mhol an Coimisiún féachaint le dul chun cinn substaintiúil a dhéanamh ionsar chur i gcrích an Mhargaidh Aonair, go háirithe a fhad a bhaineann le seirbhísí, seirbhísí airgeadais, tráchtála digití, fuinnimh agus iompair. Ó tharla an staid eacnamaíoch a bheith cóiriúil, ba cheart do na Ballstáit tosaíocht a thabhairt d’athchóirithe a mbeidh sé mar thoradh acu an táirgiúlacht agus an poitéinseal fáis a mhéadú, feabhas a chur ar an timpeallacht ghnó, bacainní roimh infheistíocht a bhaint, tacú le cruthú fostaíocht de chineál maith agus míchothromaíochtaí a laghdú.

Ina theannta sin mhol an Coimisiún do na Ballstáit sin a bhfuil easnamh sa chuntas reatha nó méid mór fiachas seachtrach acu féachaint le srian a chur ar mhéadú chostas an aonaid saothair. Na Ballstáit sin a bhfuil barrachas mór sa chuntas reatha acu moladh gur cheart dóibh ardú pá a chur chun cinn agus gur cheart go mbeadh sé ina thosaíocht acu bearta a chur i bhfeidhm arbh é toradh a bheadh orthu infheistíocht a chothú, an t-éileamh intíre a ardú agus athchothromú sa limistéar euro a éascú.

Chomh maith leis sin, maidir le dréachtphleananna buiséadacha Bhallstáit an limistéir euro do 2018, scrúdaigh an Coimisiún an raibh siad i gcomhréir lena bhfuil leagtha síos sa Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis.

Maidir le monatóireacht a dhéanamh ar mhíchothromaíochtaí maicreacnamaíocha, cinneadh go ndéanfaí athbhreithniú mionsonraithe in 2018 ar 12 Bhallstát (an Bhulgáir, an Ghearmáin, Éire, an Spáinn, an Fhrainc, an Chróit, an Iodáil, an Chipir, an Ísiltír, an Phortaingéil, an tSlóivéin agus an tSualainn) féachaint an bhfuil míchothromaíochtaí nó míchothromaíochtaí iomarcacha fós ag gabháil dóibh. Is iad sin na Ballstáit chéanna a sainaithníodh sa bhabhta roimhe sin den phróiseas. Cuirfidh an Coimisiún na hathbhreithnithe mionsonraithe sin i láthair go luath in 2018 mar chuid de na Tuarascálacha Tíre. Tá an borradh eacnamaíoch ag cuidiú míchothromaíochtaí a bhí ann roimhe seo a chur ina gceart, tá sé ag déanamh laghdú ar an gcóimheas fiachais intíre agus ar an gcóimheas fiachais sheachtraigh, tá sé ag maolú roinnt deacrachtaí atá fós san earnáil airgeadais agus tá sé ag cur feabhas ar staid an mhargaidh saothair. Tá tuilleadh dul chun cinn déanta ó thaobh dul i ngleic le míchothromaíochta seachtracha i measc tíortha glanfhiachacha, agus tríd is tríd tá feabhas tagtha ar na margaí saothair agus ar dhálaí fáis. Tá níos lú catagóirí míchothromaíochtaí anois ann ar gá dul i ngleic leo, agus is ar an dífhostaíocht agus ar ghnéithe sóisialta atá an bhéim i láthair na huaire.

I mí an Mheithimh, den chéad uair, thug an Bord Fioscach Eorpach chomhairle maidir le treocht ghinearálta bheartas fioscach an limistéir euro. Is eintiteas neamhspleách an Bord ar a bhfuil saineolaithe a cheaptar tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit, leis na comhairlí náisiúnta fioscacha agus leis an mBanc Ceannais Eorpach.

Ba é tuairim an Bhoird go mbeadh seasamh neodrach fioscach oiriúnach don limistéar euro ina iomláine in 2018, agus go bhféadfaí sin a chur i bhfeidhm le beartais fhioscacha de shaghsanna éagsúla sna Ballstáit ach iad a bheith ag teacht lena bhfuil leagtha síos sa Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis. Ina theannta sin, bhí an Bord faoin tuairim gur chóir do na Ballstáit féachaint le caiteachas rialtais a atheagrú d’fhonn an méid airgid a chaitear ar an infheistíocht a mhéadú, arae is í an infheistíocht an rud is mó a ciorraíodh arís agus arís aimsir na géarchéime eacnamaíche d’fhonn comhdhlúthú fioscach a bhaint amach.

I mí na Samhna d’fhoilsigh an Bord Fioscach Eorpach a chéad Tuarascáil Bhliantúil, ina bhfuil measúnú neamhspleách ar an dóigh ar cuireadh i bhfeidhm creat fioscach an Aontais agus ar oiriúnacht an bheartais fhioscaigh atá ann i láthair na huaire sa limistéar euro agus sna Ballstáit. Ar 2016 (an bhliain ina raibh an timthriall faireachais iomlán deireanach) atá fócas na tuarascála bliantúla, agus is é an chonclúid ar thángthas air sa Tuarascáil sin ― tráth a bhí an staid eacnamaíoch géibheannach ― go raibh roinnt mionlochtanna i gcur i bhfeidhm an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis ach nach raibh aon deargearráid ann. Tugadh roinnt tacaíochta leis an mbeartas fioscach chun téarnamh limistéar euro ina iomláine a neartú. Ach, a fhad a bhaineann leis an limistéar euro, tá Ballstáit ann ina raibh an beartas sin níos sriantaí ná ba cheart, agus Ballstáit eile ann ina raibh sé níos scaoilte ná ba cheart. Ar bhonn measúnú a rinne sé, chuir an Bord roinnt moltaí i láthair maidir le feabhas a chur ar an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis.

In 2017 lean an Banc Ceannais Eorpach de bheith ag comhlíonadh an dualgais atá air cobhsaíocht praghsanna a chaomhnú chun luach an euro a chosaint. Tá cobhsaíocht praghsanna riachtanach le fás a chur faoin ngeilleagar agus poist a chruthú agus de ghnéithe uile an bheartais fhioscaigh is í is mó a imríonn tionchar ar an dá ní sin. Bhí ról ag an mBanc Ceannais Eorpach, mar aon leis an Sásra Cobhsaíochta Eorpach, sna cuairteanna athbhreithniúcháin a tugadh ar na Ballstáit mar chuid den tacaíocht iar-chláir a thugtar.

Aontas na Margaí Caipitil a chur i gcrích

Aontas na Margaí Caipitil ar cheann de phríomhthosaíochtaí an Phlean Infheistíochta don Eoraip agus tá idir athchóirithe rialála agus neamhrialála ann arb é is aidhm dóibh coigiltis a nascadh le hinfheistíocht ar dhóigh níos fearr. Is é aidhm atá ag Aontas na Margaí Caipitil córas airgeadais an Aontais Eorpaigh a neartú trí fhoinsí eile maoiniúcháin agus deiseanna eile a chur ar fáil d’infheisteoirí miondíola agus infheisteoirí institiúideacha. Maidir le gnólachtaí beaga, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide agus gnólachtaí nuathionscanta, beidh teacht acu ar níos mó deiseanna maoiniúcháin de bharr Aontas na Margaí Caipitil, ar fhiontar caipitil, cuir i gcás, agus na margaí caipitil. Tá béim mhór in Aontas na Margaí Caipitil ar an infheistíocht inbhuanaithe, agus tá sin amhlaidh de bhrí go bhfuil níos mó infheisteoirí ar cás leo an inbhuanaitheacht ag lorg cabhair ón earnáil airgeadais chun tionscadail agus gnólachtaí oiriúnacha a roghnú.

Tuairim agus dhá thrian de na 33 bheart a leagadh síos i dtionscadal Aontas na Margaí Caipitil, tá siad curtha i gcrích anois. Orthu sin, tá mór-athchóiriú a rinneadh ar na rialacha maidir le gnólachtaí infheistíochta. De bharr an athchóirithe sin tá na rialacha a bhfuil gnólachtaí infheistíochta faoina réir níos simplí agus níos oiriúnaí dá bpróifíl riosca, rudaí a rachaidh chun tairbhe dóibh. Os a choinne sin, maidir le gnólachtaí móra a bhfuil a bpróifíl riosca inchomparáide le próifíl riosca bainc, ba cheart go ndéanfaí rialáil orthu feasta amhail agus dá mba bhainc iad. Beidh sin ina chuidiú ag gach gnólacht infheistíochta coigilteas tomhaltóirí agus coigilteas infheisteoirí a nascadh le gnólachtaí. Éascóidh na rialacha nua ceartfheidhmiú na margaí caipitil agus, san am céanna, cinnteoidh siad cobhsaíocht airgeadais.

Ar na bearta nua a dhéanfar amach anseo tá: táirge pinsin phearsanta uile-Eorpaigh a chuideoidh le daoine airgead a chur i leataobh don am a bheidh siad ar scor agus a gcuirfear breis coigiltis sna margaí caipitil dá bharr; obair leanúnach ar fheabhsú na rialacha formhaoirseachta maidir le margaí caipitil comhtháite; athbhreithniú ar na rialacha maidir le fiontair bheaga agus mheánmhéide a liostú; leas a bhaint as poitéinseal earnáil na teicneolaíochta airgeadais; agus atreorú infheistíochtaí d’fhonn an t-aistriú chuig geilleagar a bheadh ar bheagán carbóin, níos tíosaí ar acmhainní agus níos ciorclaí a éascú.

CÉ A BHAINEANN TAIRBHE AS AONTAS NA MARGAÍ CAIPITIL?

Grafaic faisnéise: Is éard atá in Aontas na Margaí Caipitil plean atá ag an gCoimisiún Eorpach caipiteal a chur ar fáil san Aontas agus é a threorú chuig gnólachtaí de gach saghas, fiontair bheaga agus mheánmhéide san áireamh, agus chuig tionscadail infreastruchtúir a dteastaíonn caipiteal uathu le dul i méid agus le poist a chruthú. Ach na margaí caipitil a dhoimhniú agus iad a dhéanamh níos comhtháite cuirfear rogha níos fairsinge d’fhoinsí maoiniúcháin ar fáil do ghnólachtaí ar chostas níos ísle, cruthófar deiseanna nua do choigilteoirí agus d’infheisteoirí agus neartófar an córas airgeadais.

An tAontas Eorpach ina cháil mar chomhpháirtí trádála

Faoi mar atá ráite sa pháipéar machnaimh maidir le leas a bhaint as an domhandú, a foilsíodh i mí na Bealtaine 2017, tá an tAontas Eorpach tiomanta córas trádála iltaobhach a chur ar bun a bheidh oscailte, bunaithe ar rialacha agus cothrom agus a dtiocfaidh rathúnas de; in éagmais a leithéid ní féidir an trádáil a bheith ina fórsa dearfach ar fud an domhain. San aitheasc ar Staid an Aontais a thug Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, mhol sé creat nua AE a bhunú le scagadh a dhéanamh ar an infheistíocht ón gcoigríoch, rud a dtiocfadh de breis trédhearcachta agus breis comhair leis na Ballstáit. Ina theannta sin, rinne an tAontas Eorpach dul chun cinn ó thaobh margaí nua easpórtála a oscailt, rud a rinneadh trí thús a chur le caibidilíocht trádála le roinnt comhpháirtithe. Tá dhá chomhaontú trádála ann go háirithe a dtiocfaidh poist, fás agus infheistíocht dá bharr. Thug an tAontas agus an tSeapáin i gcrích an chaibidlíocht eatarthu i dtaobh Comhaontú um chomhpháirtíocht eacnamaíoch idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin agus thosaigh an tAontas agus Ceanada ar an gComhaontú Cuimsitheach Eacnamaíoch agus Trádála eatarthu a chur i bhfeidhm go sealadach. Tá tuilleadh eolais i gCaibidil 6 ar an bhforás a tháinig ar an mbeartas trádála in 2017.

Iomaíocht gan saobhadh a chur chun cinn d’fhonn fás agus infheistíocht a neartú

Is léir ar bheartas iomaíochta an Aontais agus ar an dóigh a gcuirtear an beartas sin i bhfeidhm go bhfuil fáilte roimh ghnólacht ar bith infheistiú agus gnó a dhéanamh sa Mhargadh Aonair ar choinníoll go gcomhlíonann sé na rialacha. Le linn na bliana lean an tAontas de bheith ag cur i bhfeidhm na rialacha iomaíochta ar mhaithe le gnólachtaí agus teaghlaigh.

I mí an Mhárta moladh rialacha agus uirlisí nua a thabhairt isteach a thabharfadh caoi d’údarás iomaíochta na mBallstát rialacha an Aontais in aghaidh trustaí a chur i bhfeidhm ar dhóigh níos éifeachtaí. I mí na Bealtaine faomhadh rialacha simplithe chun bearta tacaíochta poiblí áirithe maidir le calafoirt, aerfoirt, cultúr, agus réigiúin is forimeallaí an Aontais a dhíolmhú ón oibleagáid atá leagtha síos sna rialacha maidir le státchabhair fógra a thabhairt roimh ré. De bharr na rialacha nua is fusa airgead poiblí a infheistiú i gcruthú post agus i bhfás an gheilleagair, gan aon díobháil a dhéanamh don iomaíocht.

Le linn na bliana rinne an Coimisiún 338 gcinneadh maidir le cumaisc, 4 chinneadh maidir leis na rialacha in aghaidh trustaí, 7 gcinneadh maidir le cairtéil, agus 263 chinneadh maidir le státchabhair. Chuaigh na cinntí sin go mór chun tairbhe do shaoránaigh an Aontais agus chothaigh siad fás an gheilleagair. San iomlán chuir an Coimisiún €4.398 billiún d’fhíneálacha ar ghnólachtaí ar cinneadh ina leith gur sháraigh siad rialacha iomaíochta an Aontais agus d’ordaigh sé na Ballstáit lenar bhain na cásanna sin tuairim agus €618.6 milliún de chabhair a tugadh a bhí mídhleathach agus i gcoinne na rialacha a fháil ar ais ó na gnólachtaí dár tugadh an t-airgead sin.

Chun gníomhaíocht eacnamaíoch a spreagadh laistigh den Aontas, cuireadh stop le €1.2 billiún de dhleachtanna iompórtála ar amhábhair, ar earraí leathchríochnaithe agus ar chomhpháirteanna. Aidhm eile a bhí aige sin cumas iomaíochta earnáil tionsclaíochta iartheachtach an Aontais a neartú agus caoi a thabhairt don earnáil sin an leibhéal fostaíochta a chaomhnú nó a mhéadú agus struchtúir na hearnála a nuachóiriú.

Fás inbhuanaithe a chothú chun poist a chruthú agus an comhshaol a chosaint

An t-aistriú chuig geilleagar níos ciorclaí, geilleagar ina n-úsáidtear acmhainní, fuinneamh san áireamh, ar dhóigh níos tíosaí agus ina laghdaítear diomailt, tá deiseanna móra ag dul leis do dhaoine agus do ghnólachtaí ar fud an Aontais.

Céad-Leas-Uachtarán an Choimisiúin Frans Timmermans ag glacadh páirt sa Chomhdháil do Gheallsealbhóirí faoin nGeilleagar Ciorclach sa Bhruiséil, an 9 Márta 2017.

Céad-Leas-Uachtarán an Choimisiúin Frans Timmermans ag glacadh páirt sa Chomhdháil do Gheallsealbhóirí faoin nGeilleagar Ciorclach sa Bhruiséil, an 9 Márta 2017.

Lean an tAontas de bheith ag déanamh dul chun cinn i leith chur i bhfeidhm Phacáiste an Gheilleagair Chiorclaigh (2015). D’fhonn dearadh, táirgeadh, tomhaltas agus bainistiú dramhaíola a shnaidhmeadh le chéile ina bhfáinne, bhunaigh an Coimisiún agus an Banc Eorpach Infheistíochta in éineacht le chéile Ardán Tacaíochta Airgeadais don Gheilleagar Ciorcalach, rud arb é is aidhm dó an infheistíocht a dhéantar i réitigh nuálacha chiorclacha a mhéadú. Ina theannta sin, thug an Coimisiún comhairle do na Ballstáit faoi dhóigheanna le fuinneamh a dhéanamh as an dramhaíl agus chuir sé i láthair nuashonruithe ar an dlí d’fhonn srian a chur ar úsáid substaintí guaiseacha áirithe i dtrealamh leictreach agus leictreonach. Meastar go gcuirfear cosc de bharr na mbeart sin ar tháirgeadh breis agus 3 000 tonna de dhramhaíl ghuaiseach sa bhliain san Aontas agus go bhféadfar ídiú fuinnimh agus amhábhair a laghdú. In earnáil an chúraim sláinte d’fhéadfaí tuairim agus €170 milliún a shábháil ach cead a thabhairt do na hospidéil feistí leighis a cheannach agus a dhíol.

Tá an Chomhairle agus an Pharlaimint tar éis teacht ar chomhaontú sealadach faoi thograí reachtacha maidir le dramhaíl, ina leagtar síos spriocanna i leith laghdú dramhaíola agus athchúrsáil idir seo agus 2035; tá na spriocanna sin uaillmhianach ach insroichte. Cloch cúinne Phacáiste an Gheilleagair Chiorclaigh atá sa chomhaontú sin.

Tacaíocht leanúnach do na Ballstáit

I mí na Bealtaine bunaíodh an Clár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach agus buiséad €142.8 milliún aige don tréimhse 2017-2020. Ar iarratas ó Bhallstát, tugtar maoiniú ón gClár chun cuidiú leis an mBallstát sin athchóirithe tábhachtacha a dhéanamh. Leis an gClár, tugann an Coimisiún tacaíocht spriocdhírithe a athneartaíonn cumas na mBallsát athchóirithe a cheapadh agus a chur i bhfeidhm atá riachtanach dar leo chun a ngeilleagar a dhéanamh níos iomaíche agus chun gur fusa infheistíocht a dhéanamh ann. Cuimsíonn an tacaíocht theicniúil sin athchóirithe sna réimsí seo a leanas: rialachas, riarachán poiblí, bainistíocht airgeadais phoiblí, timpeallacht ghnó, na margaí saothair, oideachas, na seirbhísí sláinte agus sóisialta, an earnáil airgeadais agus teacht ar mhaoiniú. Tá sé ar fáil do Bhallstáit uile an Aontais Eorpaigh, cuirtear ar fáil é nuair a iarrtar é, agus ní theastaíonn aon chómhaoiniú lena aghaidh.

Is leis an tSeirbhís Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach, i gcomhar le ranna eile den Choimisiún lena mbaineann, a chuirtear an Clár i bhfeidhm. Go nuige seo, bhí plé ag an tSeirbhís sin le 15 Bhallstát i dtaobh 150 tionscadal tacaíochta. Maidir le sceideal tionscadal 2018 tá breis agus 400 iarratas ar thacaíocht faighte cheana ó chorradh le 20 Ballstát, agus dá thoradh sin tá ró-éileamh, de mhórán, ar an €30.5 milliún de bhuiséad atá ag an gClár don bhliain sin.

INFHEISTÍOCHT I mBALLSTÁIT AN AONTAIS

Grafaic faisnéise: Tá poist, fás agus infheistíocht ar cheann de 10 dtosaíocht Choimisiún Juncker. Is é is aidhm don Phlean Infheistíochta don Eoraip maoiniú infheistíochta a chothú le cúnamh an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta agus an Chiste Eorpaigh Infheistíochta (i.e. dhá chomhpháirt Ghrúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta). Tá an straitéis sin ina cuid den "triantán órga", is é sin athchóirithe struchtúracha, beartais fhioscacha stuama agus infheistíocht. Ón uair a cuireadh an Plean infheistíochta i láthair, ar an 26 Samhain 2014, tá feabhas tagtha ar dhálaí infheistíochta. Maidir le geilleagar an Aontais, tá fás ag teacht faoi athuair agus tá ag méadú ar an muinín atá ag daoine as.

Lean an tAontas de bheith ag tabhairt tacaíocht d’Éirinn, don Spáinn, don Chipir, don Phortaingéil agus don Rómáin. Arís eile is maith an dul chun cinn a rinneadh le linn na bliana i leith clár na Gréige a chur i bhfeidhm, clár a ceapadh chun na dálaí is gá a chothú chun muinín a mhúscailt agus dúshraith téarnaimh eacnamaíoch fhadtéarmaigh a chur síos sa Ghréig. I mí Iúil cuireadh an dara hathbhreithniú i gcrích agus dá bharr sin bhíothas ábalta an tríú tráinse maoiniúcháin ón Sásra Cobhsaíochta Eorpach a cheadú. €8.5 billiún a bhí sa tráinse sin. I mí na Nollag bhí an tríú hathbhreithniú fós ar siúl agus i dtosach na míosa sin thángthas ar chomhaontú ar an leibhéal foirne.

Ina cheann sin, leanadh de bheith ag tabhairt tacaíocht eacnamaíoch don Ghréig leis an bPlean Infheistíochta don Eoraip.

Ina theannta sin, tá sainchúraimí á ndéanamh anois ag an tSeirbhís Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach d’fhonn cuidiú a thabhairt an fhreagairt ar ghéarchéim na ndídeanaithe sa Ghréig a chomhordú agus clár cabhrach an Aontais do phobal Turcach na Cipire a chur i bhfeidhm.

An beartas réigiúnach

Faoi bheartas réigiúnach agus uirbeach an Aontais leanadh de bheith ag infheistiú i bpoist agus i gcothú fáis, le tionscadail de gach saghas agus de gach méid, agus i mbonneagar a dhéanann éascaíocht don ghnó, cuir i gcás idirlíon leathanbhanda agus líonraí iompair. Ina theannta sin, cuireadh roinnt tionscnamh agus straitéisí i bhfeidhm arb é is aidhm dóibh breis fáis agus nuálaíochta a chothú, cuir i gcás tacar nua beart atá ceaptha tuilleadh cúnaimh a thabhairt do réigiúin an Aontais infheistíocht a dhéanamh sna réimsí sin atá láidir ó thaobh na hiomaíochta de, rud a dtugtar “speisialú cliste” air. Tá dhá thionscadal phiolótacha ann a seoladh in 2017 agus tugann siad caoi do na réigiúin obair i gcomhar le meithleacha saineolaithe de chuid an Choimisiúin d’fhonn cumas nuálaíoch na réigiún sin a mhéadú, bacainní infheistíochta a bhaint agus ullmhú d’athruithe in earnáil na tionsclaíochta agus sa tsochaí. De thoradh na dtionscadal sin sainaithneofar tionscadail idir-réigiúnacha ar rídhóigh slabhra breisluacha teacht dá mbarr in earnálacha tosaíochta san Aontas agus cuirfear de réir a chéile leis na tionscadail idir-réigiúnacha sin.

An Coimisinéir Corina Crețu ar cuairt ar Biopark Charleroi Brussels South, an Bheilg, an 24 Márta 2017.

An Coimisinéir Corina Crețu ar cuairt ar Biopark Charleroi Brussels South, an Bheilg, an 24 Márta 2017.

Faoin gClár Oibre Uirbeach don Aontas, d’fhonn cuidiú le cathracha a dtuairimí a nochtadh agus beartais á gceapadh a ndéanann difear dóibh, seoladh 12 chompháirtíocht théamacha nua a bhaineann le téamaí amhail an geilleagar ciorclach, an t-aistriú digiteach, poist agus scileanna, agus an tsoghluaisteacht uirbeach. D’fhonn infheistíocht sna réimsí sin a éascú tá seirbhís nua curtha ar bun ag an gCoimisiún Eorpach in éineacht leis an mBanc Eorpach Infheistíochta. Leis an tseirbhís Urban Investment Support (Tacaíocht d’Infheistíocht Uirbeach), tugtar seirbhísí saincheaptha airgeadais agus teicniúla do chathracha ag gach céim thábhachtach den phróiseas chun tionscadail chomhtháite uirbeacha a ullmhú agus a chur i bhfeidhm. Tá plean gníomhaíochta trí cinn de na comhpháirtíochtaí foilsithe cheana, agus foilseofar na cinn eile in 2018.

Dragica Sekulić, Aire Geilleagair Mhontainéagró, an Coimisinéir Johannes Hahn agus Aleksandar Andrija Pejović, Aire Gnóthaí Eorpacha Mhontainéagró, ar cuairt ar láithreán tógála fhostáisiún Lastva ar cuid den Chonair Leictreachais Tras-Bhalcánach é, faoi chuimsiú an Chláir Oibre Nascachta a chabhróidh margadh leictreachais réigiúnach a chruthú, an 9 Meitheamh 2017.

Dragica Sekulić, Aire Geilleagair Mhontainéagró, an Coimisinéir Johannes Hahn agus Aleksandar Andrija Pejović, Aire Gnóthaí Eorpacha Mhontainéagró, ar cuairt ar láithreán tógála fhostáisiún Lastva ar cuid den Chonair Leictreachais Tras-Bhalcánach é, faoi chuimsiú an Chláir Oibre Nascachta a chabhróidh margadh leictreachais réigiúnach a chruthú, an 9 Meitheamh 2017.

An aidhm atá ag beartas comhtháthaithe an Aontais bearnaí forbraíochta agus míchothromaíochtaí idir Ballstáit agus réigiúin an Aontais a laghdú. Tá tionscnamh seolta ag an gCoimisiún chun cuidiú le réigiúin bheagfhorbartha teacht suas le réigiúin eile. Is é cuspóir an tionscnaimh anailís a dhéanamh ar na nithe a choisceann fás sna réigiúin sin agus moltaí agus cúnamh a thabhairt d’fhonn a bpoitéinseal fáis a scaoileadh saor. An Pholainn agus an Rómáin an chéad dá thír a ghlac páirt sa tionscnamh ar bhonn trialach, agus dhá réigiún páirteach ag gach ceann acu ann. I bhfianaise a fheabhas a éireoidh leis an tástáil sin, cuirfear múnla an tionscnaimh i bhfeidhm i réigiúin eile ina bhfuil dúshláin den saghas céanna.

I mí Mheán Fómhair seoladh straitéis nua a rachaidh chun tairbhe do réigiúin is forimeallaí an Aontais, agus is éard atá sa straitéis sin comhpháirtíocht phribhléideach, athnuaite agus athneartaithe arb é is bunphrionsabal dó a oiread leasa is féidir a bhaint as buanna uathúla na réigiún sin.

Taighde agus nuálaíocht

Rinneadh measúnú ar na chéad bhlianta de Fís 2020, clár taighde agus nuálaíochta an Aontais, agus léirigh an measúnú sin go bhfuiltear ar an gcosán ceart chun spriocanna an chláir a shroicheadh ó thaobh poist a chruthú agus fás a chothú, dul i ngleic le mórfhadhbanna na sochaí agus feabhas a chur ar shaol daoine. In 2017, agus sa bhliain sin amháin, infheistíodh €8.62 billiún faoi chuimsiú an chláir. Tugadh tacaíocht do bhreis agus 4 900 tionscadal, agus thug sin comhpháirtithe éagsúla le chéile ón Aontas, ó na 16 thír atá bainteach leis an gclár agus ó thíortha áiteanna eile ar domhan. I mí Dheireadh Fómhair sheol an Coimisiún an pacáiste deireanach de ghlaonna ar thograí faoi Fhís 2020, maille le gníomhaíochtaí eile; tuairim agus €30 billiún a cuireadh ar fáil do lucht taighde agus nuálaíochta dá thoradh sin.

An Coimisinéir Carlos Moedas agus an tOllamh David Lane, Stiúrthóir Bunaitheach Lár-Ionad Róbaitice Dhún Éideann, i mbun comhrá taobh le feithicil fo-uisce uathrialaitheach ar a dtugtar Iver, le linn cuairt ar Ollscoil Heriot-Watt, Dún Éideann, an Ríocht Aontaithe, an 18 Deireadh Fómhair 2017. © Mike Wilkinson

An Coimisinéir Carlos Moedas agus an tOllamh David Lane, Stiúrthóir Bunaitheach Lár-Ionad Róbaitice Dhún Éideann, i mbun comhrá taobh le feithicil fo-uisce uathrialaitheach ar a dtugtar Iver, le linn cuairt ar Ollscoil Heriot-Watt, Dún Éideann, an Ríocht Aontaithe, an 18 Deireadh Fómhair 2017.

Cónascadh na hEorpa

I mí Feabhra seoladh an chéad ghlao measctha don tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, agus leis sin cuireadh €1.35 billiún ar fáil chun tionscadail iompair a mhaoiniú. I nglao measctha cuirtear le chéile deontais agus maoiniú ón gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha, ón mBanc Eorpach Infheistíochta, ó bhainc náisiúnta le haghaidh spreagtha, nó ó infheisteoirí den earnáil phríobháideach.

Chun cuidiú a thabhairt córacha iompair san Eoraip a dhéanamh iomaíoch, glan agus idirnasctha, d’ullmhaigh an Coimisiún liosta de 152 thionscadal iompair a roinnfear eatarthu €2.7 billiún de mhaoiniú ón Aontas faoi chuimsiú na Saoráide um Chónascadh na hEorpa.

Fás agus fostaíocht a chothú leis an talmhaíocht

Tá beagnach 44 mhilliún post in earnáil an agraibhia san Aontas, agus is fiú os cionn €130 billiún in aghaidh na bliana easpórtálacha na hearnála sin. Tuairim agus €59 mbilliún de bhuiséad a bhíonn ag an gComhbheartas Talmhaíochta gach bliain, agus roinntear an buiséad sin idir ionstraimí comhlántacha éagsúla. In 2017 lorg an Coimisiún tuairimí go forleitheadach faoi shimpliú agus nuachóiriú an chomhbheartais talmhaíochta. Ar cheann de na bearta a rinneadh chuige sin bhí comhairliúchán poiblí as ar tháinig 322 000 aighneacht agus níos mó ná1 400 páipéar beartais.

Mar thoradh air sin glacadh an Teachtaireacht “Todhchaí an Bhia agus na Feirmeoireachta” i mí na Samhna, teachtaireacht ina bhfuil treochtaí ginearálta fhorás an chomhbheartais talmhaíochta amach anseo curtha i láthair. Beidh an Teachtaireacht ar cheann de na nithe lena stiúrfar an plé faoi threocht an chomhbheartais amach anseo i bhfianaise na moltaí a dhéanfar faoin gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile, in 2018, ach ní thabharfar breithiúnas leis an Treoir sin ar a mbeidh sa chreat airgeadais sin.

An Coimisinéir Phil Hogan (sa lár) ar cuairt ar thionscadal  uisciúcháin in Pozoblanco, an Spáinn, an 8 Meitheamh 2017.

An Coimisinéir Phil Hogan (sa lár) ar cuairt ar thionscadal uisciúcháin in Pozoblanco, an Spáinn, an 8 Meitheamh 2017.

Aire a thabhairt do na haigéin

Mar chuid den iarracht atá sé a dhéanamh comhaontas domhanda i dtaobh gnóthaí muirí a bhunú lena chomhpháirtithe idirnáisiúnta, reáchtáil an tAontas an ceathrú comhdháil idirnáisiúnta Our Ocean i Málta i mí Dheireadh Fómhair. Thug míle “seaimpín aigéin”” gealltanas go ndéanfaidís beart chun na haigéin a dhéanamh folláin agus táirgiúil agus rinne siad bearta chun na gealltanais a bhí tugtha acu roimhe sin a chomhlíonadh.

Gheall rannpháirtithe ó na rialtais, ón earnáil ghnó agus ón tsochaí shibhialta go gcuirfidís breis agus €7 mbilliún ar fáil ar mhaithe le folláine na n-aigéan a chosaint. Gealltanas stairiúil ab ea sin. Chomh maith leis sin, gheall siad limistéar muirí nua faoi chosaint darb achar 2.5 milliún km2 a bhunú, agus den chéad uair riamh thug go leor den earnáil ghnó gealltanais go ndéanfaidís beart chun na haigéin a chaomhnú. D’fhógair an tAontas go gcuirfeadh sé €550 milliún in áirithe chun bearta a dhéanamh maidir le cosaint na farraige, truailliú na farraige, an t-athrú aeráide, iascach inbhuanaithe, slándáil mhuirí agus geilleagar glas inbhuanaithe.

An Coimisinéir Karmenu Vella (sa lár) ag casadh le hiascairí na háite ag calafort Zadar, an Chróit, an 20 Márta 2017.

An Coimisinéir Karmenu Vella (sa lár) ag casadh le hiascairí na háite ag calafort Zadar, an Chróit, an 20 Márta 2017.

Cúnamh a thabhairt do ghnólachtaí beaga agus meánmhéide maoiniú nua, comhpháirtithe nua agus margaí nua a aimsiú

Gach bliain tacaíonn an tAontas le breis agus 200 000 gnólacht le cineálacha éagsúla maoinithe, cuir i gcás iasachtaí, micreamhaoiniú, ráthaíochtaí agus capiteal fiontair. Tá maoiniú ar fáil ón Aontas do ghnólachtaí nuathionscanta, agus d’fhiontraithe agus do ghnólachtaí eile beag beann ar a méid agus ar an earnáil ina bhfuil siad. Is institiúidí airgeadais áitiúla ar nós banc, caipitlithe fiontair agus aingil ghnó a dhéanann an cinneadh maoiniú a bhfuil an tAontas ar a chúl a thabhairt. An tacaíocht a thugann an tAontas ― rud arb é a bhíonn ann go minic a oiread céanna maoinithe a chur ar fáil agus atá curtha ar fáil ag an institiúid airgeadais áitiúil ― fágann sé go bhfaigheann na gnólachtaí níos mó maoinithe ná a gheobhaidís in éagmais na tacaíochta sin.

Chomh maith leis sin tugann an tAontas comhairle agus tacaíocht phraiticiúil do ghnólachtaí. In 2017 chuidigh an Líonra Fiontar Eorpach le breis agus 3 500 gnólacht beag ar theastaigh uathu gnó a dhéanamh i margaí idirnáisiúnta, chuidigh sé leo maoiniú nua, comhpháirtithe nua agus margaí nua a aimsiú. Tá an Líonra gníomhach i mbreis agus 60 tír ar fud an domhain. Tagann le chéile sa Líonra saineolaithe as breis agus 600 balleagraíocht chun cuidiú le gnólachtaí Eorpacha a bheith nuálach agus níos mó gnó a dhéanamh i margaí idirnáisiúnta.

An Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin Andrus Ansip ag glacadh páirt i seoladh Startup Europe Week 2017, an Bhruiséil, an 6 Feabhra 2017.

An Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin Andrus Ansip ag glacadh páirt i seoladh Startup Europe Week 2017, an Bhruiséil, an 6 Feabhra 2017.

Infheistiú i ndaoine

In 2017 bhí comóradh 60 bliain bhunú Chiste Sóisialta na hEorpa ann, ciste a chuidíonn le hoibrithe cáilíochta a ghnóthú agus breis scileanna a shealbhú. Meastar go dtacóidh an Ciste le breis agus 8 milliún oibrí san Aontas idir 2014 agus 2020.

Ceithre bliana i ndiaidh a sheolta, in 2013, tá os cionn 35 thír ina mball den Chomhaontas Eorpach do Phrintíseachtaí (eagraíocht a bhfuil cead isteach ann ag balltíortha de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa agus ag tíortha atá ina n-iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas). Tá 230 éigin gealltanas tugtha ag geallsealbhóirí, gnólachtaí agus idirghabhálaithe san áireamh, 800 000 deis oiliúna agus deis céadphoist a chur ar fáil. Seoladh Líonra nua Eorpach na bPrintíseach mar thoradh air sin i mí an Mheithimh, chun guth foghlaimeoirí óga a threisiú. I mí Dheireadh Fómhair chuir an Coimisiún i láthair togra le haghaidh creat Eorpach do phrintíseachtaí ardchaighdeáin agus éifeachtacha agus seoladh gníomhaíocht nua ErasmusPro chun soghluaisteacht fhadtéarmach ó phost go chéile a chinntiú do phrintísigh agus d’fhoghlaimeoirí gairmoideachais agus gairmoiliúna.

Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta: An chothroime shóisialta do shaoránaigh uile an Aontais a chur chun cinn.

CISTE SÓISIALTA NA hEORPA I nGNÍOMH

Grafaic faisnéise: Is é Ciste Sóisialta na hEorpa an phríomhuirlis atá ag an Aontas le fostaíocht agus an cuimsiú sóisialta a chur chun cinn, is é sin le rá cuidiú le daoine post a fháil, nó post níos fearr a fháil má tá post acu cheana, daoine faoi mhíbhuntáiste a imeascadh sa tsochaí agus deimhin a dhéanamh de go bhfuil seans níos fearr ag cách an rath a chur orthu féin sa saol. Déantar sin trí infheistíocht a dhéanamh i ndaoine agus sna scileanna atá acu, fostaithe nó dífhostaithe iad, óg nó sean. Gach bliain cuidíonn an Ciste le tuairim agus 10 milliún duine post a fháil nó scileanna a shealbhú chun gur fusa dóibh post a fháil.

I mí Iúil sheol an tAontas an tAicmiú Eorpach Scileanna, Inniúlachtaí, Cáilíochtaí agus Gairmeacha agus Uirlis an Aontais Eorpaigh chun scileanna náisiúnach tríú tíortha a phróifíliú, iarrthóirí tearmainn agus dídeanaithe san áireamh. Is fearrde an fhoghlaim agus an tsoghluaisteacht ó phost go chéile ar fud an Aontais an dá uirlis ar líne sin óir is trédhearcaí scileanna agus cáilíochtaí dá mbarr.

An 20 Nollaig chuir an Coimisiún Treoir nua i láthair arbh é ab aidhm di na hoibleagáidí atá ann cheana gach oibrí a chur ar an eolas faoi na coinníollacha oibre atá i bhfeidhm maidir leis, na hoibleagáidí sin a chomhlánú agus a nuachóiriú. Leagfaí síos leis an Treoir sin íoschaighdeáin lena ndéanfaí deimhin de go mbeadh breis cinnteachta agus soiléire ag gach oibrí, oibrithe ag a bhfuil conradh neamhthipiciúil san áireamh. Chuimseofaí agus chosnófaí 2-3 mhilliún oibrí breise ag a bhfuil conradh neamhthipiciúil de thoradh an togra.

Scileanna digiteacha a chur chun cinn

Tá an tAontas ag cur tionscnamh chun cinn arb é is aidhm dóibh breis deiseanna a thabhairt do shaoránaigh scileanna digiteacha a shealbhú. I mí an Mhárta fógraíodh tionscadal a bhfuil sé d’aidhm aige intéirneachtaí digiteacha a chur ar fáil do 5 000-6 000 céimí le linn na tréimhse 2018-2020. Tá infheistíocht á déanamh i dtionscadail a dhéanann cúram de shaghsanna oiliúna arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar scileanna digiteacha daoine atá ag obair i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide agus athoiliúint a chur ar dhaoine dífhostaithe chun cuidiú leo post a fháil i ngnólacht beag.

Daoine a nascadh le chéile

In 2017 reáchtáil an tAontas imeachtaí ar fud na hEorpa chun comóradh 30 bliain bhunú an chláir Erasmus a cheiliúradh. An rud nach raibh ann ach scéim bheag shoghluaisteachta do mhic léinn tríú leibhéal nuair a bunaíodh é in 1987, tá sé éirithe ina rud mór mar atá Erasmus+ um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um an spórt.

Le 30 bliain anuas tá tairbhe bainte ag 9 milliún éigin duine as mórchuid saghsanna deiseanna a chuir Erasmus ar fáil dóibh ― deiseanna a n-aigne a leathnú agus eolas agus scileanna nua a shealbhú le staidéar, tréimshí oiliúna, printíseachtaí, malartuithe do dhaoine óga, múinteoireacht agus gníomhaíochtaí spóirt ar fud na hEorpa agus lasmuigh den Eoraip. In 2017, agus buiséad os cionn €2.5 billiún ag an gclár, ghlac tuairim agus 560 000 duine óg agus 160 000 ball foirne d’institiúidí oideachais agus eagraíochtaí óige, ghlac siad sin páirt in Erasmus. I mí an Mheithimh thug na Ballstáit a mbeannacht do chur i bhfeidhm ErasmusPro, tionscnamh lena gcuirfear ar fáil as seo go ceann 3 bliana oiread le 50 000 deis nua d’fhoghlaimeoirí agus do phrintísigh atá ag fail gairmoideachais agus gairmoiliúna socrúcháin oibre fhada a dhéanamh thar lear.

An Coimisinéir Tibor Navracsics ag an searmanas chun comóradh 30 bliain Chlár Erasmus a sheoladh i bParlaimint na hEorpa, an Bruiséil, an 25 Eanáir 2017.

An Coimisinéir Tibor Navracsics ag an searmanas chun comóradh 30 bliain Chlár Erasmus a sheoladh i bParlaimint na hEorpa, an Bruiséil, an 25 Eanáir 2017.

Le cuidiú na Parlaiminte agus na Comhairle, mhéadaigh an Coimisiún an maoiniú atá in áirithe don Tionscnamh Fostaíochta don Aos Óg (clár tacaíochta airgeadais an Aontais) agus chuidigh sé leis na Ballstáit a sciar de Chiste Sóisialta na hEorpa a chur chun úsáide. San iomlán tá páirt glactha ag breis agus 18 milliún duine óg sna scéimeanna Ráthaíochta don Aos Óg ó bhí mí Eanáir 2014 ann agus ghlac 11 mhilliún duine óg le tairiscint poist, tairiscint printíseachta, tairiscint tréimhse oiliúna nó tairiscint breisoideachais.

Cúnamh a thabhairt do dhaoine óga a bheith ina bhfiontraithe

Leis an gclár Erasmus le haghaidh Fiontraithe Óga tugtar do dhaoine san Eoraip ar mian leo a bheith ina bhfiontraithe na scileanna is gá chun gnólacht beag a bhunú nó gnólacht a reáchtáil ar dhóigh éifeachtach. Seo mar a fheidhmíonn an clár: oibríonn fiontraí núíosach le fiontraí seanchleachta ar feadh tréimhse dar fad idir 1 mhí agus 6 mhí agus, le linn an ama sin, malartaíonn siad eolas agus smaointe gnó le chéile. Ar an dóigh sin sealbhaíonn an fiontraí núíosach na scileanna is gá chun gnólacht beag a reáchtáil, agus maidir leis an bhfiontraí seanchleachta baineann sé tairbhe as dearcadh úr an núíosaigh ar a ghnó agus foghlaimíonn sé faoi mhargaí nua.

Is é an Coimisiún Eorpach a mhaoiníonn an clár agus tá an clár ag feidhmiú i ngach Ballstát atá páirteach ann. Tá pointí teagmhála sna Ballstáit a bhfuil taithí acu ar thacaíocht ghnó a thabhairt (e.g. cumainn chomhlachais, ionaid do ghnólachtaí nuathionscanta agus gorlanna gnó), agus cuidíonn na pointí teagmhála sin leis an gCoimisiún an clár a reáchtáil. Le linn na bliana ghlac breis agus 1 000 duine ar mian leo a bheith ina bhfiontraithe páirt sa chlár.

An Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach

Ó seoladh é i mí na Nollag 2016, rinneadh bearta go pras chun an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach a chur ar obair. I mí na Bealtaine 2017 chuir an Coimisiún togra reachtach i láthair maidir le bonn dlí ar leith a bheith ag an gCór agus maidir lena bhuiséad do na chéad 3 bliana eile. Faoi dheireadh mhí na Nollag bhí breis agus 45 000 duine cláraithe leis an gCór agus bhí páirt glactha ag corradh le 2 500 duine i ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta ar fud na hEorpa. Mar shampla, i mí Lúnasa chuaigh 16 oibrí dheonacha go Norcia na hIodáile áit ar tharla tréanchrith talún in 2016 chun cúnamh a thabhairt an obair dheisiúcháin a bhí ar siúl a dhéanamh agus seirbhísí sóisialta do mhuintir na dúiche a chur ar bun athuair. Ina theannta sin, i lár 2017 seoladh an ghné shaothair den Chór. Tá sé beartaithe post nó tréimhse oiliúna a bhaineann leis an dlúthpháirtíocht a thairiscint do suas le 6 000 duine óg as seo go ceann 2 bhliain le tionscadail atá maoinithe ag Clár an Aontais Eorpaigh um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta, agus is iad seirbhísí fostaíochta na Fraince agus na hIodáile a chomhordóidh na tionscadail sin.

Sláinte daoine a chosaint, an geilleagar a neartú

I mí an Mheithimh ghlac an Coimisiún plean nua, mar atá an Plean gníomhaíochta maidir le frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha. Tá cur chuige an phlean ― cur chuige ar a dtugtar “sláinte aonair” ― ceaptha dul i ngleic leis an bhfrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha i ndaoine agus in ainmhithe, contúirt atá ag dul i ngéire agus is cúis gach bliain san Aontas le bás 25 000 duine agus le caillteanas €1.5 billiún. Tháinig deireadh leis an gcéad timthriall 2 bhliain de Staid na Sláinte san Aontas Eorpach nuair a foilsíodh tuarascálacha sláinte gach Ballstáit maille le páipéar ón gCoimisiún inar míníodh ról na dtuarascálacha sin i mbeartas an Aontais i dtéarmaí níos leithne. Chun an méid sin a dhéanamh chuaigh an Coimisiún i gcomhar leis an Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (OECD) agus leis an bhFaireachlann Eorpach um Chórais agus Beartais Sláinte.

An Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach: obair dheonach ar mhaithe le pobail agus daoine ar fud na hEorpa.

Buiséad an Aontais agus é dírithe ar thorthaí

Bhí buiséad 2017 an Aontais ina chuidiú cruthú post a spreagadh, go háirithe i measc an aosa óig, agus borradh a chur faoi infheistíochtaí straitéiseacha. Bhí fócas ar leith sa bhuiséad ar bhearta a rachadh i ngleic le dúshlán na himirce, agus bhí siad sin ag cur le bearta a rinneadh san am atá caite. Beagnach leath an bhuiséid (€75 bhilliún), bhí sé in áirithe do bhearta i leith fáis, fostaíochta agus iomaíochais, agus do bhearta a thacódh le taighde agus nuálaíocht (Fís 2020), oideachas, oiliúint agus óige (Erasmus+), fiontair bheaga agus mheánmhéide (an Clár um iomaíochas na bhfiontar agus na bhfiontar beag agus meánmhéide) agus infreastruchtúr iompair (an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa). Lena chois sin, tugadh maoiniú ón mbuiséad don Chiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha, rud atá ag cothú tionscadail infheistíochta thábhachtacha san Aontas. Tugadh isteach agus amach le €43 bhilliún d’fheirmeoirí. Thug an tAontas beagnach €6 bhilliún chun teorainneacha seachtracha an Aontais a chosaint agus dul i ngleic leis an imirce agus le sreafaí imirce.

I mí na Bealtaine mhol an Coimisiún breis agus €340 milliún de mhaoiniú a thabhairt chun go bhféadfaí 100 000 socrúchán dlúthpháirtíochta (e.g. obair dheonach, tréimhsí oiliúna, poist) a chur ar fáil faoi 2020 do dhaoine óga faoin gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach.

An Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin Jyrki Katainen le linn shíniú an chéad chomhaontaithe creidmheasa faoi choimirce na Saoráide Maoiniúcháin um Chaipiteal Nádúrtha, an Bhruiséil, an 11 Aibreán 2017.

An Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin Jyrki Katainen le linn shíniú an chéad chomhaontaithe creidmheasa faoi choimirce na Saoráide Maoiniúcháin um Chaipiteal Nádúrtha, an Bhruiséil, an 11 Aibreán 2017.

I mí an Mheithimh glacadh an t-athbhreithniú lár téarma ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil reatha (2014-2020). Is é an cuspóir a bhí ag an athbhreithniú sin acmhainní airgeadais breise a sholáthar chun dul i ngleic le sreafaí imirce agus le bagairtí slándála, fás eacnamaíoch, cruthú post agus iomaíochas a chothú agus buiséad an Aontais a chur in oiriúint do dhálaí gan choinne.

Ghlac an Coimisiún togra reachtach arb é is aidhm dó an t-ualach riaracháin a laghdú a bhíonn orthu sin a fhaigheann maoiniú ón Aontas. An 28 Meitheamh d’fhoilsigh an Coimisiún páipéar machnaimh chun tús a chur leis an díospóireacht faoina bhfuil i ndán do bheartas airgeadais an Aontais.

An Coimisinéir Günther Oettinger le linn sheoladh pháipéar machnaimh an Choimisiúin maidir lena bhfuil i ndán do bheartas airgeadais an Aontais Eorpaigh, an Bhruiséil, an 28 Meitheamh 2017.

An Coimisinéir Günther Oettinger le linn sheoladh pháipéar machnaimh an Choimisiúin maidir lena bhfuil i ndán do bheartas airgeadais an Aontais Eorpaigh, an Bhruiséil, an 28 Meitheamh 2017.

CAIBIDIL 2

Margadh Aonair Digiteach Idirnasctha

“Creidim go gcaithfimid leas níos fearr a bhaint as na mórdheiseanna a ghabhann le teicneolaíochtaí digiteacha, óir níl teorainn leis na teicneolaíochtaí sin.”

