ISSN 1831-5380
Léarcsáil an tsuímh | Fógra dlíthiúil | Fianáin | Ceisteanna coitianta | Teagmháil | Priontáil

9.1.3. Seoltaí i ndoiciméid ilteangacha

I bhfoilseacháin ilteangacha de chuid institiúidí, chomhlachtaí agus ghníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh, is gnách liosta seoltaí a chur le chéile aon uair amháin ionas go mbeidh siad comhleanúnach.

NB:
I bhfoilseacháin aonteangacha, má leagtar amach seoltaí agus an struchtúr céanna in úsáid i ngach leagan teanga (mar shampla i dtábla ina bhfuil liosta seoltaí atá ar an leathanach céanna den fhoilseachán i ngach leagan de) úsáidtear na rialacha atá i bhfeidhm maidir le foilseacháin ilteangacha.

Ballstáit an Aontais Eorpaigh

I gcás Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, leagtar amach gach seoladh sa bhunteanga, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:

i gcás na Beilge, tugtar seoltaí sa Fhraincis agus san Ollainnis (cuireadh comhaontú i gcrích le húdaráis na Beilge nach n-áireofar an leagan Gearmáinise, tríú teanga náisiúnta na tíre, sa seoladh),
i gcás na Bulgáire, na Gréige agus na Cipire, tugtar seoltaí uair amháin i gcarachtair na bunaibítre agus uair amháin i gcarachtair rómhánacha (traslitriú Béarla). I gcás leaganacha i gcarachtair na Bulgáirise agus na Gréigise beidh ainm an bhaile agus ainm na tíre tugtha i gcarachtair rómhánacha freisin (traslitriú Béarla),
i gcás na hÉireann, tugtar seoltaí sa Ghaeilge agus sa Bhéarla,
i gcás Mhálta, tugtar seoltaí sa Mháltais agus sa Bhéarla,
i gcás na Fionlainne, tugtar seoltaí san Fhionlainnis agus sa tSualainnis.
Tugtar sampla de liosta ilteangach le haghaidh Bhallstáit an Aontais Eorpaigh i bPointe 9.1.4.

Tríú tíortha

I gcás tríú tíortha a úsáideann aibítir eile (an tSín, an tSeapáin agus tíortha a úsáideann aibítir na hAraibise, etc.), ní foláir seoltaí a thraslitriú go teanga a úsáideann an aibítir rómhánach. Luaitear ainm na tíre, agus ainm an bhaile fiú, i dteanga de chuid an Aontais Eorpaigh atá inaitheanta go hidirnáisiúnta, sa Bhéarla de ghnáth.

Nuashonraithe: 30.4.2012
barr an leathanaigh
leathanach roimhe seoan chéad leathanach eile