Cuireann institiúidí an Aontais Eorpaigh geata ilteangach, saor in aisce, ar fáil chuig reachtaíocht an AE ar líne: EUR-Lex:
Tugann EUR-Lex rochtain chuimsitheach ar dhlí na hEorpa. Soláthraíonn sé modh áisiúil chun Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh a bhreathnú ar líne, na conarthaí, an reachtaíocht atá i bhfeidhm, sraith doiciméad an Choimisiúin Eorpaigh, cásdlí na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Céadchéime, agus an bailiúchán reachtaíochta comhdhlúite. Soláthraíonn sé naisc chuig foinsí eolais eile cosúil le clár na n-institiúidí agus suímh reachaíochta eile de chuid an AE agus na mBallstát.
Tugann Eur-Lex feidhmithe comhchuibhithe cuardaigh, agus saoráidí cuardaigh cliste CELEX go hiomlán comhtháite chun faisnéis agus anailís dhlíthiúil dhomhain a sholáthar. Tá rochtain saor in aisce ar gach cineál doiciméid (formáidí: HTML, PDF, Word agus TIF) agus sna 23 teanga uile nuair is féidir.
Le teacht ar thuilleadh eolais, féach Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Tá dlí na hEorpa ó EUR-Lex ar fáil faoi cheadúnas ó thríú páirtithe freisin. Is féidir leis an sealbhóir ceadúnais an fhaisnéis cheadúnaithe a thabhairt mar tháirge nó mar sheirbhís.
Déantar na sonraí a uasghrádú go seachtainiúil nó go míosúil trí fhreastalaí FTP, i bhformáid XML. Tá aitheantas úsáideora agus pasfhocal ag teastáil.
Buntáistí a bhaineann le seirbhís ceadúnais:
Cuideachtaí a bhfuil fios na dtéarmaí agus na gcoinníollacha a bhaineann le comhaontú ceadúnas EUR-Lex uathu, féadfaidh siad comhad iomlán a iarraidh, agus na téarmaí is coinníollachta san áireamh, ar licences@publications.europa.eu.