Jean-Claude Juncker, Treoirlínte Polaitiúla, 15 Iúil 2014

© iStockphoto.com/chombosan

© iStockphoto.com/chombosan

Lean an tAontas Eorpach den obair ar chur i gcrích an Mhargaidh Aonair Dhigitigh, chun deireadh a chur leis na bacainní ar líne. D’oibrigh sé freisin le go bhféadfaidh saoránaigh, rialtais agus gnólachtaí lánleas a bhaint as na deiseanna a thagann den idirlíon agus de theicneolaíochtaí digiteacha eile. In 2017 cuireadh i gcrích an mhórchuid de na tograí reachtacha agus de na tionscnaimh bheartais a fógraíodh i Straitéis 2015 maidir le Margadh Aonair Digiteach.

Tháinig deireadh freisin le táillí fánaíochta san Aontas. Fágann an cinneadh sin gurb é an praghas céanna agus a íocann siad sa bhaile a íocann tomhaltóirí anois ar ghlaonna, ar théacsteachtaireachtaí agus ar shonraí móibíleacha, agus iad ag taisteal san Aontas Eorpach.

Faoi 2018 féadfaidh saoránaigh scannáin, craoltaí spóirt, craoltaí ceoil, físchluichí agus síntiúis ríomhleabhair réamhíoctha ar líne a rochtain agus iad ag taisteal san Aontas, agus cabhróidh maoiniú ón Aontas rochtain Wi-Fi a chur ar fáil in áiteanna poiblí.

D’úsáid an tAontas Eorpach na cumhachtaí forfheidhmithe atá aige chun tomhaltóirí a chosaint agus deimhin a dhéanamh de go bhfuil iomaíocht chothrom ann i ngeilleagar na n-ardán ar líne. Chuir an tAontas fíneáil €2.42 billiún ar Google as mí-úsáid a bhaint as an gceannasacht atá aige sa mhargadh mar inneall cuardaigh trí bhuntáiste mídhleathach a thabhairt don tseirbhís comparáide praghsanna atá aige féin. San aitheasc ar Staid an Aontais a thug Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, i mí Mheán Fómhair, d’fhógair sé roinnt beart chun an tAontas a chosaint ar chibear-ionsaithe. An mhí chéanna, leag an Coimisiún amach bearta maidir le feabhas a chur ar shaorghluaiseacht sonraí neamhphearsanta, agus treoirlínte agus prionsabail maidir le húsáid a bhaint as ardáin ar líne chun dul i ngleic le hábhar mídhleathach ar líne.

I mí Mheán Fómhair d’eagraigh Uachtaránacht na hEastóine cruinniú mullaigh i dTaillinn agus dearbhaíodh, le linn an chruinnithe sin, go n-aithníonn an tAontas Eorpach nach mór todhchaí eacnamaíoch an Aontais a thógáil ar bhunsraith de bheartais láidre aontaithe dhigiteacha.

An Margadh Aonair Digiteach a chur i gcrích

Sa Straitéis maidir le Margadh Aonair Digiteach a foilsíodh i mí na Bealtaine 2015, sainaithníodh 43 thogra reachtacha agus thionscnamh beartais thábhachtaí a bhaineann leis an Margadh Aonair Digiteach a chur i gcrích — tá gach ceann acu sin curtha i láthair ag an gCoimisiún. I ndeireadh 2017 bhí 24 de na tograí reachtacha sin curtha ar aghaidh aige chuig an bParlaimint Eorpach agus Comhairle an Aontais Eorpaigh.

San athbhreithniú lár téarma ar an dul chun cinn, a foilsíodh i mí na Bealtaine 2017, leagtar amach bearta breise maidir le hardáin ar líne, maidir leis an ngeilleagar sonraíbhunaithe agus maidir leis an gcibearshlándáil. I mí Mheán Fómhair, mar chuid de phacáiste Staid an Aontais, chuir an Coimisiún i láthair togra le haghaidh rialacha nua maidir leis an gcibearshlándáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí neamhphearsanta san Aontas Eorpach. Sa mhí chéanna foilsíodh Teachtaireacht maidir leis an bhfreagracht atá ar ardáin ar líne dul i ngleic le hábhar mídhleathach ar líne.

I mí Iúil 2017 ceapadh Mariya Gabriel mar Choimisinéir nua um an nGeilleagar Digiteach agus an tSochaí Dhigiteach.

I mí Iúil 2017 ceapadh Mariya Gabriel mar Choimisinéir nua um an nGeilleagar Digiteach agus an tSochaí Dhigiteach.

Mar thoradh ar na hathruithe atá ag teacht ar an margadh saothair agus ar an tsochaí, is gá do mhuintir na hEorpa saineolas digiteach a bheith acu. Dá ainneoin sin, tá díth bunscileanna digiteacha ar 37 % den lucht saothair go fóill. Faoi 2020 beidh oiliúint curtha ar mhilliún ógánach dífhostaithe faoi choimirce na Comhghuaillíochta um Scileanna Digiteacha agus Poist Dhigiteacha, agus a bhuí leis an bPlean Gníomhaíochta Ríomhrialtais 2016–2020 déanfar éascaíocht do shaoránaigh agus do ghnólachtaí agus cuirfear ar chumas na n-údarás poiblí seirbhísí nua a chur ar fáil. Is é an tosaíocht atá ann anois teacht ar chomhaontú polaitiúil i gcomhar leis an bParlaimint agus leis an gComhairle i dtaobh na dtograí go léir.

Donald Tusk, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Jüri Ratas, Príomh-Aire na hEastóine, agus Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, ag Cruinniú Mullaigh Digiteach Thaillinn, an Eastóin, an 29 Meán Fómhair 2017.

Donald Tusk, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Jüri Ratas, Príomh-Aire na hEastóine, agus Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, ag Cruinniú Mullaigh Digiteach Thaillinn, an Eastóin, an 29 Meán Fómhair 2017.

Le linn an Chruinnithe Mullaigh Dhigitigh i dTaillinn i mí Mheán Fómhair rinneadh plé ardleibhéil faoin gcaoi ar féidir leis an Aontas Eorpach a bheith chun tosaigh i gcónaí ar an dul chun cinn teicneolaíochta agus ina cheannródaí i gcónaí san earnáil sin. Ar na hábhair plé bhí an cánachas cothrom sa gheilleagar digiteach, scileanna digiteacha na saoránach a fheabhsú agus bonn ar chur faoi struchtúr láidir cibearshlándála san Aontas. Tháinig na Ballstáit ar chomhaontú freisin maidir leis an Margadh Aonair Digiteach a chur i gcrích faoi 2018, infheistíocht a dhéanamh san infreastruchtúr digiteach agus tabhairt faoi shaorghluaiseacht sonraí.

Struchtúr cibearshlándála níos daingne a thógáil san Aontas Eorpach

Cuireann na teicneolaíochtaí digiteacha deiseanna nua ar fáil do shaoránaigh teagmháil a dhéanamh le chéile. Éascaíonn na teicneolaíochtaí sin malartú faisnéise agus coinníonn siad geilleagar an Aontais Eorpaigh ag imeacht, ach, ainneoin sin uile, tá rioscaí nua tagtha díobh. Tá dul chun cinn déanta ag an Aontas Eorpach maidir le daoine a choinneáil sábháilte agus iad ar líne, agus ó 2018 ar aghaidh beidh cosaint níos láidre ag saoránaigh agus ag gnólachtaí. Beidh na rialacha nua i bhfeidhm freisin maidir le gnólachtaí nua a chuireann seirbhísí cumarsáide leictreonaí ar fáil.

Mar sin féin, caithfidh an tAontas cur leis na hacmhainní atá aige le gur fearr a bheidh sé in ann déileáil leis an ardú atá ag teacht ar líon na gcibear-ionsaithe, ardú atá in údar imní. I mí Mheán Fómhair, san aitheasc ar Staid an Aontais a thug sé uaidh, chuir an tUachtarán Juncker togra ón gCoimisiún i láthair maidir le cur chuige cuimsitheach chun feabhas a chur ar an gcibearshlándáil. Mar chuid den chur chuige sin tá Gníomhaireacht Cibearshlándála níos láidre de chuid an Aontais, treoirphlean le haghaidh beart comhordaithe idir na Ballstáit i gcás cibear-ionsaí agus scéim nua deimhnithe cibearshlándála de chuid an Aontais lena ndéanfar deimhin de go mbeidh táirgí agus seirbhísí digiteacha sábháilte le húsáid. Den chéad uair riamh tá an Coimisiún ag cur béim ar an gcibearchosaint, agus is léir sin ar an tiomantas athneartaithe atá aige Aontas Eorpach Slándála agus Cosanta a bhunú.

CUMAS AN AONTAIS EORPAIGH CIBEAR-IONSAITHE A SHEASAMH

Grafaic faisnéise: Teacht aniar, cosc agus cosaint i réimse na cibearshlándála

Lánacmhainneacht gheilleagar sonraíbhunaithe an Aontais a bhaint amach

Faoi 2020 meastar go mbeidh 10.4 milliún duine fostaithe i ngeilleagar sonraíbhunaithe an Aontais. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún rialacha nua a thabhairt isteach maidir le rialú a dhéanamh ar shaorghluaiseacht sonraí neamhphearsanta. Mar aon leis na rialacha atá ann cheana i dtaobh sonraí pearsanta, fágfaidh na bearta nua go bhféadfar sonraí neamhphearsanta a stóráil agus a phróiseáil ar fud an Aontais. Dá thoradh sin cuirfear borradh faoi iomaíochas ghnólachtaí an Aontais agus déanfar seirbhísí poiblí a nuachóiriú agus iad i Margadh Aonair éifeachtach Eorpach le haghaidh seirbhísí sonraí. Is gné thábhachtach de chur i gcrích an gheilleagair sonraíbhunaithe na srianta ar logánú sonraí a bhaint, agus d’fhéadfaí teacht isteach mhargadh “idirlíon na rudaí nithiúla” a mhéadú go €112 bhilliún agus 4 % a chur le holltáirgeacht intíre an Aontais faoi 2020 ach sin a dhéanamh.

Maidir leis an méid atá amach romhainn, tá infheistíocht á déanamh ag an Aontas Eorpach chun mol ríomhaireachta ardfheidhmíochta den chéad scoth a dhéanamh den Eoraip, mol a mbeidh ar a chumas lear mór sonraí a anailísiú i bhfíor-am. Tá an bealach á réiteach aige freisin do thionscnamh suaitheanta €1 bhilliún maidir le teicneolaíochtaí candamacha, a sheolfar in 2018.

Deimhin a dhéanamh de go bhfuil iomaíocht chothrom ann i ngeilleagar na n-ardán ar líne

FÍNEÁIL CURTHA AG AN gCOIMISIÚN AR GOOGLE AS MÍ-ÚSÁID A BHAINT AS AN gCEANNASACHT ATÁ AIGE SA MHARGADH

Grafaic faisnéise: Fíneáil curtha ar Google as an iomaíocht a phlúchadh

Tá ardáin ar líne faoi réir rialacha an Aontais Eorpaigh i réimsí ar nós na hiomaíochta agus na cosanta tomhaltóirí. Fágann sin go mbíonn muinín as na hardáin sin ag gnólachtaí agus ag an bpobal i gcoitinne. Gníomhaíonn an tAontas Eorpach, nuair is gá sin, chun na rialacha sin a chur i bhfeidhm.

I mí na Bealtaine 2017 glacadh cinneadh a fhágann go bhfuil na gealltanais a rinne Amazon ceangailteach ó thaobh dlí de. Rachaidh an cinneadh sin i ngleic leis na cúiseanna imní atá ann ag an staid seo maidir le hiomaíocht a bhaineann le roinnt clásal atá sna comhaontuithe dáileacháin atá ag an gcomhlacht le foilsitheoirí ríomhleabhar san Eoraip. I mí an Mheithimh chuir an Coimisiún fíneáil €2.42 billiún ar Google as mí-úsáid a bhaint as an gceannasacht atá aige sa mhargadh mar inneall cuardaigh trí bhuntáiste mídhleathach a thabhairt do tháirge eile dá chuid, mar atá an tseirbhís comparáide praghsanna atá aige féin.

An Coimisinéir Margrethe Vestager ag glacadh páirt i gcaint (TED Talks) ag The Town Hall, Nua-Eabhrac, Stáit Aontaithe Mheiriceá, an 20 Meán Fómhair 2017. © Ryan Lash / TED

An Coimisinéir Margrethe Vestager ag glacadh páirt i gcaint (TED Talks) ag The Town Hall, Nua-Eabhrac, Stáit Aontaithe Mheiriceá, an 20 Meán Fómhair 2017.

Nascacht níos fearr

D’fhaomh an tAontas Eorpach scéim arb é is cuspóir di pointí poiblí Wi-Fi a chur ar fáil do phobail san Aontas Eorpach a bhfuil idir 6 000 agus 8 000 duine iontu. Tríd an tionscnamh WiFi4EU, ag a bhfuil buiséad €120 milliún, cuirfear Wi-Fi ar fáil i spásanna poiblí amhail páirceanna poiblí, cearnóga, foirgnimh phoiblí, leabharlanna, ionaid sláinte agus músaeim.

Is cuid de phacáiste uaillmhianach beart a ghlac an Coimisiún i mí Mhéan Fómhair 2016 é WiFi4EU agus tá sé ceaptha leis an bpacáiste beart sin riar ar riachtanais nascachta na saoránach, riachtanais atá ag dul i méid, agus borradh a chur faoin gcumas iomaíochta san Aontas. Tá Plean Gníomhaíochta sa phacáiste sin freisin, plean lena gcuirfear an soláthar líonraí 5G gan sreang chun cinn ar fud an Aontais.

Rinneadh dul chun cinn tábhachtach maidir leis an sprioc sin a bhaint amach i mBealtaine 2017 nuair a ghlac an Pharlaimint agus an Chomhairle Cinneadh a bhfuil sé d’aidhm aige deimhin a dhéanamh de go mbeidh an banda minicíochta 700 MHz ar fáil do sheirbhísí leathanbhanda gan sreang faoi 2020.

Tá nuachóiriú na rialacha teileachumarsáide reatha atá ag an Aontas Eorpach (an Cód Eorpach atá beartaithe don Chumarsáid Leictreonach) ina thimpeallacht rialála níos tarraingtí a spreagfaidh an infheistíocht in infreastruchtúr ardcháilíochta ar fud an Aontais.

Deireadh a chur le táillí fánaíochta

Deireadh le táillí fánaíochta: fánaíocht ar tháille baile.

Tháinig deireadh le táillí fánaíochta san Aontas Eorpach an 15 Meitheamh 2017. Is é a chiallaíonn sé sin go bhfuil custaiméirí seirbhísí fánaíochta anois in ann a bhfón póca a úsáid agus iad ag taisteal san Aontas Eorpach, chun glaoch a chur, téacstheachtaireacht a sheoladh nó dul ar an idirlíon, gan aon táille a íoc sa bhreis ar an táille a íocann siad sa bhaile. Ábhar digiteach a rochtain

TÁILLÍ FÁNAÍOCHTA SAN AONTAS EORPACH

Grafaic faisnéise: Deireadh le táillí fánaíochta — ceann scríbe sroichte tar éis turas fada

Ó 2018 ar aghaidh beidh daoine a bhfuil cónaí orthu san Aontas Eorpach in ann seirbhísí ábhair ar líne atá réamhíoctha acu a rochtain áit ar bith san Eoraip. Glacadh rialacha nua i mí an Mheithimh 2017, agus de bharr na rialacha sin féadfaidh tomhaltóirí seirbhísí ábhair ar líne atá réamhíoctha acu ina dtír féin a rochtain agus iad i mBallstát eile. Beidh sé de rogha ag seirbhísí áirithe saorchraolta, ar nós na seirbhísí sin a chuireann craoltóirí poiblí ar fáil, leas a bhaint as an Rialachán ar choinníoll go bhfíoraíonn siad an tír ina bhfuil cónaí ar a síntiúsóirí.

I mí Iúil, mar chuid den nuachóiriú leanúnach atá á dhéanamh ar dhlí an chóipchirt san Aontas Eorpach, faomhadh reachtaíocht Eorpach a chabhróidh leis na milliúin duine, idir dhaoine dalla agus daoine atá faoi mhíchumas léitheoireachta cló de shaghas eile, teacht níos éasca a bheith acu ar leabhair. I mí Dheireadh Fómhair 2018 a thiocfaidh na rialacha nua Eorpacha i bhfeidhm.

I mí na Samhna tháinig an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún ar chomhaontú polaitiúil maidir le deireadh a chur le geobhlocáil éagórach tomhaltóirí ar mian leo táirgí nó seirbhísí a cheannach ar líne san Aontas Eorpach. Cuirfidh na rialacha nua borradh faoin ríomhthráchtáil, rud a rachaidh chun tairbhe do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí araon.

Borradh a chur faoin gceannaireacht sa ríomhaireacht ardfheidhmíochta san Eoraip

I mí an Mhárta shínigh airí seacht dtír (an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an Ísiltír, Lucsamburg, an Phortaingéil, an Spáinn) an Dearbhú Eorpach ar an Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta, lena bhfuil sé beartaithe maoiniú a chur ar fáil don chéad ghlúin eile d’infreastruchtúir ríomhaireachta ardfheidhmíochta agus tacaíochta sonraí. Shínigh an Bheilg, an Bhulgáir, an Chróit, an Eilvéis, an Ghréig agus an tSlóivéin an Dearbhú sin bliain níos déanaí.

Sonraí a mhalartú ar mhaithe le taighde níos fearr

Leis an Néal Eolaíochta Oscailte Eorpach nua a seoladh in 2017, cuirfear timpeallacht fhíorúil ar fáil don 1.7 milliún taighdeoir agus 70 milliún gairmí eolaíochta agus teicneolaíochta san Aontas Eorpach le go bhféadfaidh siad a gcuid sonraí a stóráil, a roinnt agus a athúsáid, beag beann ar theorainneacha náisiúnta ná ar réimsí. Tá breis agus €260 milliún de mhaoiniú á chur ar fáil faoin gclár Fís 2020 ar mhaithe leis an Néal a bhunú.

Oideachas

In 2017 sheol an Coimisiún uirlis féinmheasúnaithe chun cabhrú le scoileanna a n-acmhainní digiteacha a mheas. Cabhróidh an uirlis sin leo tacaíocht a fháil chun níos mó úsáide a bhaint as teicneolaíochtaí teagaisc agus foghlama. Faoi mhí na Nollag bhí 650 scoil as 14 thír tar éis páirt a ghlacadh i dtreoirthionscadal na huirlise féinmheasúnaithe SELFIE. In 2018 cuirfear SELFIE ar fáil do scoileanna ar fud an Aontais Eorpaigh.

Ríomhrialtas

I mí na Bealtaine cuireadh togra reachtach i láthair a thabharfaidh rochtain níos éasca do dhaoine agus do ghnólachtaí, trí phointe iontrála digiteach amháin, ar nósanna imeachta riaracháin agus ar sheirbhísí cúnaimh ar líne. Is féidir leis an Tairseach Aonair Dhigiteach cabhrú le gnólachtaí os cionn €11 bhilliún a shábháil gach bliain, agus saoránaigh an Aontais suas le 855 000 uaireanta an chloig a shábháil gach bliain.

Is féidir le saoránaigh agus le gnólachtaí príobháideacha faisnéis a chuardach anois faoi ghnólachtaí atá cláraithe i mBallstáit an Aontais, nó san Iorua, san Íoslainn nó i Lichtinstéin. Tá Córas Idirnasctha na gClár Gnó ina chuid den Tairseach Eorpach don r-Cheartas, an suíomh gréasáin ilfhreastail do shaoránaigh, do ghnólachtaí agus do dhlíodóirí ar fud na hEorpa, agus is comhiarracht atá ann idir rialtais na mBallstát agus an Coimisiún. Tugann an córas sin rochtain don phobal ar fhaisnéis faoi ghnólachtaí sna stáit rannpháirteacha agus fágann sé gur féidir le cláir ghnó uile na hEorpa cumarsáid a dhéanamh le chéile go leictreonach ar shlí shábháilte shlán. Is é an cuspóir atá leis borradh a chur faoin muinín a chuirtear sa Mhargadh Aonair trí leas a bhaint as an trédhearcacht agus as faisnéis atá cothrom le dáta agus ualaí gan ghá a chuirtear ar ghnólachtaí a laghdú. Idir an tráth a seoladh Córas Idirnasctha na gClár Gnó i mí an Mheithimh agus deireadh na bliana, rinneadh cuardach ar os cionn 139 000 gnólacht.

I mí Iúil seoladh an córas um Malartú Leictreonach Faisnéise Slándála Sóisialta. Nascann an t-ardán nua TF sin le chéile thart ar 15 000 institiúid slándála sóisialta i mBallstáit an Aontais, san Eilvéis, san Iorua, san Íoslainn agus i Lichtinstéin, agus, dá bharr sin, is éasca cosc a chur ar earráidí agus ar chalaois. Bainfidh na hinstitiúidí náisiúnta slándála sóisialta leas as doiciméid leictreonacha chaighdeánacha ina dteanga féin, rud a chinnteoidh go mbeidh na sonraí a mhalartóidh siad ceart agus iomlán. Rachaidh an uirlis nua chun tairbhe, freisin, do shaoránaigh a chónaigh agus a d’oibrigh i níos mó ná ceann amháin de na tíortha rannpháirteacha, arae beidh sé níos fusa agus níos tapa acu a sochair slándála sóisialta a ríomh.

I mí Dheireadh Fómhair tháinig na Ballstáit ar chomhaontú maidir le cur chuige coiteann a úsáid lena gcuid seirbhísí poiblí a chur ar fáil ar líne, beag beann ar theorainneacha náisiúnta agus ar réimsí beartais. Cabhróidh sé sin an rómhaorlathas a laghdú do dhaoine agus do ghnólachtaí, mar shampla chun deimhnithe a iarraidh, clárú do sheirbhísí agus dearbhuithe cánach a chur isteach.

An nascacht agus an fhiontraíocht dhigiteach a mhaoiniú

Is cabhair mhór iad Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa, agus beartas comhtháthaithe an Aontais Eorpaigh, ó thaobh cuspóirí an Mhargaidh Aonair Dhigitigh a bhaint amach. De bharr straitéisí saincheaptha na mBallstát agus na réigiún i dtaobh borradh digiteach, tá os cionn €20 billiún ó Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa ag tacú le gnólachtaí digiteacha nuathionscanta a chothú. Fágann sin go bhfuil ag éirí le fiontair bheaga agus mheánmhéide buntáistí móra a bhaint as an digitiú, rud a chabhraíonn leis na húdaráis phoiblí obair níos éifeachtúla a dhéanamh agus seirbhísí níos tapa agus níos fearr a chur ar fáil do shaoránaigh agus do ghnólachtaí agus seirbhís leathanbhanda ar phraghas réasúnta a chur ar fáil do cheantair nach bhfuil freastal ceart á dhéanamh orthu. Seoladh líonra d’Oifigí Inniúlachta Leathanbhanda i mí na Samhna 2017 chun fairsingiú an leathanbhanda tapa a éascú agus chun cabhrú an bhearna dhigiteach idir ceantair uirbeacha agus ceantair thuaithe a dhúnadh. Tá na hoifigí sin ar fáil ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil agus cuireann siad eolas agus tacaíocht ar fáil don phobal i dtaobh leathadh an leathanbhanda. Lean an obair ar aghaidh i rith na bliana ar leathanbhanda a chur ar fáil faoi 2020 do 18 milliún duine a bhfuil cónaí orthu faoin tuath.

An Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin Andrus Ansip ag glacadh páirt in Mobile World Congress GSMA 2017 in Barcelona, an Spáinn, an 27 Feabhra 2017.

An Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin Andrus Ansip ag glacadh páirt in Mobile World Congress GSMA 2017 in Barcelona, an Spáinn, an 27 Feabhra 2017.

An tsláinte dhigiteach agus an cúram sláinte digiteach

I mí an Mhárta seoladh na chéad 24 Líonra Tagartha Eorpacha le haghaidh galair neamhchoitianta agus aimpléiseacha, líonraí ina bhfuil os cionn 900 ard-sainionad cúraim sláinte as breis agus 300 ospidéal i 25 Bhallstát den Aontas, agus san Iorua. Tá na líonraí sin in ann dul i ngleic le fadhbanna sláinte neamhchoitianta nó aimpléiseacha a mbíonn cóireáil an-sonrach ag teastáil dóibh mar aon le méid áirithe eolais agus acmhainní. Pléifear le cineálacha éagsúla saincheisteanna sláinte, neamhoird cnámh, cuir i gcás, nó ailse i bpáistí agus easpa imdhíonachta.

Tionchar an digitithe ar an earnáil airgeadais a thuiscint

Tá an earnáil airgeadais á athrú ó bhonn ag an teicneolaíocht. Is í an earnáil airgeadais is mó a bhaineann úsáid as táirgí agus seirbhísí teicneolaíochta faisnéise agus, ar an ábhar sin, bainfidh sí tairbhe as na glúine nua de theicneolaíochtaí próiseála, stórála, móibíleacha agus fíordheimhnithe, mar aon le líonraí sóisialta, intleacht shaorga agus córais dháilte. Tá múnlaí nua gnó ag teacht chun cinn a d’fhéadfadh an Margadh Aonair Eorpach le haghaidh seirbhísí airgeadais a fhíorú; margadh a fhágann nach gcuireann achar fada ná difríochtaí teanga isteach a thuilleadh ar an ngaol idir an custaiméir agus an soláthraí. Tagann de sin ceisteanna tábhachtacha beartais agus rialála i mbeartas an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais agus díríodh ar na ceisteanna sin i gcomhairliúchán poiblí fairsing chun a fháil amach an gá bearta i dtaobh na gceisteanna sin ar leibhéal an Aontais.

Teicneolaíochtaí digiteacha ar na bóithre

Le linn an Lae Dhigitigh a reáchtáladh sa Róimh an 23 Márta, shínigh 29 dtír (Ballstáit den Aontas agus tíortha an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch) litir intinne chun creat dlíthiúil a bhunú le haghaidh tástálacha uath-thiomána nasctha trasteorann a bheidh bunaithe ar rialacha comhchuibhithe maidir le rochtain ar shonraí, le dliteanas agus le nascthacht. Chomhaontaigh na tíortha sin dlús a chur leis an gcomhar maidir leis an uathiompar de bhóthar a thástáil i suíomhanna trasteorann, agus tá siad anois ag obair le hearnáil na tionsclaíochta chun an comhaontú sin a chur i ngníomh. Tá an Coimisiún ag cabhrú conairí iompair idirnasctha trasteorann a chruthú.

An Coimisinéir Violeta Bulc ag cur fáilte roimh Tom Enders, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Airbus SE, an Bhruiséil, an 18 Deireadh Fómhair 2017.

An Coimisinéir Violeta Bulc ag cur fáilte roimh Tom Enders, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Airbus SE, an Bhruiséil, an 18 Deireadh Fómhair 2017.

Cuireadh tograí i láthair i mí na Bealtaine maidir leis an tsoghluaisteacht agus an t-iompar san Aontas Eorpach a nuachóiriú. Is é atá i gceist leis an bhfeachtas An Eoraip ag Gluaiseacht réimse leathan tionscnamh a chuirfidh leis an tsábháilteacht ar na bóithre; táillí níos cothroime as úsáid bóithre a chur chun cinn; astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin, an truailliú aeir agus brú tráchta ar na bóithre a laghdú; an rómhaorlathas a laghdú do ghnólachtaí; cleachtais fostaíochta mhídhleathacha a chomhrac; agus dálaí oibre agus tréimhsí sosa cuí a chinntiú d’oibrithe. Tá an Coimisiún ag cur réitigh soghluaisteachta rianúla chun cinn le go mbeidh sé níos éasca taisteal tríd an Aontas Eorpach. Sampla amháin den chur chuige sin is ea an togra arb é is aidhm dó a chinntiú go mbeidh na córais dolaí ag feidhmiú ar aon iúl le chéile le go mbeidh daoine in ann tiomáint ar fud an Aontais Eorpaigh gan é a bheith d’fhiacha orthu déileáil le foirmiúlachtaí éagsúla riaracháin i ngach córas dolaí. Fágfaidh sonraíochtaí coiteanna maidir le sonraí iompair phoiblí go mbeidh sé níos éasca ag paisinéirí a dturais a phleanáil agus an bealach is fearr go ceann scríbe a aimsiú, fiú agus agus iad ag dul ó thír go chéile.

Teicneolaíocht dróin

I mí an Mheithimh nochtadh treoirphlean maidir le húsáid drón in íochtair an aerspáis a dhéanamh níos sábháilte, níos sláine agus níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol. Airdí go dtí 150 méadar a chlúdóidh an córas bainistíochta drón “U-Spás” (spásanna uirbeacha) i dtosach agus réiteoidh an córas sin an bealach do mhargadh dinimiciúil láidir seirbhísí dróin san Aontas Eorpach. Tá an chosúlacht air go mbeidh córas i bhfeidhm faoi 2019 chun dróin agus oibreoirí drón, agus a n-aitheantas leictreonach, a chlárú, agus chun teorainneacha fíorúla timpeall ar shuíomhanna áirithe a leagan amach (geofhálú).

Seiceálacha slándála níos déine ar íocaíochtaí leictreonacha

Ar cheann de na príomhchuspóirí a bhí le beartas digiteach an Aontais Eorpaigh le linn 2017 bhí íocaíochtaí leictreonacha a dhéanamh níos sláine. Chuige sin, thug an Coimisiún isteach ceanglais éagsúla slándála i mí na Samhna, ceanglais nach mór do sholáthraithe seirbhísí íocaíochta a chomhlíonadh, pé acu bainc nó seirbhísí íocaíochta eile iad, agus íocaíochtaí á bpróiseáil acu nó seirbhísí eile a bhaineann le híocaíochtaí á gcur ar fáil acu.

CAIBIDIL 3

Aontas fuinnimh buanseasmhach maille le beartas réamhbhreathnaitheach don athrú aeráide

“Teastaíonn uaim beartas fuinnimh na hEorpa a athchóiriú agus a atheagrú ina Aontas Fuinnimh Eorpach nua... Is gá dúinn an sciar den fhuinneamh in-athnuaite ar mhór-roinn na hEorpa a mhéadú. Ní hamháin gur den chiall beartas freagrach i leith an athraithe aeráide a bheith againn ach is riachtanas freisin é chomh fada lenár mbeartas tionsclaíoch de.”

Jean-Claude Juncker, Treoirlínte Polaitiúla, 15 Iúil 2014

© iStockphoto.com/william87

© iStockphoto.com/william87

Ní féidir dul i ngleic leis an athrú aeráide gan aghaidh a thabhairt ar an gcaoi a dtáirgimid an fuinneamh agus a n­­-úsáidimid é. Is gá ár gcórais fuinnimh a athrú ó bhonn chun go mbeidh an tAontas ina shochaí ísealcharbóin. Seoladh straitéis an Aontais Fuinnimh 2 bhliain ó shin agus tá comharthaí soiléire ann anois go bhfuil nuachóiriú gheilleagar an Aontais agus an t-aistriú go ré ísealcharbóin ar bun mar is ceart.

Lean an tAontas agus na Ballstáit den dul chun cinn ar fónamh ó thaobh cuspóirí an Aontais fuinnimh a bhaint amach, go háirithe spriocanna fuinnimh agus aeráide 2020 i leith astaíochtaí gás ceaptha teasa, éifeachtúlacht fuinnimh agus foinsí in-athnuaite. Le fuinneamh glan is féidir 900 000 post nua a chruthú agus infheistíocht €177 mbilliún a chur ar fáil gach bliain ó 2021 amach. Is comhartha é an comhaontú polaitiúil ar fheidhmíocht foirgneamh ó thaobh fuinnimh de go bhfuil clabhsúr á chur leis na chéad ocht dtogra reachtacha sa phacáiste Fuinneamh Glan do Mhuintir na hEorpa a seoladh in 2016.

Le linn 2017 lean an tAontas de bheith ar thús cadhnaíochta ó thaobh an chomhraic i gcoinne an athraithe aeráide de. Spreag sé pobal an domhain chun gnímh chun nach dtiocfadh moilliú ar Chomhaontú Pháras a bhfuil sé mar aidhm leis an domhan a chur ar bhealach a leasa chun nach dtiocfaidh athrú contúirteach ar an aeráid.

Rinneadh dul chun cinn mór ó thaobh tograí reachtacha chun gealltanais aeráide an Aontais a chur i bhfeidhm i leith laghdú 40 % ar a laghad a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2030.

I mí na Nollag tugadh dhá chomhaontú pholaitiúla i gcrích, comhaontú i leith Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill — chun astaíochtaí as iompar, foirgnimh, dramhaíl agus talmhaíocht a laghdú — agus rialacha nua i leith cuntas a choinneáil ar astaíochtaí a thagann as úsáid na talún, as athruithe ar úsáid na talún agus as an bhforaoiseacht. Ó tugadh na comhaontuithe sin i gcrích, agus ó rinneadh athbhreithniú ar Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais, is féidir a rá go bhfuil creat dlíthiúil bheartas aeráide 2030 an Aontais ann anois.

Lena chois sin, leag an Coimisiún Eorpach amach a chlár oibre le haghaidh an aistrithe chuig iompar agus soghluaisteacht ghlan iomaíoch nasctha, aistriú a bheidh cothrom ón taobh sóisialta de.

I dtreo Aontas Fuinnimh nua-aimseartha ardaidhmeannach

Tá aistriú an Aontais chuig sochaí ísealcharbóin le sonrú anois ag an ngnáthshaoránach. De bharr dul chun cinn a rinneadh in 2017, tá an tAontas réidh leis an Aontas Fuinnimh a chur i bhfeidhm agus poist, agus infheistíocht a chur ar fáil agus an fás a chothú. Dhá bhliain tar éis sheoladh na straitéise, chuir an Coimisiún na tograí reachtacha uile is gá i láthair chun éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú, tacú le ceannaireacht dhomhanda an Aontais i dtaca le bearta aeráide agus fuinneamh in-athnuaite agus margadh cothrom a chur ar fáil d’úsáideoirí fuinnimh.

Is léir ar an Tríú Tuarascáil maidir le Staid an Aontais Fuinnimh, a foilsíodh i mí na Samhna 2017, go bhfuil an obair is gá chun a spriocanna aeráide agus fuinnimh a bhaint amach déanta ag an Aontas. Tá an tomhaltas deiridh fuinnimh faoi bhun sprioc 2020 cheana féin. Lena chois sin, tá astaíochtaí gás ceaptha teasa 23 % níos ísle ná mar a bhí in 1990, cé gur tháinig méadú 53 % ar gheilleagar an Aontais ó shin. Is léir ar an treocht sin go bhfuil an tAontas ag cruthú i gcónaí go bhfuil laghdú astaíochtaí ag teacht go huile agus go hiomlán leis an bhfás eacnamaíoch. Tá breis agus 16 % dá chuid fuinnimh ag teacht as foinsí in-athnuaite. Is ionann sin agus a rá go bhfuil an tAontas an-ghar dá sprioc 20 % a bhaint amach faoi 2020. Faoi mhí an Mhárta 2017 bhí a spriocanna náisiúnta do 2020 bainte amach ag 11 Bhallstát ar an iomlán.

Rinneadh dul chun cinn mór in 2017 i leith an phacáiste Fuinneamh Glan do Mhuintir na hEorpa, a cuireadh i láthair i mí na Samhna 2016, agus tugadh comhaontú sealadach i gcrích maidir leis na comhaid a bhaineann le feidhmíocht foirgneamh ó thaobh fuinnimh de. Ós rud é gur éirigh le Comhairle an Aontais Eorpaigh cur chuige ginearálta a aontú i leith seacht gcinn de na hocht gcomhad faoi mhí na Nollag, agus go bhfuil coinne le seasaimh Pharlaimint na hEorpa ar na hocht gcomhad sin i dtús 2018, tá comhaontú polaitiúil maidir leis na ceisteanna eile ar aghaidh boise anois. Is leithne an rogha soláthair fuinnimh a bheidh ag tomhaltóirí ar fud an Aontais, is fearr an rochtain a bheidh acu ar uirlisí praghas-chomparáide agus beidh an deis acu a gcuid leictreachais féin a tháirgeadh agus a dhíol.

Cuidiú le hoileánaigh san Aontas Eorpach athrú go fuinneamh glan.

Tá sé d’aidhm ag an tionscnamh Fuinneamh Glan d’Oileáin an Aontais, a seoladh i mí na Bealtaine, cuidiú le hoileáin an Aontais a spleáchas ar iompórtálacha fuinnimh a laghdú trí úsáid níos fearr a bhaint as acmhainní fuinnimh in-athnuaite féin agus glacadh le córais fuinnimh níos nuálaí agus níos nua-aimseartha. Dá réir sin, ní hamháin go laghdófar a gcostais fuinnimh, ach tiocfaidh feabhas ar cháilíocht an aeir agus laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa.

Níor cheart aon réigiúin a fhágáil ar gcúl agus sinn ag aistriú ó gheilleagar atá bunaithe ar bhreosla iontaise. Seoladh ardán nua i mí na Nollag chun cuidiú a thabhairt tionscadail agus straitéisí fadtéarmacha a fhorbairt i réigiúin an ghuail. Tá sé d’aidhm aige tús a chur leis an bpróiseas aistrithe agus freagairt do na dúshláin chomhshaoil agus shóisialta.

Éifeachtúlacht fuinnimh

Síníodh comhaontú i mí an Mhárta i leith rialacha maidir le lipéid éifeachtúlachta fuinnimh, inar athraíodh catagóirí faisnéise táirgí chun an dul chun cinn a rinneadh le blianta beaga anuas a chur san áireamh. Idir an comhaontú sin agus an éicidhearthóireacht, is féidir go gcaithfidh teaghlaigh €500 níos lú in aghaidh na bliana.

In 2017 tugadh comhaontú polaitiúil i gcrích maidir le rialacha nua chun feidhmíocht foirgneamh ó thaobh fuinnimh de a fheabhsú, agus rinneadh athbhreithniú ar na treoracha maidir leis an gcaoi le conarthaí feidhmíochta fuinnimh a thaifeadadh i gcuntais náisiúnta. Dá bharr sin, beidh sé níos fusa do scoileanna, ospidéil agus foirgnimh phoiblí, ar níos mó ná 10 % iad de stoc foirgneamh iomlán an Aontais, infheistíocht a dhéanamh san éifeachtúlachta fuinnimh.

Sheol an Banc Eorpach Infheistíochta an tionscadal Cúnamh Áitiúil Fuinnimh na hEorpa i mí na Bealtaine. Cuideoidh an tionscadal sin le húdaráis réigiúnacha tionscadail nua éifeachtúlachta fuinnimh agus fuinnimh in-athnuaite a ullmhú.

Werner Hoyer, Uachtarán an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta agus Uli Paetzel, Cathaoirleach Bhord Feidhmiúcháin Emschergenossenschaft, ag síniú an chonartha le haghaidh iasacht €450 milliún ón mbanc le haghaidh athchóiriú mórscála ar abhainnchóras Emscher, Oberhausen, an Ghearmáin, an 13 Iúil 2017. © European Investment Bank

Werner Hoyer, Uachtarán an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta agus Uli Paetzel, Cathaoirleach Bhord Feidhmiúcháin Emschergenossenschaft, ag síniú an chonartha le haghaidh iasacht €450 milliún ón mbanc le haghaidh athchóiriú mórscála ar abhainnchóras Emscher, Oberhausen, an Ghearmáin, an 13 Iúil 2017.

Shínigh na Ballstáit uile Dearbhú Thaillinn maidir le Fuinneamh Leictreonach i mí Mheán Fómhair. Tá sé d’aidhm leis comhar a chothú idir na Ballstáit agus an earnáil phríobháideach chun straitéis leathan a fhorbairt le haghaidh dhigitiú an fhuinnimh.

D’fhoilsigh an tAontas tuarascáil i mí na Samhna ina raibh measúnú ar an dul chun cinn a rinne na Ballstáit i dtreo na spriocanna náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh do 2020. Ceann de na conclúidí is mó atá ann go bhfuil ag éirí leis an Aontas go dtí seo coinneáil leis an dul chun cinn a theastaíonn chun sprioc 2020 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a bhaint amach, cé gur tháinig méadú ar thomhaltas fuinnimh in 2015. Cuid den chúis leis an méadú sin go raibh an geimhreadh ní b’fhuaire agus na praghsanna ní b’ísle ná mar is gnách.

Slándáil fuinnimh, dlúthpháirtíocht agus iontaoibh

Cuid de dhúshraith an Aontais Fuinnimh soláthairtí fuinnimh a chinntiú do thomhaltóirí an Aontais. Tháinig rialacha nua i bhfeidhm an 1 Samhain, díreach roimh shéasúr téimh an gheimhridh, chun an comhordú idir na Ballstáit a fheabhsú agus chun gur féidir dul i ngleic níos tapa agus níos éifeachtúla le haon ghéarchéim soláthair gáis a bheidh ann. Tá dualgas ar na Ballstáit cuidiú le chéile i gcás géarchéim thromchúiseach sa chaoi nach bhfágfar teaghlaigh gan teas.

Mar chuid d’iarracht níos iomláine margaí éagsúlaithe slána gáis a fhorbairt sna stáit Bhaltacha, d’oscail an Laitvia a mhargadh gáis don iomaíocht i mí Aibreáin, rud a fhágann nach gá do thomhaltóirí a bheith ag brath ar aon soláthraí amháin a thuilleadh.

Ba chéim mhór chun cinn don réigiún iomlán é an ceathrú cruinniú ardleibhéil aireachta de chuid Thionscnamh an Choimisiúin maidir le Nascacht Fuinnimh i Lár agus in Oirdheisceart na hEorpa. Shínigh na hairí meabhrán tuisceana ina raibh cur chuige comhpháirteach i leith margaí leictreachais, éifeachtúlacht leictreachais agus forbairt in-athnuaite. Baineadh comhaontú amach faoi conas teacht ar réiteach, faoi dheireadh mhí na Bealtaine 2018 ar a dhéanaí, maidir leis an gcaoi is fearr chun eangach leictreachais na stát Baltach a shioncrónú leis an gcóras ar mhór-roinn na hEorpa.

Tá an tsábháilteacht núicléach ina príomhthosaíocht ag an Aontas go fóill. I mí na Bealtaine 2017 d’fhoilsigh an tAontas an chéad tuarascáil maidir le bainistiú sábháilte freagrach na dramhaíle radaighníomhaí agus an bhreosla spíonta san Aontas Eorpach. Tá léargas soiléir sa tuarascáil ar an gcaoi a bhfuil an scéal faoi láthair; tugtar le fios gur ardaíodh na caighdeáin san Aontas agus leagtar béim ar réimsí tábhachtacha ar gá tuilleadh feabhais a chur orthu agus aird níos mó a thabhairt orthu. Ar na forbairtí a bhí ann ar an leibhéal idirnáisiúnta le linn na bliana tá an Seimineár Ardleibhéil idir an tAontas agus an Iaráin maidir le Comhar Núicléach Idirnáisiúnta a bhí ar siúl an 28 Feabhra agus an 1 Márta sa Bhruiséil.

Margadh inmheánach fuinnimh atá lán-chomhtháite

Táimid ag leanúint de na hiarrachtaí margadh aonair a thógáil inar féidir foinsí fuinnimh ghlain a ghluaiseacht go slán agus gan bhac. Sa Tríú Tuarascáil maidir le Staid an Aontais Fuinnimh, deimhníodh nach féidir aistriú fuinnimh a dhéanamh gan an t-infreastruchtúr a chur in oiriúint do riachtanais an chórais fuinnimh atá le bheith ann. Tá cuid mhór déanta, ach tá scrogaill infreastruchtúir ann go fóill, i réimse an leictreachais go háirithe. Chun dul i ngleic leis sin, ghlac an Coimisiún Teachtaireacht i mí na Samhna maidir le sprioc idirnascachta 15 % do 2030. Lena chois sin, d’fhoilsigh sé an tríú liosta de thionscnaimh leasa choitinn ina bhfuil 173 thionscadal a bhfuil tábhacht leo ar leibhéal an Aontais. Den chéad uair riamh tá ceithre thionscadal trasteorann le haghaidh líonraí dé-ocsaíde carbóin sa liosta sin.

Chun tacú le cur i bhfeidhm na dtionscadal, rinne an tAontas infheistíocht €1.7 billiún i 96 thionscadal infreastruchtúir leictreachais, gáis agus eangaí cliste faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa atá ag cur €5.35 billiún ar fáil le haghaidh tionscadail fuinnimh ó 2014 go 2020. I mí Aibreáin chuir an tAontas maoiniú €800 milliún ar fáil tríd an tSaoráid sin le haghaidh tionscadail i réimsí an infreastruchtúir leictreachais, gáis agus eangaí cliste.

Lean an tAontas de bheith ag obair ar eangacha leictreachais agus píblíntí gáis a nascadh idir na Ballstáit. Cuid den obair sin Conair Gáis an Tuaiscirt atá ina nasc idir an Iorua agus an Pholainn tríd an Danmhairg; an tIdirnascaire Ceilteach chun córais leictreachais na Fraince agus na hÉireann a nascadh le chéile; agus cealú na mbacainní roimh shaorghluaiseacht gáis i Lár agus in Oirdheisceart na hEorpa. Ar a bharr sin, infheisteoidh an tAontas €101.4 milliún i dtógáil an chríochfoirt le haghaidh gás nádúrtha leachtaithe in Krk na Cróite.

In 2017 rinne an tAontas obair ar bhonn fhiosrúchán na hearnála státchabhrach ar mheicníochtaí acmhainne náisiúnta. Rinne sé scrúdú go háirithe ar an gceist an gcinntítear leis na meicníochtaí sin gur leor an soláthar leictreachais a bhíonn ann nach ndéantar saobhadh ar iomaíocht ná ar thrádáil sa mhargadh aonair. Tá meicníochtaí acmhainne tugtha isteach ag roinnt Ballstát chun a ráthú gur leor an soláthar i rith an ama. Tá an tAontas ag obair faoi láthair leis na Ballstáit chun a chinntiú go mbeidh na bearta atá ann cheana agus na bearta atá le déanamh i gcomhréir leis na rialacha státchabhrach.

Ar na forbairtí idirnáisiúnta a bhí ann tá an moladh atá ag an gCoimisiún maidir le téarmaí sainordaithe chun idirbheartaíocht a dhéanamh leis an Rúis i dtaobh phrionsabail oibriúcháin thionscadal Nord Stream 2, tionscadal lena nascfar soláthar gáis na Rúise le margadh an Aontais.

Chun gur fearr feidhmíocht mhargadh fuinnimh inmheánach an Aontais agus an dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit, mhol an Coimisiún i mí na Samhna rialacha comhchoiteanna maidir le píblínte gáis a theacht isteach sa mhargadh gáis inmheánach.

An geilleagar a dhícharbónú

Coinneáil orainn bearta a dhéanamh i leith na haeráide domhanda

I rith na bliana lean an tAontas de bheith ag cur dlús le bearta idirnáisiúnta i leith an athraithe aeráide. I mí an Mheithimh d’fhógair na Stáit Aontaithe go raibh sé de rún acu tarraingt siar as an gcomhaontú maidir leis an aeráid, comhaontú ar chéim mhór chun tosaigh é, a tugadh i gcrích i bPáras na Fraince in 2015. Mar gheall air sin, d’athdhearbhaigh an tAontas agus comhpháirtithe idirnáisiúnta go raibh rún daingean acu Comhaontú Pháras a chur i bhfeidhm ina iomláine, comhaontú a bhfuil sé d’aidhm leis an ardú ar mheánteochtaí domhanda a theorannú i bhfad faoi bhun 2 °C i gcomparáid le leibhéil réamhthionsclaíochta.

Maille le 79 dtír san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin, d’iarr an tAontas ar an bpobal domhanda gan moilliú a dhéanamh i dtaobh bearta ardaidhmeannacha i leith an athraithe aeráide. I gcruinniú aireachta i mí Mheán Fómhair in Montréal Cheanada, a d’óstáil an tAontas Eorpach, Ceanada agus an tSín le chéile, tháinig tíortha as gach cearn den domhan le chéile chun dlús a chur leis an aistriú chuig geilleagar domhanda ísealcharbóin.

Lean an tAontas de bheith i mbun caibidlíocht idirnáisiúnta chun na nósanna imeachta agus na treoirlínte idirnáisiúnta is gá chun comhaontú Pháras a chur i bhfeidhm a fhorbairt, go háirithe ag Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide in Bonn i mí na Samhna.

Xie Zhenhua, Toscaire Speisialta na Síne, Catherine McKenna, Aire Comhshaoil agus Athraithe Aeráide Cheanada, agus an Coimisinéir Miguel Arias Cañete ag dul i bpáirt le chéile chun an gníomhú domhanda ar son na haeráide a neartú i bPáras, an Fhrainc, an 21 Samhain 2017.

Xie Zhenhua, Toscaire Speisialta na Síne, Catherine McKenna, Aire Comhshaoil agus Athraithe Aeráide Cheanada, agus an Coimisinéir Miguel Arias Cañete ag dul i bpáirt le chéile chun an gníomhú domhanda ar son na haeráide a neartú i bPáras, an Fhrainc, an 21 Samhain 2017.

