Privacy Statement | Léarscáil an láithreáin | Teagmháil | CCanna
Is cuid den láithreán gréasáin Europa an láithreán seo
 
 
 
 
 
 

Comórtas scannáin - TED & SIMAP

Soilse, ceamara, aicsean!

Comórtas scannánaíochta Oifig Foilseacháin an Aontais Eorpaigh i gcomhair seirbhísí ar líne an EU Bookshop agus Ted

“Soilse, ceamara, aicsean!” ab é ainm an chomórtais scannánaíochta a sheol Oifig na bhFoilseachán chun glaoch ar mhic léinn chun dul i muinín a mbuanna cruthaitheachta agus a gcumas teicniúla chun scannáin réamhfhógra ghearra agus siamsúla a léiriú do dhá cheann de sheirbhísí ar líne na hoifige: EU Bookshop agus TED.

Bhí an comórtas ar oscailt do gach scoil, coláiste agus ollscoil san AE agus san LEE. Bhí sé dírithe ar mhic léinn i mbun staidéir chumarsáide agus ilmheánacha.

Fuarthas 50 scannán san iomlán don chomórtas scannánaíochta EU Bookshop agus TED, a formhór acu i gcomhair an EU Bookshop. Is ó 14 Bhall Stáit den AE a fuarthas na scannáin: an Bheilg, an Bhulgáir, Poblacht na Seice, an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, an Liotuáin, Málta, an Phortaingéil, an Pholainn, an Rómáin, an tSlóivéin, an tSlóvaic agus an Fhionlainn.

Dhámh Martine Reicherts, Ard-Stiúrthóir Oifig na bhFoilseachán, duaiseanna ar na hábhair scannánóirí a rug an chraobh in Maison de l’Europe i Lucsamburg.

B’iad seo a leanas na sé scannán a bhuaigh:

EU Bookshop

TED

Chun breathnú ar fhíseán gearr de bhronnadh na nduaiseanna ar EbS (Europe by Satellite):
Seremoni Wobrwyo (16.3.2011) 



Links to Publications
Office's websites

EU publications:

Research & development:

EU law:

Tenders:

EU directory: