ISSN 1831-5380
Léarcsáil an tsuímh | Fógra dlíthiúil | Fianáin | Ceisteanna coitianta | Teagmháil | Priontáil

10.3. Uimhreacha, dátaí agus an t-am

Scríobhtar na figiúir ó haon go naoi i bhfocail agus scríobhtar na figiúir ó dheich suas i ndigití. Nuair atá uimhir faoi dheich in aon abairt le huimhir ó dheich suas, scríobhtar iad araon i ndigití e.g. 9-11. Tá feidhm ag na heisceachtaí agus ag na rialacha seo a leanas:

(a)
úsáidtear ‘Uimh.’ mar fhocal giorraithe ar ‘Uimhir’ agus ar ‘Uimhreacha’;
(b)
leanann na horduimhreacha an patrún céanna a úsáidtear agus na bunuimhreacha á scríobh agus áirítear air sin na céadta/na haoiseanna: an naoú haois, an 19ú haois;
(c)
úsáidtear figiúirí agus sraith de chainníochtaí sonraithe á cur in iúl, agus úsáidtear i gcónaí iad roimh ghiorrúchán: 6 kg, 7 mbliana, 11 mhéadar, 28 000 tona;
(d)
suimeanna: EUR 2 000 000 (nó EUR 2 mhilliún);
(e)
úsáidtear an focal billiún nuair is 1 000 milliún atá i gceist. Chun nach mbeidh débhríocht idir an gnás a bhí ann roimhe seo agus é, sainigh é seo i liosta giorrúchán nó ar an gcéad lua (1 000 milliún a chur i lúibíní ina dhiaidh). Moltar mar sin féin an focal ‘billiún’ a sheachaint i dtéacsanna neamhreachtacha chun débhríocht a sheachaint agus chun a chinntiú go n-éascófar tuairisciú, athlua agus ateangaireacht. De réir mhír 9.2.2 den Chaighdeán Oifigiúil, 2017 úsáidtear córas na mbunuimhreacha má tá na uimhreacha 2-19 roimh shraith náideanna a fhreagraíonn do billiún, e.g. 2 bhilliún; 8 mbilliún; 17 mbilliún;
(f)
codáin: ní bhaintear úsáid as an bhfleiscín nuair a bhíonn codáin á gcur in iúl (dhá thrian; sé sheachtú);
(g)
deachúlacha: ní dhéantar infhilleadh ná athrú tosaigh ar ainmfhocal atá ar lorg uimhir dheachúlach, e.g. ocht ponc a sé gram; 6.3 milliún; 5.2 méadar ciúbach;
(h)
céatadáin: 15 % (is den rogha é an tsiombail a úsáid, agus spás roimpi, (féach Pointe 6.4); má táthar á scríobh i bhfocail, scríobhtar ‘faoin gcéad’.
I gcúrsaí staidrimh, cuireann gach ionad de dheachúlacha le cruinneas, fiú más nialas é: ní mar an gcéanna 3.5 % agus 3.50 % nó 3½ %. Is mó de gharluach an codán.
Déan idirdhealú idir ‘%’ agus ‘pointe (pointí) céatadáin’;
(i)
teochtaí: 25 °C (mar an gcéanna le cion alcóil agus le céimeanna domhanleithid agus domhanfhaid);
(j)
uimhriú leathanach: lch. 250, Fíor. 5, fonóta 6;
(k)
is féidir raon uimhreacha a bhá:
uimhreacha leathanach: lgh. 7-13, 312-17, (ach pp. 67 ff. = lch. 67 ar aghaidh),
úsáidtear ‘go’ i gcásanna ina dtiocfadh le débhríocht tarlú, go háirithe agus miosúir i gceist, áit a bhféadfaí scála íslitheach chomh maith le hardaitheach a bheith in úsáid: d’fhéadfaí dhá chiall a bhaint as 31-5, is é sin: 31 go 5 nó 31 go 35,
úsáidtear ‘ó 50 go 100’ nó ‘50-100’, seachas ‘ó 50-100’;
(l)

i gcás ina bhfuil uimhir ag tús abairte, scríobhtar an uimhir amach ina hiomláine:

e.g. Trí Bhreitheamh déag a bheidh ar an Mór-Dhlísheomra.

Ní chuirtear figiúirí ag tús abairte:

e.g. Ba í 1847 an bhliain ba mheasa. (Ba í an bhliain 1999 an bhliain dheireanach a chaith mé thall.)
(m)
úsáidtear an leagan cinnte "in" agus bliain ar leith á lua, e.g. in 1876, in 1945, in 2013;
(n)
úsáidtear na 1990í (seachas ‘na nóchaidí’, etc.);
(o)

scríobhtar na dátaí sa téacs amach i bhfoirm iomlán (an 6 Meitheamh 1992), ach giorraítear iad i bhfonótaí, i.e. 6.6.1992, agus ní mar seo: 6.6.92. Úsáidtear tréimhsí ama mar 1939-1945, 2010-2012 seachas 1939-45, 2010-12;

Ní chuirtear 0 roimh dhigit ó 1 go 9 i ndátaí san Iris Oifigiúil, i.e. scríobhtar 3.3.1999 seachas 03.03.1999.

NB:

‘Ag a chruinniú (ag a cruinniú) ón 23 go dtí an 25 Iúil …’ agus ní ‘… ón 23-25 Iúil …’ i dtéacs reatha.
Mar an gcéanna ‘Ag a chruinniú/a cruinniú an 23 agus an 24 Iúil …’ agus ní ‘… an 23/24 Iúil …’ i dtéacs reatha.
1991/92 = aon bhliain amháin: bliain mhargaíochta, bliain airgeadais, bliain acadúil.
Scríobh: ‘Dé Céadaoin an 25 Meitheamh 1997’ (gan aon chamóg i ndiaidh lá na seachtaine).

(p)

an t-am: córas 24 uair (nó córas 12 uair agus a.m. nó p.m. ina dhiaidh), mar shampla:

17.30 gan uair a chloig a chur isteach (nó 5.30 p.m.)

Más uair iomlán an chloig atá i gceist, cuir isteach an dá nialas:

e.g. 14.00 (2 p.m. nó 2 a chlog); 12.00 (nó 12 nóin); 24.00 (nó úsáid an focal ‘meán oíche’)
Nuashonraithe: 2.8.2018
barr an leathanaigh
leathanach roimhe seoan chéad leathanach eile