Ag an gcruinniú mullaigh One Planet a tionóladh i bPáras i mí na Nollag agus a raibh Uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron ina óstach air, chuir an Coimisiún i láthair a Phlean nua Gníomhaíochta don Phláinéad, plean ina bhfuil 10 dtionscnamh le haghaidh athrú ó bhonn ar mhaithe le geilleagar nua-aimseartha agus sochaí chothrom.

Mar shampla, d’fhógair an Coimisiún infheistíochtaí i dtrí réimse spriocdhírithe mar chuid den Phlean Infheistíochta Seachtraí Eorpach, lena bhfuil sé beartaithe €44 bhilliún ar a laghad a chur ar fáil don infheistíocht inbhuanaithe san Afraic agus i dtíortha comharsanacha an Aontais Eorpaigh faoi 2020. Meastar go nginfidh an caiteachas sin suas le €9 mbilliún d’ infheistíochta faoi 2020.

Tá an tAontas tiomanta i gcónaí don sprioc choiteann dhomhanda $100 billiún in aghaidh na bliana a chur ar fáil, as foinsí éagsúla, faoi 2020 agus ar aghaidh go dtí 2025 chun bearta aeráide i dtíortha i mbéal forbartha a mhaoiniú. Leanfaidh sé de bheith ag cur go mór leis an maoiniú do bhearta a chabhróidh dul in oiriúint d’éifeachtaí an athraithe aeráide. In 2016 chuir an tAontas agus na Ballstáit €20.2 billiún san iomlán leis an maoiniú a chuirtear ar fáil don athrú aeráide, sin ardú níos mó ná 15 % ó bhí 2015 ann.

CAD A SHÍLEANN SAORÁNAIGH AN AONTAIS DEN ATHRÚ AERÁIDE AGUS DE NA FUINNIMH GHLANA?

Grafaic faisnéise: Léirigh suirbhé a rinne an tAontas in 2017 go síleann 92 % de mhuintir an Aontais gur fadhb an-mhór an t-athrú aeráide agus go síleann beagnach 80 % de mhuintir an Aontais go dtiocfaidh sochar eacnamaíoch as an gcomhrac i gcoinne an athraithe aeráide agus as fuinneamh a úsáid ar dhóigh níos éifeachtúla.

Gealltanais an Aontais i gComhaontú Pháras a chomhlíonadh

Tá an tAontas ar thús cadhnaíochta an iarracht idirnáisiúnta ar úsáid hidreafluaracarbóin a laghdú céim ar chéim. Is gáis chontúirteacha ceaptha teasa iad sin a úsáidtear i dtrealamh téimh agus i dtrealamh fuaraithe. Nuair a thiontófar thart an fás sciobtha atá faoi astaíochtaí hidreafluaracarbóin, astaíochtaí atá na mílte uair níos cumhachtaí ná dé-ocsaíd charbóin, beidh céim mhór chun tosaigh déanta i dtreo an sprioc theochta atá leagtha amach i gComhaontú Pháras a bhaint amach. I mí Dheireadh Fómhair 2016 in Kigali Ruanda, chomhaontaigh 200 tír srian a chur, diaidh ar ndiaidh, le táirgeadh agus úsáid na ngás sin ina gcríoch féin. I mí na Samhna 2017 chuir na Ballstáit tús le próiseas theacht i bhfeidhm an chomhaontaithe, agus tiocfaidh sé i bhfeidhm i mí Eanáir 2019. Bronnadh duais ar an Aontas ar son ceannaireacht pholaitiúil a ghlacadh mar gheall ar an ról a bhí aige i nglacadh an chomhaontaithe sin.

Laistigh den Aontas comhaontaíodh na príomhthograí reachtacha uile is gá chun gealltanas an Aontais a chomhlíonadh faoin gcomhaontú laghdú 40 % ar a laghad a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2030. Ar na tograí reachtacha sin tá athbhreithniú a dhéanamh ar Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais, earnáil na húsáide talún a chomhtháthú i reachtaíocht aeráide an Aontais agus dul i ngleic le hastaíochtaí ó earnáil na heitlíochta.

An Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin Maroš Šefčovič ag glacadh páirt i seisiún Facebook Live le linn an chruinnithe mullaigh One Planet i bPáras, an Fhrainc, an 11 Nollaig 2017.

An Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin Maroš Šefčovič ag glacadh páirt i seisiún Facebook Live le linn an chruinnithe mullaigh One Planet i bPáras, an Fhrainc, an 11 Nollaig 2017.

I mí na Samhna thug an Pharlaimint agus an Chomhairle comhaontú sealadach i gcrích go ndéanfar athbhreithniú ar Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais don tréimhse i ndiaidh 2020. Tá an t-athbhreithniú sin ar an bpríomhuirlis atá ag an Aontas chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú go costéifeachtach agus cuirfidh sé ar chumas an Aontais cuid mhór dá ghealltanas a chomhlíonadh i leith laghdú 40 % ar a laghad a dhéanamh ar astaíochtaí faoi 2030.

Leis an athbhreithniú sin: déanfar athruithe móra ar an gcóras chun dlús a chur le ciorruithe ar astaíochtaí agus chun an rósholáthar lamháltas astaíochtaí ar an margadh carbóin atá ann faoi láthair a laghdú; cuirfear bearta breise ar fáil chun cosaint bhreise, más gá, a thabhairt don tionsclaíocht san Aontas ar an mbaol go sceithfear carbón; agus roinnt meicníochtaí tacaíochta a chuideoidh leis na hearnálacha tionsclaíochta agus cumhachta dúshláin nuálaíochta agus infheistíochta an aistrithe chuig geilleagar ísealcharbóin a shárú.

Lena chois sin, ghlac an tAontas bearta chun sláine chomhshaoil an Chórais Trádála Astaíochtaí a chosaint nuair a thiocfaidh deireadh le feidhm dhlí an Aontais sa Ríocht Aontaithe toisc gur tharraing sí siar as an Aontas.

Thug an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta comhaontú i gcrích maidir le beart domhanda margadhbhunaithe atá dírithe ar astaíochtaí ó earnáil na heitlíochta idirnáisiúnta a chobhsú ag leibhéil 2020 trí fhritháireamh a dhéanamh. Ina dhiaidh sin, leasaigh an tAontas a Chóras Trádála Astaíochtaí chun go mbeadh raon geografach an Chórais sin teoranta, go fóill, d’eitiltí laistigh den Eoraip. Fágann sin go leanfaidh earnáil na heitlíochta de bheith ag cur le spriocanna aeráide an Aontais agus le cur i bhfeidhm réidh an bhirt dhomhanda mhargadhbhunaithe.

Trí Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais a nascadh le córais eile den chineál céanna, táthar ag méadú an mhargaidh chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, rud a chiorraíonn costas an chomhraic i gcoinne an athraithe aeráide. Shínigh an tAontas agus an Eilvéis comhaontú i mí na Samhna chun a gcórais a nascadh le chéile. Sin an chéad chomhaontú den chineál sin a rinne an tAontas nó a rinne dhá pháirtí i gComhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide. Ar a bharr sin, tá an tAontas agus an tSín ag cur leis an méid a bhíonn siad ag obair i gcomhar le chéile i leith margaí carbóin, sin roimh sheoladh chóras trádála astaíochtaí na Síne féin.

Baineadh comhaontú polaitiúil amach i mí na Nollag maidir leis an Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill, Rialachán lena laghdaítear na hastaíochtaí as iompar, foirgnimh, dramhaíl agus talmhaíocht i gcomhréir le sprioc aeráide an Aontais do 2030. Ar a bharr sin, bain comhaontú amach i leith rialacha nua maidir le cuntas a choinneáil ar astaíochtaí a thagann as úsáid na talún, as athruithe ar úsáid na talún agus as an bhforaoiseacht. Leis na rialacha sin méadófar ról na talún agus na bhforaoisí mar shlogaidí carbóin agus dreasófar a n-úsáid tháirgiúil agus inbhuanaithe, rud a fheabhsóidh a thuilleadh an geilleagar bithbhunaithe agus an talmhaíocht atá cliste ó thaobh na haeráide de.

I dtreo soghluaisteacht ghlan iomaíoch nasctha

Pacáiste na soghluaisteachta glaine: an t-iompar glan á chur chun cinn chun an t-athrú aeráide a chosc.

In 2017 sheol an Coimisiún tacar tograí reachtacha chun an tsoghluaiseacht agus an t-iompar san Aontas a nua-aoisiú. Bhí na tograí sin dírithe ar chuidiú leis an earnáil an t-aistriú a dhéanamh chuig fuinneamh glan, digitiú a dhéanamh agus a chinntiú, san am céanna, go mbeidh sí iomaíoch agus cuimsitheach ó thaobh na sochaí de go fóill.

Cuireadh i láthair an pacáiste “An Eoraip ag Gluaiseacht” i mí na Bealtaine. Ar na príomhaidhmeanna atá leis an bpacáiste sin tá an trácht ar bhóithre a dhéanamh níos sábháilte agus astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin, an truailliú aeir agus an brú tráchta a laghdú.

Tháinig pacáiste beart eile amach i mí na Samhna chun an nuálaíocht i dteicneolaíochtaí nua agus i samhlacha gnó a spreagadh agus úsáid níos éifeachtúla na modhanna uile iompair earraí, a chur chun cinn. Ar na bearta sin tá togra reachtach le haghaidh spriocanna nua i leith astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin as gluaisteáin agus veaineanna chun dlús a chur leis an aistriú chuig feithiclí íseal-astaíochtaí agus feithiclí saor ó astaíochtaí. Faoin togra sin ní mór an meán d’astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin sa chabhlach ar an iomlán as gluaisteáin agus veaineanna nua a dhíoltar san Aontas a bheith 30 % níos ísle in 2030 ná mar a bheidh in 2021.

SOGHLUAISTEACHT GHLAN INBHUANAITHE A SPREAGADH

Grafaic faisnéise: An t-iompar de bhóthar is cúis le beagnach 20 % d’astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais, agus is é is mó is cúis le truailliú an aeir sna cathracha freisin. Tá gá práinneach le breoslaí malartacha d’fhonn deireadh a chur le spleáchas earnáil iompair an Aontais ar an ola. I láthair na huaire is ar an ola atá 94 % de sholáthar fuinnimh an Aontais ag brath, ola a ndéantar 84 % di a iompórtáil. €187 billiún in aghaidh na bliana an costas measta atá ar an amhola a iompórtáiltear.

Tá an Coimisiún ag seoladh roinnt tionscnamh arb é is aidhm dóibh soghluaisteacht ghlan nasctha iomaíoch a chur chun cinn. Ós rud é go mbeidh cuid mhór leictrea-shoghluaisteachta ann ar fud an Aontais, tiocfaidh méadú mór ar an éileamh ar cheallraí. Dá bhrí sin tá an Coimisiún ag obair chun Comhghuaillíocht Ceallraí de chuid an Aontais a bhunú lena dtabharfar le chéile Ballstáit agus tionscail atá gníomhach i luachshlabhra na gceallraí, agus seolfar é i mí Feabhra 2019 ag Fóram Tionsclaíoch an Fhuinnimh Ghlain.

An Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin Maroš Šefčovič ag luchtú carr leictreach in éineacht le João Pedro Matos Fernandes, Aire Comhshaoil na Portaingéile, Liospóin, an Phortaingéil, an 17 Iúil 2017.

An Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin Maroš Šefčovič ag luchtú carr leictreach in éineacht le João Pedro Matos Fernandes, Aire Comhshaoil na Portaingéile, Liospóin, an Phortaingéil, an 17 Iúil 2017.

Bearta aeráide a thabhairt isteach i mbeartais éagsúla

Chun tacú le haistriú an Aontais chuig cleachtais nua ísealcharbóin inbhuanaithe, d’fhaomh an Coimisiún pacáiste infheistíochta €222 mhilliún as buiséad an Aontais faoin gclár LIFE le haghaidh bearta comhshaoil agus aeráide. Cuirfear tuilleadh infheistíochta ar fáil ar an gcaoi sin agus, dá bharr sin, tabharfar €379 milliún, ar an iomlán, le haghaidh 139 dtionscadal nua i 20 Ballstát. Cuideoidh na tionscadail leis na Ballstáit aistriú chuig geilleagar níos ciorclaí agus tacóidh siad le cur i bhfeidhm Phlean Gníomhaíochta an Aontais don Nádúr. Cuideoidh an maoiniú sin cur le buanseasmhacht Inbhear Scheldt sa Bheilg (ceann de na huiscebhealaí is gnóthaí san Eoraip), uirlisí a fhorbairt chun stoirmeacha deannaigh ghaineamhlaigh a thuar agus cur i gcoinne éifeacht an oileáin teasa sna cathracha.

CAIBIDIL 4

Margadh inmheánach níos doimhne agus níos cothroime, agus bonn tionsclaíoch níos láidre faoi

“Agus an domhandú ag cruinniú nirt lá i ndiaidh lae, is é ár margadh inmheánach an acmhainn is láidre atá againn san Eoraip. Ar an ábhar sin, teastaíonn uaim go gcuirfeadh an chéad Choimisiún eile breis nirt sa mhargadh inmheánach agus go mbainfidís an leas is mó as, ar gach dóigh is féidir.”

Jean-Claude Juncker, Treoirlínte Polaitiúla, 15 Iúil 2014

© iStockphoto.com/GlobalStock

© iStockphoto.com/GlobalStock

Tá an margadh inmheánach, a dtugtar an Margadh Aonair air freisin, ar cheann de mhór-éachtaí an Aontais Eorpaigh. Tá curtha go mór aige le fás eacnamaíoch Bhallstáit an Aontais agus déanann sé éascaíocht do dhaoine agus do ghnólachtaí sa ghnáthshaol. Tá bacainní roimh dhea-fheidhmiú an mhargaidh seo fós, áfach, agus fágann sin go bhfuil deiseanna fáis agus fostaíochta ann nár tapaíodh go fóill.

Tá an tAontas ag déanamh a dhícheall ar dhá bhealach chun feidhmiú an Mhargaidh Aonair a fheabhsú go praiticiúil: ar an gcéad dul síos, trína chinntiú go gcloítear go cuí leis na rialacha atá ann; ar an dara dul síos, trína dhéanamh níos fusa do ghairmithe in earnálacha áirithe a seirbhísí a chur ar fáil i mBallstáit eile agus trí chosc a chur le cásanna ina mbíonn bac roimh earraí ag teorainneacha. Agus é sin uile mar chuid de chóras ina bhfuil cothrom iomaíochta, ina dtéitear i ngleic leis an gcalaois, agus ina gcoinnítear an cánachas trasteorann simplí.

Le linn 2017 rinneadh bearta chun EURES, an Tairseach Eorpach um Shoghluaisteacht ó Phost go Chéile, a neartú d’fhonn cuidiú le daoine poist a aimsiú agus le gnólachtaí na scileanna atá de dhíth orthu a aimsiú. Ós rud é gur féidir le daoine a bheith ag obair i mBallstát amháin agus a bheith cláraithe leis an gcóras slándála sóisialta i mBallstát eile, leanadh den chaibidlíocht faoi thogra maidir le cothroime agus inbhuanaitheacht shóisialta a chinntiú. In éineacht leis sin, rinneadh bearta chun teorainn a chur leis an obair neamhdhearbhaithe agus chun an tsláinte agus an tsábháilteacht cheirde a neartú a thuilleadh.

Teastaíonn líonraí maithe iompair le gur féidir le hearraí agus le daoine teorainneacha a thrasnú gan stró. Leanadh den obair chun na líonraí sin a neartú i rith na bliana, go háirithe sna réigiúin atá chun deiridh ina thaobh sin. Ina theannta sin, tugtar tacaíocht do na réigiúin sin le gur féidir leo leas a bhaint as na buntáistí atá acu, sa dóigh gur féidir leis na limistéir is faide i gcéin fiú amháin bheith rannpháirteach sa Mhargadh Aonair.

Beartas tionsclaíochta athnuaite don Aontas

Ina óráid faoi Staid an Aontais i mí Mheán Fómhair, d’fhógair Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, straitéis nua don bheartas tionsclaíochta a bhfuil sé mar aidhm léi é a chur ar a gcumas do na tionscail san Aontas leanúint d’fhás agus d’fhostaíocht inbhuanaithe a chruthú. Faoin straitéis sin, tugtar na tionscnaimh sheanbhunaithe ar fad, chomh maith leis na tionscnaimh nua, le chéile in aon straitéis tionsclaíochta chuimsitheach amháin agus soiléirítear na tascanna a bheidh le cur i gcrích ag na gníomhaithe uile lena mbaineann.

Féachaint chuige go n-oibreoidh an tsaorthrádáil earraí agus seirbhísí go praiticiúil

Tá formhór na dtáirgí a thrádáiltear idir na Ballstáit faoi réir rialacha comhchuibhithe. Fágann sin go mbíonn na caighdeáin táirgí mar an gcéanna do gach duine agus nach mbíonn aon bhacainní roimh na táirgí sin agus iad á dtrádáil thar theorainneacha. Sa chás nach ann d’aon rialacha coiteanna, áfach, bíonn feidhm ag prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh. Dá réir sin, má mheastar go bhfuil táirge óiriúnach le díol i mBallstát amháin, is féidir é a dhíol sna Ballstáit uile. Ní i gcónaí a tharlaíonn sé sin mar ba cheart, áfach, mar stoptar earraí ag an teorainn ar uairibh nuair ba cheart go bhféadfaí iad a thrádáil gan bhac i ngach tír den Mhargadh Aonair. Tá togra nua á chur chun cinn a ligfeadh do dhíoltóirí i dtír amháin leas a bhaint as dearbhú aitheantais fhrithpháirtigh chun a léiriú go gcomhlíonann a dtáirge na ceanglais uile atá leagtha síos i dtír eile. Ceapadh an togra sin in éineacht le togra eile a neartódh an faireachas margaidh ionas gurbh fhearr a bheadh na húdaráis náisiúnta in ann na hearraí a dhíolfaí ina dtír féin a rialú.

CAOI Á TABHAIRT DO GHAIRMITHE SEIRBHÍSÍ A THAIRISCINT SAN AONTAS GO PRAS SAORÁIDEACH

Grafaic faisnéise: Dhá thrian de gheilleagar an Aontais atá san earnáil seirbhísí agus is inti a chruthaítear 90 % de na poist san Aontas. Chun gur fearr a fheidhmeoidh an margadh aonair do dhaoine agus do ghnólachtaí san Eoraip, tá tacar beart ullmhaithe ag an gCoimisiún Eorpach a d'fhéadfadh a bheith ina éascaíocht do ghnólachtaí agus do ghairmithe seirbhísí a sholáthar san Aontas.

Tá an tAontas Eorpach ag díriú i dtólamh ar fheidhmiú an Mhargaidh Inmheánaigh a fheabhsú ar son daoine agus gnólachtaí. Tá bacainní ann i gcónaí, áfach, a chuireann cosc le bunú agus méadú gnólachtaí, agus is féidir praghsanna níos airde agus crapadh roghanna an tomhaltóra teacht de sin. Chun cosc a chur leis sin agus chun tuilleadh post agus fáis a chruthú, caithfidh na Ballstáit tairbhe níos fearr a bhaint as poitéinseal an Mhargaidh Aonair do sheirbhísí.

In 2017 cuireadh síos pacáiste beart a d’fhéadfadh é a dhéanamh ní b’éasca do ghnólachtaí agus do ghairmithe seirbhísí a sholáthar do dhuine ar bith san Aontas. Cuid den phacáiste sin is ea an ríomhchárta Eorpach seirbhísí: próiseas leictreonach simplithe a fhágfaidh gur fusa ag soláthróirí seirbhísí gnó agus foirgníochta na foirmiúlachtaí riaracháin cuí a chomhlíonadh chun seirbhísí a sholáthar i dtír eile. Tá beart eile sa phacáiste a fhéachann lena chinntiú go bhfuil na ceanglais a chuireann na Ballstáit i bhfeidhm maidir le gairmeacha a rialáil, go bhfuil siad comhréireach agus go bhfuil údar leo.

An soláthar poiblí agus an nuálaíocht a spreagadh

Chun an Margadh Aonair a neartú agus mar chuid de na hiarrachtaí leanúnacha atá a ndéanamh chun an infheistíocht a spreagadh san Aontas, chuir an Coimisiún tionscnamh chun cinn i mí Dheireadh Fómhair maidir leis “An soláthar poiblí a chur ag obair san Eoraip agus don Eoraip”. Leagtar amach sa tionscnamh sin cur chuige a fhágfaidh an soláthar poiblí níos éifeachtúla agus níos inbhuanaithe, agus a bhainfidh lán-úsáid as teicneolaíochtaí digiteacha chun nósanna imeachta a shimpliú agus chun dlús a chur leo.

D’fhonn gnólachtaí, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide agus gnólachtaí nuathionscanta, a spreagadh le hinfheistiú sa nuálaíocht agus sa chruthaitheacht, mhol an Coimisiún bearta freisin chun a chinntiú go dtabharfaí cosaint mhaith do chearta maoine intleachtúla. Cuirfidh na bearta sin go mór le cumas coiteann Bhallstáit an Aontais breith ar na “boic mhóra” a údaraíonn na hearraí bréagacha agus an t-inneachar píoráidithe a dhéanann díobháil do ghnólachtaí agus don fhostaíocht. Tabharfaidh siad cosaint do shláinte agus do shábháilteacht na dtomhaltóirí freisin i réimsí áirithe, cógais agus bréagáin mar shampla. Táthar ag súil freisin go gcuirfidh an córas ceadúnaithe paitinní atáthar a bheartú le húsáid teicneolaíochtaí a chuireann idirnascadh agus nascacht (idirlíon na rudaí nithiúla) ar fáil, gutháin chliste cuir i gcás, nó carranna nasctha.

Seirbhísí airgeadais: táirgí níos fearr agus tuilleadh rogha don tomhaltóir

Tá an tAontas tiomanta Margadh Aonair níos doimhne agus níos cothroime a fhorbairt, ar mhodhanna digiteacha agus ar mhodhanna eile. Ó thaobh na seirbhísí airgeadais de, is éard is brí leis sin feabhas a chur ar chúrsaí iomaíochta agus ar na roghanna atá ar fáil do thomhaltóirí ionas gur féidir leo leas a bhaint as praghsanna níos ísle agus cáilíocht níos airde, is cuma an ina dtír féin nó ar an gcoigríoch a lorgóidh siad seirbhísí airgeadais ar nós cuntais bhainc, árachas gluaisteáin, aistrithe airgid agus pinsean. Ba cheart na soláthróirí seirbhísí airgeadais a bheith in ann tairbhe a bhaint as margadh an Aontais ina iomláine freisin.

Sin an fáth a bhfuil Plean Gníomhaíochta faoi Sheirbhísí Airgeadais do Thomhaltóirí seolta ag an gCoimisiún, ar plean é ina sainaithnítear na réimsí ina dteastaíonn tuilleadh oibre le go bhfaighidh an tomhaltóir barrluach a chuid airgid. Is é aidhm an phlean, maille le nithe eile, é a dhéanamh níos éasca do thiománaithe a mbónas cheal éilimh a thabhairt leo go tír eile, na táillí ar idirbhearta trasteorann a mbaineann airgeadraí eile seachas an euro leo a laghdú agus na bacainní rialála roimh gnólachtaí ar mian leo dul i mbun gnó i dtír eile a laghdú.

CINEÁLACHA NUA PINSEAN PEARSANTA SAN AONTAS

Grafaic faisnéise: Tá an Coimisiún Eorpach ag moladh cineál nua pinsean pearsanta deonach a chruthú a thabharfaidh caoi do thomhaltóirí cur lena gcoigilteas pinsin agus a thabharfaidh tréanchosaint dóibh ina gcáil mar thomhaltóirí san am céanna. Ba chóir go mbeadh seirbhísí airgeadais in ann tairbhe a bhaint as margadh an Aontais ina iomláine.

Ní fada go mbeidh tomhaltóirí san Aontas Eorpach in ann tairbhe a bhaint as rogha níos fairsinge nuair is mian leo airgead a chur i dtaisce don uair a rachaidh siad ar scor, a bhuí le plean atá ag an gCoimisiún chun cineál nua táirgí pinsin a chruthú. Faoi láthair, tá margadh na bpinsean pearsanta san Aontas ilroinnte agus neamhchothrom. Leis an gcineál nua pinsin phearsanta dheonaigh atá á mholadh, beidh tomhaltóirí in ann cur lena gcoigilteas scoir agus beidh cosaint láidir acu mar thomhaltóirí.

É a chur ar chumas daoine poist a aimsiú agus obair shábháilte agus dhleathach a dhéanamh

Do chéad phost EURES: ag cuidiú le daoine óga poist a aimsiú i mBallstáit eile.

Is fearr a fheidhmíonn an Margadh Aonair d’oibrithe nuair is féidir le daoine poist a oireann dóibh a aimsiú i mBallstáit eile. Le linn na bliana, rinneadh dul chun cinn suntasach i ndáil le EURES, an Tairseach Eorpach um Shoghluaisteacht ó Phost go Chéile, a leathnú. Seirbhís saor in aisce is ea an tairseach sin atá ar fáil do chuardaitheoirí poist, d’oibrithe agus d’fhostóirí, is cuma cén áit san Aontas is mian leo post nó baill foirne a aimsiú. In 2018 osclófar an líonra a thuilleadh do pháirtithe eile, ar nós seirbhísí fostaíochta príobháideacha, agus fógrófar níos mó post agus CVanna ar an Tairseach.

Leanann an tAontas de shláinte agus de shábháilteacht daoine a chosaint ag an obair. Díríodh ar shubstaintí carcanaigineacha agus só-ghineacha i dtogra reachtach nua in 2017 a raibh sé mar aidhm leis an nochtadh ar sheacht substaint ag an obair a laghdú, olaí innill agus tríchlóireitiléin mar shampla. I mí Dheireadh Fómhair d’fhaomh Parlaimint na hEorpa togra a cuireadh síos in 2016 i ndáil le 13 shubstaintí eile.

OIBRITHE AR POSTÚ SAN AONTAS

Grafaic faisnéise: Idir 2010 agus 2015 tháinig méadú 40 % ar an méid oibrithe ar sheol a bhfostóir go Ballstát eile iad le bheith ag obair ar bhonn sealadach. In 2015 bhí breis agus 2 mhilliún oibrí ar postú ann. Níos lú ná 4 mhí an meánfhad a mhaireann postú san Aontas. Tá leagtha síos i ndlí an Aontais tacar de rialacha éigeantacha maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha is ceart a chur i bhfeidhm maidir le hoibrithe ar postú.

Chuidigh an Coimisiún leis na Ballstáit na rialacha a fhorfheidhmiú maidir le saorghluaiseacht oibrithe, agus leanadh de na hiarrachtaí na rialacha maidir le postú oibrithe a athbhreithniú le go mbeidís in oiriúint don am atá le teacht. Leis na rialacha sin, tugtar cosaint do chearta na n-oibrithe sin ar chuir a bhfostóir chun tíre eile iad le bheith ag obair ansin go sealadach. Faoi na rialacha athbhreithnithe, leagfaí síos prionsabal an phá chéanna as an obair chéanna a dhéanamh san áit chéanna, rud a neartódh cothroime agus inbhuaine shóisialta an Mhargaidh Aonair agus a rachadh chun tairbhe do ghnólachtaí agus d’oibrithe araon ós rud é go gcuideodh sé chun cothrom iomaíochta a chinntiú. I mí Dheireadh Fómhair tháinig Comhairle an Aontais Eorpaigh ar chomhaontú ar chur chuige ginearálta maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir atá ann cheana, agus i mí na Samhna chuaigh an Pharlaimint agus an Chomhairle i mbun caibidlíochta chun teacht ar chomhaontú i dtaca leis an ábhar seo. Bhí an chaibidlíocht fós ar siúl i ndeireadh 2017.

Ina theannta sin, leanadh den obair sa Pharlaimint agus sa Chomhairle chun teacht ar chomhaontú faoin togra a d’ullmhaigh an Coimisiún in 2016 chun nuachóiriú a dhéanamh ar na rialacha maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta. Is é aidhm an togra sin a chinntiú go mbeidh na rialacha cothrom, soiléir agus níos fusa a fhorfheidhmiú, rud a rachaidh chun tairbhe dóibh siúd a théann thar theorainneacha san Aontas agus do na cáiníocóirí.

Comhlíonadh na rialacha agus simpliú na nósanna imeachta

Ní féidir le daoine ná le gnólachtaí a gcearta sa Mhargadh Aonair a fheidhmiú ina n-iomláine mura bhfuil na rialacha comhaontaithe oiriúnach don fheidhm atá leo agus á gcur i bhfeidhm san Aontas trí chéile. Chun an méid sin a chinntiú, is den riachtanas é eolas cruinn faoin margadh a bheith le fáil go prapúil, agus tacaíocht a bheith le fáil nuair a thagann fadhbanna aníos. In 2017 bhain saoránaigh agus gnólachtaí leas as an tairseach An Eoraip Agatsa níos mó ná 20 milliún uair chun teacht ar eolas praiticiúil faoina gcearta sa Mhargadh Aonair. In imeacht na bliana d’fhreagair foireann An Eoraip Agatsa — Comhairle breis agus 22 000 ceist faoi reachtaíocht an Mhargaidh Aonair agus dhéileáil SOLVIT le breis agus 2 000 cás ina raibh fadhbanna ag saoránaigh agus ag gnólachtaí le húdaráis san Aontas. Ar bhonn na gcineálacha iarratais a fhaigheann sé ar chabhair, cuireann SOLVIT an Coimisiún ar an eolas faoi réimsí inar gá dlí an Aontais a chur i bhfeidhm níos fearr.

I mí na Bealtaine sheol an Coimisiún togra le haghaidh Tairseach Aonair Dhigiteach le rochtain níos fusa a thabhairt do dhaoine agus do ghnólachtaí, trí phointe iontrála digiteach amháin, ar eolas ardcháilíochta, ar phróisis riaracháin ar líne agus ar sheirbhísí cúnaimh. Fágfaidh sé sin go mbeidh aon phróiseas atá ar fáil ar líne d’úsáideoirí intíre faoi láthair, go mbeidh sé ar fáil freisin d’úsáideoirí ó Bhallstáit eile agus go mbeidh sé ar fáil i dteanga amháin eile de chuid an Aontais de bhreis ar theanga na tíre féin le héascaíocht a dhéanamh do dhaoine ó Bhallstát eile ar mian leo é a úsáid.

I gcúinsí áirithe d’fhéadfaí Uirlis Faisnéise an Mhargaidh Aonair atá beartaithe a úsáid freisin chun sonraí a bhailiú i gcásanna ina mbeadh deacrachtaí móra ag baint le cur i bhfeidhm reachtaíocht an Mhargaidh Aonair.

I mí Iúil ghlac an Coimisiún fógra maidir le faireachas margaidh ar tháirgí a dhíoltar ar líne. De thoradh an dul chun cinn ghasta atá déanta ag an ríomhthráchtáil tá dúshláin ann d’údaráis na mBallstát agus iad ag seiceáil an bhfuil táirgí sábháilte agus an gcomhlíonann siad rialacha AE. Is é aidhm an fhógra ceisteanna a shoiléiriú agus réitigh a sholáthar. Cuidiú a bheidh ann sin chun feabhas a chur ar an bhfaireachas margaidh ar tháirgí a dhíoltar ar líne, agus rachaidh sé chun tairbhe do thomhaltóirí agus cinnteoidh sé go mbeidh cothrom iomaíochta ann do ghnólachtaí.

Soghluaisteacht atá cliste, cothrom ón taobh sóisialta de agus iomaíoch

Tá an t-iompar agus an tsoghluaisteacht ríthábhachtach do gheilleagar agus d’iomaíochas an Aontais. Mar sin féin, tá dúshláin roimh an earnáil sin anois nach bhfacthas a leithéid cheana. Ní dhéantar an reachtaíocht shóisialta atá ann a chur i bhfeidhm ná a fhorfheidhmiú ar bhealach comhsheasmhach san Aontas trí chéile; cuirtear gnólachtaí caocha ar bun i mBallstáit nach mbíonn aon ghníomhaíochtaí ar siúl acu iontu dáiríre ach ina mbaineann siad tairbhe as rialacha níos boige; agus is é an t-iompar de bhóthar, leis féin, is cúis leis an gcúigiú cuid nach mór d’astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais. I mí na Bealtaine leag an Coimisiún straitéis fhadtéarmach amach chun soghluaisteacht iomaíoch ghlan nasctha a chur ar fáil faoi 2050.

An Coimisinéir Pierre Moscovici ar cuairt ar mhonarcha carranna chun maoiniú ón Aontas Eorpach a phlé, Bourgogne-Franche-Comté, an Fhrainc, an 6 Deireadh Fómhair 2017.

An Coimisinéir Pierre Moscovici ar cuairt ar mhonarcha carranna chun maoiniú ón Aontas Eorpach a phlé, Bourgogne-Franche-Comté, an Fhrainc, an 6 Deireadh Fómhair 2017.

Tá an straitéis sin leagtha amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún “An Eoraip ag gluaiseacht”. Tá ocht dtogra reachtacha ag gabháil leis an Teachtaireacht atá dírithe go sonrach ar an iompar de bhóthar. Leis na tograí sin tá sé beartaithe, maille le cuspóirí eile, feabhas a chur ar fheidhmiú mhargadh an tarlaithe de bhóthar, cuidiú feabhas a chur ar dhálaí sóisialta agus fostaíochta oibrithe agus cur i bhfeidhm na ndlíthe náisiúnta maidir le pá íosta a shimpliú. Tá aidhm níos fairsinge ag an gCoimisiún freisin, is é sin iompar de bhóthar níos inbhuanaithe a chur chun cinn, le dolaí a mbeidh costas seachtrach an truaillithe aeir san áireamh iontu agus le réitigh dhigiteacha a laghdóidh an maorlathas agus a chomhtháthóidh modhanna iompair éagsúla. Meastar go mbeidh an tairbhe fhadtéarmach le sonrú go mór taobh amuigh d’earnáil an iompair freisin toisc go gcuirfear poist, fás agus infheistiú chun cinn.

I mí an Mheithimh ghlac an Coimisiún tacar tionscnamh lena bhfuil sé beartaithe feabhsuithe a chur i bhfeidhm ar earnáil na heitlíochta i gcomhréir leis an Straitéis Eitlíochta don Eoraip. Ar na tionscnaimh sin tá togra lena bhfuil sé beartaithe a chinntiú go mbeidh aerlínte an Aontais iomaíoch, rud a chuirfidh leis an bhfostaíocht agus leis an bhfás in earnálacha áirithe, na haerfoirt agus na soláthróirí seirbhísí aerloingseoireachta mar shampla. Ina theannta sin, liostaigh an Coimisiún roinnt céimeanna praiticiúla lena bhféadfaí feabhas a chur ar an leanúnachas seirbhíse sa bhainistíocht aerthráchta nuair a bhíonn gníomhaíocht thionsclaíoch ann. Ní chuirfidh na bearta praiticiúla sin isteach ná amach ar an gceart dul ar stailc, agus d’fhéadfaidís an briseadh seirbhíse a laghdú.

Leagadh amach Treoirlínte freisin maidir leis na ceanglais úinéireachta agus rialaithe is infheidhme ar aerlínte san Aontas Eorpach. Is é is aidhm leis na treoirlínte an tuiscint ar na ceanglais sin a fheabhsú agus, ar an dóigh sin, an infheistíocht choigríche a éascú, rud a rachaidh chun tairbhe don fhostaíocht i dtionscal eitlíochta an Aontais. Mhol an Coimisiún don Pharlaimint agus don Chomhairle na bearta a ghlacadh a cuireadh i láthair mar chuid de thionscnamh an Aontais maidir le hAerspás Eorpach Aonair. A bhuí leis na bearta sin, chuirfí feabhas ar éifeachtúlacht an chórais bainistithe aerthráchta, laghdófaí an ilroinnt agus d’íoslaghdófaí an cur isteach ar an aerthrácht.

Chomhaontaigh an Pharlaimint agus an Chomhairle simpliú agus feabhsú a dhéanamh ar na rialacha sábháilteachta do longa paisinéirí in uiscí an Aontais. Is mar gheall ar na ceachtanna atá foghlamtha, de thoradh tionóiscí agus forbairtí teicniúla mar shampla, atá an reachtaíocht le tabhairt cothrom le dáta. Tiocfaidh feabhsuithe éagsúla de sin. Beidh, mar shampla, na húdaráis inniúla in ann rochtain a fháil láithreach ar na sonraí ábhartha i gcás éigeandála.

Iomaíocht a spreagann nuálaíocht

Is é ról an Choimisiúin i gcáil údaráis iomaíochta i réimse an rialaithe ar chumaisc a chinntiú nach gcuirfear cosc, de dheasca aon chumaisc, le daoine san Aontas tairbhe a bhaint as buntáistí na hiomaíochta, mar atá praghsanna níos ísle, rogha níos fairsinge, níos mó nuálaíocht táirgí, agus nithe eile. Faomhadh dhá chumasc mhóra in earnáil na n-agraicheimiceán in 2017, agus leagadh coinníollacha ar an dá cheann acu. Táthcheangal ChemChina le Syngenta agus cumasc Dow agus DuPont a bhí i gceist. Tá an nuálaíocht ríthábhachtach i dtionscal na n-agraicheimiceán agus, dá bhrí sin, rinne an Coimisiún an tionchar a d’imreodh na cumaisc sin ar an nuálaíocht amach anseo a mheas. I gcás Dow agus DuPont, bhí roinnt tionscadal den chineál céanna ar bun ag an dá ghnólacht chun táirgí lotnaidicíde nua a fhorbairt. Cuid thábhachtach den réiteach a d’fhág gurbh fhéidir an cumasc a fhaomhadh ab ea dífheistiú eagraíocht taighde agus forbraíochta lotnaidicídí DuPont ina hiomláine ar fud an domhain.

I mí an Mheithimh d’fhaomh an Coimisiún €377 milliún de státchabhair ón nGearmáin agus ón bhFrainc chun tionscadal nuálach héileacaptar Airbus X6 a fhorbairt. Rinneadh sin óir, cé gur leasc leis na margaí airgeadais tionscadal uaillmhianach dá leithéid a mhaoiniú toisc nach mbeifí ag súil le toradh ar an infheistíocht ach san fhadtéarma, spreagfaí tuilleadh infheistíochta de bharr na tacaíochta don tionscadal.

An Coimisinéir Elżbieta Bieńkowska leis an gCaptaen Yann Lardet ag Ionad Oiliúna Airbus i Singeapór, an 10 Deireadh Fómhair 2017.

An Coimisinéir Elżbieta Bieńkowska leis an gCaptaen Yann Lardet ag Ionad Oiliúna Airbus i Singeapór, an 10 Deireadh Fómhair 2017.

Chinn an Coimisiún i mí Dheireadh Fómhair gur thug Lucsamburg sochair chánach mhíchuí do Amazon arbh é tuairim agus €250 milliún a luach. Tá sé sin mídhleathach faoi rialacha an Aontais maidir le státchabhair óir cheadaigh sé do Amazon i bhfad níos lú cánach a íoc le hais gnólachtaí eile. Ní mór do Lucsamburg an chabhair mhídhleathach a fháil ar ais anois.

Sa mhí chéanna shocraigh an Coimisiún ar Éire a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh as gan suas le €13 bhilliún de státchabhair mhídhleathach a fháil ar ais ó Apple. I mí Lúnasa 2016 bhí cinneadh déanta ag an gCoimisiún go raibh na sochair chánach a thug Éire do Apple mídhleathach de réir rialacha an Aontais maidir le státchabhair óir cheadaigh siad do Apple i bhfad níos lú cánach a íoc le hais gnólachtaí eile. Go deimhin, d’fhág an chóireáil roghnaíoch sin nach raibh ar Apple ach ráta éifeachtach cánach corparáidí 1 % a íoc ar na brabúis a rinne sé san Eoraip in 2003, agus gur thit sin síos go 0.005 % in 2014.

Gearradh fíneáil €2.42 billiún ar Google i mí an Mheithimh as sárú rialacha an Aontais in aghaidh trustaí, toisc gur bhain sé mí-úsáid as a cheannasacht sa mhargadh mar inneall cuardaigh (féach Caibidil 2 freisin).

Simpliú an chánachais agus comhrac na calaoise

Chun dea-fheidhmiú an Mhargaidh Aonair a chinntiú, moladh rialacha nua maidir le trédhearcacht i ndáil le hidirghabhálaithe, comhairleoirí cánach, cuntasóirí, bainc agus dlíodóirí mar shampla, a dhéanann scéimeanna pleanála cánacha dá gcliaint a cheapadh agus a chur chun cinn. As seo amach, scéimeanna trasteorann de chineálacha áirithe a bhféadfadh caillteanais don rialtas a bheith i gceist leo, caithfear iad a thuairisciú do na húdaráis chánach sula bhféadfar iad a úsáid.

Úsáideann 360 milliún duine san Aontas an t-idirlíon gach lá, fágann sin go dteastaíonn creat cánach atá nua-aimseartha agus cobhsaí ón Margadh Aonair Digiteach. I mí Mheán Fómhair sheol an Coimisiún clár oibre nua de chuid an Aontais chun a chinntiú go ndéanfar cáin a ghearradh ar an ngeilleagar digiteach ar bhealach atá cothrom agus a chothóidh fás.

Ina theannta sin, chuir an Coimisiún togra reachtach i láthair chun córas críochnúil CBL a thabhairt isteach i gcás na cánach ar an trádáil idir na Ballstáit. Tá an córas nua atá beartaithe bunaithe ar an bprionsabal go ngearrfaí an cháin i mBallstát ceannscríbe na n-earraí, agus gurb é CBL an Bhallstáit sin a ghearrfadh soláthróirí na n-earraí.

Limistéar CBL aonair: CBL a dhéanamh níos simplí agus níos cothroime.

Cailltear breis agus €150 billiún d’ioncam ó CBL gach bliain, rud a fhágann nach bhfaigheann na Ballstáit airgead a d’fhéadfaí a chaitheamh ar nithe ar nós scoileanna, bóithre agus cúram sláinte. Meastar go gcailltear thart ar €50 billiún den tsuim sin, sin isteach is amach le €100 in aghaidh an tsaoránaigh in aghaidh na bliana, de thoradh na calaoise CBL trasteorann.

An chalaois chánach thrasteorann a chosc.

Cuireadh togra reachtach síos i mí na Samhna a bhfuil sé d’aidhm leis dul i ngleic leis an gcalaois CBL tríd an gcomhar a neartú idir na húdaráis chánach agus lucht forfheidhmithe custaim agus an dlí. I mí na Nollag ghlac an Chomhairle cinneadh go síneofaí comhaontú maidir le comhar riaracháin, cúnamh le gnóthú agus comhrac na calaoise CBL idir an tAontas agus an Iorua.

An chumhacht a thabhairt do réigiúin an Aontais leas a bhaint as a mbuanna féin

Is mór fairsing í an tairbhe atá bainte as an domhandú ag na tíortha i mbéal forbartha agus is iomaí deis a cuireadh ar fáil do shaoránaigh an Aontais dá bharr freisin. Ach cé go mbíonn an tairbhe le brath go forleathan, is minic a bhíonn dáileadh na gcostas éagothrom. Caithfidh an tAontas Eorpach cruth níos buanseasmhaí a chur air féin, agus caithfidh sé a chuid réigiún a chumasú agus cuidiú leo luach a chruthú. Chuige sin, ní mór dul i muinín na nuálaíochta, an digitithe agus an dícharbónaithe, agus ní mór scileanna daoine a fhorbairt. Ina theannta sin, caithfear maoiniú ón Aontas a chur ar fáil do gach réigiún san Aontas le gur féidir leo infheistiú i sainréimsí trí chomhpháirtíochtaí le lucht na nuálaíochta, rud a dtiocfaidh speisialú cliste as. Sheol an Coimisiún dhá thionscadal phíolótacha in 2017 chun bealaí nua le tabhairt faoin gcomhar idir-réigiúnach a thástáil.

Na daoine a chónaíonn sna réigiúin is forimeallaí den Aontas, cónaíonn siad in áiteanna iargúlta i gcomparáid leis an gcuid eile den phobal, agus is minic gur míbhuntáiste dóibh é sin. A bhuí le rialacha simplithe is fusa ag na húdaráis phoiblí gnólachtaí a chúiteamh as na costais bhreise a bhíonn orthu a sheasamh nuair a bhíonn siad i mbun gnó sna réigiúin is forimeallaí den Aontas. Ar an dóigh sin, cuirtear san áireamh na dúshláin shonracha a bhíonn rompu, an iargúltacht, cuir i gcás, agus an spleáchas ar dhornán earraí a thrádáil.

CAIBIDIL 5

Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta níos doimhne agus níos cothroime

“Sna 5 bliana amach romhainn, teastaíonn uaim leanúint den athchóiriú atá á dhéanamh againn ar an Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta chun cobhsaíocht ár n-airgeadra aonair a chosaint agus chun feabhas a chur ar an gcóineasú atá á dhéanamh ar bheartais eacnamaíocha, fhioscacha agus margaidh saothair na mBallstát sin a bhfuil an t-airgeadra aonair acu.”

Jean-Claude Juncker, Treoirlínte Polaitiúla, 15 Iúil 2014

© iStockphoto.com/instamatics

© iStockphoto.com/instamatics

In 2017, bhain an tAontas Eorpach amach roinnt cloch mhíle ar a bhealach i dtreo Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta níos doimhne agus níos cothroime, Aontas Baincéireachta cuimsitheach san áireamh. Nuair a bheidh an obair sin críochnaithe beidh sé níos fusa ag an Aontas Eorpach aghaidh a thabhairt ar dhúshláin atá ann cheana agus ar dhúshláin nua, rud a chinnteoidh tuilleadh cóineasú eacnamaíoch agus sóisialta, fás níos airde agus tuilleadh fostaíochta, beidh institiúidí láidre agus an chuntasacht dhaonlathach ina chuidiú chuige sin.

Bunaithe ar Thuarascáil an Chúigir Uachtarán a eisíodh i mí an Mheithimh 2015, d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach i mí na Bealtaine 2017 páipéar machnaimh maidir le hAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta níos doimhne, mar chuid den díospóireacht leathan ar cuireadh tús léi i mí an Mhárta le foilsiú an Pháipéir Bháin maidir le Todhchaí na hEorpa.

I mí Dheireadh Fómhair d’iarr an Coimisiún an tAontas Baincéireachta a chríochnú arae is dhlúthpháirt sin den fhís atá aige d’Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta de shaghas a rachaidh chun sochair go dáiríre do na saoránaigh agus do ghnólachtaí.

Baineadh cloch mhíle eile amach i mí na Nollag nuair a chuir an Coimisiún a phacáiste tograí maidir leis an Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta i láthair. Le treochlár gníomhaíochta a raibh roinnt beart nithiúil leagtha síos ann, chomhlíon an Coimisiúin an gealltanas a thug Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, ina aitheasc ar Staid an Aontais in 2017, is é sin Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta na hEorpa a dhoimhniú.

San áireamh sna tograí sin tá an Sásra Cobhsaíochta Eorpach a thiontú ina Chiste Airgeadaíochta Eorpach laistigh de chreat dlí an Aontais Eorpaigh, chun cabhrú le Ballstáit an limistéir euro atá i gcruachás airgeadais. Ina theannta sin, tá fís an Choimisiúin den dóigh ar féidir feidhmeanna buiséadacha áirithe atá riachtanach don limistéar euro agus don Aontas Eorpach ina iomláine a shaothrú chun tuilleadh tacaíochta a chur ar fáil. Chuideodh sin leis na Ballstáit a n-athchóirithe struchtúracha a dhéanamh.

I dtreo Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta níos doimhne

Na daoine sin ar fad a bhí ag obair chun Aontas Eorpach níos láidre, níos daonlathaí agus níos aontaithe a cheapadh, bhí gá acu le brí agus le fadbhreathnaitheacht chun 2017 a chur díobh. Cuid ríthábhachtach den díospóireacht is ea Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta, agus tá ról lárnach aige i múnlú Aontais Eorpaigh ina mbeidh an uile dhuine ar comhchéim, Aontas ina gcuirefar béim ar na nithe is mó tábhacht.

An 1 Márta chuir an Coimisiún Páipéar Bán i láthair inar leagadh amach cúig chás fhéideartha den chineál foráis a d’fhéadfadh teacht ar an Aontas faoi 2025 agus ar na roghanna ríthábhachtacha a bheadh ag gabháil le gach ceann de na cásanna sin. Bheadh impleachtaí ag gach rogha ar an Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta. An mian linn, mar Aontas, leanúint ar aghaidh mar atáimid inniu? Ar cheart dúinn díriú ar an Margadh Aonair agus air sin amháin? Ar cheart dúinn ligean dóibh sin atá réidh dul ar aghaidh agus oibriú i gcomhar níos dlúithe le chéile? Ar cheart féachaint le níos lú a dhéanamh ach é a dhéanamh ar dhóigh níos éifeachtúla? Nó ar cheart dúinn iarracht a dhéanamh i bhfad níos mó a bhaint amach le chéile?

