Is é cuspóir na seirbhíse AE nua ar líne, Siopa Leabhar AE (http://bookshop.europa.eu), ná pointe rochtana amháin a sholáthar do shaoránaigh agus do ghnóthais chun na foilseacháin dhifriúla ó institiúidí, ó ghníomhaireachtaí agus ó chomhlachtaí eile an AE a rochtain. Is í an Oifig Foilseachán atá freagrach as na doiciméid seo a fhoilsiú agus/nó a chur i gcatalóg.
Tríd an Siopa Leabhar AE a úsáid, is féidir leat inneachar na bhfoilseachán a rochtain ar an bpointe trí fhógra bibleagrafaíoch uileghabhálach. Is féidir leat foilseacháin nua a íoslódáil saor in aisce i bhformáid PDF. Ina theannta sin, is féidir leis an úsáideoir cóip páipéir amháin d'aon fhoilseachán a ordú saor in aisce díreach ón Oifig Foilseachán, má bhíonn sé ar fáil. Maidir le foilseacháin gur gá airgead a thabhairt orthu, is féidir leis an gcliant an comhad PDF a íoslódáil agus é a phriontáil é/í féin nó is féidir leis/léi cóip ceangailte a órdú trí cheann de rannpháirtithe díolacháin na hOifige gur féidir leat a roghnú sa Siopa Leabhar AE. De ghnáth, seoltar amach na leabhair laistigh de 48 uair tar éis don ordú a fháil. De ghnáth, seolfar amach na leabhair laistigh de 48 uair tar éis don ordú a fháil.
Is féidir leis an úsáideoir feidhmeanna cuardaigh simplí nó ard-fheidhmeanna a úsáid chun foilseacháin a fháil nó is féidir leis/léi brabhsáil a dhéanamh de réir téama nó de réir údair. Ina theannta sin, is féidir le húsáideoirí clárú le ‘Mo Shiopa Leabhar AE’ agus na feidhmeanna pearsanta a rochtain: is féidir cuardaigh a shabháil chun iad a úsáid go rialta nó is féidir leis an úsáideoir a (h)ainm a chur síos chun R-phoist a fháil maidir le foilseacháin shuimiúla.
Is é cuspóir na hOifige Foilseachán ná an Siopa Leabhar AE a bhunú mar phointe iontrála do dhaoine go bhfuil suim acu i bhfoilseacháin an Aontais Eorpaigh. Faoi láthair, tá na príomhleathanaigh nascleanúna ar fáil i 19 teanga dhifriúla (teangacha oifigiúla iad go léir seachas Máltais).