I mí na Bealtaine d’fhairsingigh an Coimisiún an díospóireacht sin maidir leis an Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a dhoimhniú nuair a d'fhoilsigh sé páipéar machnaimh faoin ábhar sin. Na smaointe a cuireadh i láthair sa pháipéar sin, is cuid iad den fhís le haghaidh Aontas Eorpach níos láidre, níos daonlathaí agus níos aontaithe. I mí Mheán Fómhair chuir an tUachtarán Junker comhthéacs ginearálta an ghnó seo i láthair ina aitheasc ar Staid an Aontais: fís dóchais, chobhsaíochta, chothroime agus deiseanna do chách.

Mario Draghi, Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh, i gceannáras an Bhainc in Frankfurt, an Ghearmáin, leis an nóta €50 nua a cuireadh i gcúrsaíocht an 4 Aibreán 2017. © European Central Bank

Mario Draghi, Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh, i gceannáras an Bhainc in Frankfurt, an Ghearmáin, leis an nóta €50 nua a cuireadh i gcúrsaíocht an 4 Aibreán 2017.

Sa pháipéar machnaimh cuireadh i dtábhacht nach féidir leis an Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta bheith éifeachtúil gan córas airgeadais comhtháite a bheith ann agus é ag feidhmiú mar is ceart. Chun dlús a chur lenar baineadh amach le blianta beaga anuas, is mithid teacht ar chomhdhearcadh faoin mbealach chun cinn as seo go 2025. An tAontas Baincéireachta a thabhairt i gcrích, rioscaí a laghdú agus a roinnt san earnáil bhaincéireachta agus na bainc san Aontas Eorpach a dhéanamh níos buanseasmhaí fós, is nithe eile iad sin is gá a dhéanamh; is gá, freisin, deiseanna maoiniúcháin níos ilchineálaí a chur ar fáil don fhíorgheilleagar i bhfíor Aontas na Margaí Caipitil.

Cur i gcrích an Aontais Baincéireachta a iarraidh

Cosnaíonn an tAontas Baincéireachta an chobhsaíocht airgeadais agus cinntíonn sé dea-fheidhmiú an limistéir euro agus an Aontais Eorpaigh ina iomláine. Tá dhá ní ann nach féidir an tAontas Baincéireachta a chur i gcrích dá n-éagmais, mar atá laghdú riosca agus comhroinnt riosca. Is mór an dul chun cinn atá déanta ó thaobh na bainc san Aontas Eorpach a dhéanamh níos buanseasmhaí agus, dá bharr sin, rioscaí in earnáil baincéireachta a laghdú, agus tá bearta eile á n-ullmhú. Ó bhí an ghéarchéim ann tá breis agus 50 togra curtha i láthair ag an gCoimisiún arbh é ab aidhm dóibh buanseasmhacht na hearnála airgeadais a mhéadú.

Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta na hEorpa a chur i gCrích.

Is mithid dúinn an tAontas Baincéireachta a chur i gcrích. Tháinig na Ballstáit ar chomhaontú in 2013 maidir le cúlstop (nó líontán sábhála) don Chiste Réitigh Aonair a chruthú, ach 4 bliana níos faide anonn níl an cúlstop sin ar obair fós. Ina aitheasc ar Staid an Aontais in 2017, chuir an tUachtarán Juncker i dtábhacht gur gá an cúlstop a chur ar obair a luaithe is féidir. Tá an Coimisiún ag moladh an cúlstop a bheith ina chuid den Chiste Airgeadaíochta Eorpach a bheidh ann amach anseo. Céim thábhachtach a bheidh ann sin i dtreo an tAontas Baincéireachta a chur i gcrích.

Aithníodh freisin gur gné riachtanach d’Aontas rathúil Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta san fhadtéarma é, struchtúir eacnamaíocha agus shóisialta a dhéanamh níos buanseasmhaí. Ar na gnéithe riachtanacha eile a sainaithníodh bhí neartú an Seimeastair Eorpaigh (an creat lena gcomhordaítear beartais eacnamaíocha agus fhioscacha ar fud an Aontais Eorpaigh) agus nasc a chruthú idir tacaíocht airgeadais ó bhuiséad an Aontais Eorpaigh agus athchóirithe struchtúracha. Moladh, freisin, acmhainn lárnach a chruthú chun cuidiú le Ballstáit sa limistéar euro a mbeadh crith bainte astu ag suaitheadh maicreacnamaíoch.

AONTAS EACNAMAÍOCH AGUS AIRGEADÍOCHA NA hEORPA A CHUR I gCRÍCH

Grafaic faisnéise: Tá treochlár á ullmhú ag an gCoimisiún Eorpach arb é is cuspóir dó Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a dhoimhniú. Is é an aidhm ghinearálta atáthar ag iarraidh a bhaint amach Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta na hEorpa a neartú ó thaobh aontachta, éifeachtúlachta agus cuntasacht dhaonlathach, as seo go 2025.

I bpáipéar machnaimh an Choimisiúin dúradh nach bhféadfaí an tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a athchoiriú gan, san am céanna, an chuntasacht dhaonlathach a mhéadú agus institiúidí an limistéir euro a neartú. Is é an bealach chun tosaigh freagrachtaí agus cinntí maidir le gnóthaí an limistéir euro a roinnt laistigh de chreat coiteann dlí.

Sa pháipéar machnaimh deimhníodh go bhfuil tiomantas ann do chóineasú chodanna saibhre agus chodanna daibhre an Aontais.

I mí na Nollag sheol an Coimisiún Pacáiste an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta, agus sa phacáiste sin bhí tograí maidir leis an Sásra Cobhsaíochta Eorpach a iompú ina Chiste Airgeadaíochta Eorpach agus é fréamhaithe i gcreat dlí an Aontais Eorpaigh. Beartaíodh go leanfadh an ciste de bheith ag cabhrú le Ballstáit an limistéir euro a bheadh i gcruachás airgeadais. Ina theannta sin, chuirfí cúlstop coiteann ar fáil ón gCiste don Chiste Réitigh Aonair agus d'fheidhmeodh an Ciste mar iasachtóir na dála deiridh dó chun gurbh fhusa bainc a bheadh i gcruachás a réiteach go hordúil. Tá sé beartaithe freisin an próiseas cinnteoireachta a luathú i gcás práinne agus ról níos lárnaí a bheith ag an gCiste i mbainistiú clár cabhrach airgeadais. De réir a chéile d’fhéadfaí ionstraimí nua airgeadais a thabhairt don Chiste Airgeadaíochta Eorpach freisin, mar shampla tacú le feidhm chobhsaíochta a d’fhéadfadh a bheith ann.

Ina theannta sin, chuir an Coimisiún tús le plé ar ionstraimí nua buiséadacha, laistigh de chreat an Aontais Eorpaigh, a mbeadh sé d’aidhm acu an limistéar euro a chobhsú. Leag sé amach ann an fhís atá aige maidir leis an dóigh ar féidir feidhmeanna buiséadacha áirithe a fhorbairt, feidhmeanna atá ríthábhachtach don limistéar euro agus don Aontas Eorpach ina iomláine laistigh de chreat airgeadais phoiblí an Aontais Eorpaigh. Seo thíos na feidhmeanna.

  • Tacú le hathchóirithe struchtúracha na mBallstát le huirlis a chuirfeadh athchóiriú i bhfeidhm agus le tacaíocht theicniúil a chuirfí ar fáil ach na Ballstáit í a iarraidh.
  • Saoráid ar leith um chóineasú do na Ballstáit sin a bheadh ag teacht isteach sa limistéar euro.
  • Cúlstop don Aontas Baincéireachta, tríd an gCiste Airgeadaíochta Eorpach/Sásra Cobhsaíochta Eorpach, atá le comhaontú faoi lár 2018 agus le cur ar obair faoi 2019.
  • Feidhm chobhsaíochta chun infheistíochtaí a chosaint i gcás suaitheadh mór neamhshiméadrach ar fud na mBallstát.

DAR LE 64 % DE SHAORÁNAIGH AN LIMISTÉIR EURO GUR MAITH ANN AN EURO

Grafaic faisnéise: Tá gaoth chórach leis an Eoraip, ní amháin ó thaobh fholláine an gheilleagair ach i dtéarmaí na muiníne atá ag na saoránaigh as an airgeadra aonair freisin. Léirigh tuarascáil Flash de chuid Eorabharaiméadair a foilsíodh i mí na Nollag 2017 go síleann 64 % díobh sin a ceistíodh gur rud maith dá dtír an euro.

Déanfaidh an Coimisiún na tionscnaimh is gá a chur i láthair i mí na Bealtaine 2018 maille lena chuid moltaí don tréimhse tar éis an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil 2020. I dtaca leis an tréimhse 2018-2020, tá molta ag an gCoimisiún an tacaíocht theicniúil a chuireann sé ar fáil do na Ballstáit ón gClár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach a láidriú tríd an gclúdach airgeadais a dhúbailt chun go mbeidh €300 milliún ann faoi 2020.

Mhol an Coimisiún tástáil a dhéanamh ar an uirlis nua le haghaidh athchóirithe a chur i bhfeidhm. Chuige sin tá athruithe spriocdhírithe molta aige ar an Rialachán maidir le Forálacha Coiteanna lena rialaítear Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa, rud a ligfeadh do na Ballstáit a gcúlchiste feidhmíochta a úsáid sna Cistí chun cuidiú leo na hathchóirithe a comhaontaíodh a dhéanamh.

Mhol an Coimisiún freisin substaint an Chonartha ar Chobhsaíocht, ar Chomhordú agus ar Rialachas san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a ionchorprú i ndlí an Aontais Eorpaigh, agus an tsolúbthacht chuí atá ina dlúthchuid den Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis á chur san áireamh aige.

Ina theannta sin, míníodh i bpacáiste an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta na feidhmeanna, dar leis an gCoimisiún, a d’fhéadfadh a bheith ag Aire Eorpach Geilleagair agus Airgeadais, aire a mbeadh dhá ról éagsúla aige. Ó tharla gur Leas-Uachtarán den Choimisiún agus Uachtarán an Ghrúpa Euro a bheadh san aire sin, thabharfadh sé le chéile freagrachtaí atá ann cheana féin agus an saineolas a bheadh ar fáil. Dhéanfadh sé an comhleanúnachas, an éifeachtúlacht, an trédhearcacht agus an chuntasacht dhaonlathach a bhaineann le ceapadh beartas eacnamaíoch a láidriú don Aontas Eorpach agus don limistéar euro, ag tabhairt lánairde dó agus sin á dhéanamh aige ar inniúlachtaí na mBallstát.

An deis a thapú fás agus fostaíocht a chothú

Chuaigh na nósanna imeachta nua cuíchóirithe chun sochar do Sheimeastar Eorpach 2017. I ndiaidh na moltaí a glacadh i mí na Bealtaine, agus a ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh ina dhiaidh sin, thug an Coimisiún treoir do na Ballstáit uile agus don limistéar euro ina iomláine. Ba é príomhtheagasc na moltaí sin gur mhithid breith ar an bhfaill a bhí ag teacht den téarnamh eacnamaíoch agus fás geilleagrach níos cuimsithí, níos láidre agus níos inbhuanaithe a chothú le hathchóirithe a chruthódh tuilleadh fostaíochta, a chuirfeadh le cóineasú agus buanseasmhacht agus a mhéadódh an chothromaíocht sa tsochaí.

Cé nárbh ionann tosaíochtaí do na Ballstáit ar fad, sainaithníodh próiseas an tSeimeastair Eorpaigh nithe áirithe nach féidir an téarnamh eacnamaíoch a dhaingniú agus a choinneáil ag dul dá n-éagmais, mar atá athchóirithe struchtúracha, borradh a chur faoin infheistíocht agus athneartú an airgeadais phoiblí.

An 22 Samhain seoladh timthriall Sheimeastar Eorpach 2018. Tá tuilleadh athchóirithe struchtúracha molta ag an gCoimisiún agus tá sé ag iarraidh ar na Ballstáit borradh a chur faoin infheistíocht chun tacú le fás eacnamaíoch agus chun táirgeacht agus fás fadtéarmach a mhéadú. Sa timthriall seo tá an Scórchlár Sóisialta in úsáid, clár a seoladh chun Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur i bhfeidhm.

A chinntiú nach ndéantar saobhadh ar an iomaíochas agus státchabhair a rialú

Léirigh cásanna státchabhrach 2017 gur féidir an t-ualach atá ar cháiníocóirí de dheasca tharrtháil na mbanc a laghdú de réir a chéile ach creat an Aontais Baincéireachta a chur i bhfeidhm diaidh ar ndiaidh. Lena chois sin, ó tharla feabhsuithe a bheith á ndéanamh ar an gcóras i gcónaí, go háirithe íoscheanglais le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe, laghdófar an spleáchas ar airgead cáiníocóirí amach anseo.

Is in 2017 a tháinig an chéad chás faoi réir chreat réitigh an Aontais Baincéireachta, agus bhain an cás sin le Banco Popular na Spáinne. Tar éis don Bhord Réitigh Aonair ionstraimí caipitil an bhainc sin a chomhshó agus a dhímheas, díoladh an banc le Santander Group. Ós rud é nach raibh baint ag cabhair ón gCiste leis, níor ghá don Choimisiún idirghabháil a dhéanamh ina cháil mar údarás státchabhrach.

Mar sin féin, tá tábhacht go fóill le rialú státchabhrach in earnáil na baincéireachta. Mar shampla, i gcásanna d'athchaipitliú réamhchúraim (cásanna ina gcuireann stát cistí dílse i mbanc sócmhainneach chun cobhsaíocht airgeadais a chaomhnú), tá feidhm ag na rialacha státchabhrach sonracha maidir le baincéireacht. Cás den chineál sin ab ea cás Banca Monte dei Paschi di Siena, banc ar tugadh cabhair a formheasadh de réir na rialacha státchabhrach dó in 2017, ar bhonn plean cuimsitheach athstruchtúrúcháin.

Is féidir cabhair le haghaidh leachtú laistaigh d’imeachtaí dócmhainneachta náisiúnta a údarú ar choinníollacha áirithe. Cás den saghas sin a bhí sa chás inar fhormheas an Coimisiún an chabhair a thug an Iodáil do Banca Popolare di Vicenza agus do Veneto Banca le cuidiú leo imeacht go hordúil as an margadh, agus leis sin seachnaíodh suaitheadh eacnamaíoch i réigiún Veneto, mar aon le baol morálta agus saobhadh iomaíochta in earnáil na baincéireachta.

D’fhormheas an Coimisiún cabhair don trí bhanc sin ar choinníoll go n-iompródh na scairshealbhóirí agus na sealbhóirí fofhiach a bhí ann cheana cuid den ualach, agus amhlaidh sin an méid a bheadh le híoc ag cáiníocóirí a laghdú.

Ar deireadh, féadfar an tátal a bhaint as an measúnú ar na rialacha státchabhrach go ngníomhaíonn an stát mar ghnáthoibreoir margaidh agus gur cheart dó tuarastal atá ag teacht leis an riosca a fháil ar ghnáththéarmaí an mhargaidh ionas nach mbeidh aon bhaint ag státchabhair leis. B’amhlaidh an scéal i gcás an insteallta caipitil a thug an Phortaingéil do Caixa Geral de Depósitos chun tacú leis mórstraitéis slanúcháin a chur i bhfeidhm.

An tAontas Baincéireachta

Údaráis mhaoirseachta Eorpacha

I mí Mheán Fómhair, d’fhoilsigh an Coimisiún tograí chun maoirseacht banc, margaí airgeadais agus árachais agus pinsean a dhéanamh níos láidre agus níos comhtháite. Is é cuspóir na dtograí cur chun feidhme aonfhoirmeach rialacha an Aontais a chinntiú agus na margaí a bhaineann leo a dhéanamh níos buanseasmhaí. Cuireadh san áireamh sna tograí forbairtí i réimse na dteicneolaíochtaí airgeadais agus tábhacht mhéadaitheach na hinbhuanaitheachta.

Ní mór an tAontas Baincéireachta a chur i gcrích má tá fúinn leas a bhaint as iomlán an phoitéinsil atá ann an tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a dhéanamh níos cobhsaí agus níos buanseasmhaí in aghaidh suaitheadh geilleagrach, agus san am céanna teorainn a chur ar an ngá le comhroinnt riosca phoiblí. In éineacht le hAontas na Margaí Caipitil, déanfaidh Aontas Baincéireachta córas airgeadais cobhsaí agus comhtháite a chur chun cinn san Aontas Eorpach.

Ag tógáil ar an dul chun cinn nach beag atá déanta cheana féin, leag an Coimisiún amach plean a bhí uaillmhianach ach indéanta chun comhaontú a chinntiú ar na gnéithe a bhain leis an Aontas Baincéireachta a bhí gan réiteach go fóill, agus é bunaithe ar ghealltanais ón gComhairle. I gcaitheamh na bliana tháinig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar chomhaontú maidir le bearta breise tábhachtacha chun rioscaí a laghdú in earnáil baincéireachta agus iad bunaithe ar thograí a chuir an Coimisiún i láthair i mí na Samhna 2016. Mar shampla, tabharfaidh na céimeanna sin níos mó soiléireachta i dtaca le stórais mhaolánacha a thógáil chun caillteanais a iompar agus, más gá, beidh sé níos fusa banc a réiteach gan dul i muinín airgead an cháiníocóra.

Is mór an dul chun cinn atá déanta cheana féin ó thaobh stoic na n-iasachtaí neamhthuillmheacha ar chláir chomhardaithe banc a laghdú, ach ní mór tuilleadh a dhéanamh. Déanann iasachtaí neamhthuillmheacha difear do bhrabúsacht banc agus dá gcumas iasachtaí a thabhairt don gheilleagar. Caitheann siad amhras freisin ar chobhsaíocht an chórais baincéireachta. Tá Plean Gníomhaíochta á chur i bhfeidhm ag an Aontas Eorpach iasachtaí neamhthuillmheacha a laghdú a thuilleadh agus, le bearta éagsúla, cosc a chur ar iasachtaí éirí ina n-iasachtaí neamhthuillmheacha ar chor ar bith.

A dTIOCFAIDH AS AN AONTAS BAINCÉIREACHTA

Grafaic faisnéise: Is é atá i gceist leis an Aontas Baincéireachta san Aontas Eorpach  cúram an bheartais bhaincéireachta a aistriú ón leibhéal náisiúnta go leibhéal an Aontais i gcás roinnt de na Ballstáit. In 2012 a cuireadh tús leis an Aontas Baincéireachta, mar fhreagairt ar an ngéarchéim sa limistéar euro, go háirithe a leochailí a bhí neart banc sa limistéar sin agus an fáinne fí a aithníodh a bheith idir staid chreidmheasa na mbanc sin agus staid chreidmheasa náisiúnta a mBallstáit. I roinnt tíortha, rinneadh fiachas príobháideach a tháinig as bolgán réadmhaoine a aistriú chuig an bhfiachas náisiúnta; ba thoradh é sin ar an tarrtháil a rinneadh ar na bainc agus ar an dóigh ar láimhseáil na rialtais an geilleagar nuair a tháinig lágfhás faoi i ndiaidh phléascadh an bholgáin. Ceapadh beartas an Aontais Baincéireachta chun dul i ngleic leis sin.

Seirbhísí airgeadais miondíola

Tá teicneolaíochtaí airgeadais nua ag déanamh difear nach beag don earnáil airgeadais, ó thaobh an tomhaltóra agus an tsoláthraí go háirithe. I mí an Mhárta d’fhoilsigh an Coimisiún Plean Gníomhaíochta maidir le Seirbhísí Airgeadais do Thomhaltóirí chun Margadh Aonair na seirbhísí airgeadais miondíola a láidriú. An aidhm atá ag an bPlean Gníomhaíochta cosaint tomhaltóra a fheabhsú san earnáil sin agus tuilleadh úsáide a bhaint as an digitiú agus as an teicneolaíocht chun feabhas a chur ar fud an Aontais ar an rochtain atá ag tomhaltóirí ar sheirbhísí airgeadais agus ar an rogha de na seirbhísí sin atá ar fáil dóibh. Seoladh comhairliúchán poiblí maidir le nuálaíocht theicneolaíoch i réimse na seirbhísí airgeadais (FinTech) freisin. Bhain an comhairliúchán le deiseanna amhail rochtain ar sheirbhísí airgeadais, cost-éifeachtúlacht, agus iomaíocht, ach bhain sé le rioscaí freisin, e.g. rioscaí a ghabhann leis an gcíbearshlándáil agus le cosaint sonraí. Ba é an aidhm a bhí ag an gcomhairliúchan, freisin measúnú a dhéanamh ar na bacainní atá ann cheana féin a d’fhéadfadh cosc a chur ar fhorás nuálaíochta den sórt sin san Eoraip.

An Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin Valdis Dombrovskis ag cur i láthair an Phlean Gníomhaíochta le haghaidh Seirbhísí Airgeadais do Thomhaltóirí, an Bhruiséil, an 23 Márta 2017.

An Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin Valdis Dombrovskis ag cur i láthair an Phlean Gníomhaíochta le haghaidh Seirbhísí Airgeadais do Thomhaltóirí, an Bhruiséil, an 23 Márta 2017.

Colún Eorpach na gCeart Sóisialta

I mí Aibreáin mhol an Coimisiún pacáiste sóisialta fairsing arbh é ab aidhm dó céim eile a thógáil i dtreo Aontas Eorpach níos cothroime ina mbeidh an ghné shóisialta níos láidre. An moladh maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, bhí sé i gcroí an tionscnaimh sin. Istigh ann, leagtar amach 20 bunphrionsabal agus buncheart chun tacú le margaí saothair agus córais leasa feidhmiú go cothrom agus mar is ceart. Tá sé mar bheadh compás ann do phróiseas athnuaite arb é is aidhm dó feabhas a chur ar dhálaí oibre agus maireachtála san Aontas.

Tá líon áirithe tionscnamh reachtach agus neamhreachtach ag gabháil leis an gColún, go háirithe tograí maidir le cothromaíocht oibre agus saoil tuismitheoirí agus cúramóirí, dálaí oibre, rochtain ar chosaint shóisialta agus am oibre.

An togra a chuir an Coimisiún i láthair i mí na Nollag maidir le dálaí oibre trédhearcacha agus intuartha, comhlánaíonn agus nuachóiríonn sé na hoibleagáidí atá ann cheana gach oibrí a chur ar an eolas faoi na coinníollacha oibre atá i bhfeidhm maidir leis. Ina theannta sin, leagfaí síos leis an togra sin íoschaighdeáin lena ndéanfaí deimhin de go mbeadh breis cinnteachta agus soiléire ag gach oibrí, oibrithe ag a bhfuil conradh neamhthipiciúil san áireamh.

Thairis sin, bunaíodh Scórchlár Sóisialta chun treochtaí agus feidhmíochtaí a rianú i ngach ceann de na Ballstáit in 12 réimse agus measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn atáthar a dhéanamh i dtreo rátáil shóisialta “AAA” a bhaint amach don Aontas Eorpach ina iomláine. Úsáidfear torthaí an Scórchláir Shóisialta sa Seimeastar Eorpach um chomhordú an bheartais eacnamaíoch agus cuideoidh sé chun an bhéim atá aige díriú ar fhostaíocht agus ar fheidhmíocht shóisialta a fheabhsú. An 17 Samhain in Göteborg na Sualainne, thionóil Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin, agus Stefan Löfven, Príomh-Aire na Sualainne, Cruinniú Mullaigh Sóisialta do Phoist Chóra agus d’Fhás, cruinniú ag a ndearnadh Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a fhógairt.

A dTUGANN COLÚN EORPACH NA gCEART SÓISIALTA

Grafaic faisnéise: Leagtar amach i gcolún Eorpach na gceart sóisialta 20 bunphrionsabal agus ceart nach féidir margaí saothair agus córas slándála sóisialta feidhmiú dá n-uireasa sa 21ú céad. Ar thrí chatagóir atá na cearta agus na bunphrionsabail sin bunaithe: (1) comhdheiseanna agus rochtain chothrom ar an margadh saothair (2) dálaí oibre féaráilte; agus (3) cosaint shóisialta agus cuimsiú sóisialta. Ar dhóigheanna le geilleagar sóisialta margaidh ardiomaíochta a chur ar bun, mar aon le lánfhostaíocht agus dul chun cinn sóisialta, atá an bhéim.

AN 12 LIMISTÉAR ATÁ CUIMSITHE AG AN SCÓRCHLÁR SÓISIALTA

Grafaic faisnéise: Tá Scórchlár Sóisialta ag dul le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta agus is é is feidhm don scórchlár sin monatóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an Cholúin trí threochtaí agus feidhmíochtaí a rianadh sna Ballstáit ar fad sa 12 réimse. Cuirfear an fhaisnéis sin san áireamh i dtimthriall comhordúcháin bheartas eacnamaíoch agus fioscach an Aontais.

Cothromaíocht oibre agus saoil

I mí Aibreáin rinne an Coimisiún togra maidir le cothromaíocht oibre agus saoil ina leagtar amach roinnt íoschaighdeán nua nó níos déine maidir le saoire tuismitheora, atharthachta agus cúramóra. Is é is aidhm do na bearta atá molta deis níos mó a thabhairt do na fir freagrachtaí tuismitheora nó cúramóra a ghlacadh chucu féin. Rachaidh sin chun sochair do pháistí agus cuideoidh sé le rannpháirtíocht na mban i margadh an tsaothair, rud a laghdóidh an difear idir fir agus mná ó thaobh fostaíochta de. Leis an togra sin, tabharfar an ceart do thuismitheoirí páistí faoi 12 bhliain d’aois agus do chúramóirí eile socruithe solúbtha oibre a iarraidh freisin.

Gné shóisialta na hEorpa

Tar éis fhoilsiú an Pháipéir Bháin maidir le Todhchaí na hEorpa i mí an Mhárta, d’fhoilsigh an Coimisiún páipéar machnaimh maidir leis an ngné shóisialta den Eoraip i mí Aibreáin, páipéar ina bpléitear an dóigh lenár gcaighdeáin mhaireachtála a choinneáil in airde, tuilleadh post agus poist níos fearr a chruthú, é a chur ar a gcumas do dhaoine na scileanna is gá a shealbhú agus an tsochaí a aontú a thuilleadh, i bhfianaise na sochaí a bheidh ann amach anseo agus i bhfianaise shaol na hoibre. Cuid ríthábhachtach den díospóireacht seo ab ea an Cruinniú Mullaigh Sóisialta do Phoist Chóra agus d’Fhás in Göteborg i mí na Samhna, cruinniú arbh é Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a thoradh.

I mí Dheireadh Fómhair seoladh feachtas múscailte feasachta maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus bochtaineacht fuinnimh. Eagraíodh tionscadal píolóta i gceithre cinn de na Ballstáit (Poblacht na Seice, an Ghréig, an Phortaingéil agus an Rómáin) agus ar na gníomhaíochtaí a bhí ann bhí dearadh agus dáileadh ábhar cumarsáide agus imeachtaí a eagrú in éineacht le geallshealbhóirí agus éascaitheoirí ríthábhachtacha, amhail bardais agus eagraíochtaí tomhaltais. Má bhíonn rath ar an tionscadal seo déanfar é a mheas an fiú é a chur i bhfeidhm ar bhonn níos leithne sna Ballstáit eile. Tosaíocht is ea an feachtas seo, tráth atá cuid mhór teaghlach ar fud an Aontais atá thíos go fóill le héifeacht na géarchéime airgeadais agus eacnamaíche Tá an bhochtaineacht fuinnimh go hard go fóill i gcuid mhór Ballstát, agus na teaghlaigh is géire atá thíos leis, is minic gur teaghlaigh aontuismitheora iad a bhfuil páistí cleithiúnacha acu.

Idirphlé sóisialta Eorpach

Lean an tAontas leis chun an méid a gealladh sa Tús Nua don Idirphlé Sóisialta agus i ráiteas comhpháirteach an 16 Meitheamh 2016 a chur i gcrích maidir leis an ról bunúsach atá ag an Idirphlé Sóisialta Eorpach mar ghné thábhachtach de cheapadh bheartas fostaíochta agus sóisialta an Aontais. Chuaigh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin le comharchumainn, fostóirí agus comhpháirtithe sóisialta i dtaobh tionscnaimh ríthabhachtacha. I gcomhréir le prionsabal Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta maidir le hidirphlé sóisialta, beidh ról tábhachtach ag na comhpháirtithe sóisialta i gcéim an chuir i bhfeidhm.

Plé idir taispeántóir agus an Coimisinéir Marianne Thyssen (ar dheis), maille le Alastair Macphail ón bhFondúireacht Eorpach Oiliúna (an dara duine ar dheis) agus Oren Lamdan, múinteoir (sa lár), ag comhdháil Phróiseas Torino 2016-2017 dar teideal Changing Skills for a Changing World, Torino, an Iodáil, an 8 Meitheamh 2017.

Plé idir taispeántóir agus an Coimisinéir Marianne Thyssen (ar dheis), maille le Alastair Macphail ón bhFondúireacht Eorpach Oiliúna (an dara duine ar dheis) agus Oren Lamdan, múinteoir (sa lár), ag comhdháil Phróiseas Torino 2016-2017 dar teideal Changing Skills for a Changing World, Torino, an Iodáil, an 8 Meitheamh 2017.

Poitéinseal daoine a neartú le hoideachas agus le hoiliúint

Is le córais éifeachtúla oideachais agus oiliúna a shealbhaíonn daoine óga an t-eolas, na hinniúlachtaí agus na scileanna is gá chun teacht ar obair shásúil le go mbeidh siad ina saoránaigh neamhspleácha lánpháirteacha. Tugann na nithe sin caoi d’oibrithe a gcuid scileanna a uasghrádú freisin chun dul i ngleic le modhanna oibre atá ag athrú agus le riachtanais mhargadh an tsaothair agus chun táirgeacht agus fás a mhéadú.

I dtromlach na mBallstát is tosaíocht é athchóirithe a dhéanamh ar na córais oideachais agus oiliúna agus bhí an tosaíocht sin ina cuid lárnach freisin de Sheimeastar Eorpach 2017 (féach Caibidil 1 mar a bhfuil tuilleadh eolais faoin Seimeastar Eorpach). Rinneadh moladh tír-shonrach i leith 14 Bhallstát i réimse an oideachais agus na hoiliúna.

Bhí athchóirithe i gcroílár straitéis an Aontais maidir le hoideachas ar ardchaighdeán a chur ar fáil do chách, straitéis a glacadh i mí na Bealtaine, agus ina raibh tionscnaimh nua ar fhorbairt scoileanna agus ar chlár oibre athnuaite le haghaidh ardoideachas. I mí na Samhna ghlac an Chomhairle an togra maidir le rianú céimithe chun cuidiú leis na Ballstáit faisnéis a bhailiú ar a ndéanann céimithe tar éis a gcuid staidéir a chríochnú, agus d’ullmhaigh an Coimisiúin togra a cuireadh faoi bhráid cheannairí an Aontais maidir leis an dóigh le bheith ag obair le chéile i dtreo Limistéar Oideachais Eorpach trí fhéiniúlachta na hEorpa a neartú trí oideachas agus cultúr. I mí na Nollag d’iarr ceannairí an Aontais ar an gCoimisiún Eorpach obair a dhéanamh i dtreo soghluaiseacht mhéadaithe trí shíneadh a chur leis an gclár Erasmus+; 20 ollscoil Eorpacha a bhunú faoi 2024; foghlaim teangacha a chur chun cinn; Cárta Mac Léinn Eorpach a thabhairt isteach; comhoibriú leis na Ballstáit i dtreo aitheantas frithpháirteach a thabhairt ar dhioplómaí ardoideachais agus scoile; agus cultúr a chur chun cinn le linn Bhliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha 2018.

Teagmháil leis na saoránaigh

Buaicphointí na gComhphléití leis na Saoránaigh in 2017

Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, i láthair ag Comhphlé leis na Saoránaigh in St. Vith, an Bheilg, an 15 Samhain 2017.

Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, i láthair ag Comhphlé leis na Saoránaigh in St. Vith, an Bheilg, an 15 Samhain 2017.

An tArd-Ionadaí/Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin Federica Mogherini agus Joseph Muscat, Príomh-Aire Mhálta, i láthair ag Comhphlé leis na Saoránaigh sa Róimh, an Iodáil, an 24 Márta 2017.

An tArd-Ionadaí/Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin Federica Mogherini agus Joseph Muscat, Príomh-Aire Mhálta, i láthair ag Comhphlé leis na Saoránaigh sa Róimh, an Iodáil, an 24 Márta 2017.

Céad-Leas-Uachtarán an Choimisiúin Frans Timmermans ag glacadh páirt i gComhphlé leis na Saoránaigh beo ó stiúideo TV Slovenija, Liúibleána, an tSlóivéin, an 4 Meán Fómhair 2017.

Céad-Leas-Uachtarán an Choimisiúin Frans Timmermans ag glacadh páirt i gComhphlé leis na Saoránaigh beo ó stiúideo TV Slovenija, Liúibleána, an tSlóivéin, an 4 Meán Fómhair 2017.

An Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin Andrus Ansip ag Comhphlé leis na Saoránaigh faoi na deiseanna a chuireann an Margadh Aonair Digiteach ar fáil, Búdaipeist, an Ungáir, an 9 Samhain 2017.

An Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin Andrus Ansip ag Comhphlé leis na Saoránaigh faoi na deiseanna a chuireann an Margadh Aonair Digiteach ar fáil, Búdaipeist, an Ungáir, an 9 Samhain 2017.

An Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin Valdis Dombrovskis ag Comhphlé leis na Saoránaigh faoi infheistíocht agus faoi staid bheartas fioscach agus bheartas eacnamaíoch an Aontais, Tartu, an Eastóin, an 31 Deireadh Fómhair 2017.

An Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin Valdis Dombrovskis ag Comhphlé leis na Saoránaigh faoi infheistíocht agus faoi staid bheartas fioscach agus bheartas eacnamaíoch an Aontais, Tartu, an Eastóin, an 31 Deireadh Fómhair 2017.

An Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin Maroš Šefčovič ag cur an Aontais Fuinnimh i láthair le linn Comhphlé leis na Saoránaigh i dTaillinn, an Eastóin, an 21 Meán Fómhair 2017.

An Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin Maroš Šefčovič ag cur an Aontais Fuinnimh i láthair le linn Comhphlé leis na Saoránaigh i dTaillinn, an Eastóin, an 21 Meán Fómhair 2017.

An Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin Jyrki Katainen ag Comhphlé leis na Saoránaigh faoi thodhchaí na hEorpa in Kuopio, an Fhionlainn, an 24 Samhain 2017.

An Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin Jyrki Katainen ag Comhphlé leis na Saoránaigh faoi thodhchaí na hEorpa in Kuopio, an Fhionlainn, an 24 Samhain 2017.

CAIBIDIL 6

Beartas trádála cothrom forásach chun leas a bhaint as an domhandú

“Ní ghéillfidh mé orlach, fiú dá mba ar son na saorthrádála é, i dtaca lenár gcuid caighdeán sábháilteachta, sláinte, cosanta sóisialta agus sonraí, ná i dtaca lenár n-éagsúlacht chultúrtha. Chomh fada liomsa de, i mo cháilíocht mar Uachtarán ar an gCoimisiún, is lú fós a ghéillfidh mé i dtaca le sábháilteacht an bhia a ithimid ná le cosaint shonraí pearsanta na nEorpach. Rud eile, ní bheidh aon ghlacadh agam go bhfuil srian le dlínse na gcúirteanna sna Ballstáit de thoradh réimis speisialta a ceapadh do dhíospóidí idir infheisteoirí. Caithfidh an smacht reachta agus prionsabal an chomhionannais os comhair an dlí a bheith i bhfeidhm sna díospóidí sin freisin.”

Jean-Claude Juncker, Treoirlínte Polaitiúla, 15 Iúil 2014

© iStockphoto.com/ake1150sb

© iStockphoto.com/ake1150sb

Tá an tAontas ar cheann de na geilleagair is oscailte ar domhan agus tá clár oibre caibidlíochta trádála ardaidhmeannach aige. Tá sé d’aidhm leis an gclár sin margaí a oscailt agus cothrom iomaíochta a chur ar fáil do ghnólachtaí de chuid an Aontais ar fud an domhain. Tá geilleagar an Aontais ag brath ar an trádáil: in aghaidh an €1 bhilliún a easpórtálaimid, cruthaítear 14 000 post breise san Aontas. A bheith oscailte don domhan agus ardchaighdeáin a bheith againn, sin an bealach is fearr fós chun an domhandú a chur ag obair ar son shaoránaigh uile an Aontais.

Ós rud é go bhfuil 31 mhilliún post san Aontas ag brath ar easpórtálacha, go ndéantar na ceithre chúigiú cuid de na hiompórtálacha chuig an Aontas a úsáid chun earraí nó seirbhísí de chuid an Aontais a tháirgeadh nó a chur ar fáil agus go bhfuiltear ag súil gur lasmuigh den Aontas a tharlóidh 90 % den fhás domhanda sna blianta amach romhainn, tá an trádáil oscailte níos tábhachtaí ná riamh san Aontas Eorpach.

Tá an tAontas tiomanta rathúnas an Aontais a bhunú ar chóras trádála iltaobhach atá bunaithe ar rialacha agus tá príomhról ag an Aontas i gcónaí san Eagraíocht Dhomhanda Trádála. Nuair a sháraíonn stáit eile na rialacha domhanda trádála nó nuair a bhíonn cleachtais éagóracha trádála in úsáid acu, cosnaíonn an tAontas gnólachtaí agus oibrithe na hEorpa.

In 2017 thug an tAontas agus an tSeapáin i gcrích an chaibidlíocht eatarthu i dtaobh Comhaontú um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin agus thosaigh an tAontas agus Ceanada ar an gComhaontú Cuimsitheach Eacnamaíoch agus Trádála eatarthu a chur i bhfeidhm go sealadach. Rinne an tAontas dul chun cinn mór i gcaibidlíocht trádála dhéthaobhach le comhpháirtithe eile agus thosaigh sé ar chainteanna leis an tSile. Lena chois sin, mhol an Coimisiún Eorpach cainteanna trádála a chur ar bun leis an Astráil agus an Nua-Shéalainn.

Chomhaontaigh Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh ar thogra chun ionstraimí cosanta trádála an Aontais a nuachóiriú agus tháinig modh nua chun dumpáil a ríomh i bhfeidhm chun na hionstraimí sin a dhéanamh níos láidre. Mhol an Coimisiún creat nua chun infheistíochtaí straitéiseacha as áiteanna taobh amuigh den Aontas Eorpach a scagadh agus thug an tAontas céimeanna nithiúla chun cur in aghaidh cleachtais mhí-eiticiúla ar nós trádáil i mianraí coinbhleachta.

Beartas trádála cothrom forásach

Le blianta beaga anuas tá méadú ag teacht ar na dúshláin atá roimh an trádáil idirnáisiúnta. Tá amhras ann arís faoi éifeachtaí an domhandaithe agus táthar ag ceistiú an chuspóra atá le comhaontuithe trádála, an fiúntas a bhaineann leo agus na contúirte móire atá leis an gcosantachas atá ag teacht i dtreis arís. Tuigeann an Coimisiún go bhfuil gá ann anois níos mó ná riamh, chun freagairt do na dúshláin sin, le beartas trádála éifeachtach trédhearcach atá bunaithe ar luachanna. Dá réir sin, leanadh de bhunphrionsabail na straitéise Trádáil do Chách, a seoladh i mí Dheireadh Fómhair 2015, a úsáid chun an cur chuige a bhí ann in 2017 a threorú: a bheith oscailte don domhan agus ardchaighdeáin a bheith againn, sin an bealach is oiriúnaí fós chun an domhandú a chur ag obair ar son cách san Aontas.

I gcomhthéacs na hóráide ar Staid an Aontais a thug Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, agus ar foilsíodh páipéar machnaimh ar leas a bhaint as an domhandú roimpi i mí na Bealtaine, chuir an Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin Jyrki Katainen agus an Coimisinéir Cecilia Malmström pacáiste tionscnamh i láthair a bhain le sraith ceisteanna trádála. Sa phacáiste sin tá Teachtaireacht maidir le beartas trádála; dréacht-sainorduithe le haghaidh caibidlíocht leis an Astráil agus an Nua-Shéalainn agus le haghaidh Cúirt Infheistíochta Iltaobhaí nua; agus creat chun infheistíocht dhíreach choigríche a scagadh chun a chinntiú go leanfaidh sí de bheith ina foinse mhór fáis san Aontas, agus bunleasanna an Aontais a chosaint san am céanna. Bhí tuarascáil ar dhul chun cinn na straitéise Trádáil do Chách sa phacáiste freisin. I mí na Samhna d’fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil ar chur i bhfeidhm chomhaontuithe saorthrádála an Aontais.

Lean an tAontas dá phríomhról san Eagraíocht Dhomhanda Trádála, go háirithe ag an 11ú Comhdháil Aireachta in Buenos Aires na hAirgintíne i mí na Nollag. Cé nár tháinig aon toradh iltaobhach as an gComhdháil Aireachta sin, d’athdhearbhaigh an tAontas go mbeadh sé an-tiomanta don Eagraíocht agus go dtabharfadh sé tacaíocht i gcónaí chun teacht ar réitigh ar cheisteanna móra an chórais dhomhanda trádála iltaobhaigh.

Lena Straitéis um Rochtain ar an Margadh tá an tAontas ag iarraidh margaí a oscailt trí dhul i ngleic le bacainní atá roimh an rochtain ar an margadh ar fud an domhain, agus tá sé tiomanta, san am céanna, do thrádáil chothrom fhreagrach atá bunaithe ar rialacha.

Teacht i bhfeidhm chomhaontú trádála an Aontais Eorpaigh agus Cheanada.

Eoraip a chosnaíonn

Tá an tAontas tiomanta rathúnas an Aontais a bhunú ar chóras trádála iltaobhach atá bunaithe ar rialacha agus ar gá é chun go mbeidh an trádáil ina fhórsa dearfach ar fud an domhain. Ar a bharr sin, cosnaíonn sé, lena bheartas trádála, gnólachtaí agus oibrithe laistigh den Aontas go láidir nuair a sháraíonn stáit eile na rialacha domhanda trádála nó nuair a bhíonn cleachtais éagóracha trádála in úsáid acu.

Tá an tAontas ar cheann de na húsáideoirí is gníomhaí agus is rathúla atá ag meicníocht réitigh díospóidí na hEagraíochta Domhanda Trádála. Nuair a chliseann idirghabhálacha taidhleoireachta, ní bhíonn drogall ar an Aontas na nósanna imeachta sin a úsáid chun a chearta a fheidhmiú faoi rialacha na hEagraíochta chun a chinntiú go mbeidh buntáistí uile a bhallraíochta á bhfáil aige le haghaidh a chuid gnólachtaí, oibrithe agus feirmeoirí. Seo roinnt samplaí den mhéid a bhaineamar amach in 2017: rialaigh an Eagraíocht Dhomhanda Trádála go raibh toirmeasc na Rúise ar iompórtáil muiceola agus táirgí muiceola mídhleathach; chuir an tSín deireadh lena shrianta le heaspórtálacha bun-amhábhar áirithe; agus d’ísligh an Rúis a dhleachtanna iompórtála ar tháirgí as an Aontas.

I gcomhréir le rialacha na hEagraíochta Domhanda Trádála agus reachtaíocht an Aontais, d’fhorchuir an tAontas 34 bheart cosanta trádála in aghaidh cleachtais éagóracha trádála a raibh tíortha lasmuigh den Aontas ina mbun, dleachtanna frithdhumpála ar chruach as an tSín san áireamh (is éard is dleacht frithdhumpála ann taraif a fhorchuireann rialtas náisiúnta ar iompórtálacha ón gcoigríoch a gcreideann sé go bhfuil a bpraghsanna faoi bhun an luacha margaidh chothroim). In 2017 d’fhorchuir an tAontas 11 bheart chun tionscal cruach na hEorpa a chosaint. De réir tuarascálacha atá ar fáil go poiblí, tá tionscal na cruach ag dul i mbrabúsacht arís.

Sa bhreis air sin, cosnaíonn an tAontas a chuid tionscal nuair a dhéanann tíortha lasmuigh den Aontas fiosrúcháin maidir le dleachtanna frithdhumpála agus frithchúitimh ar easpórtálacha an Aontais, mar a rinne sna himeachtaí a sheol an Astráil (trátaí próiseáilte), an tSín (stáirse prátaí) agus na Stáit Aontaithe (ológa) le déanaí.

An Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin Jyrki Katainen i mbun preasagallamh faoi chlár oibre an Choimisiúin maidir le beartas trádála cothrom forásach, an Bhruiséil, an 14 Meán Fómhair 2017.

An Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin Jyrki Katainen i mbun preasagallamh faoi chlár oibre an Choimisiúin maidir le beartas trádála cothrom forásach, an Bhruiséil, an 14 Meán Fómhair 2017.

I mí na Nollag thoiligh an tAontas a rialacháin frithdhumpála agus frith-fhóirdheontais a nuachóiriú chun go mbeadh a ionstraimí cosanta trádála níos oiriúnaí do dhúshláin an gheilleagair dhomhanda. Éireoidh siad níos éifeachtaí, níos trédhearcaí agus níos so-úsáidte do ghnólachtaí, agus i gcásanna áirithe cuirfidh siad ar chumas an Aontais dleachtanna níos airde a fhorchur ar tháirgí atá á ndumpáil. Chomh maith leis sin, d’athraigh an tAontas an chaoi a ríomhann sé an dumpáil le linn imscrúduithe frithdhumpála ar iompórtálacha ó chomhaltaí den Eagraíocht Dhomhanda Trádála nuair a bhíonn praghsanna agus costais saofa de dheasca idirghabháil stáit.

Tá bacainní trádála roimh easpórtálaithe san Aontas in áiteanna ar fud an domhain fós. Léiríodh sa tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiún ar bhacainní trádála agus infheistíochta gur tháinig méadú 10 % ar na bacainní trádála a bhí roimh easpórtálaithe an Aontais in 2016 agus go raibh 372 bhacainn rompu in os cionn 50 tír ar fud an domhain. Luadh sa tuarascáil gurbh fhéidir go ndéanfadh 36 bhacainn a tháinig chun cinn in 2016 difear do luach €27 mbilliún d’easpórtálacha an Aontais ach gur cuireadh deireadh le 20 bacainn eile a rinne difear do luach €4.2 billiún d’easpórtalacha de bharr na Straitéise um Rochtain ar an Margadh atá ag an gCoimisiún.

I mí Mheán Fómhair, sheol an tAontas trí phríomhchlár comhair agus cúnaimh i leith maoin intleachtúil i gcomhpháirt leis an tSín, le Meiriceá Laidineach agus le hOirdheisceart na hÁise. Is é an aidhm atá leo an trádáil mhídhleathach in earraí a sháraíonn cearta maoine intleachtúla ealaíontóirí, aireagóirí agus brandaí as an Aontas Eorpach a laghdú agus cosaint idirnáisiúnta na gceart sin a chur chun cinn.

Sa bhreis air sin, thug an tAontas céimeanna nithiúla chun cur in aghaidh cleachtais mhí-eiticiúla, ar nós trádáil i mianraí coinbhleachta. I mí Aibreáin glacadh Rialachán nua chun deireadh a chur le trádáil in acmhainní nádúrtha a dhíoltar chun cur le foréigean armtha i limistéir chogaíochta agus an foréigean sin a chothú agus tháinig sé i bhfeidhm 2 mhí ina dhiaidh sin. Leis an Rialachán sin, forchuirtear rialacha maidir le dícheall cuí ar ghnólachtaí a iompórtálann an stán, an tantalam, an tungstan agus a mianta agus an t-ór. Úsáidtear na miotail agus na mianta sin chun táirgí coitianta a dhéanamh ar nós fóin phóca, gluaisteán agus seodra. Cumhdóidh na rialacha sin suas le 95 % d’iompórtálacha an Aontais ó Eanáir 2021 amach.

Ar a bharr sin, sheas an tAontas in aghaidh an chéasta agus phionós an bháis nuair a sheol sé an Chomhghuaillíocht le haghaidh Trádáil Saor ó Chéasadh in éineacht leis an Airgintín agus leis an Mongóil ag Tionól na Náisiún Aontaithe i mí Mheán Fómhair. Shínigh toscaireachtaí as 58 dtír dearbhú polaitiúil inar gheall siad go ndéanfadh siad bearta, ar nós reachtaíochta agus córais forfheidhmithe éifeachtacha, chun srian agus deireadh a chur le trádáil in earraí is féidir a úsáid le haghaidh phionós an bháis agus céasadh.

Eoraip atá ar thús cadhnaíochta

Na comhaontuithe trádála atá tugtha i gcrích ag an Aontas le caibidlíocht nó a bhfuil sé i mbun caibidlíochta fúthu le tíortha ar fud an domhain, tá sé d’aidhm leo a chinntiú go mbeidh an trádáil ag obair ar son cách. Leis na comhaontuithe sin osclaítear margaí agus scaiptear luachanna an Aontais, ar nós chosaint an chomhshaoil agus chearta an lucht saothair.

Chuige sin, mhol an Coimisiún caibidlíocht a chur ar bun chun cúirt iltaobhach a bhunú chun díospóidí infheistíochta a réiteach, rud nach bhfuil a leithéid ann faoi láthair sa rialachas domhanda.

An Comhaontú um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin

Tá geilleagar na Seapáine ar an gceathrú geilleagar is mó ar domhan. I mí Iúil tháinig an tAontas agus an tSeapáin ar chomhaontú i bprionsabal i leith phríomhghnéithe an Chomhaontaithe um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin, agus i mí na Nollag d’fhógair siad gur éirigh leis na cainteanna deiridh. Leis an gComhaontú cuirfear deireadh leis na bacainní trádála agus cuideofar leis an Aontas agus an tSeapáin na rialacha trádála domhanda a mhúnlú le chéile. Beidh an comhaontú trádála ar an gcomhaontú déthaobhach is tábhachtaí dár thug an tAontas i gcrích.

Den chéad uair riamh i gcomhaontú trádála de chuid an Aontais, beidh gealltanas sonrach ann go gcloífidh an dá thaobh le Comhaontú Aeráide Pháras agus beidh caibidil shonrach le haghaidh gnólachtaí beaga ann ina gcumhdófar an trédhearcacht agus leagan amach sonrach institiúideach.

Cuirfidh an Comhaontú um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch deireadh le formhór mór an €1 bhilliún de dhleachtanna a íocann gnólachtaí san Aontas gach bliain. Cuirfidh sé le líon na n-easpórtálacha agus cruthóidh sé deiseanna nua do ghnólachtaí an Aontais, idir bheag agus mhór, agus dá bhfostaithe agus do thomhaltóirí. Osclóidh sé margadh na Seapáine do phríomheaspórtálacha talmhaíochta an Aontais agus cuirfidh sé leis na deiseanna i roinnt earnálacha. Is féidir go dtiocfaidh méadú chomh mór le €20 billiún ar luach easpórtálacha an Aontais. Lena chois sin is fusa a bheidh sé de bharr an chomhaontaithe do ghnólachtaí san Aontas seirbhísí a chur ar fáil don tSeapáin i réimsí ar nós iompar muirí agus teileachumarsáide.

COMHAONTÚ TRÁDÁLA TUGTHA I gCRÍCH AG AN tAONTAS AGUS AG AN tSEAPÁIN

Grafaic faisnéise: Tiocfaidh den Chomhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas agus an tSeapáin mórdheiseanna margaidh don dá pháirtí agus neartófar an comhar eatarthu i roinnt réimsí. Maidir leis an Aontas agus a Bhallstáit, cuirfear deireadh le formhór mór na ndleachtanna a íocann gnólachtaí an Aontais, dleachtanna is fiú suas le €1 billiún gach bliain, osclófar margadh na Seapáine d'easpórtálacha tábhachtacha talmhaíochta ón Aontas agus méadóidh deiseanna easpórtálacha i roinnt mhaith earnálacha.

Leagfar síos sa Chomhaontú um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch ardchaighdeáin maidir le saothar, sábháilteacht, cosaint an chomhshaoil agus cosaint tomhaltóirí, agus tabharfar lánchosaint do sheirbhísí poiblí. Ina cheann sin, tá caibidil ar leith ann ar an bhforbairt inbhuanaithe. Anuas ar a bhfuil sa chomhaontú, tá gealltanas tugtha ag an Aontas agus ag an tSeapáin go ndéanfaidh siad bearta chun saorghluaiseacht sonraí idir an dá gheilleagar a éascú.

Grafaic faisnéise: Tiocfaidh den Chomhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas agus an tSeapáin mórdheiseanna margaidh don dá pháirtí agus neartófar an comhar eatarthu i roinnt réimsí. Maidir leis Aontas agus a Bhallstáit, cuirfear deireadh le formhór mór na ndleachtanna a íocann gnólachtaí an Aontais, dleachtanna is fiú suas le €1 bhilliún gach bliain, osclófar margadh na Seapáine d’easpórtálacha tábhachtacha talmhaíochta ón Aontas agus méadóidh deiseanna easpórtálacha i roinnt mhaith earnálacha. 
De bharr an chomhaontaithe leagfar síos ardchaighdeáin maidir le saothar, sábháilteacht, cosaint an chomhshaoil, cosaint tomhaltóirí, agus tabharfar lánchosaint do sheirbhísí poiblí. Ina cheann sin, tá caibidil ar leith sa chomhaontú ar an bhforbairt inbhuanaithe. Anuas ar a bhfuil sa chomhaontú, tá gealltanas tugtha ag an Aontas agus ag an tSeapáin go ndéanfaidh siad bearta chun saorghluaiseacht sonraí idir an dá gheilleagar a éascú.

Comhaontú Cuimsitheach Eacnamaíoch agus Trádála le Ceanada

Tosaíodh ar an gComhaontú Cuimsitheach Eacnamaíoch agus Trádála le Ceanada a chur i bhfeidhm go sealadach an 21 Meán Fómhair.

Spárálfaidh an comhaontú trádála idir an tAontas Eorpach agus Ceanada os cionn €500 milliún in aghaidh na bliana do ghnólachtaí san Aontas, airgead a íocadh roimhe sin mar tharaifí ar earraí a d’easpórtáil siad go Ceanada. Thosaigh beagnach 99 % den choigilt sin ar chéad lá an chomhaontaithe, agus tabharfaidh sé do ghnólachtaí san Aontas an rochtain is fearr ar chonarthaí soláthair phoiblí Cheanada ar leibhéil na cónaidhme, an chúige agus an bhardais.

Sábhálfaidh na gnólachtaí uile airgead agus am de bharr laghduithe ar chostais de réir an aonaid a bhaineann le heaspórtáil, de bhrí, cuir i gcás, nach mbeidh orthu rialacha maidir le tástáil táirgí a chomhlíonadh faoi dhó, agus de bharr go bhféadfaidh siad nósanna imeachta fadálacha custaim agus ardchostais dlí a sheachaint.

Cruthóidh an Comhaontú le Ceanada deiseanna nua d’fheirmeoirí agus do tháirgeoirí bia san Aontas. I gcás táirgí áirithe doscail an tAontas a mhargadh, ach is rochtain theoranta shaincheaptha atá i gceist. An rochtain bhreise a bheidh ag Ceanada ar mhargadh an Aontais, gheobhaidh an tAontas cúiteamh air mar go n-osclóidh Ceanada a mhargadh féin i réimsí ina bhfuil fonn ar tháirgeoirí san Aontas Eorpach cur lena n-easpórtálacha, réimsí ar nós na cáise, an fhíona agus na biotáille, na dtorthaí agus na nglasraí agus na dtáirgí próiseáilte. Chomh maith leis sin déanfar 143 tháirge ardcháilíochta shainiúla réigiúnacha bia agus dí de chuid an Aontais (ar a dtugtar tásca geografacha) a chosaint ar mhargadh Cheanada sa chaoi nach féidir táirgí bréige a dhíol faoina n-ainm. Maidir le maoin intleachtúil a chosaint tugadh rialacha Cheanada i gcomhréir le rialacha an Aontais maidir le teicneolaíochtaí nua a chosaint agus cearta digiteacha a bhainistiú.

Tá 500 milliún tomhaltóir san Aontas, agus bainfidh siad ar fad tairbhe as an gComhaontú mar gurb iad na táirgí agus na seirbhísí sin atá go hiomlán i gcomhréir le rialacháin an Aontais, agus iad sin amháin, a ligfear isteach sa mhargadh. Dá bhrí sin, ní athróidh an Comhaontú an chaoi a rialálann an tAontas an tsábháilteacht bia, rialacha maidir le táirgí ina bhfuil orgánaigh ghéinmhodhnaithe agus an toirmeasc ar mhairteoil hormónchóireáilte san áireamh.

ACHOIMRE AR AN gCOMHAONTÚ CUIMSITHEACH EACNAMAÍOCH AGUS TRÁDÁLA IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS CEANADA

Grafaic faisnéise: Tiocfaidh den chomhaontú trádála idir an tAontas Eorpach agus Ceanada deiseanna nua do ghnólachtaí an Aontais, beag nó mór iad, earraí agus seirbhísí a easpórtáil go Ceanada. Sábhálfar €590 milliún sa bhliain ar ghnólachtaí an Aontais - is é sin costas na dtaraifí atá ar easpórtálacha go Ceanada. Do ghnólachtaí beaga go háirithe a rachaidh an comhaontú chun tairbhe, arae is iad is lú atá in acmhainn costas an rómhaorlathais a sheasamh a leanann earraí a easpórtáil go Ceanada. Sábhálfaidh gnólachtaí beaga airgead agus am, de bhrí, cuir i gcás, nach mbeidh orthu rialacha maidir le tástáil táirgí a chomhlíonadh faoi dhó, agus de bharr go bhféadfaidh siad nósanna imeachta fadálacha custaim agus ardchostais dlí a sheachaint.  
Tiocfaidh deiseanna nua den chomhaontú d'fheirmeoirí agus do tháirgeoirí bia san Aontas, ach san am céanna tabharfar dianchosaint d'earnálacha íogaire an Aontais. Tá rochtain níos forleithne ar an margadh tugtha ag an Aontas do tháirgí áirithe as Ceanada atá in iomaíocht le táirgí de chuid an Aontais, ach is rochtain theoranta shaincheaptha í fós. Os a choinne sin, chuaigh ag an Aontas rochtain níos fearr ar mhargadh Cheanada a fháil d'easpórtálacha tábhachtacha áirithe ón Eoraip. Orthu sin tá cáis, fíon agus biotáille, torthaí agus glasraí, agus táirgí próiseáilte. 
Lena chois sin, mar thoradh ar an gComhaontú beidh níos mó deimhneacht dhlíthiúil sa gheilleagar seirbhísí, beidh níos mó soghluaisteachta ag oibrithe agus beidh creat ann don dá pháirtí aitheantas a thabhairt do cháilíochtaí a chéile, cáilíochtaí de gach saghas, ó cháilíochtaí ailtireachta go cáilíochtaí d'oibreoirí crann tógála.

 

Lena chois sin, mar thoradh ar an gComhaontú beidh níos mó deimhneacht dhlíthiúil sa gheilleagar seirbhísí, beidh soghluaisteacht níos fearr ag oibrithe gnólachtaí agus beidh creat ann don dá pháirtí aitheantas a thabhairt do cháilíochtaí a chéile, cáilíochtaí de gach saghas, ó cháilíochtaí ailtireachta go cáilíochtaí d’oibreoirí crann tógála.

Próiseas caibidlíochta trédhearcach cuimsitheach

Bhí trédhearcacht agus caidreamh leis an bpobal ríthábhachtach in 2017, mar a bhí siad roimhe sin, chun a chinntiú go mbeadh an daonlathas, muinín an phobail agus an chuntasacht i bhfeidhm sna beartais trádála. Ní mór trédhearcacht agus caidreamh leis an bpobal a bheith ann sula dtosófar an chaibidlíocht, lena linn agus ina diaidh, agus nuair a chuirtear comhaontuithe i bhfeidhm. In 2017 thug an tAontas céimeanna breise sa réimse seo, sa chaoi go raibh sé ar thús cadhnaíochta i leith na trédhearcachta i mbeartais trádála.

I mí Mheán Fómhair d’fhoilsigh an Coimisiún a chuid moltaí maidir le caibidlíocht a sheoladh i leith comhaontuithe trádála leis an Astráil agus an Nua-Shéalainn agus maidir leis an gCúirt Infheistíochta Iltaobhach. Cuireadh na moltaí sin ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig parlaimintí náisiúnta uile na mBallstát an tráth céanna a cuireadh chuig an gComhairle iad. Is fusa a bheidh sé, dá bharr sin, do pharlaimintí náisiúnta agus geallsealbhóirí a dtuairimí a chur in iúl a luaithe is féidir do na rialtais a bheidh ag gníomhú thar a gceann i gcainteanna na Comhairle. D’fhoilsigh an Chomhairle treoracha caibidlíochta maidir leis an gComhaontú um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin.

Lean an Coimisiún de bheith ag foilsiú na bpáipéar seasaimh, na moltaí i leith théacs na gcomhaontuithe a raibh sé i mbun caibidlíochta fúthu agus na dtuarascálacha faoi bhabhtaí na caibidlíochta. D’fhoilsigh sé freisin ábhar leitheadach breise faoi chomhaontuithe an Aontais le Ceanada agus leis an tSeapáin sa chaoi go raibh an pobal agus na gnólachtaí ar an eolas fúthu agus faoi conas tairbhe a bhaint astu.

Le linn na bliana d’fhoilsigh an Coimisiún an chéad tuarascáil bhliantúil chuimsitheach uaidh ina raibh measúnú ar chur i bhfeidhm chomhaontuithe trádála an Aontais. Chuir sin ar chumas institiúidí eile de chuid an Aontais, geallsealbhóirí agus an tsochaí shibhialta mionscrúdú a dhéanamh ar an gcaoi a raibh an tAontas ag cur na gcomhaontuithe i bhfeidhm. Chomh maith leis sin, déanann an Coimisiún, ar bhonn rialta, measúnuithe tionchair, measúnuithe tionchair ar inbhuanaitheacht agus meastóireachtaí ar an gcaibidlíocht a rinne sé agus ar na comhaontuithe a tháinig aisti. Mar chuid de sin eagraítear, i rith an phróisis, comhairliúcháin chuimsitheacha le geallsealbhóirí agus cruinnithe rialta le grúpaí as an tsochaí shibhialta.

TRÉDHEARCACHT I gCAIBIDLÍOCHT TRÁDÁLA

Grafaic faisnéise: D'fhonn a bheith chomh trédhearcach agus is féidir agus iad i mbun caibidlíocht trádála d'ullmhaigh oifigigh de chuid an Aontais in 2017 17 dtuarascáil ar na babhtaí caibidlíochta, 82 dhoiciméad maidir le caibidlíocht trádála, agus chuir siad 65 fhógra téacsmoladh maidir le téacsanna caibidlíochta i láthair. Reáchtáladh 23 chruinniú le heagraíochtaí den tsochaí shibhialta agus 14 chruinniú oifigiúla le Coiste um Thrádáil idirnáisiúnta Pharlaimint na hEorpa.

I mí na Nollag chuir an Coimisiún ar bun Grúpa Saineolaithe ar Chomhaontuithe Trádála de chuid an Aontais, comhlacht comhairleach ina bhfuil ceardchumainn, eagraíocht fostóirí, grúpaí tomhaltóirí agus eagraíochtaí neamhrialtasacha eile. Tugann sé tuiscintí agus léargais eile ar an trádáil don Choimisiún.

Caibidlíocht trádála eile

Leanadh den obair i rith na bliana chun margaí nua a oscailt d’easpórtálacha an Aontais trí líon na gcomhpháirtithe a bhfuil comhaontuithe trádála aige leo a ardú ón 91 cheann atá ann faoi láthair. Sheol an tAontas caibidlíocht trádála nua agus rinne sé dul chun cinn mór sna cainteanna a bhí ar siúl cheana féin. Ós rud é gur cuireadh stop leis an gcaibidlíocht i leith Comhaontú Trasatlantach Trádála agus Infheistíochta leis na Stáit Aontaithe, is é an sprioc a bhí ag an Aontas ó thaobh na trádála leis na Stáit Aontaithe, réimsí a aimsiú inar cheart dóibh a bheith ag obair níos dlúithe le chéile chun freagairt níos fearr do dhúshláin dhomhanda. Idir an dá linn, shínigh an dá thaobh comhaontú déthaobhach maidir le hárachas agus athárachas, rud a chuirfidh le cosaint an tomhaltóra agus a chiorróidh costais agus rómhaorlathas d’arachóirí agus atharachóirí atá ag feidhmiú sna Stáit Aontaithe.

An Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin Valdis Dombrovskis i láthair ag Fóram an Aontais Eorpaigh, na hÁise agus an Aigéin Chiúin, Hong Cong, an 1 Nollaig 2017.

An Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin Valdis Dombrovskis i láthair ag Fóram an Aontais Eorpaigh, na hÁise agus an Aigéin Chiúin, Hong Cong, an 1 Nollaig 2017.

An chomharsanacht theas agus thoir

Sa chomharsanacht theas dhírigh an tAontas ar an gcaibidlíocht le haghaidh Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála leis an Túinéis, rud atá ina eiseamláir ó thaobh dul chun cinn leis an Afraic Thuaidh. I mí an Mheithimh, mar chomhlánú ar an gcaibidlíocht, sheol an Coimisiún agus an Lárionad Trádála Idirnáisiúnta sa Ghinéiv Deasc Cabhrach EuroMed. Trí eolas ríthábhachtach a thabhairt do ghnólachtaí faoi mhargaí, taraifí agus ceanglais iompórtála, tá an Deasc Cabhrach dírithe ar na naisc eacnamaíocha idir an tAontas agus naoi gcomhpháirtí Meánmhuirí, agus na naisc idir na tíortha sin iad féin, a neartú.

Sa chomharsanacht thoir dhírigh an tAontas ar chur i bhfeidhm a chomhaontuithe le haghaidh Limistéir Dhoimhne Chuimsitheacha Shaorthrádála leis an tSeoirsia, leis an Moldóiv agus leis an Úcráin.

Meiriceá Laidineach

Lean an tAontas den chaibidlíocht a seoladh in 2016 chun an comhaontú trádála a shínigh sé le Meicsiceo a nuachóiriú. Reáchtáladh cúig bhabhta caibidlíochta agus rinneadh dul chun cinn mór. Simpleoidh an comhaontú nua ualaí riaracháin, laghdóidh sé rómhaorlathas, cuirfidh sé le fás agus iomaíochas, leathnóidh sé rogha an tomhaltóra agus cruthóidh sé poist ar an dá thaobh, agus beidh sé ag tacú le forbairt inbhuanaithe san am céanna. I gcomhréir le clár oibre trádála forásach an Aontais, tá forálacha sonracha frithéillithe sa chomhaontú.

Leanadh de chainteanna trádála le ceithre bhunaitheoir bhloc trádála Mercosur (an Airgintín, an Bhrasaíl, Pharagua agus Uragua) in 2017. Tá sé d’aidhm leis na cainteanna dhá mhargadh réigiúnacha a thabhairt le chéile, taraifí a chiorrú, méadú mór a chur le deiseanna gnó in Mercosur, rogha an tomhaltóra a leathnú, an rómhaorlathas a laghdú, cur le fás agus iomaíochas agus poist a chruthú ar an dá thaobh.

I mí na Samhna sheol an tAontas caibidlíocht leis an tSile chun Comhaontú Saorthrádála 2002 idir an tAontas agus an tSile a nuachóiriú. Mar chuid den nuachóiriú ar an gcomhaontú sin, molfaidh an tAontas forálacha píolótacha maidir le hinscne a chuimsiú ann.

An Coimisinéir Cecilia Malmström ag cur fáilte roimh Aloysio Nunes Ferreira, Aire Gnóthaí Eachtracha na Brasaíle, an Bhruiséil, an 28 Lúnasa 2017.

An Coimisinéir Cecilia Malmström ag cur fáilte roimh Aloysio Nunes Ferreira, Aire Gnóthaí Eachtracha na Brasaíle, an Bhruiséil, an 28 Lúnasa 2017.

An Áise agus an Astraláise

Leanadh den chaibidlíocht faoi chomhaontuithe trádála leis an Indinéis agus na hOileáin Fhilipíneacha freisin. Tá sé d’aidhm leis na cainteanna sin an trádáil a mhéadú idir an tAontas agus an dá thír sin agus an infheistíocht dhíreach a mhéadú. An cuspóir atá ann comhaontuithe a bhaint amach a bheidh cosúil leis na comhaontuithe a síníodh le Singeapór in 2014 agus le Vítneam in 2015. Le linn na bliana reáchtáil an tAontas trí bhabhta caibidlíochta leis an Indinéis agus dhá bhabhta leis na hOileáin Fhilipíneacha.

I mí an Mhárta chomhaontaigh an tAontas agus Comhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas céimeanna nua a thabhairt i dtreo cainteanna saorthrádála a atosú idir an dá réigiún.

Lena chois sin reáchtáil an tAontas ceithre bhabhta cainteanna le haghaidh comhaontú infheistíochta leis an tSín, ach chuir sé an chaibidlíocht le haghaidh comhaontú infheistíochta le Maenmhar ar fionraí. Mhol an Coimisiún cainteanna trádála a chur ar bun leis an Astráil agus an Nua-Shéalainn freisin.

Tíortha san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin

I dtús 2017 tosaíodh ar chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch idir an tAontas agus Comhphobal Forbraíochta Dheisceart na hAfraice. Tosaíodh ar chomhaontuithe den chineál céanna a thabhairt i gcrích leis an gCósta Eabhair agus le Gána le linn an Earraigh. I mí Iúil neartaíodh ar an gComhaontú um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch le tíortha san Afraic Thoir agus i nDeisceart na hAfraice, mar atá Madagascar, Oileán Mhuirís, na Séiséil agus an tSiombáib, trí Oileáin Chomóra a thabhairt isteach ann.

CAIBIDIL 7

Limistéar de cheartas agus de cearta bunúsacha atá bunaithe ar mhuinín fhrithpháirteach

“Tá sé i gceist agam úsáid a bhaint as sainchumas an Choimisiúin chun seasamh lenár gcomhluachanna, leis an smacht reachta agus le cearta bunúsacha, laistigh dár réimse inniúlachta, agus éagsúlacht na dtraidisiún bunreachtúil agus cultúrtha sna 28 mBallstát á gcur san áireamh mar is cuí.”

Jean-Claude Juncker, Treoirlínte Polaitiúla, 15 Iúil 2014

© iStockphoto.com/bowie15

© iStockphoto.com/bowie15

Bhí an troid in aghaidh na sceimhlitheoireachta ina ardtosaíocht pholaitiúil ar chlár oibre an Aontais Eorpaigh arís in 2017, agus rinneadh an-dul chun cinn maidir le hAontas Slándála éifeachtach agus dáiríre a thógáil, i gcomhréir iomlán le cearta bunúsacha.

Rinne an tAontas beart i dtaobh an Chláir Oibre Eorpaigh maidir leis an tSlándáil nuair a leag sé síos gur cion coiriúil é dul ag taisteal agus dul faoi oiliúint ar chúiseanna a bhaineann leis an sceimhlitheoireacht. Ina theannta sin ghlac sé seasamh níos láidre i gcoinne mhaoiniú na sceimhlitheoireachta agus i gcoinne gáinneáil ar airm, thine, ar dhrugaí agus ar dhaoine. Tá sé beartaithe, freisin, feabhsuithe nua a dhéanamh le go mbeidh na Ballstáit in ann sonraí faoi choirpigh a mhalartú ar shlí níos éifeachtúla.

Leanadh den obair atá ar siúl maidir le rialacha nua a chur i bhfeidhm chun sonraí pearsanta shaoránaigh an Aontais a chosaint san Aontas Eorpach agus níos faide i gcéin, agus beidh na rialacha sin i bhfeidhm ó 2018 ar aghaidh. San am céanna, lean an tAontas de bheith ag cur caighdeáin cosanta sonraí chun cinn ar bhonn idirnáisiúnta, go háirithe i gcomhar leis an tSeapáin, leis an gCóiré Theas agus leis na Stáit Aontaithe. An chéad athbhreithniú bliantúil ar an Sciath Príobháideachais idir an tAontas Eorpach agus SAM, creat a thugann cosaint níos fearr don sreabhadh sonraí trasatlantach, bhí sé ina chloch mhíle thábhachtach sa chomhar maidir le gnóthaí cosanta sonraí.

Thug líon áirithe gnólachtaí tábhachtacha idirlín aird ar Chód Iompair an Aontais Eorpaigh maidir le beart a dhéanamh i gcoinne na fuathchainte mídhleathaí ar líne agus thosaigh siad ag cur crua, níos tapa agus níos déine, ar ábhar mídhleathach a fuarthas ar a gcuid leathanach gréasáin.

Tháinig 20 Ballstát ar chomhaontú maidir le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a chur ar bun, oifig a chuirfidh dlús leis an gcomhrac i gcoinne coireanna a chuireann isteach ar bhuiséad an Aontais.

Rinne an tAontas Eorpach beart freisin chun an comhionannas idir mná agus fir a chur chun cinn sa láthair oibre agus shínigh sé Coinbhinsiún Iostanbúl maidir le Foréigean in aghaidh na mBan agus an Foréigean Teaghlaigh a Chosc agus a Chomhrac.

Aghaidh a thabhairt ar an sceimhlitheoireacht agus ar an gcoireacht san Eoraip

Rialacha nua in aghaidh na sceimhlitheoireachta agus an sciúrtha airgid

Mar chuid den obair ar an gClár Oibre Eorpach maidir leis an tSlándáil, lean an Coimisiún Eorpach den obair atá ar siúl aige chun Aontas Slándála éifeachtach agus dáiríre a thógáil. In 2017 rinne an tAontas Eorpach beart chun cosc a chur ar sceimhlitheoirí ionsaithe a dhéanamh, chun éascaíocht a dhéanamh do na Ballstáit faisnéis a mhalartú agus chun saoránaigh an Aontais a chosaint ar líne.

I mí an Mhárta glacadh dlí nua lena ndearnadh cion coiriúil den taisteal agus den oiliúint ar chúiseanna sceimhlitheoireachta. Neartaíonn an dlí sin, freisin, na cearta atá ag íospartaigh sceimhlitheoireachta agus cinntíonn sé go bhfaigheann na daoine sin sainchúnamh díreach tar éis ionsaí agus go mairfidh an cúnamh sin a fhad is gá.

Rinneadh dul chun cinn maith sna cainteanna le Parlaimint na hEorpa agus le Comhairle an Aontais Eorpaigh i dtaobh rialacha Eorpacha níos déine a thabhairt isteach chun coir a dhéanamh den sciúradh airgid, chun rialú níos déine a dhéanamh ar shreabhadh airgid agus chun sócmhainní coirpeach a reo agus seilbh a ghabháil ar na sócmhainní sin.

I mí na Nollag tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil maidir leis an togra ón gCoimisiún i leith leasú a dhéanamh ar an gceathrú Treoir maidir leis an Sciúradh Airgid. Cuirfidh sin go mór le trédhearcacht na húinéireachta tairbhiúla i leith eintitis dhlíthiúla agus iontaobhas agus cuirfidh sé cosc ar anaithnideacht i leith táirgí airgeadais éagsúla. Tiocfaidh uirlisí an-úsáideach de na bearta sin, chun comhrac a chur ar an sciúradh airgid agus ar mhaoiniú na sceimhlitheoireachta.

I bhfianaise tuarascáil a eisíodh i mí an Mheithimh ar an tionchar a bhíonn ag an sciúradh airgid, agus ag maoiniú na sceimhlitheoireachta a bhaineann le gníomhaíochtaí trasteorann, ar an margadh inmheánach, tugadh moltaí do na Ballstáit agus do na húdaráis mhaoirseachta Eorpacha.

An Coimisinéir Julian King ar cuairt ar Cheanncheathrú Phóilíní Feidearálacha na Beilge, mar ar fhreastail sé ar chleachtaí frithsceimhlitheoireachta éagsúla, an 10 Feabhra 2017.

An Coimisinéir Julian King ar cuairt ar Cheanncheathrú Phóilíní Feidearálacha na Beilge, mar ar fhreastail sé ar chleachtaí frithsceimhlitheoireachta éagsúla, an 10 Feabhra 2017.

An sceimhlitheoireacht a chomhrac ar líne

Ag Cruinniú Mullaigh an G20 a tionóladh in Hamburg na Gearmáine i mí Iúil, bhí Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, ar dhuine de na ceannairí a mhol, agus a ghlac le Plean Gníomhaíochta Frithsceimhlitheoireachta, plean ar cuid de cosc a chur le húsáid an idirlín ar chúiseanna sceimhlitheoireachta. Ó seoladh Fóram Idirlín an Aontais Eorpaigh in 2015, rinneadh bearta praiticiúla maidir le cosc a chur ar ghrúpaí sceimhlitheoireachta idirnáisiúnta mí-úsáid a bhaint as an idirlíon. Maidir leis an ábhar a ndeachaigh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí i dteagmháil le gnólachtaí idirlín ina thaobh, tá tuairim agus 86 % de bainte anuas ag na gnólachtaí sin. I mí Iúil leag an Fóram amach a Phlean Gníomhaíochta féin chun dul i ngleic le hábhar sceimhlitheoireachta ar líne, plean arb é is cuspóir dó dul chun cinn a dhéanamh láithreach i neart réimsí agus lenar bunaíodh córas tuairiscithe rialta chun torthaí an phlean a thomhas agus a mheas.

I mí na Nollag, mar chuid den Chlár maidir le Cumhachtú na Sochaí Sibhialta lean an Coimisiún de bheith ag cuidiú le heagraíochtaí den sochaí shibhialta chun teachtaireachtaí dearfacha a chraobhscaoileadh ar líne chun cur i gcoinne theachtaireachtaí na n-antoisceach foréigneach agus sceimhlitheoirí. €6 mhilliún an maoiniú a cuireadh ar fáil don Chlár sin.

Drugaí mídhleathacha a chomhrac

In 2017 glacadh Rialachán nua maidir le córas luathrabhaidh agus maidir le nós imeachta measúnaithe riosca le haghaidh substaintí sícighníomhacha nua agus Treoir nua maidir le substaintí nua a áireamh sa sainmhíniú “druga”. Ina dhiaidh sin, i mí na Nollag, bheartaigh an Coimisiún cosc a chur ar sheacht substaint shícighníomhacha nua san Aontas Eorpach, sa bhreis ar naoi substaint eile ar cuireadh cosc orthu i dtosach 2017.

An gháinneáil ar dhaoine

I mí na Nollag ghlac an Coimisiún Teachtaireacht chun aghaidh a thabhairt ar an ngáinneáil ar dhaoine agus gheall sé tosaíochtaí nua a chur i bhfeidhm le linn na ráithe atá le teacht. Sna tosaíochtaí a leag an Coimisiún amach dó féin, aithnítear réimsí tábhachtacha ar gá don Aontas agus do na Ballstáit beart a dhéanamh ina leith láithreach chun cur as do mhodh oibre na sceimhlitheoirí, cearta íospartach sceimhlitheoireachta a neartú agus dlús a chur le hiarrachtaí inmheánacha agus seachtracha an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar an sceimhlitheoireacht ar shlí chomhordaithe chomhsheasmhach.

Ceartas coiriúil agus sibhialta

Dlús a chur leis an gcomhrac i gcoinne coireanna a dhéanann difear do bhuiséad an Aontais Eorpaigh

Rinne an tAontas Eorpach dul chun cinn nach beag i mí Iúil i dtaobh coireanna a dhéanann difear do bhuiséad an Aontais Eorpaigh nuair a ghlac an Pharlaimint agus an Chomhairle le Treoir maidir le comhrac a chur ar chalaois, ar éilliú agus ar choireanna eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, agus cásanna tromchúiseacha trasteorann de chalaois CBL san áireamh. Meastar gur fiú €50 billiún in aghaidh na bliana calaois CBL a eascraíonn ó thrádáil laistigh den Aontas Eorpach.

Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh: Muintir na hEorpa agus airgead na hEorpa a choinneáil sábháilte.

Ba chéim mhór chun tosaigh é an comhaontú a rinneadh i mí na Samhna lenar shocraigh 20 Ballstát Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a chur ar bun chun imscrúduithe a dhéanamh ina leith siúd a dhéanann cionta coiriúla ag a mbíonn tionchar ar leasanna airgeadais an Aontais, iad a ionchúiseamh agus iad a thabhairt chun láimhe. Meastar go mbeidh sé sa siúl faoi dheireadh 2020.

Taifeadtaí coiriúla a mhalartú ar dhóigh níos éifeachtúla

De bharr an Chórais Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla, a cuireadh ar bun in 2012, is féidir faisnéis maidir le taifeadtaí coiriúla daoine a ciontaíodh i mBallstáit den Aontas a mhalartú go leictreonach. I mí an Mheithimh foilsíodh an chéad tuarascáil maidir le húsáid an chórais sin ag na Ballstáit. Rinneadh dul chun cinn in 2017 sa chaibidlíocht ar shimpliú a dhéanamh ar mhalartú taifeadtaí coiriúla daoine nach saoránaigh den Aontas iad.

Cosaint do leanaí nuair a scarann tuismitheoirí as tíortha éagsúla

I mí Iúil mhol an Coimisiún gur cheart don Aontas Eorpach údarás a thabhairt do roinnt Ballstát glacadh le haontachas 10 dtír nach Ballstát den Aontas Eorpach iad don Choinbhinsiún ar na Gnéithe Sibhialta a bhaineann le Fuadach Idirnáisiúnta Leanaí, d’fhonn cuidiú cosaint idirnáisiúnta ar fhuadach leanaí a fhorleathnú.

Cuidiú le gnólachtaí san Aontas Eorpach

Tugann Córas Idirnasctha na gClár Gnó, a seoladh i mí an Mheithimh, rochtain níos tapúla agus níos éasca ar fhaisnéis gnólachtaí san Aontas Eorpach. Éascófar trádáil trasteorann mar gheall air sin agus neartófar muinín sa Mhargadh Aonair.

Maidir le gnólachtaí atá i bpranc, tá siad ag baint tairbhe as rialacha dócmhainneachta feabhsaithe a bhuí le dlí nua a tháinig i bhfeidhm in 2017 lena n-éascaítear imeachtaí dlíthiúla trasteorann. Rinneadh dul chun cinn sa chaibidilíocht ar na rialacha a moladh i dtaobh imeachtaí dócmhainneachta náisiúnta chun córais athstruchtúraithe a chur ar bun agus athdheis a thabhairt d’fhiontraithe.

Rialachas corparáideach a fheabhsú

I mí na Bealtaine neartaíodh an dlí maidir le cearta scairshealbhóirí, le forálacha nua chun rialachas corparáideach a fheabhsú, feidhmiú cearta scairshealbhóirí a éascú agus fócas níos fadtéarmaí a chur ar infheistíocht. Glacadh freisin le leasú ar na rialacha atá ann i láthair na huaire maidir le rialachas corparáideach agus le luach saothair le haghaidh gnólachtaí infheistíochta.

Cearta bunúsacha agus córais bhreithiúnacha

Smacht reachta a chaomhnú

Rinne an Coimisiún bearta chun urraim an smachta reachta a chur chun cinn agus a chaomhnú san Aontas Eorpach agus gríosaíodh na Ballstáit a thuilleadh chun neamhspleáchas, cáilíocht agus éifeachtúlacht a gcórais cheartais a fheabhsú. D’éagmais na gcóras sin níorbh fhéidir an smacht reachta a chaomhnú, dlí an Aontais a fheidhmiú go cothrom ná timpeallacht atá fabhrach do ghnó agus d’infheistíocht a chothú. Léiríonn Scórchlár Ceartais an Aontais Eorpaigh 2017 go bhfuil tuilleadh dul chun cinn déanta, d’ainneoin go bhfuil dúshláin ann go fóill roimh Bhallstáit áirithe.

Lean an Coimisiún ar feadh na bliana den idirphlé leis an bPolainn faoi réir ag an gCreat Smacht Reachta. I mí Iúil chuir an Coimisiún Moladh maidir leis an Smacht Reachta, an tríú ceann, chuig rialtas na Polainne ag míniú a chuid cúiseanna imní faoin athchóiriú ar na breithiúna atá beartaithe agus faoi na hathruithe ar an mBinse Bunreachtúil atá beartaithe. I mí na Nollag tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil baol follasach ann de shárú tromchúiseach ar an smacht reachta sa Pholainn, agus mhol sé go ndéanfadh an Chomhairle cinneadh a ghlacadh faoi Airteagal 7(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach. In éindí leis an togra bhí an ceathrú Moladh maidir leis an Smacht Reachta ina leagtar amach go soiléir na bearta is féidir le húdaráis na Polainne a dhéanamh chun cúrsaí mar atá faoi láthair a réiteach. Ina theannta sin, tharchuir an Coimisiún cás na Polainne chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh as dlí an Aontais a shárú le dlí nua a tugadh isteach sa tír sin, mar atá an Dlí maidir le hEagrú na nGnáthchúirteanna.

Koen Lenaerts, Uachtarán na Cúirte Breithiúnais (an ceathrú duine ar dheis sa chéad líne), in éineacht le Breithiúna na Cúirte Breithiúnais, Lucsamburg, Feabhra 2017. © Court of Justice of the European Union

Koen Lenaerts, Uachtarán na Cúirte Breithiúnais (an ceathrú duine ar dheis sa chéad líne), in éineacht le Breithiúna na Cúirte Breithiúnais, Lucsamburg, Feabhra 2017.

Cosaint níos láidre do shonraí pearsanta

Leanadh de bheith ag obair leis na Ballstáit, leis na húdaráis náisiúnta cosanta sonraí agus le geallsealbhóirí eile chun rialacha nua a ullmhú maidir le sonraí pearsanta a chosaint, rialacha a mbeidh feidhm leo ó Bhealtaine 2018. Neartófar smacht daoine ar a gcuid sonraí pearsanta féin de thairbhe na rialacha nua agus déanfar nósanna imeachta do ghnólachtaí a shimpliú. Ceapadh na hathruithe chun a áirithiú go bhfuil faisnéis phearsanta daoine san Aontas Eorpach cosanta beag beann ar áit a seolta, a próiseáilte nó a stóráilte, fiú lasmuigh den Aontas Eorpach.

I mí Eanáir rinne an Coimisiún straitéis a leagan amach arb é is aidhm dó caighdeáin idirnáisiúnta cosanta sonraí a chur chun cinn chun cosaint sonraí pearsanta ar ardleibhéal a áirithiú agus sreafaí sonraí chun críocha tráchtála agus forfheidhmithe dlí a éascú. Tá cinntí leorgachta, lena gceanglaítear ar thíortha nach Ballstát den Aontas iad rialacha cosanta sonraí a bheith acu atá inchomparáide le rialacha an Aontais, tá sin ar cheann de phríomhghnéithe na straitéise sin.

Giovanni Buttarelli, an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, ar phainéal ag plé dhlí na dteicneolaíochtaí nua, Ollscoil Milano-Bicocca, an Iodáil, an 15 Bealtaine 2017. © EDPS

Giovanni Buttarelli, an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, ar phainéal ag plé dhlí na dteicneolaíochtaí nua, Ollscoil Milano-Bicocca, an Iodáil, an 15 Bealtaine 2017.

Tá an tAontas Eorpach ag fiosrú an féidir cainteanna leorgachta a reáchtáil leis na comhpháirtithe trádála ábhartha agus le tíortha ag a bhfuil ról ceannródaíoch maidir le cosaint sonraí ina gcuid réigiúin. Oirthear na hAise, oirdheisceart na hÁise, Meiriceá Laidineach agus comharsanacht na hEorpa, sin iad na limistéir is mó a bhfuiltear ag díriú orthu. Cuireadh tús le plé leis an tSeapáin agus leis an gCóiré Theas in 2017.

I mí Mheán Fómhair 2017 rinneadh an chéad athbhreithniú bliantúil ar Sciath Príobháideachais an Aontais Eorpaigh agus na Stát Aontaithe, creat atá i bhfeidhm ó mhí Iúil 2016. I bhfianaise an athbhreithnithe, agus de réir mar a léiríodh sa tuarascáil a d’eascair as an athbhreithniú sin, chinn an Coimisiún go bhfuil an Sciath Príobháideachais fós ag cur leibhéal imleor cosanta ar fáil, ach breithníodh nach bhfuil barr feabhais uirthi go fóill agus dá réir sin rinneadh roinnt moltaí. Ina theannta sin, cuireadh Brat-chomhaontú an Aontais Eorpaigh agus na Stát Aontaithe i bhfeidhm i mí Feabhra, ag cinntiú go mbíonn caighdeáin cosanta sonraí ann agus sonraí á n-aistriú idir an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe chun críocha comhar i bhforfheidhmiú an dlí.

Cearta a chosaint agus comhrac a chur ar an idirdhealú

Fuathchoireacht agus fuathchaint ar líne agus as líne a chomhrac

Tá gnólachtaí idirlín ag freagairt ar bhonn níos tapúla agus níos éifeachtúla d’inneachar mídhleathach, i gcomhréir le dlí an Aontais, beagnach 2 bhliain tar éis do Chód Iompair an Aontais Eorpaigh a bheith glactha maidir le fuathchaint mhídhleathach ar líne a chomhrac.

Le linn 2017 d’oibrigh an Coimisiún as lámha a chéile le pobail Ghiúdacha agus Mhoslamacha an Aontais Eorpaigh agus le heagraíochtaí eile atá ag comhrac in aghaidh an chiníochais, an idirdhealaithe agus gach cineál éadulaingthe. D’éist sé le hábhair imní agus roinn sé faisnéis maidir le gníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh.

Thug an Coimisiún maoiniú spriocdhírithe agus thairg sé treoir oibriúcháin maidir le tacaíocht d’íospartaigh agus maidir le hoiliúint do phóilíní agus do bhreithiúna fuathchoireanna a bhrath faoi chuimsiú chreat a Ghrúpa Ardleibhéil chun Ciníochas a Chomhrac. An 6 Nollaig chomhaontaigh na húdaráis náisiúnta na príomhphrionsabail maidir le taifeadadh sonraí fuathchoireachta. I gcomhpháirt leis an gCoimisiún agus leGníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha a cinneadh ar na prionsabail sin.

Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a fheidhmiú

Céad-Leas-Uachtarán an Choimisiúin Frans Timmermans ag Comhphlé leis na Saoránaigh in Libanon Lyceum Rotterdam, an Ísiltír, an 27 Meitheamh 2017.

Céad-Leas-Uachtarán an Choimisiúin Frans Timmermans ag Comhphlé leis na Saoránaigh in Libanon Lyceum Rotterdam, an Ísiltír, an 27 Meitheamh 2017.

I mí na Bealtaine 2017 foilsíodh Tuarascáil 2016 maidir le feidhmiú Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. I mí Dheireadh Fómhair ghlac an Chomhairle a Conclúidí maidir leis an tuarascáil, ag tabhairt dá haire di gur neartaíodh cosaint do chearta éagsúla an bhliain roimhe sin le glacadh sraith ionstraimí dlíthiúla. Bhain siad sin le toimhde na neamhchiontachta, an ceart bheith i láthair ag triail, cúnamh dlíthiúil agus coimircí nós imeachta do leanaí, agus le tacar cuimsitheach de rialacha cosanta sonraí a mbeidh feidhm acu ar fud an Aontais Eorpaigh ón 25 Bealtaine 2018 agus a chuideoidh le saoránaigh smacht a fháil arís ar a gcuid sonraí.

An 7 Nollaig, d’fhonn comhlíonadh Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a chinntiú, tharchuir an Coimisiún cás na hUngáire chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i ngeall ar dhlíthe a tugadh isteach sa tír sin, mar atá dlí maidir le heagraíochtaí neamhrialtasacha arna maoiniú ón iasacht agus an Dlí Ardoideachais.

An comhrac i gcoinne an idirdhealaithe

In 2017 lean an tAontas Eorpach de bheith ag cur comhraic ar an idirdhealú, agus chuige sin d’ullmhaigh sé liosta beart arb é is aidhm dóibh an comhionannas do dhaoine atá leispiach, aerach, déghnéasach, trasinscneach agus idirghnéasach a chur chun cinn. Ar na nithe is mó suntas a bhaineann leis sin tá an feachtas We All Share the Same Dreams agus Cairt Éagsúlachta agus Cuimsitheachta a tugadh isteach d’fhoireann an Choimisiúin.

San athbhreithniú meántéarma ar Chreat an Aontais Eorpaigh do Straitéisí Náisiúnta maidir le Lánpháirtiú na Romach, rinneadh measúnú ar an dul chun cinn atá déanta ag na Ballstáit feabhas a chur ar shaol daoine den mhionlach eitneach sin, an mionlach is mó san Eoraip. Léirítear ann go bhfuil feabhas ag teacht de réir a chéile ar chás na Romach ó bhí 2011 ann, ach cuirtear i dtábhacht freisin go bhfuil thart ar 80 % den daonra Romach i mbaol bochtaineachta.

FORÉIGEAN TEAGHLAIGH SAN AONTAS EORPACH

Grafaic faisnéise: Tá 2017 tiomnaithe ag an gCoimisiún Eorpach do chomhrac a chur ar an bhforéigean in aghaidh na mban ar fud an Aontais. Ar cheann de na rudaí a rinneadh chuige sin tá an feachtas ar na meáin shóisialta “NON.NO.NEIN. Say No! Stop Violence Against Women”. Is é aidhm an fheachtais feasacht a mhúscailt agus cur go neamhbhalbh in aghaidh foréigean a dhéanamh ar mhná. Mar chuid den fheachtas cuireadh i láthair scéalta ratha a léiríonn an obair thábhachtach atá á déanamh sa réimse seo ar fud an Aontais.I mí an Mheithimh, shínigh an tAontas Eorpach Coinbhinsiún Iostanbúl, an chéad chomhaontú riamh san Eoraip ina bhfuil caighdeáin dhlícheangailteacha leagtha síos a bhfuil sé d'aidhm acu foréigean in aghaidh ban agus cailíní a chosc, foréigean baile a chosc, íospartaigh a chosaint agus pionós a chur ar lucht déanta foréigin.

Foréigean in aghaidh na mban

Rinne an tAontas Eorpach beart in 2017 chun feasacht a mhúscailt sna Ballstáit ar fad ar an bhforéigean in aghaidh ban agus cailíní. Spreagann an feachtas NON.NO.NEIN. cách — idir fhir agus mhná — cur in aghaidh an fhoréigin inscne.

I mí an Mheithimh shínigh an tAontas Eorpach Coinbhinsiún Iostanbúl. Tá an conradh idirnáisiúnta sin ar an gcéad chomhaontú Eorpach ina bhfuil caighdeáin dhlícheangailteacha leagtha síos maidir le foréigean in aghaidh ban agus cailíní a chosc, foréigean baile a chosc, íospartaigh a chosaint agus pionós a chur ar lucht déanta foréigin.

Cearta daoine faoi mhíchumas a chinntiú

Léiríodh le linn na bliana i dtuarascáil faoi chur chun feidhme na Straitéise Eorpaí um Míchumas ó 2010 go bhfuil fíordhul chun cinn déanta i ngach ceann de na hocht réimse tosaíochta (inrochtaineacht, rannpháirtíocht, comhionannas, fostaíocht, oideachas agus oiliúint, cosaint shibhialta, sláinte agus gníomhaíocht sheachtrach).

Ar na nithe a baineadh amach tá togra ón gCoimisiún maidir le Gníomh Eorpach Inrochtaineachta. Is Treoir é sin atá fabhrach don ghnó agus a chuireann feabhas ar inrochtaineacht táirgí agus seirbhísí áirithe a úsáidtear gach lá, e.g. fóin phóca, ríomhairí, ríomhleabhair, seirbhísí ríomhthráchtála agus baincéireachta. In 2017 ghlac an Pharlaimint a tuarascáil i dtaobh an togra, agus ghlac an Chomhairle a cur chuige ginearálta.

Cárta Míchumais an Aontais Eorpaigh in úsáid ar bhonn trialach in ocht mBallstát (an Bheilg, an Eastóin, an Iodáil, an Chipir, Málta, an Rómáin, an tSlóivéin agus an Fhionlainn) agus is é aidhm don chárta sin cúnamh a thabhairt do dhaoine faoi mhíchumas taisteal laistigh den Aontas. De bharr an Chárta beidh an teacht céanna ag daoine atá faoi mhíchumas sna Ballstáit sin ar shochair sainiúla áirithe i réimsí amhail cultúr, áineas, spórt agus iompar. Cuireadh na chéad chártaí ar fáil in 2017.

Bhí an Bheilg ar an gcéad Bhallstát le cárta míchumais an Aontais Eorpaigh a chur in úsáid, agus rinneadh sin ag ócáid seolta an 19 Deireadh Fómhair 2017 sa Bhruiséil. Leanfaidh Ballstáit eile sampla na Beilge.

Bhí an Bheilg ar an gcéad Bhallstát le cárta míchumais an Aontais Eorpaigh a chur in úsáid, agus rinneadh sin ag ócáid seolta an 19 Deireadh Fómhair 2017 sa Bhruiséil. Leanfaidh Ballstáit eile sampla na Beilge.

Saoránacht an Aontais Eorpaigh

Cuirtear i láthair i dTuarascáil Saoránachta an Aontais Eorpaigh 2017 gníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh a chinntiú gur féidir le saoránaigh leas iomlán a bhaint as a gcearta agus iad ag obair, ag taisteal, ag staidéar nó ag glacadh páirte i dtoghcháin.

Tomhaltóirí a chosaint

Córas Mear-Rabhaidh um Tháirgí Neamh-Bhia Contúirteacha ag an Aontas Eorpach, agus leis an gcóras sin, a thugann caoi do na Ballstáit agus do thíortha eile atá páirteach ann faisnéis a mhalartú le chéile go pras, leanadh de bheith ag cosaint sláinte agus sábháilteacht tomhaltóirí. Le linn na bliana rinneadh 2 201 fhógra agus 3 952 fhrithghníomh maidir le táirgí contúirteacha a chur chuig na 31 údarás náisiúnta atá páirteach sa chóras.

CÓRAS MEAR-RABHAIDH AN AONTAIS EORPAIGH

Grafaic faisnéise: De bharr chóras mear-rabhaidh an Aontais is féidir le 31 údarás náisiúnta agus leis an gCoimisiún Eorpach faisnéis a mhalartú go pras le chéile faoi tháirgí contúirteacha nach táirgí bia iad agus ar baol do shláinte agus do shábháilteacht tomhaltóirí iad. Gach seachtain foilsíonn an Coimisiún ar a shuíomh gréasáin liosta de tháirgí contúirteacha a sainaithníodh.

Sa chaoi chéanna, cuireann Córas Mear-rabhaidh an Aontais Eorpaigh um Bia-ábhair agus Beathú ar gcumas do Bhallstáit an Aontais agus do thíortha eile faisnéis a mhalartú le chéile agus aghaidh a thabhairt le chéile ar bhagairtí bia aon uair is gá. Léiríodh i dTuarascáil Bhliantúil 2016, a foilsíodh i Márta 2017, chomh maith agus atá ag éirí le cur chuige comhtháite an Aontais Eorpaigh maidir le sábháilteacht bhia. Neartófar é sin i bhfianaise a bhfuil foghlamtha ón teagmhas éillithe fiprinile a tharla le linn an tsamhraidh. Ag Comhdháil Aireachta a reáchtáil an Coimisiún an 26 Meán Fómhair 2017, chomhaontaigh na Ballstáit agus an Coimisiún roinnt bearta nithiúla a dhéanamh a atreiseoidh gníomhaíocht an Aontais Eorpaigh in aghaidh calaois bhia agus gníomhaíochtaí mídhleathacha ag a mbíonn tionchar ar shábháilteacht an tslabhra bia.

Tá bearta á ndéanamh ag an Aontas chun dul i ngleic le décháilíocht táirgí bia san Aontas Eorpach. I mí Mheán Fómhair d’eisigh an Coimisiún treoirlínte chun cuidiú le húdaráis náisiúnta dul i ngleic ar dhóigh níos fearr le cleachtais éagóracha.

Chuir an Coimisiún €1 mhilliún ar fáil do na Ballstáit chun staidéir agus gníomhaíocht forfheidhmiúcháin a mhaoiniú; chuir sé €1 mhilliún don Airmheán Comhpháirteach Taighde freisin chun cur chuige tástála comhchuibhithe a cheapadh agus a chur chun feidhme. San am céanna leis sin, tá an Coimisiún i mbun idirphlé leis an earnáil tionsclaíochta agus leis na príomh-gheallsealbhóirí go léir lena mbaineann. Tá gealltanas tugtha ag táirgeoirí agus ag comhlachais bhranda go nullmhóidh siad cód iompair.

DÉILEÁIL LE DÉCHÁILÍOCHT TÁIRGÍ

Grafaic faisnéise: I roinnt Ballstát tá gearán déanta ag tomhaltóirí go bhfuil táirgí áirithe ar díol, e.g. deochanna boga, caife, méiríní éisc, ar ísle a gcáilíocht sa Bhallstát ina bhfuil siad ag cur fúthu ná cáilíocht na dtáirgí ceannann céanna i mBallstát eile, siúd gurb é an déantóir céanna a dhéanann iad agus gurb ionann ainm branda dóibh. Tá modh oibre á cheapadh ag an gCoimisiún chun feabhas a chur ar na tástálacha lena gcuirtear táirgí bia i gcomparáid le chéile, ionas go bhféadfaidh na Ballstáit an gnó seo a phlé agus an bonn eolaíoch fónta céanna in úsáid ag cách chuige sin. Ina theannta sin, tá tacar treoirlínte eisithe ag an gCoimisiún do na húdaráis náisiúnta faoin dóigh le dlíthe bia agus tomhaltais an Aontais a chur i bhfeidhm maidir le táirgí décháilíochta.

Mar chuid d’iarrachtaí leanúnacha in 2017 leasanna tomhaltóirí a chosaint i gcomhthéacs scannal astaíochtaí Volkswagen, thathantaigh údaráis tomhaltóirí an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún le chéile ar Volkswagen deisiúchán mear a dhéanamh ar na gluaisteáin ar fad lena mbaineann agus tuilleadh bearta a dhéanamh chun muinín a chothú.

An Coimisinéir Vĕra Jourová ag seastán a bhfuil táirgí a d’fhéadfadh a bheith contúirteach ar taispeáint air tar éis chur i láthair Thuarascáil Bhliantúil 2016 maidir leis an gCóras Mear-rabhaidh, an Bhruiséil, an 16 Márta 2017.

An Coimisinéir Vĕra Jourová ag seastán a bhfuil táirgí a d’fhéadfadh a bheith contúirteach ar taispeáint air tar éis chur i láthair Thuarascáil Bhliantúil 2016 maidir leis an gCóras Mear-rabhaidh, an Bhruiséil, an 16 Márta 2017.

An Coimisinéir Vytenis Andriukaitis ar cuairt ar mhonarcha ispíní, Ságrab, an Chróit, an 2 Feabhra 2017.

An Coimisinéir Vytenis Andriukaitis ar cuairt ar mhonarcha ispíní, Ságrab, an Chróit, an 2 Feabhra 2017.

Chuir an Coimisiún Plean Gníomhaíochta i láthair freisin inar leagadh amach bealaí le go mbeadh rogha níos fearr ag tomhaltóirí agus teacht níos fearr acu ar sheirbhísí agus táirgí airgeadais ar fad an Aontais. Tá an Coimisiún ag obair ar leasú an Rialacháin maidir le híocaíochtaí trasteorann chun laghdú a dhéanamh ar na táillí a ghearrtar as íocaíochtaí nach íocaíochtaí euro iad; prionsabail a cheapadh i leith cáilíocht suíomhanna gréasáin comparáide a bhaineann le táirgí airgeadais; agus bailchríoch a chur ar an obair maidir le praghsáil fhollasach ar charrchíos.

Tá tábhacht le héilimh bheaga freisin

Cuireadh rialacha leasaithe i bhfeidhm i rith na bliana chun an Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga a dhéanamh níos tapúla, níos saoire agus níos éasca. Na rialacha atá anois ann, clúdaíonn siad éilimh suas le €5 000 (€2 000 roimhe seo) agus is fusa éileamh a dhéanamh dá mbarr.

Tomhaltóirí a chosaint ar líne

Tá dúshláin nua tagtha chun cinn maidir le forfheidhmiú dlíthe cosanta tomhaltóirí mar thoradh ar thábhacht mhéadaitheach na ríomhthráchtála agus an méadú atá tagtha ar líon na siopaí agus seirbhísí ar líne. Glacadh Rialachán nua i mí na Nollag chun a chinntiú go dtabharfar cumhachtaí níos láidre do na húdaráis náisiúnta chun dul i ngleic le cleachtais mhídhleathacha ar líne atá ag forleathnú ar fud an Mhargaidh Aonair. Tugadh isteach leis sin nós imeachta comhordúcháin ar fud an Aontais Eorpaigh arb é is aidhm dó dul i ngleic ar dhóigh éifeachtúil chomhsheasmhach le cleachtais dá leithéidí a bhí ar bun ag trádálaithe ilnáisiúnta. Tiocfaidh sé i bhfeidhm an 17 Eanáir 2020.

Rinneadh dul chun cinn sa chaibidilíocht maidir le dhá thogra thábhachtacha i dtaobh rialacha conartha: ceann maidir le hinneachar digiteach a sholáthar agus an ceann eile maidir le hearraí a dhíol ar líne. I mí Dheireadh Fómhair chuir an Coimisiún togra leasaithe i láthair chun cur chuige comhsheasmhach maidir le díol earraí ar líne agus as líne a chinntiú. Dá thoradh sin leathnaíodh scóip an dara tionscnamh chun gach díolachán den saghas sin a chlúdach seachas go díreach díolachán ar líne. Cosnóidh an dá thogra tomhaltóirí a cheannaíonn earraí nó inneachar digiteach.

Seiceáil oiriúnachta ar dhlíthe tomhaltóirí

Léirigh seiceáil oiriúnachta ar dhlí tomhaltóirí an Aontais Eorpaigh a rinneadh i mí na Bealtaine gur féidir, d’ainneoin cearta láidre a bheith ag daoine san Aontas Eorpach, feabhas a chur ar chosaint tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach. D’fhéadfaí é sin a dhéanamh go háirithe trí fheasacht daoine i dtaobh na gceart atá acu cheana a mhúscailt agus trí fhéachaint chuig cur i bhfeidhm na gceart sin.

rescEU

Cuireadh Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh i ngníomh roinnt uaireanta agus tugadh cúnamh don Iodáil, don Ríocht Aontaithe, don Chipir agus don Phortaingéil, tíortha ar tharla tubaistí nádúrtha iontu in 2015, 2016 agus 2017.

Buamadóir uisce de chuid na Fraince ar tí fágáil chun dóiteáin foraoise a throid san Iodáil – sampla de dhlúthpháirtíocht an Aontais Eorpaigh. © European Union/ECHO/Claire Kowalewski

Buamadóir uisce de chuid na Fraince ar tí fágáil chun dóiteáin foraoise a throid san Iodáil – sampla de dhlúthpháirtíocht an Aontais Eorpaigh.

In 2017 amháin maraíodh breis agus 200 duine i dtubaistí nádúrtha san Aontas agus scriosadh os cionn 1 mhilliún heicteár foraoiseacha. Mar fhreagairt ar thubaistí nádúrtha a bheith ag tarlú níos rialta sna Ballstáit le blianta beaga anuas, i mí na Samhna mhol an Coimisiún Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta a neartú le rescEU, córas nua atá ceaptha neartú a dhéanamh ar chumas an Aontais trí chéile tubaistí a láimhseáil.

Tá sé beartaithe cúltaca d’acmhainní de chuid an Aontais a bhunú agus na Ballstáit a spreagadh le cúnamh a roinnt le chéile tríd an gCúltaca Cosanta Sibhialta Eorpach. Tá sé d’aidhm ag rescEU, leis, an infheistíocht a dhéantar i straitéisí coisc agus ullmhachta a mhéadú. Sa togra ón gCoimisiún féachadh chuige go mbeadh an chothromaíocht cheart ann idir an dlúthpháirtíocht san Aontas agus freagrachtaí na mBallstát, rud a bheadh ina chuidiú an sprioc “Eoraip a chosnaíonn” a bhaint amach.

CAIBIDIL 8

I dtreo beartas nua maidir leis an imirce

“Na tubaistí uafásacha a tharla le déanaí i réigiún na Meánmhara, léiríonn siad go gcaithfidh an Eoraip bainistiú níos fearr a dhéanamh ar an imirce, agus ar gach gné di. Thar aon rud eile is dualgas daonnúil atá ann. Táim deimhin de go gcaithfimid oibriú i gcomhar le chéile de mheon dlúthpháirtíochta.”

Jean-Claude Juncker, Treoirlínte Polaitiúla, 15 Iúil 2014

© iStockphoto.com/Joel Carillet

© iStockphoto.com/Joel Carillet

Tá an iomad iarrthóirí tearmainn agus imircigh eile tagtha chun na hEorpa i mórshruth nach bhfacthas a leithéid cheana. Tá iarratas ar chosaint idirnáisiúnta san Aontas Eorpach curtha isteach ag thart ar 3 mhilliún duine ón uair a thosaigh an ghéarchéim, agus go leor acu sin ar a dteitheadh ón gcogadh agus ón sceimhlitheoireacht sa tSiria agus i dtíortha eile. Tá an tAontas Eorpach ar thús cadhnaíochta i dtaobh cúrsaí tearmainn. Sa bhliain 2016 amháin, thug Ballstáit an Aontais Eorpaigh tearmann do bhreis agus 720 000 dídeanaí, is é sin a thrí oiread níos mó ná an Astráil, Ceanada agus SAM le chéile.

Tugadh a lán beart nua isteach ar leibhéal an Aontais in 2016 mar chuid de chur chuige cuimsitheach chun déileáil leis an dúshlán sin, agus treisíodh ar na bearta sin in 2017. Ar áireamh sa mhéid sin bhí oibríochtaí tarrthála, níos mó daoine a shábháil ar muir; teorainneacha seachtracha an Aontais a dhaingniú, go háirithe le cur chuige na “teophointí”; agus Gníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta a chur ar bun. Cuireadh dlús leis an iarracht na daoine atá i ngátar cosanta a athshuíomh agus a athlonnú. Leagadh tuilleadh béime ar an gComhchóras Tearmainn Eorpach a dhéanamh níos cothroime, ar an gcosaint do mhionaoisigh neamhthionlactha a neartú agus ar bhearta nua a cheapadh sa chomhrac i gcoinne na smuigleála.

Tháinig deiseanna chun cinn le bealaí nua a oscailt don imirce dhleathach, agus rinneadh bearta chun lánpháirtiú dídeanaithe agus imirceach eile sa mhargadh saothair a chothú. Ina theannta sin, leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht agus leis an gCiste Slándála Inmheánaí, mhéadaigh an tAontas an tacaíocht airgeadais a thugann sé chun cur chuige coiteann a fhorbairt maidir le bainistiú éifeachtúil sreafaí imirce.

In 2017 threisigh an tAontas an comhar le tíortha tionscnaimh agus le tíortha idirthurais na n-imirceach chun cuidiú leis na tíortha sin dul i ngleic le bunchúiseanna na himirce neamhrialta agus troid i gcoinne na smuigleála. Thug an tAontas tacaíocht dóibh chun feabhas a chur ar a mbeartas teorann, ar a mbeartas imirce agus ar na dálaí glactha atá i bhfeidhm acu. Is iomaí tionscadal agus clár a dtugtar tacaíocht dó as Ciste Iontaobhais Éigeandála an Aontais Eorpaigh don Afraic. Tá dlús curtha ag an Aontas lena chuid oibríochtaí cur ar ais freisin.

An Clár Oibre Eorpach maidir leis an Imirce

In 2017 lean an Coimisiún Eorpach den Chlár Oibre Eorpach maidir leis an Imirce a chur i bhfeidhm, agus mhol sé bearta chun dul i ngleic leis na dúshláin atá ann. Rinne sé iarracht freisin uirlisí a chur ar fáil don Aontas d’fhonn an imirce a bhainistiú ní b’fhearr, sa mheántéarma agus san fhadtéarma, go háirithe i réimsí na himirce neamhrialta, na dteorainneacha, an tearmainn agus na himirce dleathaí.

Cosaint a thabhairt do dhaoine atá i ngátar

Ó bhí 2015 ann tá os cionn 620 000 duine tarrtháilte sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Aeigéach ag údaráis na Gréige agus na hIodáile, le cúnamh na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta agus Oibríocht SOPHIA. Tá an tAontas ag obair i gcomhar le húdaráis na Tuirce agus le NATO sa Mheánmhuir Láir agus sa Mhuir Aeigéach chun na líonraí coiriúla smuigleála atá ag feidhmiú sna limistéir sin a chur ó mhaith.

Tugadh cosaint idirnáisiúnta do 313 050 iarrthóir tearmainn ar an iomlán in 2017.

In imeacht na bliana chuir an Coimisiún roinnt tuarascálacha ar dhul chun cinn i láthair maidir leis na bearta a rinneadh faoi chuimsiú an Chláir Oibre Eorpaigh maidir leis an Imirce chun na sreafaí isteach a mhaolú agus chun bainistiú níos fearr a dhéanamh ar theorainneacha seachtracha an Aontais. Is ar athshuíomh agus ar athlonnú daoine, ar chur i bhfeidhm Ráiteas an Aontais Eorpaigh agus na Tuirce, ar oibríochtaí an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh agus ar an gCreat Comhpháirtíochta maidir leis an Imirce a bhí na tuarascálacha sin dírithe. Léiríodh iontu go raibh dul chun cinn nach beag déanta i ngach réimse agus leagadh amach na chéad bhearta eile a bheadh de dhíth.

Ina theannta sin, leag an Coimisiún amach i mí Aibreáin bearta tosaíochta chun imircigh ar leanaí iad a chosaint, de bhreis ar na cosaintí eile a beartaíodh le linn athchóiriú an Chomhchórais Eorpaigh Tearmainn. Ar cheann de na bearta tosaíochta tá imeascadh leanaí nuair a bhaineann siad tír amach, trí dhoiciméid aitheantais chuí, dálaí maithe glactha agus rochtain ar oideachas a thabhairt dóibh mar shampla.

An Coimisinéir Dimitris Avramopoulos ar cuairt ar champa dídeanaithe Moria in Lesbos, an Ghréig, an 16 Márta 2017.

An Coimisinéir Dimitris Avramopoulos ar cuairt ar champa dídeanaithe Moria in Lesbos, an Ghréig, an 16 Márta 2017.

Athshuíomh agus athlonnú

Tá imircigh á n-athshuíomh laistigh den Aontas Eorpach anois ag beagnach gach Ballstát chun an brú ar an nGréig agus ar an Iodáil a laghdú. I mí na Samhna chuir an Coimisiún i láthair an tuarascáil is déanaí ar dhul chun cinn uaidh ar an gClár Oibre Eorpach maidir leis an Imirce. Tháinig méadú nach beag ar líon na ndaoine a athshuíodh in 2017 i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin, rud a léiríonn go mbíonn rath ar an bpróiseas athshuímh nuair a chomhlíonann na páirtithe uile a ngealltanais. Athshuíodh 22 215 dhuine in 2017 amháin. Rinneadh 33 140 duine ar an iomlán a athshuíomh ó bhí Meán Fómhair 2015 ann, agus is ón nGréig a athshuíodh 21 704 acu sin agus ón Iodáil a athshuíodh 11 436 acu — 93 % díobh siúd a bhí incháilithe. Is léir mar sin go bhfuil príomhsprioc na scéime éigeandála insroichte, is é sin na hiarrthóirí uile is incháilithe a athshuíomh ón nGréig agus ón Iodáil. Cé gur ghlac formhór na mBallstát páirt ghníomhach sa scéim, trí ghealltanais a thabhairt agus daoine a athshuíomh go tráthrialta, tá Ballstáit ann nár ghlac páirt inti ar chor ar bith. Chuir an Coimisiún tús le himeachtaí um shárú i gcoinne trí Bhallstát (Poblacht na Seice, an Ungáir agus an Pholainn) in 2017 toisc nár chuir siad i bhfeidhm Cinntí 2015 ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh maidir leis an athshuíomh, agus i mí na Nollag chinn an Coimisiún na Ballstáit sin a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Tá scéimeanna athlonnaithe i bhfeidhm ó mhí Iúil 2015 chun bealaí dleathacha sábháilte a chur ar fáil do dhaoine leochaileacha atá i ngátar cosanta idirnáisiúnta. Rinneadh breis agus 26 000 duine a athlonnú in 21 Bhallstát den Aontas, maille leis an Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua agus an Eilvéis. I mí Mheán Fómhair d’iarr an Coimisiún ar na Ballstáit 50 000 duine breise, ar a laghad, atá i ngátar cosanta idirnáisiúnta a athlonnú sa 2 bhliain atá le teacht (faoin 31 Deireadh Fómhair 2019) ón Iordáin, ón Liobáin, ón Tuirc agus ó thíortha san Afraic atá suite feadh bhealach imirce na Meánmhara Láir. Fuarthas 39 893 ghealltanas ar an iomlán faoi dheireadh na bliana.

Ráiteas an Aontais Eorpaigh agus na Tuirce

Bhí toradh nithiúil i rith na bliana ar Ráiteas an Aontais Eorpaigh agus na Tuirce, agus táthar anois in ann na sreafaí imirce i limistéar na Meánmhara Thoir a láimhseáil ar dhóigh éifeachtach. Níor tháinig aon athrú ar líon na dtrasnuithe, líon a bhí seasmhach go maith ag thart ar 86 in aghaidh an lae, agus tháinig laghdú mór ar líon na ndaoine a cailleadh. Tháinig laghdú 97 % ar líon na ndaoine a tháinig i dtír san Eoraip i gcomparáid leis an gcás mar a bhí sular tosaíodh ar chur i bhfeidhm an Ráitis. Tá dlús curtha leis na hoibríochtaí cur ar ais, sa doigh gur cuireadh 2 032 imirceach ar ais. Orthu sin bhí 228 Siriach.

DAOINE A THEACHT ISTEACH AG TEORAINNEACHA MARA AN AONTAIS

Grafaic faisnéise: Tá toradh nithiúil ag teacht i rith an ama ar Ráiteas an Aontais Eorpaigh agus na Tuirce, agus táthar anois in ann na sreafaí imirce ar bhealach na Meánmhara Thoir a láimhseáil ar dhóigh éifeachtach. Tá méadú 97 % tagtha ar an líon imirceach, atá ag teacht chun an Aontais; sin laghdú ó 1 700 duine sa lá sular síníodh an comhaontú go 84 dhuine sa lá ó tháinig an comhaontú i bhfeidhm an 18 Márta 2016. Tá laghdú ollmhór tagtha ar an líon daoine a bhásaigh freisin.

Bhrostaigh an tAontas Eorpach agus an Tuirc an tacaíocht airgeadais a bhuí leis an tSaoráid do Dhídeanaithe sa Tuirc. Tá an €3 bhilliún de mhaoiniú a sannadh don tSaoráid leithdháilte anois agus, ar an iomlán, tá €1.85 billiún de íoctha. Fuair beagnach 1.2 milliún dídeanaí sa Tuirc tacaíocht tríd an Líontán Sábhála Sóisialta Éigeandála in 2017, agus meastar go méadóidh líon na Siriach a gcuideofar leo go 1.3 milliún. Tá dul chun cinn maith déanta maidir le gné an athlonnaithe den Ráiteas. Faoi dheireadh mhí na Nollag bhí breis agus 11 700 Siriach a bhí sa Tuirc athlonnaithe i 16  Bhallstát.

Daoine a chur ar ais agus a athligean isteach

I mí an Mhárta chuir an Coimisiún i dtábhacht gur gá neartú a dhéanamh ar bheartas an Aontais maidir le daoine a chur ar ais, agus chuir sé Plean Gníomhaíochta Athnuaite maidir le Filleadh ar bun mar aon le tacar moltaí do na Ballstáit maidir lena nósanna imeachta a dhéanamh níos éifeachtaí. Níos déanaí sa bhliain, i mí Mheán Fómhair, d’fhoilsigh sé leagan athbhreithnithe den Lámhleabhar maidir le Filleadh. Ceann de thosaíochtaí na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta is ea tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit imircigh neamhrialta a chur ar ais chuig a dtír dhúchais, agus bhí torthaí dearfacha air sin. Cuireadh dlús seasta le hoibríochtaí cur ar ais na Gníomhaireachta sa dóigh gur cuireadh 350 oibríocht den sórt sin i gcrích in 2017.

An comhrac in aghaidh smuigleáil imirceach

Leanadh de Phlean Gníomhaíochta an Aontais in aghaidh Smuigleáil Imirceach, a glacadh i mí na Bealtaine 2015, a chur i bhfeidhm. Chuir an Lárionad Eorpach in aghaidh Smuigleáil Imirceach, oifig de chuid na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda agus Cósta, tacaíocht bhunúsach ar fáil i níos mó ná 2 000 cás ón uair a bunaíodh in 2016 é, agus cuireadh tacaíocht iomlán ar fáil i 90 cás ardtosaíochta. In 2017 bhunaigh an Coimisiún líonra de phointí teagmhála náisiúnta chun an comhar straitéiseach idir na Ballstáit a éascú agus chun eolas agus dea-chleachtas a roinnt i ndáil leis an gcomhar in aghaidh smuigleáil imirceach.

IMSCARADH NA GNÍOMHAIREACHTA EORPAÍ UM AN nGARDA TEORANN AGUS CÓSTA

Grafaic faisnéise: Tá an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta faoi lán seoil ó bhí mí an Mheithimh 2017 ann. Tá ag an nGníomhaireacht os cionn 1 700 garda teorann agus ball foirne eile a chuidíonn leis na Ballstáit atá ar an líne thosaigh. Tá an Garda Teorann agus Cósta Eorpach nuabhunaithe ag cuidiú anois le gardaí teorann na mBallstát patrólpatróil a dhéanamh, sa Ghréig, san Iodáil, sa Spáinn, sa Bhulgáir agus sna Balcáin Thiar.

Beatha daoine a shábháil ar muir agus cur chuige na “dteophointí” a chur i bhfeidhm

An Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta

Bunaíodh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta in 2017. Tá os cionn 1 700 garda teorann agus ball foirne tacaíochta ag an nGníomhaireacht chun cuidiú leis na Ballstáit atá sa líne thosaigh. Ina theannta sin, cuireadh díorma cúltaca mearfhreagartha de shaineolaithe maille le comhthiomsú cúltaca trealaimh ar bun, agus is féidir leas a bhaint astu más gá gníomh gasta a dhéanamh ag an teorainn.

Tá ról na Gníomhaireachta neartaithe ó bunaíodh é agus cuireadh go mór lena cuid gníomhaíochtaí.Tá sé ar cheann do thosaíochtaí na Gníomhaireachta anois tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit imircigh neamhrialta a chur ar ais. Cuidíonn an Ghníomhaireacht freisin an choireacht trasteorann a bhrath agus a chosc agus le tamall anuas tá tosaíocht nua aici, mar atá dlús a chur leis an gcomhar le tíortha nach bhfuil san Aontas. Is ar lántairbhe a bhaint as na hionstraimí agus na huirlisí neartaithe atá aici atáthar ag díriú anois.

“Teophointí” agus tacaíocht don Ghréig agus don Iodáil

In 2017, sa Ghréig agus san Iodáil araon, leanadh de chur chuige na “dteophointí” (an tAontas agus na gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais tacaíocht oibríochtúil agus airgeadais a sholáthar, e.g. an Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn, an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí). In imeacht na bliana d’imscar an Garda Teorann agus Cósta Eorpach breis agus 1 000 oifigeach sa dá Bhallstát sin in oibríochtaí éagsúla. Tá 153 aoi-oifigeach imscartha ag an Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn chun cuidiú le húdaráis na Gréige agus na hIodáile le méarloirg a thógáil, agus le clárú agus grinnfhiosrúchán slándála a dhéanamh, agus tá 24 aoi-oifigeach imscartha ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí.

A bhuí leis na hiarrachtaí sin tá feabhas tagtha ar na dálaí maireachtála sna teophointí sa Ghréig. San Iodáil, áfach, níor tháinig aon laghdú sa chéad leath den bhliain, i gcomparáid le blianta roimhe sin, ar an mbrú ó imircigh atá ag teacht i dtír ar bhealach na Meánmhara Láir. Bhí coinne ag an gCoimisiún leis an méid sin agus ghníomhaigh sé go mear, i gcomhar leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, chun dul i ngleic leis an gcás, agus i mí Eanáir ghlac sé an Teachtaireacht Chomhpháirteacht “An Imirce ar Bhealach na Meánmhara Láir — an sreabhadh a bhainistiú, an bheatha a shábháil”.

Mar gheall ar bhuaic shéasúrach a bhí ann, chuir an Coimisiún i láthair, i mí Iúil, Plean Gníomhaíochta chun tacú leis an Iodáil agus bhí an plean sin, agus Teachtaireacht mhí Eanáir, dírithe ar chúig phríomhréimse: beatha daoine a shábháil; an comhrac in aghaidh na smuigleála agus na gáinneála sa Libia (tionscadal ar luach €46.3 milliún a chómhaoinigh an tAontas san áireamh); caidreamh níos dlúithe a chruthú leis na tíortha is tábhachtaí lasmuigh den Aontas; dlús a chur le hoibríochtaí cur ar ais; agus an dlúthpháirtíocht san Aontas a dhéanamh níos daingne.

Bainistiú teorainneacha

Schengen

I bhfómhar na bliana 2015 chinn roinnt stát i limistéar Schengen rialuithe a chur ar bun arís ag teorainneacha inmheánacha áirithe. Ar thogra ón gCoimisiún, i mí na Bealtaine 2016, mhol an Chomhairle don Ostair, don Danmhairg, don Ghearmáin, don Iorua agus don tSualainn (tíortha ar chuir gluaiseachtaí tánaisteacha ar bhealach na mBalcán Thiar isteach go mór orthu) rialuithe a chur ar bun arís go sealadach ar chodanna dá dteorainneacha inmheánacha. I gcomhréir le rialacha Schengen cuireadh síneadh leis an moladh sin trí huaire ina dhiaidh sin, i mí na Bealtaine 2017 den uair dheiridh.

Tá rún daingean ag an gCoimisiún an limistéar gan rialuithe ag teorainneacha inmheánacha a chur i réim arís a luaithe is féidir. Sa Mholadh uaidh dar dáta an 12 Bealtaine 2017 maidir le seiceálacha póilíneachta comhréireacha agus comhar póilíneachta i limistéar Schengen d’iarr an Coimisiún ar stáit limistéar Schengen tosaíocht a thabhairt do bhearta eile seachas rialuithe teorann a chur ar bun arís go sealadach, amhail seiceálacha póilíneachta.

I mí Mheán Fómhair chuir an Coimisiún in iúl go mbeadh ar na cúig stát thuasluaite atá i limistéar Schengen a chuir rialuithe teorann ar bun arís deireadh a chur leis na rialuithe teorann sin faoi lár mhí na Samhna. Ag an am céanna thug an Coimisiún meabhrú faoi na rialacha nach mór a chomhlíonadh nuair a mheasann stáit i limistéar Schengen go bhfuil údar agus gá le rialuithe teorann a chur ar bun arís. Tá fógra tugtha don Choimisiún, áfach, ag sé stát i limistéar Schengen gur mian leo rialuithe ag teorainneacha inmheánacha a choinneáil i bhfeidhm go sealadach bunaithe ar fhorálacha éagsúla i gCód Teorainneacha Schengen. Bhí na fógraí sin á meas ag an gCoimisiún i ndeireadh 2017. Ina theannta sin, mhol an Coimisiún i mí Mheán Fómhair go dtabharfaí Cód Teorainneacha Schengen cothrom le dáta chun na rialacha maidir le hathbhunú rialuithe sealadacha ag teorainneacha inmheánacha a chur in oiriúint do na riachtanais atá ann faoi láthair. Rinneadh sin chun gníomhú mar gheall ar bhagairtí tromchúiseacha leanúnacha agus athraitheacha don bheartas poiblí agus don tslándáil inmheánach, ach lena chur in iúl freisin go gcaithfeadh rialuithe sealadacha ag na teorainneacha inmheánacha a bheith ina n-eisceacht agus teoranta ó thaobh ama de.

Teorainneacha seachtracha an Aontais a rialú níos fearr

I mí Aibreáin tháinig rialacha nua i bhfeidhm lena gcinnteofar go ndéanfar na taistealaithe uile a thrasnóidh teorainneacha seachtracha an Aontais a sheiceáil sna bunachair sonraí ábhartha, i gCóras Faisnéise Schengen mar shampla. Tá 70 milliún foláireamh sa chóras sin anois agus ceadaíodh 4 bhilliún uair in 2016 é. Laghdaíonn sé sin an deis atá ag daoine a bhfuil bagairt ag baint leo, náisiúnaigh den Aontas atá ag filleadh ar an Eoraip san áireamh, teorainneacha a thrasnú i ngan fhios do na húdaráis.

In 2016 bheartaigh an Coimisiún éifeachtacht Chóras Faisnéise Schengen a neartú le gur fearr a bheidh an córas in ann cabhrú le húdaráis forfheidhmithe dlí sa troid i gcoinne na sceimhlitheoireachta, chun teorainneacha a bhainistiú níos fearr agus malartú eolais éifeachtach idir na Ballstáit a chinntiú. Tabharfar córas uathoibrithe sainaitheanta méarlorg isteach i mí Feabhra 2018 chun cuidiú le sainaithint coirpeach agus sceimhlitheoirí a thiocfadh isteach i limistéar Schengen faoi chéannacht bhréagach. Mhol an Coimisiún Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil, córas a chinnteodh go ndéanfaí réamhsheiceálacha slándála ar gach duine a thaistealódh gan víosa i limistéar Schengen. Sainaithneoidh an córas na daoine a bhfuil baol ag baint leo sula mbainfidh siad teorainneacha an Aontais amach, gan dochar a dhéanamh don taisteal gan víosa do thromlach na dtaistealaithe. I mí an Mheithimh tháinig an Chomhairle ar chomhaontú ar a seasamh maidir leis an togra. Ina theannta sin, ó 2020 amach, beidh córas nua dul isteach/imeachta i bhfeidhm a nuachóireoidh bainistiú na dteorainneacha seachtracha trí shonraí pearsanta náisiúnach tríú tír a thaifeadadh maille leis an am, an dáta agus an áit iontrála agus fágála.

AN CÓRAS EORPACH UM FHAISNÉIS AGUS ÚDARÚ TAISTIL

Grafaic faisnéise: Tá an Coimisiún ag obair le Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil a chur ar bun chun na seiceálacha slándála ar thaistealaithe saor ó víosa a threisiú. Baileoidh an córas faisnéis a úsáidfear chun réamhsheiceálacha imirce neamhrialta agus slándála a dhéanamh. Beidh sin ina chuidiú daoine a shainaithint, sula sroichfidh siad an teorainn, a bhféadfadh baol imirce neamhrialta nó baol slándála a bheith ag baint leo agus tiocfaidh feabhas nach beag dá bharr ar an tslándáil ag na teorainneacha seachtracha.

Bealaí nua dleathacha a oscailt agus na bealaí atá ann cheana a fheabhsú

I mí Mheán Fómhair cuireadh tús leis an gcaibidlíocht idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle faoin togra le haghaidh cárta gorm athbhreithnithe a chuirfeadh le cumas an Aontais oibrithe ardoilte ó thíortha nach bhfuil san Aontas a mhealladh agus a choinneáil.

I mí Iúil 2016 mhol an Coimisiún creat an Aontais Eorpaigh maidir le hathlonnú arb é is aidhm dó comhbheartas Eorpach a bhunú maidir le hathlonnú chun a chinntiú go bhfuil bealaí eagraithe sábháilte chuig an Eoraip ann do na daoine atá i ngátar cosanta idirnáisiúnta. Chuir an Chomhairle a seasamh i láthair i mí na Samhna 2017, agus cuireadh tús leis an gcaibidlíocht leis an bParlaimint i mí na Nollag.

Lánpháirtíocht náisiúnach tríú tír

In 2017 chuir an Coimisiún roinnt beart i bhfeidhm a cuimsíodh faoin bPlean Gníomhaíochta maidir le Lánpháirtíocht Náisiúnach Tríú Tír. Reáchtáladh na chéad ghníomhaíochtaí comhfhoghlama de chuid an Líonra Lánpháirtíochta Eorpaigh nuabhunaithe sa Ghearmáin agus sa tSualainn.

Rinne an Coimisiún roinnt tionscnamh le linn na bliana freisin chun fostóirí agus comhpháirtithe eacnamaíocha agus sóisialta eile a spreagadh chun gnímh, go háirithe le seoladh Fostóirí Aontaithe don Lánpháirtíocht i mí na Bealtaine, agus, i mí na Nollag, seoladh dearbhú faoin gComhpháirtíocht Eorpach don Lánpháirtíocht. Rinne an Coimisiún uirlis ilteangach ar líne do phróifílí scileanna náisiúnach tríú tír a fhorbairt agus a sheoladh mar chuid den Chlár Oibre Nua Scileanna don Eoraip, agus is féidir í a úsáid chun scileanna agus cáilíochtaí iarrthóirí tearmainn, dídeanaithe agus imirceach eile a shainaithint go luath agus a phróifíliú. Léiríonn na tionscnaimh sin a bhfuil á dhéanamh ag an gCoimisiún, ag fostóirí agus ag comhpháirtithe sóisialta eile chun tacú le lánpháirtiú dídeanaithe agus imirceach dleathach sa mhargadh saothair.

Le Clár an Aontais Eorpaigh um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta agus le Ciste Sóisialta na hEorpa leanadh de mhaoiniú a thabhairt do bhearta i rith na bliana chun lánpháirtiú dídeanaithe agus a dteaghlach sa mhargadh saothair a éascú. Ina theannta sin, díríodh a thuilleadh i Seimeastar Eorpach 2017 ar na dúshláin a bhíonn roimh imircigh agus roimh dhídeanaithe lánpháirtiú.

An beartas víosaí

I mí na Nollag 2017 tugadh cead taistil chun Cheanada gan víosa do gach saoránach den Bhulgáir agus den Rómáin. Dá thoradh sin, as na tíortha uile nach gcuirtear ceanglas víosa ar a saoránaigh chun teacht chun an Aontais Eorpaigh, níl fágtha ach Stáit Aontaithe Mheiriceá nach gceadaíonn taisteal gan víosa ar a críoch do shaoránaigh uile an Aontais Eorpaigh. Mar a cuireadh in iúl sa tuarascáil deiridh uaidh maidir le cómhalartacht víosa, a foilsíodh i mí na Nollag freisin, tá plé leanúnach ar bun idir an Coimisiún agus na Stáit Aontaithe agus na cúig Bhallstát a mbaineann an cheist seo leo (an Bhulgáir, an Chróit, an Chipir, an Pholainn agus an Rómáin).

MAOINIÚ FAOIN gCISTE UM THEARMANN, IMIRCE AGUS LÁNPHÁIRTÍOCHT AGUS FAOIN gCISTE UM SHLÁNDÁIL INMHEÁNACH 2014–2020

Grafaic faisnéise: Is iad an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht agus an Ciste um Shlándáil Inmheánach, a bhfuil buiséad iomlán €7 mbilliún agus €4.2 billiún acu faoi seach don tréimhse 2014-2020, príomhionstraimí airgeadais an Aontais i ndáil le hinfheistiú san Eoraip oscailte shlán. Tá an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht ina chuidiú sreafaí imirce a láimhseáil ar dhóigh éifeachtach agus cur chuige coiteann i leith an tearmainn agus na himirce a cheapadh. Tacaíonn an Ciste um Shlándáil Inmheánach le cur chun feidhme Straitéis Slándála Inmheánaí athchóirithe an Aontais Eorpaigh agus maoinítear leis bearta comhair i gcúrsaí forfheidhmithe dlí agus bainistiú teorainneacha seachtracha an Aontais.

I ndáil le léirscaoileadh víosaí, tugadh cead i mí an Mhárta do shaoránaigh den tSeoirsia taisteal go limistéar Schengen gan víosa, le haghaidh cuairteanna gearra suas le 90 lá, agus, i mí an Mheithimh, tháinig an taisteal gan víosa i bhfeidhm do shaoránaigh den Úcráin. Tháinig an sásra fionraíochta athbhreithnithe i bhfeidhm i mí an Mhárta freisin, agus thuairiscigh an Coimisiún mar gheall air i mí na Nollag. Cé go bhfuiltear fós ag comhlíonadh na gceanglas is gá le haghaidh léirscaoileadh víosaí, thug an Coimisiún foláireamh go gcaithfeadh na tríú tíortha i gceist leanúint de na tagarmharcanna cuí a bhaint amach, lena n-áirítear feabhas a chur ar bhainistiú na himirce neamhrialta agus ar chosc agus comhrac na coireachta eagraithe agus na caimiléireachta.

Tacaíocht airgeadais do bhainistiú éifeachtúil na himirce

Tá cistí gnóthaí baile an Aontais ina n-ionstraimí tábhachtacha beartais chun dul i ngleic leis na dúshláin atá ann i réimse na himirce. Ar an ábhar sin, leanadh de leibhéal ard tacaíochta airgeadais a thabhairt le linn 2017. Leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, a bhfuil €1.4 billiún ann, agus leis an gCiste Slándála Inmheánaí, a bhfuil €692 mhilliún ann, leanadh de thacaíocht a thabhairt don fhothú acmhainní in 2017, chun cúnamh daonnúil, cúnamh ábhartha agus cúnamh cúraim sláinte a sholáthar agus chun cuidiú le forbairt an chomhair oibríochtúil. Cuireadh tuilleadh maoinithe ar fáil trí chláir náisiúnta na mBallstát (€634 mhilliún faoin gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht agus €168 milliún faoin gCiste Slándála Inmheánaí).

Lena chois sin, cuireadh breis agus €743 mhilliún ar fáil do na Ballstáit chun go mbeidh siad in ann gníomhú go mear i ndáil le riachtanais oibríochtúla le linn shaolré na gcistí sin. Ar aon dul leis sin, bhí na Cistí Iontaobhais agus ionstraimí eile de chuid an Aontais le haghaidh bearta seachtracha, bhí siad ina gcuidiú le dul i ngleic le dúshláin mhóra i dtíortha lasmuigh den Aontas Eorpach.

CAIBIDIL 9

Gníomhaí domhanda níos láidre

“Ní mór don Eoraip a bheith níos láidre ó thaobh na mbeartas seachtrach de. I bhfianaise ghéarchéim na hÚcráine agus dhálaí an Mheánoirthir, ar ábhar imní iad, is léir a thábhachtaí atá sé go mbeidh aon seasamh amháin ag an Eoraip maidir le cúrsaí seachtracha.”

Jean-Claude Juncker, Treoirlínte Polaitiúla, 15 Iúil 2014

Tá beartas eachtrach agus slándála an Aontais Eorpaigh dírithe ar na nithe seo a leanas a chur chun cinn: an tsíocháin agus an tslándáil idirnáisiúnta, an comhar don fhorbairt, cearta an duine agus an smacht reachta. Lena chois sin, tá sé leagtha amach leis freagairt d’éigeandálaí daonnúla agus aeráide.

Ar an leibhéal idirnáisiúnta, baineann an tAontas úsáid as na huirlisí taidhleoireachta, polaitiúla, eacnamaíocha, slándála agus daonnúla atá aige chun réiteach síochánta a fháil ar choinbhleachtaí, go háirithe sa Libia, sa tSiria agus san Úcráin.

In 2017 lean an tAontas den mhaoirseacht ar chur i bhfeidhm shocrú núicléach na hIaráine agus rinneadh dul chun cinn i roinnt mhaith réimsí. D’fhéach sé le freagairt d’aon ghuth a thabhairt don Chóiré Thuaidh freisin.

Tar éis fhoilsiú an pháipéir machnaimh ar a bhfuil i ndán do bheartas cosanta na hEorpa agus don Straitéis Dhomhanda maidir le Beartas Eachtrach agus Slándála an Aontais Eorpaigh, lean an tAontas den dul chun cinn mór ó thaobh an bheartais slándála agus cosanta de. Sheol an Coimisiún Eorpach Ciste Eorpach Cosanta a bhfuil sé mar aidhm leis comhar a spreagadh sa taighde agus san fhorbairt maidir le táirgí agus teicneolaíochtaí comhpháirteacha tionsclaíocha i réimse na cosanta.

A bhuí leis an gCiste sin, a ndéanfar €90 milliún de a infheistiú sa taighde agus €500 milliún de a infheistiú san fhorbairt faoi 2020, réiteofar an bealach le haghaidh Ciste Eorpach iomlán don Chosaint a bhfuil súil go mbeidh €1.5 billiún ann le caitheamh in aghaidh na bliana ina dhiaidh sin.

I mí na Nollag chinn 25 Bhallstát creat a bhunú le haghaidh Buanchomhar Struchtúrtha, creat atá ceangailteach ó thaobh dlí de, ionas go bhféadfar cur leis an ndlúthchomhar a dhéantar i dtaca le slándáil agus cosaint. Ba chloch mhíle nach beag é sin don Aontas Eorpach.

Ba chuid thábhachtach d’obair an Aontais in 2017 é tacaíocht a thabhairt do na Náisiúin Aontaithe agus dá Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe do 2030, agus bunaíodh Comhdhearcadh Eorpach nua maidir le Forbairt. Mhol an Coimisiún Plean Eorpach nua Infheistíochta Seachtraí a chur ar bun chun infheistíocht san Afraic agus i gcomharsanacht an Aontais a spreagadh, comhpháirtíochtaí an Aontais a neartú agus rannchuidiú leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach.

Thug an tAontas cabhair dhaonnúil, bia, foscadh, oideachas agus cúram sláinte do 120 milliún duine in 80 tír, rud a léiríonn dlúthpháirtíocht an Aontais le daoine ar fud an domhain.

Comharsanacht an Aontais Eorpaigh

Is léir ó Bheartas Comharsanachta na hEorpa gur mian leis an Aontas tógáil ar na comhleasanna le tíortha comhpháirtíochta soir agus ó dheas de agus go bhfuil sé tiomanta oibriú i gcomhar leo i bpríomhréimsí tosaíochta chun an chobhsaíocht a chur chun cinn. Ar na príomhréimsí tosaíochta sin tá an daonlathas, an smacht reachta, meas ar chearta an duine agus an comhtháthú sóisialta a chur chun cinn.

In 2017 tugadh cead do shaoránaigh den Seoirsia agus den Úcráin taisteal gan víosa chuig an Aontas Eorpach. Ina theannta sin, tháinig comhaontuithe comhlachais tábhachtacha i bhfeidhm idir an tAontas Eorpach agus an tSeoirsia, an Mholdóiv, an Úcráin, agus, dá mbarr sin, déanfar athchóirithe áirithe agus beifear in ann limistéir shaorthrádála a chruthú. D’iarr an tAontas arís go dtiocfaí ar réiteach síochánta in oirthear na hÚcráine trí chomhaontuithe Mhionsc a chur i bhfeidhm ina n-iomláine. Tugadh na comhaontuithe sin i gcrích i mí Mheán Fómhair 2014 agus i mí Feabhra 2015 agus tá sé mar aidhm leo teacht ar réiteach polaitiúil inbhuanaithe ar an gcoinbhleacht in oirthear na hÚcráine agus neamhspleáchas, ceannasacht agus iomláine chríochach na tíre a urramú san am céanna. Ina theannta sin, coinníodh i bhfeidhm na smachtbhannaí a cuireadh ar an Rúis de dheasca ionghabháil mhídhleathach a dhéanamh ar an gCrimé agus ar Sevastopol agus de dheasca an róil a bhí aici i ndíchobhsú na hÚcráine.

Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Petro Poroshenko, Uachtarán na hÚcráine, agus Donald Tusk, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, ag an 19ú Cruinniú Mullaigh idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin, Cív, an Úcráin, an 12 agus an 13 Iúil 2017.

Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Petro Poroshenko, Uachtarán na hÚcráine, agus Donald Tusk, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, ag an 19ú Cruinniú Mullaigh idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin, Cív, an Úcráin, an 12 agus an 13 Iúil 2017.

Ina theannta sin, thacaigh an tAontas leis an Iordáin, an Mholdóiv, an tSeoirsia, an Túinéis agus an Úcráin trí chláir tacaíochta macra-airgeadais, agus chomhlánaigh tacaíocht airgeadais ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta na cláir sin. Is é is aidhm dóibh cuidiú le tíortha atá gar don Aontas go geografach, go heacnamaíoch agus go polaitiúil teacht as aon ghéarchéimeanna eacnamaíocha nó airgeadais a d’fhéadfadh a bheith ann.

Athdhearbhaíodh sa chúigiú Cruinniú Mullaigh de chuid Chomhpháirtíocht an Oirthir nach raibh amhras ar bith ná go raibh an tAontas agus na sé chomhpháirtí — an Airméin, an Asarbaiseáin, an Bhealarúis, an Mholdóiv, an tSeoirsia agus an Úcráin — fós tiomanta don Chomhpháirtíocht. Tugadh aitheantas sa Dearbhú Comhpháirteach ón gCruinniú Mullaigh sin don “20 sprioc insroichte do 2020”, spriocanna a chabhróidh chun an comhar a dhíriú ar thorthaí nithiúla a bheidh chun leas na ndaoine. Tráth an Chruinnithe Mullaigh, síníodh an Comhaontú Comhpháirtíochta Cuimsitheach Feabhsaithe nua leis an Airméin.

An Rúis

Tá bearta sriantacha fós i bhfeidhm ag an Aontas in aghaidh na Rúise de dheasca an róil a bhí aici i ndíchobhsú na hÚcráine. Cuireadh síneadh leis na bearta sin i mí na Nollag 2017 agus tá siad nasctha go fóill le cur i bhfeidhm iomlán chomhaontuithe Mhionsc. Idir an dá linn, dhírigh an tAontas ar dhul i gcomhar ar bhonn roghnaíoch leis an Rúis maidir le saincheisteanna a bhaineann le beartas eachtrach, cuir i gcás, agus gnóthaí domhanda, agus chuir sé dlús leis an tacaíocht a thugann sé don tsochaí shibhialta sa Rúis agus leis an teagmháil a bhíonn ag saoránaigh den Aontas le saoránaigh den Rúis. Bhí staid chearta an duine sa Rúis agus na srianta ar an tsochaí shibhialta ina réimse ar lean an tAontas de thosaíocht a thabhairt di.

Comharsanacht theas an Aontais Eorpaigh

I gcaitheamh na bliana lean an tAontas de thosaíochtaí comhpháirtíochta, lena gcumhdaítear comhar eacnamaíoch agus polaitiúil, a chaibidliú. Thug sé na tosaíochtaí sin i gcrích leis an Ailgéir agus an Éigipt.

Chuir an tAontas beagnach €170 milliún ar fáil chun go bhféadfar imircigh a chosaint, straitéisí imirce a chur i bhfeidhm agus é a éascú do dhaoine filleadh go deonach ar an Éigipt, an Libia, Maracó agus an Túinéis, agus ath-lánpháirtiú na ndaoine sin a dhéanamh go héifeachtach. Mhéadaigh an tAontas freisin an tacaíocht a thugann sé don Túinéis chun cúnamh a thabhairt le haistriú na tíre sin chuig an daonlathas agus lena téarnamh eacnamaíoch.

I mí Iúil ghlac an Coimisiún ballraíocht sa Chomhpháirtíocht maidir le Taighde agus Nuálaíocht i Limistéar na Meánmhara agus gheall sé go ndéanfadh sé suas le €220 milliún a infheistiú, sna blianta atá amach romhainn, sa chomhar réigiúnach chun acmhainní uisce agus córais bhia a fheabhsú. Is gá na hacmhainní agus na córais sin a fheabhsú toisc go bhfuil an fíorghanntanas uisce atá ann faoi láthair agus an laghdú atá ag teacht ar an toradh barr ag cur isteach ar dhálaí socheacnamaíocha agus is é a thagann as sin an éagobhsaíocht pholaitiúil, rud a spreagann an imirce ghearrthéarmach. Tá an tAontas tiomanta tacaíocht a thabhairt don Libia agus d’aistriú na tíre sin chuig an daonlathas, agus thacaigh sé le hidirghabháil na Náisiún Aontaithe. I mí Aibreáin, i gcruinniú aireachta maidir le comhar idir an tAontas agus an Libia, díríodh ar chúrsaí oideachais agus sláinte.

I rith 2017 lean an tAontas de chomhar réigiúnach a chur chun cinn le tíortha na Meánmhara Theas tríd an Aontas don Réigiún Meánmhuirí, trí Léig na nArabach agus Fondúireacht Anna Lindh.

Na Balcáin Thiar agus an próiseas maidir le méadú

Lean an tAontas den tacaíocht a thugtar do thíortha na mBalcán Thiar agus dul chun cinn á dhéanamh acu maidir le ballraíocht a bhaint amach san Aontas Eorpach. Lean Montainéagró agus an tSeirbia den chaibidlíocht faoina theacht isteach san Aontas Eorpach. Trí dhian-rannpháirtíocht an Aontais agus tríd an dul chun cinn a rinneadh i dtaca le hathchóirithe agus leis an daonlathas san Albáin agus i bPoblacht iar-Iúgslavach na Macadóine, réitíodh an bealach chun go nglacfaidís araon a thuilleadh céimeanna lánpháirtíochta maidir le ballraíocht a bhaint amach san Aontas. Ina theannta sin, thacaigh an tAontas le hathchóirithe sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin agus sa Chosaiv (tá an t-ainmniú seo gan dochar do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le Rún 1244/99 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus le Tuairim na Cúirte Breithiúnais maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive). Thairis sin, tacaíonn an tAontas le hathmhuintearas agus cuidíonn sé le heasaontas a mhaolú idir na tíortha sa réigiún.

An tArd-Ionadaí/Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin Federica Mogherini (sa lár) agus Goran Rakić, Méara Mitrovica Thuaidh (ar dheis), le linn searmanas oscailte droichid in Mitrovica, an Chosaiv, an 4 Márta 2017.

An tArd-Ionadaí/Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin Federica Mogherini (sa lár) agus Goran Rakić, Méara Mitrovica Thuaidh (ar dheis), le linn searmanas oscailte droichid in Mitrovica, an Chosaiv, an 4 Márta 2017.

An Tuirc

I gcaitheamh na bliana, cuireadh dúshlán faoin gcaidreamh idir an tAontas agus an Tuirc toisc gur tháinig meath tromchúiseach ar an smacht reachta agus ar chearta bunúsacha sa Tuirc. Léirigh an tAontas go raibh sé toilteanach leanúint den idirphlé leis an Tuirc ar an gcoinníoll go bhfuil sí cobhsaí, daonlathach agus ina sochaí chuimsitheach. Leanadh de thorthaí maithe a bhaint amach a bhuí le Ráiteas 2016 idir an tAontas agus an Tuirc, agus is léir an méid sin ón laghdú mór a tháinig ar líon na ndaoine a thrasnaigh an Mhuir Aeigéach go neamhrialta agus ar líon na mbásanna.

Iarthar na hEorpa

Chothaigh an tAontas an caidreamh den scoth atá aige le tíortha in Iarthar na hEorpa nach Ballstáit iad, agus bhí an Iorua agus an Eilvéis ar roinnt de na príomh-chomhpháirtithe trádála agus infheistíochta dá chuid. Cuireadh feabhas ar an gcaidreamh le tíortha sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua) agus féachadh le caidreamh níos dlúithe a dhéanamh leis an Vatacáin i ndáil leis an mbeartas eachtrach agus le saincheisteanna eile.

Meiriceá Thuaidh agus Meiriceá Laidineach

Bhí teagmháil ghníomhach ag an Aontas leis an rialtas nua sna Stáit Aontaithe, agus le linn Cruinniú de chuid na gCeannairí a tionóladh sa Bhruiséil i mí na Bealtaine nuair a thug an tUachtarán Donald Trump a chéad turas thar lear. Bhí dlúthchomhar leanúnach ar siúl i ndáil leis an tslándáil, leis an bhfrithsceimhlitheoireacht agus leis an mbeartas eachtrach — an Chóiré Thuaidh, an Rúis, an tSiria agus an Úcráin san áireamh — agus bhí ríthábhacht leis an gcomhar sin.

Ba thábhachtach an bhliain í 2017 ó thaobh an chaidrimh idir an tAontas agus Ceanada. Is féidir le gach saoránach den Aontas taisteal go Ceanada gan víosa anois agus i mí Mheán Fómhair tosaíodh ar chomhaontú saorthrádála le Ceanada a chur i bhfeidhm go sealadach.

Cén chaoi a bhfuil an tAontas Eorpach ag cothú na síochána sa Cholóim tar éis 52 bhliain de choinbhleacht?

Tráth a bhfuil athruithe ag titim amach ar fud Mheiriceá Laidinigh, lean an tAontas den obair chun cruth na haimsire seo a chur ar an gcaidreamh lena chomhpháirtithe, ar a bhfuil an tSile, Cúba, Meicsiceo, bloc trádála Mercosur agus tíortha i Muir Chairib, agus an caidreamh sin a threisiú. Ina theannta sin, trí Chomhphobal Stáit Mhuir Chairib agus Mheiriceá Laidinigh, d’fheabhsaigh an tAontas an caidreamh atá aige leis an réigiún trí chéile maidir le réimse ábhar ó thaobh cúrsaí slándála, gnó, inscne agus caidreamh parlaiminteach de. Tá na blianta fada caite ag an Aontas i mbun comhpháirtíocht agus comhar leis an gColóim , agus lean sé de thacaíocht a thabhairt don tsíocháin sa tír sin.

An tSín

A bhuí leis an gCruinniú Mullaigh idir an tAontas agus an tSín a tionóladh sa Bhruiséil i mí an Mheithimh, rinneadh dul chun cinn mór i roinnt réimsí, e.g. tásca geografacha, comhar custaim, státchabhair agus an gealltanas chun Comhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide a chur i bhfeidhm. Cuireadh dlús le malartuithe maidir leis an mbeartas eachtrach agus le saincheisteanna réigiúnacha agus rinneadh comhairliúchán agus plé maidir leis an Afraic, an Áise Láir, an Afganastáin, an Chóiré Thuaidh agus an tSiria, chomh maith leis an bhfrithsceimhlitheoireacht agus leis an gcosaint. Ábhair imní a ardú maidir le cearta an duine an ghné is lárnaí go fóill i gcaidreamh an Aontais leis an tSín.

Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Li Keqiang, Príomh-Aire na Síne, agus Donald Tusk, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, ag an 19ú Cruinniú Mullaigh idir an tAontas Eorpach agus an tSín sa Bhruiséil, an 2 Meitheamh 2017.

Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Li Keqiang, Príomh-Aire na Síne, agus Donald Tusk, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, ag an 19ú Cruinniú Mullaigh idir an tAontas Eorpach agus an tSín sa Bhruiséil, an 2 Meitheamh 2017.

An Áise agus an tAigéan Ciúin

Comhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas

In 2017 rinneadh comóradh 40 bliain ar an gcaidreamh oifigiúil idir an tAontas agus Comhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas. Sa chruinniú mullaigh i Mainile sna hOileáin Fhilipíneacha, i mí Lúnasa, leagadh amach réimsí comhair don tréimhse 2018–2022 agus orthu sin bhí an tslándáil, an trádáil, an fhorbairt inbhuanaithe agus an teagmháil idir dhaoine.

An Meánoirthear

An Iaráin

Rinneadh cuid mhór dul chun cinn i dtaca leis an gcaidreamh idir an tAontas agus an Iaráin i rith na bliana, go háirithe i réimsí na trádála agus na hinfheistíochta, an fhuinnimh, an chomhshaoil, an oideachais, an taighde, an chomhair núicléach shibhialta, na cabhrach daonnúla agus chearta an duine. Bhíothas in ann an dul chun cinn mór sin a dhéanamh toisc gur cuireadh deireadh leis na smachtbhannaí a bhaineann le cúrsaí núicléacha. Chomh maith leis sin, tá idirphlé rialta curtha ar bun leis an Iaráin chun plé le saincheisteanna réigiúnacha ar bhealach dearfach agus modhanna nua cur chuige a chur chun cinn chun géarchéimeanna réigiúnacha a réiteach.

Próiseas Síochána an Mheánoirthir, Iosrael agus na críocha Palaistíneacha faoi fhorghabháil

Tá an réiteach dhá stát i mbaol i gcónaí de dheasca a bhfuil ag titim amach ar an láthair, amhail an easpa dul chun cinn is gá a dhéanamh maidir le hathmhuintearas idir Palaistínigh agus an méadú a tháinig ar ghníomhaíochtaí lonnaíochta rialtas Iosrael sna críocha Palaistíneacha faoi fhorghabháil, Iarúsailéim Thoir san áireamh. Mar sin féin, i mí na Nollag, d’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach seasamh an Aontais i bhfabhar réiteach dhá stát. I ndeireadh na bliana tugadh na chéad chéimeanna i dtreo athmhuintearas a dhéanamh idir Palaistínigh. Sheol an tAontas athbhreithniú ar a mhodhanna nithiúla rannpháirtíochta lena chinntiú go bhfuil siad fabhrach chun réiteach dhá stát a chur ar aghaidh agus a bhaint amach.

Tháinig an tAontas, mar aon leis na Ballstáit, an Iorua agus an Eilvéis, ar chomhaontú i leith Straitéis Chomhpháirteach Eorpach do 2017–2020 maidir le tacaíocht airgeadais don Phalaistín, an chéad chlár comhpháirteach cabhrach i gcomharsanacht theas an Aontais Eorpaigh.

An tSiria

D’fhág an ghéarchéim sa tSiria nár lagaigh an tAontas agus an pobal idirnáisiúnta ar na maidí i rith na bliana. I mí Aibreáin chomhóstáil an tAontas Comhdháil na Bruiséile maidir le tacaíocht a thabhairt do thodhchaí na Siria agus an réigiúin. Gheall na rannpháirtithe €5.6 billiún chun dul i ngleic leis an ngéarchéim. Tá an tAontas réidh le tacú leis an atógáil ach ní dhéanfar sin go dtí go dtiocfaidh na páirtithe sa tSiria ar réiteach polaitiúil inbhuanaithe agus cuimsitheach ar an gcoinbhleacht.

AN GHÉARCHÉIM SA tSIRIA

Grafaic faisnéise: Is é an ghéarchéim sa tSiria an tubaiste dhaonnúil is measa ar domhan. Tá an tAontas ar an deontóir príomha sa fhreagairt idirnáisiúnta ar an ngéarchéim, agus ó thús na coinbhleachta tá breis agus €9.4 billiún tugtha ag an Aontas agus ag na Ballstáit i dteannta a chéile mar chúnamh daonnúil agus forbartha. Ó bhí 2011 ann tá an tacaíocht a thug an Coimisiún Eorpach mar fhreagairt ar an ngéarchéim sa tSiria imithe thar €3.9 billiún agus áirítear sa mhéid sin cúnamh daonnúil práinne agus cúnamh neamhdhaonnúil chun riar ar riachtanais láithreacha agus mheántéarmacha.

Caidreamh idir an tAontas agus an Afraic

Tá an tAontas Eorpach ar an gcomhpháirtí trádála agus infheistíochta is mó atá ag an Afraic agus ar an bpríomhfhoinse chabhrach atá aici freisin. Tá sé ar an soláthraí is mó d’fhorbairt oifigiúil agus de chabhair dhaonnúil d’ilchríoch na hAfraice. Sa chúigiú Cruinniú Mullaigh idir an tAontas Afracach agus an tAontas Eorpach in Abidjan sa Chósta Eabhair i mí na Samhna, díríodh ar infheistíocht a dhéanamh i ndaoine óga san Afraic, ar sciar mór den daonra iad. Tá an tAontas Eorpach ag súil le bheith ag obair i gcomhar leis an Afraic faoi chuimsiú Chomhaontú iar-Cotonou amach anseo.

Imirce: gné chearta an duine a stiúrann cur chuige an Aontais Eorpaigh

Bhí an imirce go mór chun tosaigh ar chlár oibre an Aontais i rith na bliana agus cuireadh béim mhór ar ghné chearta an duine. Tháinig laghdú mór ar líon na ndaoine a thrasnaigh an Mheánmhuir agus an Sahára i rith na bliana. Is é is cúis leis sin comhar agus comhordú méadaithe idir an tAontas agus tíortha comhpháirtíochta san Afraic agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, chomh maith le comhordú leis na Ballstáit. Ina theannta sin, lean misean cabhlaigh an Aontais, Oibríocht SOPHIA, d’oibíochtaí frithsmuglála a chur i gcrích agus de Gharda Cósta na Libia a thraenáil. Tá beagnach €3.2 billiún curtha ar fáil cheana ag Ciste Iontaobhais Éigeandála an Aontais Eorpaigh don Afraic chun poist a chruthú, scileanna a fheabhsú, bainistiú na himirce a neartú agus dálaí slándála a fheabhsú le go bhféadfaidh tíortha a ngeilleagair a fhorbairt agus deiseanna eile a chruthú ionas nach mbeidh an fonn céanna ar dhaoine dul ar imirce.

Ón tráth a seoladh an Creat Comhpháirtíochta maidir leis an Imirce baineadh amach roinnt mhaith torthaí nithiúla sna cúig thír tosaíochta fho-Shaháracha: an Aetóip, Mailí, an Nígir, an Nigéir agus an tSeineagáil. Tá cur síos ar an gcuid is mó den obair sin sa Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn a chuir Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála/an Leas-Uachtarán Federica Mogherini i láthair in 2017.

Forbairt inbhuanaithe

Tá an tAontas ar an deontóir is mó ar domhan de chúnamh forbraíochta agus daonnúil. Ní gníomh carthanachta atá á dhéanamh ag an Aontas; tá infheistíocht á dhéanamh aige i ndaoine. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún €31 bhilliún de chúnamh forbraíochta oifigiúil a chur ar fáil don Afraic idir 2014 agus 2020.

Lean an tAontas de thiomantas agus de cheannaireacht a thaispeáint maidir le Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe a chur i bhfeidhm nuair a shínigh sé comhdhearcadh nua — an Comhdhearcadh Eorpach maidir le Forbairt. Treisíodh leis na hiarrachtaí chun an cur chuige seo a chur i ngníomh trí phlean nua, Plean Eorpach Infheistíochta Seachtraí, a sheoladh a bhfuil sé mar aidhm leis suas le €44 bhilliún breise a infheistiú san Afraic agus i gcomharsanacht na hEorpa.

An Plean Infheistíochta Seachtraí: bealach nua chun tacaíocht a thabhairt do thíortha san Afraic agus do thíortha comharsanachta

Sheol an tAontas Eorpach agus na Náisiúin Aontaithe an tionscnamh Spotlight chun deireadh a chur leis an bhforéigean in aghaidh ban agus cailíní.

Cuireadh an Plean Infheistíochta Seachtraí ar bun in 2017 agus is cur chuige nuálach é maidir le cúnamh forbraíochta ón Aontas. Cuid thábhachtach den Phlean sin is ea an Ciste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe a bunaíodh an 28 Meán Fómhair.

An Coimisinéir Neven Mimica ar cuairt ar Ionad Ealaíne Nafasi agus ag labhairt le daoine óga i nDárasalám, an Tansáin, an 3 Samhain 2017

An Coimisinéir Neven Mimica ar cuairt ar Ionad Ealaíne Nafasi agus ag labhairt le daoine óga i nDárasalám, an Tansáin, an 3 Samhain 2017

A bhuí leis an bPlean, déanfar infheistíocht a spreagadh i dtíortha comhpháirtíochta an Aontais san Afraic agus i dtíortha comharsanachta. Cuirfear fás cuimsitheach, cruthú post agus forbairt inbhuanaithe chun cinn agus rachfar i ngleic, ar an gcaoi sin, le cuid de na bunchúiseanna atá leis an imirce neamhrialta. Leis an bplean, a bhfuil €4.1 billiún curtha ar fáil ina chomhair ó bhuiséad an Aontais agus ón gCiste Eorpach Forbraíochta, meastar go ndéanfar infheistíochtaí is mó ná €44 bhilliún a ghiaráil faoi 2020. D’iarr an Coimisiún ar na Ballstáit agus ar chomhpháirtithe eile, freisin, ranníocaíocht a dhéanamh.

In 2017 sheol an tAontas tionscnamh €500 milliún i gcomhpháirtíocht leis na Náisiúin Aontaithe chun deireadh a chur le gach cineál foréigin in aghaidh ban agus cailíní ar fud an domhain.

Mhol an Coimisiún sainordú an Aontais i ndáil le tús a chur leis an gcaibidlíocht fhoirmiúil i leith comhpháirtíocht nua le tíortha san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin tar éis 2020.

Rinneadh athbhreithniú ar an mbeartas Cúnamh don Trádáil 2007 chun tarraingt níos gaire do chur chuige níos leithne i leith na trádála le haghaidh forbairt inbhuanaithe agus é mar aidhm leis an gcur chuige sin an tionchar a bhíonn ag an gcaidreamh eacnamaíoch le tíortha comhpháirtíochta ar an bhforbairt a mhéadú.

An ról atá ag an Aontas chun cearta an duine a chosaint

I gcaitheamh na bliana d’athdhearbhaigh an tAontas an ról atá aige mar phríomhghníomhaí ar son chearta an duine ar an leibhéal domhanda. I mí an Mheithimh d’fhoilsigh an tAontas athbhreithniú meántéarma ar Phlean Gníomhaíochta an Aontais maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas (2015–2019). Maidir leis an tréimhse atá fágtha chun an Plean Gníomhaíochta atá anois ann a chur i bhfeidhm, sainaithnítear réimsí san athbhreithniú sin ar cheart don Aontas aghaidh a thabhairt orthu maidir le cearta an duine i dtíortha nach Ballstáit den Aontas iad.

I gcomhréir le tosaíochtaí na Straitéise Domhanda maidir le Beartas Eachtrach agus Slándála an Aontais Eorpaigh, thacaigh an tAontas go mór le timpeallacht chumasúcháin a chinntiú d’eagraíochtaí neamhrialtasacha agus do chosantóirí chearta an duine trí idirphlé a chothú faoi chearta an duine, trí thacaíocht airgeadais a thabhairt, agus i bhfóraim iltaobhacha. I rith na bliana lean streachailt an phobail i gcoinne na sochaí sibhialta ar fud an domhain. Bhí an tAontas glan i gcoinne aon srianta gan údar a chur ar na cearta chun saoirse comhlachais agus chun saoirse comhthionóil shíochánta.

An daonlathas a chur chun cinn: Misean breathnóireachta AE um thoghcháin.

Slándáil agus cosaint

Ghníomhaigh an tAontas go tapa in 2017 chun an Straitéis Dhomhanda maidir le Slándáil agus Cosaint a chur i bhfeidhm. Bunaíodh an chéad lárionad ceannais aonair riamh le haghaidh traenáil mhíleata agus misin chomhairleacha san Aontas. Seoladh Ionad Barr Feabhais Eorpach chun an anailís agus cumas an Aontais dul i ngleic le bagairtí hibrideacha a fheabhsú (tar éis Theachtaireacht Chomhpháirteach 2016 ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir le bagairtí hibrideacha a chomhrac) agus cuireadh leis an gcomhar le NATO freisin.

I mí an Mheithimh sheol an Coimisiún Ciste Eorpach Cosanta a ndéanfar, faoi 2020, €90 milliún de a infheistiú i dtaighde agus €500 milliún de a infheistiú i bhforbairt táirgí agus teicneolaíochtaí tionsclaíocha i réimse na cosanta. Tríd an gCiste seo bainfear úsáid as buiséad an Aontais den chéad uair chun tacaíocht a thabhairt do thionscadail a bhaineann leis an gcosaint. Dá bhrí sin, tiocfaidh laghdú ar an mbaol dúblála agus spreagfar caiteachas níos éifeachtaí sna rialtais náisiúnta trí chomhar i dtaca le taighde, forbairt agus comhéadálacha.

Seoladh na chéad ghlaonna ar thionscadail taighde agus fógraíodh, roimh dheireadh 2017, na chéad tionscadail taighde a mhaoineofar ina n-iomláine i réimsí na gcóras gan foireann agus na gcóras le haghaidh saighdiúirí. D’ullmhaigh an Coimisiún togra, freisin, maidir le Clár Eorpach Forbartha Tionscal i réimse na Cosanta, agus cuireadh €500 milliún as buiséad an Aontais i leataobh dó chun táirgí agus teicneolaíochtaí tionsclaíocha i réimse na cosanta a chómhaoiniú le linn na céime forbartha, amhail fréamhshamhlacha.

INFHEISTÍOCHT I dTAIGHDE AGUS I bhFORBAIRT LE hAGHAIDH TÁIRGÍ AGUS TEICNEOLAÍOCHTAÍ TIONSCLAÍOCHA I RÉIMSE NA COSANTA

Grafaic faisnéise: Leis an gCiste Eorpach Cosanta cothaítear comhar agus coigilteas costais i measc na mBallstát chun teicneolaíocht agus fearas cosanta úrscothach a chur ar fáil. De bharr an Chiste beidh an tAontas ar cheann de na hinfheisteoirí is mó sa taighde cosanta san Eoraip agus beidh sé ag cuidiú teicneolaíochtaí ceannródaíocha lán-idir-inoibritheacha a cheapadh agus breis trealaimh a chur ar fáil.

AN CISTE EORPACH COSANTA

Grafaic faisnéise: Ní d'aon tír amháin a bhíonn bagairtí slándála agus cosanta teoranta. Is trí obair i gcomhar le chéile is fearr is féidir aghaidh a thabhairt orthu. Le Ciste Eorpach Cosanta de shaghas uaillmhianach cuirfear comhar agus coigilteas costais chun cinn i measc na mBallstát chun teicneolaíocht agus fearas cosanta úrscothach a chur ar fáil. Leis an gCiste, rannchuideofar le hAontas Eorpach a chosnaíonn a chuid saoránach.
High Representative/Commission 
Vice-President Federica Mogherini visiting the Zaragoza Air Base, Spain, 8 June 2017. © European Union

An tArd-Ionadaí/Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin Federica Mogherini ar cuairt ar Aerbhunáit Zaragoza, an Spáinn, an 8 Meitheamh 2017.

I mí na Nollag agus gan ach 6 mhí caite tar éis an togra a fháil ón gCoimisiún, chomhaontaigh Comhairle an Aontais Eorpaigh cur chuige ginearálta. I bhfianaise na hoibre leanúnaí atá ar siúl i bParlaimint na hEorpa, tá an chuma ar an scéal go mbeidh an Ciste Eorpach Cosanta faoi lánseol chun tacaíocht a thabhairt do na chéad tionscadail ó 2019 ar aghaidh.

Ós rud é go n-aithnítear gur gá comhordú agus comhar breise a dhéanamh i réimse na slándála agus na cosanta, sheol ceannairí 25 Bhallstát an Buanchomhar Struchtúrtha maidir leis an gcosaint i mí na Nollag. Dá bharr sin féadfaidh na Ballstáit sin atá in ann inniúlachtaí cosanta a shaothrú le chéile, agus toilteanach sin a dhéanamh, féadfaidh siad infheistiú i dtionscadail chomhroinnte agus feabhas a chur ar an ullmhacht oibríochtúil agus rannchuidiú a bhfórsaí armtha. Tháinig siad ar chomhaontú maidir le 17 dtionscadal chomhoibritheacha, na cinn seo san áireamh: foirne mearfhreagartha agus cúnamh frithpháirteach le haghaidh na cibearshlándála; fóirithint mhíleata i gcás géarchéimeanna; uasghrádú ar an tslándáil mhuirí; Ceannasaíocht Leighis a bhunú don Aontas; agus Ionad Inniúlachtaí le haghaidh Misin Oiliúna a bhunú don Aontas.

BUANCHOMHAR STRUCHTÚRTHA

Grafaic faisnéise: Is é is aidhm don Bhuanchomhar Struchtúrtha i dtaca leis an gcosaint agus an tslándáil feabhas a chur ar an gcomhordú agus an infheistíocht a mhéadú sa chosaint agus sa chomhar idir na Ballstáit i dtaca le hinniúlachtaí cosanta a fhorbairt. Is é atá ann ná an comhtháthú struchtúrtha atá á dhéanamh ag 25 cinn de 28 bhfórsa armtha náisiúnta an Aontais Eorpaigh, bunaithe ar Airteagal 42(6) agus ar Phrótacal 10 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus atá ionchorpraithe i gComhbheartas Slándála agus Cosanta an Aontais.

Ina theannta sin, tá a gcuid pleananna maidir le caiteachas cosanta á roinnt le chéile den chéad uair ag na Ballstáit chun gur fearr is féidir easnaimh a aithint, a bheith níos comhsheasmhaí agus chun leas a bhaint as barainneacht scála tríd an Athbhreithniú Comhordaithe Bliantúil ar Chosaint.

Freagairt do ghéarchéimeanna agus éigeandálaí daonnúla

In 2017 chuir an tAontas breis agus €1.5 billiún in áirithe do ghníomhaíochtaí cabhrach daonnúla agus cosanta sibhialta. Tugadh cúnamh fóirithinte chun bia, foscadh, oideachas, cosaint agus cúram sláinte a chur ar fáil do bhreis agus 120 milliún duine a bhí i ngátar i níos mó ná 80 tír. Mhaoinigh an tAontas cabhair dhaonnúil i ngach ceann de na príomhlimistéir choinbhleachta, mar atá an Iaráic agus an tSiria, an Afganastáin, Poblacht na hAfraice Láir, an tSúdáin Theas agus Éimin.

CABHAIR DHAONNÚIL ÓN AONTAS IN 2017

Grafaic faisnéise: Tuairim agus €1 bhilliún in aghaidh na bliana (€7.1 billiún san iomlán a cuireadh in áirithe do sheacht mbliana an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil) i mbuiséad tosaigh an Aontais d'Oibríochtaí um Chabhair Dhaonnúil agus Cosaint Sibhialta, mar a leagtar amach i gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2014-2020. I dteannta na gcroíghníomhaíochtaí cabhrach daonnúla agus cosanta sibhialta bhí tacaíocht i mBuiséad 2017 do thionscnamh Shaorálaithe Cabhrach an Aontais agus don Ionstraim Tacaíochta Éigeandála le haghaidh oibríochtaí laistigh den Aontas.
An Coimisinéir Christos Stylianides in éineacht le dídeanaithe ón tSúdáin Theas in Imvepi, Uganda, an 22 Meitheamh 2017.

An Coimisinéir Christos Stylianides in éineacht le dídeanaithe ón tSúdáin Theas in Imvepi, Uganda, an 22 Meitheamh 2017.

Le linn na bliana rinneadh 65.6 milliún duine ar fud an domhain a easáitiú go héigeantach de dheasca coinbhleachtaí agus cogaí. Rinneadh tuairim agus 90 % de bhuiséad bliantúil an Aontais le haghaidh cabhair dhaonnúil a leithdháileadh ar thionscadail a chuidíonn leis na dídeanaithe sin in 56 thír. Threisigh an tAontas leis an bhfreagairt uaidh ar an mbaol ocrais agus gorta a bhí ann do na mílte daoine in Éimin, sa Nigéir, sa tSomáil agus sa tSúdáin Theas trí €326 mhilliún a leithdháileadh ar na tíortha sin in 2017.

Chuidigh an tAontas le dídeanaithe agus le himircigh sa Ghréig trí chúnamh airgeadais a thabhairt dóibh agus cóiríocht ar cíos a chur ar fáil mar chuid den chlár maidir le Tacaíocht Éigeandála do Lánpháirtíocht agus do Chóiríocht. Bhí an Líontán Sábhála Sóisialta Éigeandála, an clár daonnúil is mó a bhí ag an Aontas riamh, ina chuidiú ag breis agus 1.1 milliún de na dídeanaithe is leochailí sa Tuirc riar ar a gcuid bunriachtanas trí chártaí dochair réamhíoctha a chur ar fáil dóibh.

In 2017 rinne an tAontas breis agus 6 % le hais 1 % in 2015 den bhuiséad a cuireadh i leataobh don chabhair dhaonnúil a leithdháileadh ar chláir oideachais do leanaí atá ag dul trí géarchéim dhaonnúil.

Tríd an Sásra um Chosaint Shibhialta déanann an tAontas cúnamh fóirithinte a chomhordú agus a thabhairt do dhaoine i limistéir atá buailte ag tubaistí san Eoraip agus ar fud na cruinne. Cuireadh an Sásra i bhfeidhm 32 uair i gcaitheamh na bliana, mar shampla tar éis dóiteáin foraoise san Eoraip, tuilte i bPeiriú agus spéirlingí i Muir Chairib.

Comhar iltaobhach

D’oibrigh an tAontas i ndlúthchomhar leis na Náisiúin Aontaithe i gcaitheamh na bliana agus sheas sé leis na trí thosaíocht a bhí ag António Guterres, Ardrúnaí nua na Náisiún Aontaithe: coinbhleachtaí a chosc, an fhorbairt inbhuanaithe agus athchóiriú na Náisiún Aontaithe. Tá an tAontas mar aon leis na Ballstáit ar na ranníocóirí is mó le córas na Náisiún Aontaithe. I gcomhréir leis an Straitéis Dhomhanda, mhol an tAontas an rialachas domhanda a threisiú, coinbhleachtaí a chosc agus an tsíocháin a chinntiú, agus comhaontuithe príomha a chur i bhfeidhm maidir leis an athrú aeráide agus leis an bhforbairt inbhuanaithe.

An tAontas agus na Náisiúin Aontaithe: ag obair le chéile chun saol daoine a fheabhsú.

Céad-Leas-Uachtarán an Choimisiúin Frans Timmermans ag cur fáilte roimh António Guterres, Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, ag Comhairle Slándála München, an Ghearmáin, an 18 Feabhra 2017.

Céad-Leas-Uachtarán an Choimisiúin Frans Timmermans ag cur fáilte roimh António Guterres, Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, ag Comhairle Slándála München, an Ghearmáin, an 18 Feabhra 2017.

Cuireadh leis an gcomhar idir an tAontas agus NATO in 2017. Bhí an méid sin bunaithe ar Dhearbhú Vársá 2016 maidir le comhar frithpháirteach i gcoinne bagairtí coiteanna. Is cuid thábhachtach d’obair an Aontais an comhar NATO agus tá sé mar aidhm leis an obair sin slándáil agus cosaint na hEorpa a neartú faoi chuimsiú Straitéis Dhomhanda an Aontais. Rinneadh cleachtaí comhthreomhara agus comhordaithe den chéad uair an fómhar seo.

CAIBIDIL 10

Aontas ina bhfuil athrú daonlathach ar siúl

“Faoin gceannaireacht seo agamsa, beidh an Coimisiún Eorpach tiomanta an chomhpháirtíocht speisialta le Parlaimint na hEorpa a chomhlíonadh … Tá mé tiomanta freisin an trédhearcacht a fheabhsú maidir le teagmháil le geallsealbhóirí agus lucht brústocaireachta.”

Jean-Claude Juncker, Treoirlínte Polaitiúla, 15 Iúil 2014

In 2017 bhí 60 bliain ann ón uair a síníodh conarthaí bunaidh an Aontais Eorpaigh. Deis thábhachtach ab ea sin aitheantas a thabhairt don mhéid atá bainte amach agus na luachanna atá i bpáirt againn mar Eorpaigh a cheiliúradh. Tá deis ann freisin ár machnamh a dhéanamh ar réimsí inar féidir tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh agus i leith na ndúshlán atá romhainn agus tús á chur le ré nua i stair na hEorpa.

Chun tús a chur leis an díospóireacht faoin mbealach atá romhainn d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach Páipéar Bán ar Thodhchaí na hEorpa. Leagadh amach ann na príomhdhúshláin atá romhainn agus na príomhdheiseanna a bheidh againn as seo go ceann 10 mbliana mar aon le cúig chás den chineál foráis a d’fhéadfadh teacht ar an Aontas faoi 2025. Foilsíodh sraith de pháipéir machnaimh dá éis sin maidir le saincheisteanna a mbeidh tionchar acu ar thodhchaí an Aontais, rud a spreag plé i mbreis agus 2 000 imeacht a reáchtáladh ar fud na hEorpa.

Ina Aitheasc ar Staid an Aontais Eorpaigh i mí Mheán Fómhair chíor Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh an bhliain inar léiríodh dóchas agus uaillmhian a bheith ann athuair i leith an tionscadail Eorpaigh agus a bhuí sin le tréancheannaireacht pholaitiúil institiúidí an Aontais agus na mBallstát. Chuir sé i láthair an fhís atá aige féin den Aontas agus í níos aontaithe, níos láidre agus níos daonlathaí. Ina theannta sin bhí treochlár inar leag sé amach na príomhbhearta is gá a dhéanamh chun an obair ar dheich dtosaíocht pholaitiúla an Choimisiúin a chur i gcrích roimh dheireadh a thréimhse oifige, mar aon le sraith de thionscnaimh réamhbhreathnaitheacha. In Sibiu na Rómáine an 9 Bealtaine 2019 tionólfar cruinniú mullaigh speisialta de cheannairí na 27 mBallstát maidir leis an mbealach chun cinn don Aontas Eorpach.

Lean an Coimisiún de bheith ag cur feabhas ar cháilíocht phróiseas ceaptha beartas agus phróiseas reachtóireachta an Aontais, lena chinntiú gur fearr a rachaidh dlíthe an Aontais chun tairbhe do na ndaoine lena mbaineann siad.

Clár oibre deimhneach don Eoraip a chur i bhfeidhm

Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, ag tabhairt óráid Staid an Aontais uaidh i bParlaimint na hEorpa, Strasbourg, an Fhrainc, an 13 Meán Fómhair 2017.

Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, ag tabhairt óráid Staid an Aontais uaidh i bParlaimint na hEorpa, Strasbourg, an Fhrainc, an 13 Meán Fómhair 2017.

Ina aitheasc ar Staid an Aontais 2016 chuir an tUachtarán Juncker treochlár deimhneach i láthair maidir leis “An Eoraip a chaomhnaíonn, a chumhachtaíonn agus a chosnaíonn”, treochlár ar chuir Parlaimint na hEorpa agus ceannairí na 27 mBallstát fáilte roimhe ag Cruinniú Mullaigh na Bratasláive sa tSlóvaic i mí Mheán Fómhair 2016.

Leanadh den obair ar chlár oibre deimhneach in 2017 agus an 1 Márta foilsíodh Páipéar Bán ar Thodhchaí na hEorpa inar leagadh amach fís an Choimisiúin do thodhchaí an Aontais agus 27 mBallstát ann. Leagtar amach sa Pháipéar Bán na príomhdhúshláin agus na príomhdheiseanna atá i ndán don Aontas as seo go ceann 10 mbliana, mar aon le cúig chás den chineál foráis a d’fhéadfadh teacht ar an Aontas faoi 2025 de réir mar a láimhseálfaidh sé na dúshláin agus na deiseanna sin. Foilsíodh sraith de chúig pháipéar machnaimh dá éis sin chun tús a chur leis an idirphlé maidir leis na ceisteanna is mó a mbeidh tionchar acu ar thodhchaí an Aontais:

D’fhoilsigh an Coimisiún an Páipéar Bán ar Thodhchaí na hEorpa an 1 Márta 2017.

D’fhoilsigh an Coimisiún an Páipéar Bán ar Thodhchaí na hEorpa an 1 Márta 2017.

An 25 Márta tháinig ceannairí na 27 mBallstát le chéile sa Róimh chun 60 bliain Chonarthaí na Róimhe a cheiliúradh, conarthaí lenar bunaíodh Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa, réamhtheachtaí Aontas Eorpach an lae inniu, agus chun a móideanna dílseachta don Aontas a athnuachan. I nDearbhú na Róimhe, a glacadh i ndeireadh an cheiliúrtha, leag na ceannairí amach an fhís atá i bpáirt acu “An tAontas Eorpach a dhéanamh níos láidre agus níos buanseasmhaí, le haontacht níos mó fós”.

An Coimisinéir Günther Oettinger ag cur i láthair na tuarascála deiridh faoi rialacha simplithe maidir le cistí AE faoin gcéad chreat buiséadach eile tar éis 2020 ag preasagallamh sa Bhruiséil, an 11 Iúil 2017.

An Coimisinéir Günther Oettinger ag cur i láthair na tuarascála deiridh faoi rialacha simplithe maidir le cistí AE faoin gcéad chreat buiséadach eile tar éis 2020 ag preasagallamh sa Bhruiséil, an 11 Iúil 2017.

Tá deis ann anois tosú ar athchóiriú níos leithne a dhéanamh ar an Aontas Eorpach. Chuir an Coimisiún Eorpach, i gcomhar le Parlaimint na hEorpa agus na Ballstáit, tús le sraith Díospóireachtaí ar Thodhchaí na hEorpa ar fud an Aontais. Bhí páirt ghníomhach ann sin ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste Eorpach na Réigiún, agus é ag eagrú díospóireachtaí náisiúnta agus réigiúnacha sna Ballstáit. Leanfar den idirphlé sna parlaimintí, sna cathracha agus sna réigiúin agus dá éis sin tionólfar cruinniú mullaigh speisialta de 27 gceannaire an Aontais an 9 Bealtaine 2019 in Sibiu na Rómáine.

Treochlár le haghaidh Aontais agus é níos aontaithe, níos láidre agus níos daonlathaí

Ina aitheasc ar Staid an Aontais i mí Mheán Fómhair 2017 leag an tUachtarán Juncker amach an tuiscint atá aige ar an gcineál foráis a d’fhéadfadh teacht ar an Aontas faoi 2025. Chun an clár oibre don athchóiriú a leag sé amach ina óráid a stiúradh chuir sé Treochlár i láthair le haghaidh Aontas agus é níos Aontaithe, níos Láidre agus níos Daonlathaí. Ghlac an Coimisiún sraith de thionscnaimh maidir le trádáil, scagadh ar infheistíocht, cibearshlándáil, tionscal, sonraí agus daonlathas. Ina theannta sin mhol an tUachtarán Juncker agus Frans Timmermans, Céad-Leas-Uachtarán an Choimisiúin, rialacha nua maidir le páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla a mhaoiniú lena chinntiú gur fearr a léireoidh an maoiniú na roghanna daonlathacha a dhéanann na saoránaigh i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa. Moladh sin a dhéanamh le méadú trédhearcachta, le feabhsú na dlisteanachta daonlathaí agus le neartú chur i bhfeidhm na rialacha.

Agus ag cur leis an dóchas agus an uaillmhian nua atá ann, leagtar amach sa Treochlár bearta atá le déanamh roimh dheireadh thréimhse oifige 5 bliana an Choimisiúin, mar aon le tionscnaimh níos réamhbhreathnaithí a mhúnlóidh an tAontas as seo go 2025. Ar na clocha míle atá le sroicheadh againn tá straitéis inchreidte maidir le méadú an Aontais do na tíortha arb iad na hiarrthóirí is ullmhaithe ar an Aontas sna Balcáin Thiar; buiséad a bheith ag an Aontas a bheidh inchurtha le huaillmhian an Aontais agus a chinnteoidh go ndéanfar beart de réir briathair; agus togra a chur i láthair maidir le hAire Eorpach um Gheilleagar agus Airgeadas a cheapadh.

Chun an obair ar dheich dtosaíocht pholaitiúla an Uachtaráin Juncker a chur i gcrích agus todhchaí an Aontais a mhúnlú, leag an Coimisiún amach tionscnaimh thábhachtacha don bhliain atá romhainn ina Chlár Oibre do 2018. Is i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus le Comhairle an Aontais Eorpaigh a ullmhaíodh é sin i gcomhréir leis an gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Chomhaontaigh ceannairí an Aontais Clár Oibre nua na gCeannairí, rud arb é is feidhm dó obair na Comhairle Eorpaí a stiúradh as seo go deireadh an timthrialla reachtaigh reatha in 2019.

I gClár Oibre an Choimisiúin tá moltaí nithiúla arb é is aidhm dóibh an Plean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach a thabhairt chun críche lena gcuirfear borradh faoin bhfostaíocht agus faoin bhfás agus chun an Margadh Aonar Digiteach, an tAontas Fuinnimh, Aontas na Margaí Caipitil, an tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta, an tAontas Baincéireachta agus an tAontas Slándála a chur i gcrích.

Rinneadh dul chun cinn roimh dheireadh na bliana maidir le roinnt beart a bhaineann leis an Treochlár. Le linn an Chruinnithe Mullaigh Dhigitigh i dTaillinn na hEastóine i mí Mheán Fómhair shocraigh na Ballstáit an Margadh Aonair Digiteach a chur i gcrích faoi 2018. In Göteborg na Sualainne i mí na Samhna comhaontaíodh Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, rud a chothaíonn margaí saothair agus córais leasa chothroma dhea-fheidhmiúla. I mí na Nollag leag an Coimisiún amach Treochlár chun Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a neartú. Tá bearta nithiúla a dhéanfar i gcaitheamh na 18 mí ina dhiaidh sin luaite ann. Ina theannta sin mhol sé treochlár polaitiúil ionsar phacáiste cuimsitheach imirce a chomhaontú faoi mhí an Mheithimh 2018. Ag an gcruinniú mullaigh One Planet a tionóladh i bPáras na Fraince, chun comóradh a dhéanamh ar 2 bhliain Chomhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide i mí na Nollag, rinne an tAontas beart chun an comhrac in aghaidh an athraithe aeráide a mhaoiniú.

Parlaimint na hEorpa

Toghadh Antonio Tajani ina Uachtarán ar Pharlaimint na hEorpa an 17 Eanáir 2017, agus tháinig sé i gcomharbas ar Martin Schulz.

Toghadh Antonio Tajani ina Uachtarán ar Pharlaimint na hEorpa an 17 Eanáir 2017, agus tháinig sé i gcomharbas ar Martin Schulz.

An 17 Eanáir 2017 toghadh Antonio Tajani ina Uachtarán ar Pharlaimint na hEorpa. Thug an Pharlaimint aghaidh ar raon leathan saincheisteanna beartais i gcaitheamh na bliana, cuir i gcás an Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha a rinneadh a athnuachan agus a leathnú; ceanglais maidir le hinrochtaineacht earraí agus seirbhísí; airm thine a rialú agus bearta i gcoinne na sceimhlitheoireachta; an córas um dhídean agus an córas um imirce dhleathach a athchóiriú; an córas dul isteach–imeachta do theorainneacha cliste; dlíthe an chóipchirt agus an margadh teileachumarsáide a athchóiriú; an gheobhlocáil a chosc; Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais a athchóiriú agus na rialacha maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a shaothrú; agus an margaidh leictreachais.

Ionadaithe de chuid fhreasúra daonlathach Veiniséala ag glacadh le Duais Sakharov um Shaoirse Smaointeoireachta, ó Pharlaimint na hEorpa ag searmanas in Strasbourg, an Fhrainc, an 13 Nollaig 2017.

Ionadaithe de chuid fhreasúra daonlathach Veiniséala ag glacadh le Duais Sakharov um Shaoirse Smaointeoireachta, ó Pharlaimint na hEorpa ag searmanas in Strasbourg, an Fhrainc, an 13 Nollaig 2017.

Foilsíonn seirbhís taighde Pharlaimint na hEorpa tuarascáil go rialta ar an dul chun cinn i dtaobh 10 dtosaíocht Choimisiún Juncker.

Foilsíonn seirbhís taighde Pharlaimint na hEorpa tuarascáil go rialta ar an dul chun cinn i dtaobh 10 dtosaíocht Choimisiún Juncker.

Ar na daoine mór le rá a thug óráid sa Pharlaimint in 2017 bhí António Guterres, Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, Alexander Van der Bellen, Uachtarán na hOstaire, agus Frank-Walter Steinmeier, Uachtarán na Gearmáine. Bhí a gcuairt ar Pharlaimint na hEorpa ar na céad chuairteanna a thug an bheirt Uachtarán sin. Thug Justin Trudeau, Príomh-Aire Cheanada agus Moussa Faki Mahamat, Cathaoirleach Choimisiún an Aontais Afracaigh óráid sa Pharlaimint freisin.

An Chomhairle Eorpach

Thogh an Chomhairle Eorpach Donald Tusk mar Uachtarán arís don tréimhse ón 1 Meitheamh 2017 go dtí an 30 Samhain 2019.

Bhí cruinniú neamhfhoirmiúil ag an gComhairle Eorpach i Vaileite Mhálta i mí Feabhra chun gnéithe seachtracha den imirce agus de Bhealach na Meánmhara Láir a phlé. Ag cruinniú an earraigh den Chomhairle Eorpach díríodh ar an ngeilleagar, an Margadh Aonair agus an trádáil go háirithe.

An 9 Márta 2017 thogh an Chomhairle Eorpach Donald Tusk ina Uachtarán don dara téarma 2½ bliain, ón 1 Meitheamh 2017 go dtí an 30 Samhain 2019.

An 9 Márta 2017 thogh an Chomhairle Eorpach Donald Tusk ina Uachtarán don dara téarma 2½ bliain, ón 1 Meitheamh 2017 go dtí an 30 Samhain 2019.

An 29 Márta, thug an Ríocht Aontaithe fógra foirmiúil de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach go raibh rún aici an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach a fhágáil. Mí amháin tar a éis sin, ag cruinniú speisialta den Chomhairle Eorpach, ina raibh 27 mBallstát páirteach, glacadh treoirlínte polaitiúla ag leagan amach cur chuige an Aontais i leith na caibidlíochta faoi imeacht na Ríochta Aontaithe as an Aontas. Leagtar amach sna treoirlínte an cuspóir atá ann socruithe maidir le “tarraingt siar ordúil” na Ríochta Aontaithe a chomhaontú sa chéad chéim den idirbheartaíocht, agus ina dhiaidh sin, sa dara céim, cinneadh ar an eagar a bheidh ar chaidreamh an dá pháirtí i ndiaidh an tarraingthe siar. I mí na Bealtaine ghlac an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta cinneadh treoracha idirbheartaíochta mionsonracha a dhéanamh de na treoirlínte sin agus an Coimisiún a údarú gníomhú mar phríomh-idirbheartaí leis an Ríocht Aontaithe. I mí an Mheithimh a thosaigh an chaibidlíocht, faoi cheannas an phríomh-idirbheartaí Michel Barnier, atá ina cheann ar Thascfhórsa an Choimisiúin don Chaibidlíocht leis an Ríocht Aontaithe maidir le hAirteagal 50.

I mí an Mheithimh athdhearbhaíodh an tiomantas comhar an Aontais maidir le gnóthaí slándála agus cosanta a neartú agus chomhaontaigh na ceannairí gur gá Buanchomhar Struchtúrtha cuimsitheach uaillmhianach a bhunú.

I mí Dheireadh Fómhair tionóladh gnáthchruinniú eile den Chomhairle Eorpach agus pléadh an imirce, an geilleagar digiteach, an tslándáil agus an chosaint, agus an caidreamh seachtrach freisin. Rinne na ceannairí measúnú ar an dul chun cinn a bhí déanta i leith chur i bhfeidhm Chlár Oibre na Bratasláive agus chomhaontaigh siad Clár Oibre nua na gCeannairí, rud arb é is feidhm dó obair na Comhairle Eorpaí a stiúradh as seo go deireadh an timthrialla reachtaigh reatha in 2019. Ag cruinniú mhí Dheireadh Fómhair den Chomhairle Eorpach, agus na 27 mBallstát a bhí páirteach ann, rinneadh measúnú ar an gcaibidlíocht maidir le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe agus ba é a mheas siad nach raibh dul chun cinn leordhóthanach déanta go fóill. D’iarr an Chomhairle Eorpach ar na 27 mBallstát, agus ar phríomh-idirbheartaí an Aontais, tús a chur le cainteanna ullmhaitheacha inmheánacha ar na socruithe idirthréimhsiúla agus ar an gcaidreamh leis an Ríocht Aontaithe sa todhchaí.

Bhí cruinniú neamhfhoirmiúil eile ag na Cinn Stáit nó na Cinn Rialtais i mí na Samhna in Göteborg na Sualainne chun cúrsaí oideachais agus cultúir a phlé. Roimh an gcruinniú sin chuir an Coimisiún Teachtaireacht i láthair dar teideal “An fhéiniúlacht Eorpach a neartú le hOideachas agus Cultúr”, rud ina leagtar amach fís maidir le Limistéar Eorpach Oideachais a bhunú. Tionóladh Cruinniú Mullaigh Sóisialta, an chéad chruinniú dá shaghas a reáchtáladh le 20 bliain, agus bhí caoi dá bharr ag ceannairí an mhian atá acu a chur in iúl an ghné shóisialta den Aontas a athneartú agus todhchaí an oideachais agus an chultúir a phlé. Le linn an chruinnithe sin chuir an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún a séala le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, rud a bhfuil sé d’aidhm aige na rialacha agus dlíthe lena sainítear beartas sóisialta an Aontais a neartú, cearta níos éifeachtaí a thabhairt do na saoránaigh agus margaí saothair agus córais leasa chothroma dhea-fheidhmiúla a chothú.

Ag an gcruinniú deireanach a bhí aici i mí na Nollag 2017 thug an Chomhairle aghaidh athuair ar an gcosaint, an clár oibre sóisialta, ar an oideachas agus ar an gcultúr. D’fháiltigh sí roimh lainseáil an Bhuanchomhair Struchtúrtha agus leag sí amach na tosaíochtaí chun an méid a socraíodh ag Cruinniú Mullaigh Göteborg a chur i gcrích. Phléigh na Cinn Stáit nó na Cinn Rialtais, mar chuid de Chlár Oibre na gCeannairí, gnéithe seachtracha agus gnéithe inmheánacha na himirce araon. Ag Cruinniú Mullaigh faoin limistéar euro mar a raibh na 27 mBallstát i láthair, phléigh na ceannairí saincheisteanna a bhaineann leis an Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus leis an Aontas Baincéireachta. Tháinig an Chomhairle Eorpach le chéile, agus ionadaíocht ag na 27 mBallstát, chun treoirlínte a ghlacadh lena dheimhniú go raibh dul chun cinn leordhóthanach déanta ar an gcéad chéim den chaibidlíocht leis an Ríocht Aontaithe chun dul ar aghaidh go dtí an dara céim maidir le socruithe idirthréimhsitheacha agus leis an gcaidreamh sa todhchaí.

Comhairle an Aontais Eorpaigh

Is ag Málta agus ag an Eastóin a bhí uachtaránacht rothlach Chomhairle an Aontais Eorpaigh den chéad uair. Is ar an imirce, ar an tslándáil, ar an gcuimsiú sóisialta, ar an Margadh Aonair agus ar bheartas an Aontais maidir lena chomharsanacht agus ar a bheartas muirí a bhí uachtaránacht Mhálta dírithe, le linn an chéad leath den bhliain. Sa dara leath den bhliain, faoi uachtaránacht na hEastóine, is ar ghnóthaí digiteacha san Eoraip agus ar an nuálaíocht go háirithe a bhí an bhéim.

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste Eorpach na Réigiún

In 2017 ghlac Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa páirt ghníomhach sa díospóireacht maidir le todhchaí na hEorpa agus ghlac sé rún maidir le Páipéar Bán an Choimisiúin agus maidir le díospóireachtaí náisiúnta a reáchtáil sna Ballstáit. I mí an Mheithimh rinne an Coiste na Laethanta Sochaí Sibhialta a reáchtáil, inar díríodh ar ionchur láidir ón tsochaí shibhialta a chur ar fáil agus todhchaí na hEorpa á cíoradh.

Georges Dassis, Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, ag labhairt ag an bhFóram do Gheallsealbhóirí sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach, an Bhruiséil, an 12 Aibreán 2017.

Georges Dassis, Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, ag labhairt ag an bhFóram do Gheallsealbhóirí sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach, an Bhruiséil, an 12 Aibreán 2017.

I mí Iúil 2017 toghadh Karl-Heinz Lambertz ina Uachtarán ar Choiste Eorpach na Réigiún. Thionóil an Coiste sraith d’imeachtaí poiblí do shaoránaigh maidir le todhchaí na hEorpa agus ba é toradh na hoibre sin 29 n-imeacht sna Ballstáit uile le linn Sheachtain Eorpach na Réigiún agus na gCathracha i mí Dheireadh Fómhair. Ina theannta sin rinne an Coiste 8ú Comhdháil bhliantúil Eorpach na Cumarsáide Poiblí a reáchtáil, rud a raibh sé d’aidhm aige feabhas a chur ar an gcumarsáid idir na rialtais agus na saoránaigh agus an fheasacht maidir le beartais an Aontais a mhéadú.

Karl-Heinz Lambertz, Uachtarán Choiste na Réigiún, le linn shíniú an Dearbhaithe Chomhpháirtigh lenar fógraíodh gurbh é an 21 Bealtaine Lá Eorpach Natura 2000, an Bhruiséil, an 15 Bealtaine 2017.

Karl-Heinz Lambertz, Uachtarán Choiste na Réigiún, le linn shíniú an Dearbhaithe Chomhpháirtigh lenar fógraíodh gurbh é an 21 Bealtaine Lá Eorpach Natura 2000, an Bhruiséil, an 15 Bealtaine 2017.

An Clár Oibre maidir le Rialáil Níos Fearr a Chur i gCrích

Nuair a chuaigh Coimisiún Juncker i mbun oifige in 2014 chinn sé díriú ar shaincheisteanna is fearr is féidir a réiteach ar leibhéal an Aontais ná ar an leibhéal náisiúnta nó áitiúil. Dá bhrí sin, b’éigean laghdú breis agus 80 % a dhéanamh ar an líon tionscnamh sna cláir oibre bhliantúla i gcomparáid leis an méid a rinne na Coimisiúin a bhí ann cheana. Chun torthaí níos fearr a bhaint amach agus chun freagairt níos fearr d’éilimh na saoránach tá an próiseas reachtóireachta agus ceaptha beartais á oscailt ag an gCoimisiún agus tugann sé éisteacht níos fearr don phobal trí chomhairliúcháin phoiblí agus uirlisí aiseolais speisialta a úsáid ag gach céim den phróiseas reachtóireachta agus den phróiseas ceaptha beartas.

Is é is aidhm don Chlár Oibre um Rialáil Níos Fearr beartais agus dlíthe an Aontais a fhorbairt, meastóireacht níos fearr a dhéanamh orthu ar bhealach trédhearcach fianaisebhunaithe agus tuairim na saoránach agus na ngeallsealbhóirí a bheith mar thacú leis sin.

Leis an rialáil níos fearr cuirtear taca faoi obair uile an Choimisiúin agus cinntítear nach ndéanann an Coimisiún ach an méid is gá agus go ndéantar an méid sin go críochnúil. Ní thugtar faoi ach líon teoranta tionscnamh tosaíochta in aghaidh na bliana ach déantar an-chúram de dhlíthe uile an Aontais Eorpaigh atá ann faoi láthair lena chinntiú go bhfuil siad oiriúnach dá bhfeidhm agus chun athbhreithnithe, aisghairmeacha agus simplithe a dhéanamh i gcás inar gá. Féadann gach duine cuidiú leis an bpróiseas sin ach a thuairim a thabhairt maidir le dlí an Aontais atá ann cheana. Tá uirlis ar líne ann chuige sin.

Is é is aidhm don Chlár um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála deiseanna a aithint chun an reachtaíocht a shimpliú agus caiteachas gan ghá a laghdú. Gach uair a mholann an Coimisiún dlí atá ann cheana a athbhreithniú fíoraíonn sé an féidir é a shimpliú agus caiteachas gan ghá a laghdú. Is féidir monatóireacht a dhéanamh ar 10 dtosaíocht Choimisiún Juncker le Scórchlár REFIT, ina bhfuil léiriú ar an gcaoi ar chuir an Coimisiún moltaí ó shaineolaithe agus geallsealbhóirí san áireamh. Baineadh leas as 280 moladh ón bpobal maidir le dlí an Aontais a dhéanamh níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla agus tá 69 dtuairim glactha go dtí seo.

Is comhlacht neamhspleách é an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála a dhéanann an rialú cáilíochta ar na measúnuithe tionchair agus ar an obair mheastóireachta. Lean an Bord dá chuid oibre in 2017; is é sin monatóireacht a neartú, cainníochtú a dhéanamh agus an chomhairle iartheachtach a thabhairt, agus bearta for-rochtana a cheapadh go rialta le hinstitiúidí eile agus le forais faire rialála.

Bhí an Teachtaireacht “An Clár Oibre maidir le Rialáil Níos Fearr a Chur i gCrích" ag gabháil le Clár Oibre an Choimisiúin do 2018 "torthaí níos fearr a bhuí le réitigh níos fearr”, lena ndéantar measúnú ar an dul chun cinn a rinneadh go dtí sin agus ina leagtar amach na bearta breise atá sé de rún ag an gCoimisiún a dhéanamh. Is as an gcaidreamh níos leithne leis an bpobal, an mheastóireacht chórasach, measúnuithe tionchair ardcháilíochta, agus cur chuige neartaithe maidir leis an tseiceáil oiriúnachta rialála a thagann breithmheas níos fearr ar thograí nua agus ar an reachtaíocht atá ann cheana. Cuidíonn sin le lucht ceaptha beartais agus le páirtithe leasmhara argóint a dhéanamh ar bhonn fianaise agus impleachtaí a mheastar a bheidh ann.

Tascfhórsa maidir le Coimhdeacht, Comhréireacht agus “Níos Lú a Dhéanamh, agus é a Dhéanamh ar Shlí Níos Éifeachtúla”

Chun an obair ar an gClár Oibre maidir le Rialáil Níos Fearr a chur i gcrích, chuir an tUachtarán Juncker, an 14 Samhain 2017, Tascfhórsa maidir le Coimhdeacht, Comhréireacht agus “Níos Lú a Dhéanamh, agus é a Dhéanamh ar Shlí Níos Éifeachtúla” ar bun go hoifigiúil. Is é Frans Timmermans, Céad-Leas-Uachtarán an Choimisiúin, atá ina chathaoirleach ar an Tascfhórsa agus molfaidh an Tascfhórsa dóigheanna le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm níos fearr chun a chinntiú nach ndéanfaidh an tAontas beart ach amháin i gcás ina dtiocfaidh breisluach as. Is é sin le rá, deimhin a dhéanamh de go ndéanfar cinntí ar leibhéal chomh gar agus is féidir don saoránach ― ar an leibhéal, náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil ― ach amháin i gcás inarb éifeachtaí gníomhú ar leibhéal an Aontais. Is é sin le rá, is gá nach rachaidh an rialachán sin níos faide ná mar is gá. Sainaithníonn an Tascfhórsa réimsí beartais ina bhféadfadh na Ballstáit torthaí níos éifeachtaí a bhaint amach agus slite a bhféadfadh údaráis réigiúnacha agus áitiúla páirt níos mó a ghlacadh i bpróiseas cinnteoireachta an Aontais agus i gcur chun feidhme na gcinntí sin.

Comhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr

In 2017 chuir an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún an Comhaontú nua Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr chun feidhme. Tar éis dóibh an Comhaontú a ghlacadh in 2016 tháinig na trí institiúid ar chomhaontú den chéad uair riamh maidir le Dearbhú Comhpháirteach lena mbunaítear liosta de 58 dtosaíocht reachtaíochta do 2017. Leis na tionscnaimh sin dírítear ar phoist, fás agus infheistíocht; an ghné shóisialta den Aontas; beartas slándála agus imirce an Aontais; an Margadh Aonair Digiteach; agus réitigh uaillmhianacha i dtaca le fuinneamh agus beartas aeráide.

De na 58 dtionscnamh a chuir an Coimisiún i láthair, bhí 28 díobh curtha i bhfeidhm roimh dheireadh na bliana, tar éis don Pharlaimint agus don Chomhairle a mbeannacht a thabhairt dóibh. Orthu sin bhí an Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha agus rialacha nua chun sciúradh airgid a chosc. Bhí tionscnaimh ina measc sin a comhaontaíodh go polaitiúil agus tá céimeanna foirmiúla críochnaitheacha an phróisis reachtaíochta le cur i bhfeidhm go luath in 2018.

I mí na Nollag rinne Uachtaráin na dtrí institiúid athbhreithniú ar an dul chun cinn a bhí déanta go nuige sin agus tháinig siad ar chomhaontú maidir le 31 tosaíocht eile arbh féidir leo oibriú orthu i ndlúthchomhar le chéile chun dul i ngleic leis na dúshláin mhóra atá amach romhainn. I gceann 18 mí reáchtálfar toghcháin Pharlaimint na hEorpa agus tá sé ríthábhachtach go léireofar do na saoránaigh leis na tosaíochtaí a shocrófar gur féidir leis an Aontas an beart a dhéanamh dóibh go héifeachtach nuair is gá sin.

Dearbhú Comhpháirteach 2017

Grafaic faisnéise: Déanann Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún comhphlé gach bliain ar thosaíochtaí reachtaíochta an Aontais agus tagann siad ar chomhaontú faoi na príomhthosaíochtaí don bhliain dár gcionn. I mí na Nollag 2017 síníodh an Dearbhú Comhpháirteach nua, ina bhfuil seacht réimse tosaíochta: slándáil ár saoránach a chosaint níos fearr; ár mbeartas imirce a athchóiriú agus a fhorbairt de mheon na freagrachta agus na dlúthpháirtíochta; borradh a chur faoin bhfostaíocht, faoin bhfás agus faoin infheistíocht athuair; aghaidh a thabhairt ar an ngné shóisialta den Aontas Eorpach; an gealltanas a chomhlíonadh a tugadh i ndáil le Margadh Digiteach Aonair nasctha a thabhairt chun críche; an cuspóir a shroicheadh i ndáil le hAontas Fuinnimh uaillmhianach agus beartas réamhbhreathnaitheach i ndáil leis an athrú aeráide a thabhairt chun críche; agus dlisteanacht dhaonlathach a fhorbairt a thuilleadh ar leibhéal an Aontais.

Chuir an Coimisiún tús i rith na bliana le caibidlíocht fhoirmiúil leis an bParlaimint agus leis an gComhairle faoi mhórthogra reachtach arb é is aidhm dó breis agus 160 gníomh reachtach atá ann cheana a chur i gcomhréir le Conradh Liospóin. Cuimsítear leis seo seanfhorálacha dlí nach mór a uasdátú lena chinntiú go gcuirfear i bhfeidhm iad go haonfhoirmeach sna Ballstáit, agus cuimsítear an dul chun cinn teicneolaíoch agus eolaíoch freisin.

Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh (ar dheis), in éineacht le Antonio Tajani, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa (ar chlé), agus Jüri Ratas, Príomh-Aire na hEastóine (sa lár), le linn shíniú an Dearbhaithe Chomhpháirtigh maidir le tosaíochtaí reachtacha an Aontais do 2018-2019, an Bhruiséil, an 14 Nollaig 2017.

Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh (ar dheis), in éineacht le Antonio Tajani, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa (ar chlé), agus Jüri Ratas, Príomh-Aire na hEastóine (sa lár), le linn shíniú an Dearbhaithe Chomhpháirtigh maidir le tosaíochtaí reachtacha an Aontais do 2018-2019, an Bhruiséil, an 14 Nollaig 2017.

Ina theannta sin, chuaigh na trí institiúid i mbun caibidlíochta maidir le critéir lenar féidir, nuair a chomhaontófar iad, idirdhealú níos fusa a dhéanamh idir gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme, is é sin an dá chineál cumhachtaithe a chuirtear ar fáil le Conradh Liospóin. D’ullmhaigh siad i gcomhar le chéile Clár Nua Idirinstitiúideach na nGníomhartha Tarmligthe a seoladh go foirmiúil an 12 Nollaig agus lena ndéanfar gach céim i saolré gnímh tharmligthe níos trédhearcaí agus lena gcuirfear faisnéis iomlán ar fáil ina taobh.

Monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm dhlí an Aontais

Chun go mbeidh saoránaigh agus gnólachtaí in ann leas iomlán a bhaint as dlí an Aontais tá sé ríthábhachtach go dtrasuífidh na Ballstáit treoracha an Aontais ina reachtaíocht náisiúnta faoi na sprioc-amanna atá geallta acu, agus go gcuirfidh siad dlí an Aontais i bhfeidhm i gceart.

CÁSANNA SÁRAITHE ATÁ AR OSCAIL AG AN gCOIMISIÚN EORPACH

Grafaic faisnéise: Faoi Bhallstáit an Aontais atá sé Treoracha a thrasuí sa dlí náisiúnta, in am trátha agus go cruinn, agus fúthusan atá sé, freisin, corpas dlí iomlán an Aontais a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme i gceart. Caomhnóir na gConarthaí atá sa Choimisiún, agus ar an ábhar sin is faoisean atá sé deimhin a dhéanamh de go gcuirtear dlí an Aontais i bhfeidhm i gceart sna Ballstáit ar fad. I gcás nach gcuireann Ballstát dlí an Aontais i bhfeidhm go héifeachtach, féadfaidh an Coimisiún tús a chur le nós imeachta foirmiúil maidir le sárú, agus más gá, an cás a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Tá cur i bhfeidhm níos fearr dhlí an Aontais ar cheann de thosaíochtaí Choimisiún Juncker agus tá sé ina chuid ríthábhachtach den Chlár Oibre um Rialáil Níos Fearr. Ar an 31 Nollaig 2017 bhí 1 559 cás maidir le sárú ar oscailt ag an gCoimisiún.

I mí Iúil ghlac an Coimisiún a Thuarascáil Bhliantúil maidir leis an monatóireacht ar chur i bhfeidhm dhlí an Aontais, inar leag sé béim ar phríomhthreochtaí 2016. Dúradh sa tuarascáil sin gur tháinig méadú 21 % ar chásanna de sháruithe oscailte i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin. I ndeireadh 2017 bhí os cionn 1 500 cás maidir le sárú fós gan réiteach, in aghaidh gach ceann de na 28 mBallstát. I ndeireadh 2013 ní raibh ach 1 300 cás den sórt céanna gan réiteach.

I gcomhréir leis an Teachtaireacht “Dlí an Aontais: Torthaí níos fearr a bhuí le cur chun feidhme níos fearr”, a glacadh i Nollaig 2016, chuir an Coimisiún dlús lena iarrachtaí dlí an Aontais a chur i bhfeidhm, a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú. Bainfidh sé leas iomlán go háirithe as an gcóras smachtbhannaí airgeadais i gcás nach dtrasuíonn Ballstát Treoir ina dhlí náisiúnta laistigh den tréimhse a comhaontaíodh.

Páirt a bheith ag na saoránaigh i reachtóireacht an Aontais

Leis an gClár Oibre maidir le Reachtóireacht níos fearr tá níos mó deiseanna ann anois do shaoránaigh rannchuidiú le próiseas reachtóireachta an Aontais. I mí Feabhra 2017 seoladh tairseach gréasáin nua do shaoránaigh agus do gheallsealbhóirí ionas gur féidir leo a dtuairimí a chur in iúl ó thús deireadh an phróisis ceaptha beartais. Bailítear aiseolas ar thionscnaimh nua, ag gach céim den phróiseas, ó chéim na dtuairimí tosaigh a leagtar amach i dtreochláir go céim na dtograí reachtaíochta agus foilsítear an t-aiseolas sin go comhuaineach ar líne ar mhaithe leis an trédhearcacht. Le linn na bliana tugadh beagnach leathmhilliún cuairt ar an roinn aiseolais den tairseach.

Trédhearcacht agus cuntasacht

Nós imeachta na gCoistí

Tá sé molta ag an gCoimisiún Eorpach, chun trédhearcacht agus cuntasacht níos mó a chinntiú, athchóiriú a dhéanamh ar nós imeachta na gcoistí, is é sin an mheicníocht lena rialaíonn na Ballstáit an chaoi a gcuireann an Coimisiún dlí an Aontais chun feidhme. Cuirfidh sin de cheanglas orthu seasaimh shoiléire a ghlacadh, agus ar an gcaoi sin tuilleadh freagrachta, nuair a iarrfar a dtuairimí maidir le cinntí íogaire.

AN CLÁR OIBRE MAIDIR LE RIALÁIL NÍOS FEARR

Grafaic faisnéise: Fógraíodh Ardán REFIT (cuid de Chlár REFIT) in 2015, mar chuid de Chlár Oibre maidir le Rialáil Níos Fearr na bliana sin.Is é atá ann Grúpa Geallsealbhóirí, ina bhfuil 19 mball(ionadaí amháin ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus ionadaí amháin ó Choiste Eorpach na Réigiún ina measc), agus Grúpa Rialtais ina bhfuil saineolaí ardleibhéil amháin ó gach ceann de na 28 mBallstát. De bharr an Chláir beidh reachtaíocht an Aontais agus an dóigh a gcuirtear i bhfeidhm sna Ballstáit í níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí ó thaobh a cuspóirí a bhaint amach. Trí ghrúpa de shaineolaithe éagsúla, a thabhairt le chéile, saineolaithe arb é tionchar nithiúil reachtaíocht an Aontais  a speisialtacht, beidh an tionscnamh seo mar bhonn faoin obair arb é is aidhm di cuspóir coiteann a shroicheadh, mar atá rialáil níos fearr ar mhaithe le torthaí níos fearr.

An Comhchlár Trédhearcachta

Tá breis agus 11 500 eintiteas ar an gClár Trédhearcachta atá ann faoi láthair agus tá ballraíocht glactha ag breis agus 7 000 díobh ón uair a ghlac an Coimisiún rialacha nua i mí na Samhna 2014, rud a fhágann anois nach foláir clárú sular féidir bualadh le príomhchinnteoirí an Choimisiúin.

In 2016, mhol an Coimisiún go mbunófaí Comhchlár Trédhearcachta éigeantach don Pharlaimint, don Choimisiún, agus den chéad uair riamh, don Chomhairle. Is é is aidhm don togra sin córas trédhearcachta tréan a chur ar bun agus caighdeán trédhearcachta ard a bhaint amach sna trí institiúid. Ghlac an Pharlaimint agus an Chomhairle a sainorduithe idirbheartaíochta in 2017 agus tá sé socraithe tús a chur leis an idirbheartaíocht i dtosach 2018.

Cód Iompair nua do Chomhaltaí an Choimisiúin

Leagfar amach caighdeáin nua agus neartófar na rialacha eitice do Chomhaltaí an Choimisiúin Eorpaigh leis an gCód Iompair nua a thiocfaidh i bhfeidhm i mí Feabhra 2018 nuair a bheidh próiseas comhairliúcháin na Parlaiminte thart.

Rochtain ar dhoiciméid

I mí Mheán Fómhair glacadh Tuarascáil 2016 maidir le Rochtain ar Dhoiciméid ina léirítear go bhfuil saoránaigh agus eagraíochtaí ag baint úsáid ghníomhach as an gceart sin, ar uirlis thábhachtach é le haghaidh chur chun cinn na trédhearcachta. Fuarthas breis agus 6 000 iarratas tosaigh ar rochtain ar dhoiciméid. Nochtadh go hiomlán nó go páirteach breis agus 81 % de na doiciméid ar iarradh rochtain orthu.

Buiséad an Aontais a rialú

Tar éis di moladh dearfach a fháil ón gComhairle, thug an Pharlaimint a formheas deiridh i mí Aibreáin 2017 maidir leis an gcaoi ar chuir an Coimisiún buiséad an Aontais chun feidhme in 2015.

I mí Iúil, chuir an Coimisiún i láthair Pacáiste le haghaidh Tuairisciú Comhtháite Airgeadais maidir le buiséad an Aontais 2016, inar tugadh le chéile iomlán an eolais a bhí ar fáil faoi ioncam, caiteachas, bainistiú agus feidhmíocht an Aontais. Léiríodh sa tuarascáil gur bhain buiséad an Aontais torthaí maithe amach i gcomhréir le tosaíochtaí an Choimisiúin agus gur cuireadh chun feidhme i gceart é. I mí Mheán Fómhair, den 10ú bliain as a chéile, thug Cúirt Iniúchóirí na hEorpa a beannacht do chuntais bhliantúla an Aontais agus ba é a dtuairim go raibh siad fíor cothrom. Anuas air sin, an líon earráidí a d’aimsigh an Chúirt sna réimsí caiteachais éagsúla, is lú é ná an líon a aimsíodh sna 3 bliana dheireanacha, agus den chéad uair thug sí tuairim cháilithe (seachas tuairim chodarsnach) faoin ráta foriomlán deiridh earráide measta. I gcás thart ar leath de chaiteachas an Aontais ba é tuairim na Cúirte go raibh an ráta earráide faoi bhun an ráta ag a meastar earráid ábhartha a bheith ann. Níor thángthas ar aon earráid ar thaobh an ioncaim den bhuiséad.

Klaus-Heiner Lehne, Uachtarán Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, ag cur i láthair Thuarascáil Bhliantúil ar Ghníomhaíochtaí 2016 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, Lucsamburg, an 24 Aibreán 2017.

Klaus-Heiner Lehne, Uachtarán Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, ag cur i láthair Thuarascáil Bhliantúil ar Ghníomhaíochtaí 2016 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, Lucsamburg, an 24 Aibreán 2017.

Na parlaimintí náisiúnta

I mí an Mheithimh foilsíodh dhá thuarascáil bhliantúla, mar atá: Tuarascáil Bhliantúil 2016 maidir le Coimhdeacht agus Comhréireacht; agus Tuarascáil Bhliantúil 2016 maidir leis an gCaidreamh idir an Coimisiún Eorpach agus na Parlaimintí Náisiúnta.

Fuarthas 576 thuairim ó na parlaimintí náisiúnta in 2017, 53 thuairim réasúnaithe san áireamh a cuireadh isteach faoin Nós Imeachta chun Faireachán a dhéanamh ar Phrionsabal na Coimhdeachta agus inar áitíodh go raibh gníomhartha reachtacha ann, a chuir an Coimisiún i láthair, nach raibh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta. Lean an Coimisiún de bheith ag neartú an idirphlé pholaitiúil leis na parlaimintí náisiúnta. Chuige sin, bhuail na Coimisinéirí leis na parlaimintí náisiúnta 217 n-uaire in imeacht na bliana, agus iad ar cuairt ar na Ballstáit nó nuair a bhí feisirí ar cuairt ar an mBruiséil. D’fhreastail Comhaltaí den Choimisiún ar chruinnithe idirpharlaiminteacha éagsúla agus ar imeachtaí eile mar ar bhuail siad le feisirí de na parlaimintí náisiúnta.

An tOmbudsman Eorpach

In 2017 rinne an tOmbudsman Eorpach fiosrú ar dhrochriarachán in institiúidí agus i gcomhlachtaí an Aontais Eorpaigh: ábhair chothrománacha mar atá an Cód Iompair do Choimisinéirí, an Coiste Eitice Ad Hoc, ceapadh comhairleoirí speisialta de chuid an Choimisiún, trédhearcacht agus comhdhéanamh ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin agus an tslí inar déileáladh le gearáin maidir le sáruithe faoi scéim EU Pilot. Pléadh, freisin, ceisteanna, a bhaineann le glaonna ar thairiscintí, conarthaí, íocaíochtaí déanacha, ábhair a bhaineann le baill foirne aonair agus rochtain ar dhoiciméid.

Emily O’Reilly, an tOmbudsman Eorpach, ag cur i láthair Ghradam an Ombudsman Eorpaigh um an Dea-Riarachán, an Bhruiséil, an 30 Márta 2017.

Emily O’Reilly, an tOmbudsman Eorpach, ag cur i láthair Ghradam an Ombudsman Eorpaigh um an Dea-Riarachán, an Bhruiséil, an 30 Márta 2017.

Tionscnamh Eorpach na Saoránach

Chláraigh an Coimisiún ocht dtionscnamh nua i rith na bliana agus d’aithin sé gur bailíodh sínithe go rathúil le haghaidh aon Tionscnamh amháin. I mí Mheán Fómhair, mar chuid de phacáiste Staid an Aontais, cuireadh togra i láthair arbh é ab aidhm dó Tionscnamh Eorpach na Saoránach a athchóiriú chun é a dhéanamh níos inrochtana agus níos so-úsáidte. Aidhm eile a bhí ag an athbhreithniú lánleas a bhaint as poitéinseal Thionscnamh na Saoránach chun díospóireacht dhaonlathach a chothú agus chun go mbeidh na saoránaigh in ann cuidiú le clár oibre an Aontais.

Mar thoradh ar an Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh "Ban glyphosate and protect people and the environment from toxic pesticides" (Cuirtear toirmeasc ar an ngliofosáit agus cosnaítear daoine agus an comhshaol ar lotnaidicídí tocsaineacha) gheall an Coimisiún an 12 Nollaig togra reachtach a chur i láthair in 2018 chun trédhearcacht agus cáilíocht na staidéar a úsáideann an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia chun substaintí a mheasúnú go heolaíoch, chun sin a mhéadú a thuilleadh. I dtaca leis an iarraidh ar ghliofosáit a chosc ba é tuairim an Aontais nach bhfuil aon chúis eolaíoch ná dlí le cosc den chineál sin.

CUAIRTEANNA A TUGADH AR NA PARLAIMINTÍ NÁISIUNTA

Grafaic faisnéise: Tá an Coimisiún ag leanúint dá iarrachtaí an caidreamh tábhachtach leis na parlaimintí náisiúnta a dhoimhniú agus é mar aidhm aige an tAontas Eorpach a thabhairt níos gaire do na saoránaigh. Chuidigh na cruinnithe a bhí ag Baill an Choimisiúin leis na parlaimintí ó thús thréimhse oifige Choimisiún Juncker an tAontas a thabhairt níos gaire do na saoránaigh agus dá n ionadaithe náisiúnta.

REÁCHTÁLADH COMHPHLÉITÍ LEIS NA SAORÁNAIGH IN 160 ÁIT AR FUD AN AONTAIS

Grafaic faisnéise: Reáchtáladh 316 Chomhphlé leis na Saoránaigh i 1 600 láthair in 2017, rud a fhágann gur reáchtáladh 440 Comhphlé le Saoránaigh an Aontais ó bhí Eanáir 2015 ann. Ghlac Uachtarán an Choimisiúin, na Leas-Uachtaráin agus na Coimisinéirí páirt in 156 Chomhphlé leis na Saoránaigh in 2017 agus bhí oifigigh shinsearacha de chuid an Choimisiúin i láthair ag na 160 comhphlé mar chuid de chur chuige nua chun teagmháil a dhéanamh le tuilleadh daoine.

Comhphlé leis na Saoránaigh

Le linn 2017, lean an Coimisiún de bheith i dteagmháil leis an bpobal trí na Comhphléití leis na Saoránaigh. Ghlac Uachtarán, Leas-Uachtaráin, agus Coimisinéirí uile an Choimisiúin, maille le roinnt feisirí de chuid Pharlaimint na hEorpa agus polaiteoirí náisiúnta, páirt in 156 Chomhphlé le linn na bliana. Ina theannta sin rinne oifigigh shinsearacha de chuid an Choimisiúin 161 Chomhphlé leis na Saoránaigh.

Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, ag Comhphlé leis na Saoránaigh i Músaem Náisiúnta na hEalaíne, Búcairist, an Rómáin, an 11 Bealtaine 2017.

Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, ag Comhphlé leis na Saoránaigh i Músaem Náisiúnta na hEalaíne, Búcairist, an Rómáin, an 11 Bealtaine 2017.

Ar na buaicphointí bhí an Comhphlé ina raibh Uachtarán Juncker agus Miro Cerar, Príomh-Aire na Slóivéine i Liúibleána an lá tar éis ghlacadh an Pháipéir Bháin maidir le todhchaí na hEorpa i mí an Mhárta; leis an gCéad-Leas-Uachtarán Timmermans i Stócólm na Sualainne, mar chomóradh ar Lá na hEorpa i mí na Bealtaine; agus le hArd-Ionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála/Leas-Uachtarán an Choimisiúin, Federica Mogherini agus Joseph Muscat, Príomh-Aire Mhálta sa Róimh an lá roimh chomóradh 60 bliain Chonarthaí na Róimhe.

I mí Mheán Fómhair ghlac Antonio Tajani, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa páirt i gComhphlé leis na Saoránaigh in Norcia na hIodáile i dteannta an Choimisinéara Tibor Navracsics, agus ghlac an Coimisinéir Corina Crețu agus Karl-Heinz Lambertz, Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún páirt i gComhphlé i mBúcairist na Rómáine.

Ba dheis a bhí san 317 gComhphlé leis na Saoránaigh a tionóladh le linn na bliana do shaoránaigh agus do lucht déanta cinntí labhairt le chéile agus tugadh tosaíocht áirithe do dhearcadh na saoránach ar an bPháipéar Bán ar Thodhchaí na hEorpa agus do na saincheisteanna is tábhachtaí dar leo, lena n-áirítear an Eoraip shóisialta, rannpháirteachas daoine óga, agus an imní go bhfuil dúshlán an daonlathais agus na haontachta san Eoraip á thabhairt ag pobalóirí. Tionóladh Comhphlé in 160 baile agus cathair sna 27 mBallstát agus d’fhreastail thart ar 50 000 duine orthu agus lean 193 000 duine eile iad i naoi gChomhphlé do na Saoránaigh a craoladh ar Facebook Live.

COMHPHLÉITÍ LEIS NA SAORÁNAIGH IN 2017: FOR-ROCHTAIN

Grafaic faisnéise: Tá méadú seasta ag teacht ar líon na ndaoine ar féidir teagmháil a dhéanamh leo ach úsáid a bhaint as na saghsanna nua meáin agus teicneolaíochta atá le fáil. Rinneadh teagmháil, meastar, le 97 milliún duine ar na meáin, bhí 22.5 milliún amharc leathanach ar ardáin na meán sóisialta, rinneadh teagmháil le 650 000 duine trí imeachtaí a bheoshruthú agus bhí breis agus 50 000 duine i láthair na himeachtaí a reáchtáladh.

Tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach

An 23 Meitheamh 2016 bhí reifreann sa Ríocht Aontaithe faoi bhallraíocht na tíre sin san Aontas Eorpach. Tromlach na ndaoine a vótáil sa reifreann sin is ar son imeacht as an Aontas a vótáil siad. An 29 Márta 2017 thug an Ríocht Aontaithe fógra foirmiúil don Chomhairle Eorpach go raibh rún aici imeacht as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (Euratom). Ar sin a dhéanamh di, chuir sí i ngníomh Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, airteagal ina bhfuil an nós imeachta leagtha amach maidir le Ballstát tarraingt siar as an Aontas.

An próiseas caibidlíochta

Ag cruinniú speisialta den Chomhairle Eorpach an 29 Aibreán ghlac ceannairí na 27 mBallstát eile treoirlínte polaitiúla maidir le tarraingt siar ordúil na Ríochta Aontaithe as an Aontas. Sna treoirlínte sin leagtar amach struchtúr na caibidlíochta mar aon le seasaimh agus prionsabail ghinearálta an Aontais. Ceithre lá ina dhiaidh sin sheol an Coimisiún Moladh chuig an gComhairle á rá gur chóir tús a chur leis an gcaibidlíocht faoi Airteagal 50. Bhí dréacht-treoracha caibidlíochta ag gabháil leis an Moladh sin.

An 22 Bealtaine ghlac an Chomhairle Cinneadh ag údarú tús a chur leis an gcaibidlíocht leis an Ríocht Aontaithe agus ag ainmniú an Choimisiúin go foirmiúil mar chaibidleoir an Aontais. Ina theannta sin, ghlac an Chomhairle an chéad tacar de threoracha caibidlíochta. An aidhm a bhí ag na treoracha sin deimhin a dhéanamh de gur de réir struchtúr soiléir agus cur chuige aontaithe a thabharfadh an tAontas faoin gcaibidlíocht.

Is é Michel Barnier príomhchaibidleoir an Aontais agus is é an Coimisiún Eorpach a cheap sa ról sin é. Laistigh den Choimisiún Eorpach tá tascfhórsa curtha ar bun, atá faoi stiúir Michel Barnier agus is é cúram atá ar an tascfhórsa sin an obair ar fad a chomhordú atá le déanamh ar ghnéithe straitéiseacha, oibríochtúla, dlíthiúla agus airgeadais na caibidlíochta. Tugann an Coimisiún tuairisc ar an gcaibidlíocht do cheannairí an Aontais agus don Chomhairle, agus tugann sé eolas mionsonraithe ina taobh go rialta do Pharlaimint na hEorpa freisin.

An chéad chéim den chaibidlíocht

An 19 Meitheamh thosaigh an chéad chéim den chaibidlíocht, go gairid i ndiaidh an olltoghcháin sa Ríocht Aontaithe. An aidhm a bhí ag an gcéad chéim sin a oiread soiléire agus cinnteacht dhlíthiúil ab fhéidir a thabhairt do na páirtithe agus ceisteanna snaidhmeacha imeacht na Ríochta Aontaithe as an Aontas a réiteach.

Reáchtáladh sé bhabhta caibidlíochta in 2017 ina raibh trí cheist tosaíochta idir chamáin: cearta na saoránach a chosaint; an dóigh a bpléifear le cás eisceachtúil na hÉireann agus Thuaisceart Éireann; an socrú airgeadais a chinnteoidh go gcomhlíonfaidh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe na hoibleagáidí airgeadais a ghabh siad orthu féin roimh an tarraingt siar. Pléadh gnóthaí eile freisin faoin tarraingt siar le linn na caibidlíochta sin.

An 20 Meán Fómhair tháinig ceannairí na 27 mBallstát le chéile sa Chomhairle Eorpach, agus chomhaontaigh siad tús a chur leis an ullmhúchán inmheánach don dara céim den chaibidlíocht, agus d’iarr siad níos mó dul chinn a dhéanamh sna trí thosaíocht. Fairis sin, dúirt siad go ndéanfaidís staidéar arís ar an dul chun cinn a bheadh déanta nuair a thiocfaidís i ndáil le chéile ag cruinniú mullaigh mhí na Nollag, agus go gcinnfidís an uair sin an raibh "dul chun cinn leordhóthanach" déanta.

An 8 Nollaig mhol an Coimisiún Eorpach don Chomhairle Eorpach cinneadh go raibh dul chun cinn leordhóthanach déanta sa chéad chéim den chaibidlíocht leis an Ríocht Aontaithe ar Airteagal 50. Bhí moladh sin an Choimisiúin bunaithe ar Thuarascáil Chomhpháirteach a chomhaontaigh caibidleoirí an Choimisiúin agus na Ríochta Aontaithe agus ar thug Theresa May, Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe a beannacht dó le linn cruinniú aici le hUachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, le Jean-Claude Juncker.

An 15 Nollaig dhearbhaigh an Chomhairle Eorpach go raibh dul chun cinn leordhóthanach déanta agus ghlac na ceannairí treoirlínte maidir leis an dara céim den chaibidlíocht, céim ina ndéanfaí plé ar na socruithe idirthréimhseacha a d’fhéadfaí a dhéanamh agus ar an gcaidreamh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe sa todhchaí.

An chéad chéim eile den chaibidlíocht

Ar bhonn an chinnidh go raibh dul chun cinn leordhóthanach déanta sa chéad chéim den chaibidlíocht, chuir an Coimisiún Eorpach Moladh chuig an gComhairle an 20 Nollaig á rá gur chóir tús a chur le cainteanna ar an gcéad chéim eile den chaibidlíocht. Bhí dréacht-treoracha caibidlíochta ag dul leis an moladh sin. Is treoracha breise iad sin ar threoracha caibidlíochta mhí na Bealtaine 2017 agus tá sonraí breise iontu i dtaobh socruithe idirthréimhseacha a d’fhéadfaí a dhéanamh.

Chomh maith leis sin, cuirtear i gcuimhne sa Mholadh gur gá torthaí na chéad chéime den chaibidlíocht a leagan síos sa dlí, faoi mar a míníodh i dTeachtaireacht an Choimisiúin agus sa Tuarascáil Chomhpháirteach. Cuirtear i dtábhacht sa Mholadh gur gá an obair a chríochnú ar na ceisteanna ar fad a bhaineann leis an tarraingt siar. Orthu sin tá na nithe nár pléadh sa chéad chéim, cuir i gcás rialachas ginearálta an Chomhaontaithe maidir leis an Tarraingt Siar, agus ceisteanna substainteacha ar nós soláthar poiblí, cearta maoine intleachtúla, cosaint sonraí agus earraí a bheidh curtha ar an margadh sula n-imeoidh an Ríocht Aontaithe as an Aontas. I gcomhréir le treoirlínte na Comhairle dar dáta an 15 Nollaig, bhí na treoracha breise caibidlíochta maidir le socruithe idirthréimhseacha le glacadh i mí Eanáir 2018.

Is ceart an chaibidlíocht a bheith críochnaithe faoi fhómhar 2018 ionas go mbeidh dóthain ama ann roimh an 29 Márta 2019 chun go bhféadfaidh an Chomhairle an Comhaontú maidir leis an Tarraingt Siar a thabhairt i gcrích — tar éis di beannacht Pharlaimint na hEorpa a fháil — agus chun go bhféadfaidh an Ríocht Aontaithe é a fhaomhadh de réir a cuid nósanna imeachta féin.

Sa Chomhaontú maidir leis an Tarraingt Siar is ceart creat an chaidrimh idir an dá pháirtí sa todhchaí a chur san áireamh. Maidir leis an gcaidreamh sa todhchaí idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, ní féidir aon chomhaontú ina thaobh sin a thabhairt i gcrích go dtí go mbeidh an Ríocht Aontaithe imithe as an Aontas. D’fhógair ceannairí an Aontais go raibh siad réidh le tús a chur, sa dara céim den chaibidlíocht, le réamhchainteanna agus le cainteanna ullmhúcháin ar chreat an chaidrimh idir an dá pháirtí sa todhchaí.

Ócáidí speisialta in 2017

Searmanas Eorpach Onóra do Helmut Kohl (1930-2017), iar-Sheansailéir na Gearmáine, i bParlaimint na hEorpa, Strasbourg, an Fhrainc, an 1 Iúil 2017.

Searmanas Eorpach Onóra do Helmut Kohl (1930-2017), iar-Sheansailéir na Gearmáine, i bParlaimint na hEorpa, Strasbourg, an Fhrainc, an 1 Iúil 2017.

Donald Tusk, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Antonio Tajani, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, agus Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, agus Gradam 2017 Bhanphrionsa Asturias don chomhaontú á ghlacadh acu thar ceann an Aontais Eorpaigh ó Rí Felipe VI na Spáinne, Oviedo, an 20 Deireadh Fómhair 2017. © Princess of Asturias Foundation

Donald Tusk, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Antonio Tajani, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, agus Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, agus Gradam 2017 Bhanphrionsa Asturias don chomhaontú á ghlacadh acu thar ceann an Aontais Eorpaigh ó Rí Felipe VI na Spáinne, Oviedo, an 20 Deireadh Fómhair 2017

Teagmháil a dhéanamh leis an Aontas Eorpach

AR LÍNE

Tá faisnéis i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh ar fáil ar shuíomh gréasáin Europa: https://europa.eu/european-union/index_ga

AG IONAD FAISNÉISE

Tá na céadta ionad faisnéise ag an Aontas ar fud na hEorpa.

Is féidir leat seoladh an ionaid is gaire duit a fháil ag: https://europa.eu/european-union/contact_ga

AR AN bhFÓN NÓ TRÍ RÍOMHPHOST

Seirbhís lena dtugtar freagra ar do cheisteanna faoin Aontas Eorpach is ea Europe Direct.

Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an tseirbhís sin trí shaorghlao: 00 80067891011 (ní thugann oibreoirí áirithe fóin póca rochtain ar uimhreacha 00 800 nó d’fhéadfaidís táillí a ghearradh i leith na nglaonna sin), nó ar ghnáththaraifí teileafóin ó áiteanna lasmuigh den Aontas: +32 22999696, nó trí ríomhphost chuig https://europa.eu/european-union/contact_ga

FOILSEACHÁIN FAOIN EORAIP

Is féidir teacht go héasca ar fhoilseacháin faoin Aontas Eorpach ar shuíomh gréasáin: https://publications.europa.eu/ga/publications

IONADAÍOCHTAÍ AN CHOIMISIÚIN EORPAIGH

Tá oifigí (ionadaíochtaí) ag an gCoimisiún Eorpach i ngach Ballstát den Aontas Eorpach: https://ec.europa.eu/info/contact/local-offices-eu-member-countries_ga

OIFIGÍ FAISNÉISE PHARLAIMINT NA hEORPA

Tá oifig faisnéise ag Parlaimint na hEorpa i ngach Ballstát den Aontas Eorpach: http://www.europarl.europa.eu/atyourservice/ga/information_offices.html

TOSCAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

Tá toscaireachtaí ag an Aontas Eorpach ar fud an domhain: https://eeas.europa.eu/headquarters/headquarters-homepage/area/geo_ga

Eolas faoin bhfoilseachán seo

An tAontas Eorpach in 2017 — An Tuarascáil Ghinearálta ar Ghníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh

An Coimisiún Eorpach
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
Faisnéis don Saoránach
1049 An Bhruiséil
AN BHEILG

An tAontas Eorpach in 2017 — An Tuarascáil Ghinearálta ar Ghníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh a ghlac an Coimisiún Eorpach an 28 Feabhra 2018 faoi uimhir thagartha C(2018) 1280.

Aitheantóirí

An Tuarascáil Ghinearálta ar Ghníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh

Print ISBN 978-92-79-71269-2 ISSN 2443-9533 doi:10.2775/521203
PDF ISBN 978-92-79-71267-8 ISSN 2443-9541 doi:10.2775/068433
EPUB ISBN 978-92-79-71230-2 ISSN 2443-9541 doi:10.2775/610279
HTML ISSN 2443-9541 doi:10.2775/861538

Buaicphointí

Print ISBN 978-92-79-71144-2 ISSN 2443-9517 doi:10.2775/75546
PDF ISBN 978-92-79-71200-5 ISSN 2443-9525 doi:10.2775/465301
EPUB ISBN 978-92-79-71209-8 ISSN 2443-9525 doi:10.2775/24516

Lucsamburg: Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2018

© An tAontas Eorpach, 2018
Údaraítear athúsáid ach an fhoinse a admháil. Chun grianghraif nó ábhar eile nach bhfuil faoi chóipcheart an Aontais a úsáid nó a atáirgeadh, ní mór cead a fháil go díreach ó shealbhóirí an chóipchirt.

CREIDIÚNTAÍ

Gach grianghraf © An tAontas Eorpach mura dtugtar a mhalairt le fios.

Ar an gclúdach

  1. Chun 60 bliain ó shíniú Chonarthaí na Róimhe a cheiliúradh sheas breis agus 900 fostaí de chuid an Choimisiúin Eorpaigh le chéile i gcruth 60. (© An tAontas Eorpach)
  2. Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh. (© An tAontas Eorpach)
  3. Donald Tusk, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Narendra Modi, Príomh-Aire na hIndia, agus Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, le linn Chruinniú Mullaigh an Aontais Eorpaigh agus na hIndia i nDeilí Nua, an India, an 6 Deireadh Fómhair 2017. (© An tAontas Eorpach)
  4. An 9 Márta 2017 thogh an Chomhairle Eorpach Donald Tusk ina Uachtarán don dara téarma 2½ bliain, ón 1 Meitheamh 2017 go dtí an 30 Samhain 2019. (© An tAontas Eorpach)
  5. Ceannairí an Aontais faoi réir le haghaidh grianghraif grúpa le linn sheoladh an Bhuanchomhair Struchtúrtha, lena gcuirtear ar a gcumas do na Ballstáit sin is toil leo é comhoibriú níos dlúithe le chéile ar chúrsaí cosanta agus slándála, ag cruinniú mullaigh an Aontais sa Bhruiséil, an 14 Nollaig 2017. (© An tAontas Eorpach)
  6. Toghadh Antonio Tajani ina Uachtarán ar Pharlaimint na hEorpa an 17 Eanáir 2017, agus tháinig sé i gcomharbas ar Martin Schulz. (© An tAontas Eorpach)
  7. Cuireadh deireadh le táillí fánaíochta san Aontas Eorpach an 15 Meitheamh 2017. Saoránaigh den Aontas atá ag taisteal laistigh de na Ballstáit, is féidir leo leas a bhaint as “fánaíocht ar tháille baile”, is é sin na praghsanna céanna agus a íocann siad sa bhaile a íoc ar ghlaonna, ar théacsteachtaireachtaí agus ar shonraí fánaíochta. (© An tAontas Eorpach)
  8. D’fhógair ceannairí an Aontais Eorpaigh Colún Eorpach na gCeart Sóisialta ag an gCruinniú Mullaigh Sóisialta do Phoist Chóra agus d’Fhás in Göteborg na Sualainne, an 17 Samhain 2017. (© An tAontas Eorpach)
  9. Ceist á cur le linn ceann de na 316 Chomhphlé leis na Saoránaigh a reáchtáladh fud fad an Aontais in 2017, Toruń, an Pholainn, an 29 Bealtaine 2017. (© An tAontas Eorpach)
  10. Comóradh a rinne an tAontas Eorpach i gcuimhne Helmut Kohl, iar-Sheansailéir na Gearmáine, a fuair bás an 16 Meitheamh 2017 in aois 87 mbliana. (© An tAontas Eorpach)
  11. Joseph Muscat, Príomh-Aire Mhálta, Donald Tusk, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, agus Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, ag preasagallamh le linn chruinniú neamhfhoirmiúil Chinn Stáit agus Rialtais an Aontais Eorpaigh, Málta, an 3 Feabhra 2017. (© An tAontas Eorpach)

An tAontas Eorpach in 2016