8.1. Tagairtí d’fhonótaí
Úsáidtear an fhormáid chéanna i ngach teanga sna tagairtí d’fhonótaí; is féidir na foirmeacha seo a leanas a úsáid agus tagairt á déanamh d’fhonótaí:
1. Maidir leis na caibidlíochtaí leis na hinstitiúidí eile, ar caibidlíochtaí iad a mbeidh sé mar aidhm acu teacht ar chomhaontú i rith an nós imeachta reachtaigh, déanfar iad ag féachaint don Chód Iompair maidir le caibidlíochtaí i gcomhthéacs an ghnáthnós imeachta reachtaigh (8).
Gach figiúir ó Eurostat (*).
De ghnáth uimhrítear na fonótaí in aghaidh an leathanaigh agus cuirtear ag bun an leathanaigh chuí iad. Úsáidtear carachtair níos lú sna fonótaí ná mar a úsáidtear i gcorp an téacs (difríocht dhá phointe eatarthu de ghnáth). Scartar na fonótaí ó chorp an téacs trí líne ghearr agus spás os a cionn a úsáid. Is féidir na fonótaí a uimhriú go leanúnach ó leathanach go leathanach nó iad a ghrúpáil ag deireadh na caibidle nó an imleabhair.
Cuirtear tagairt d’fhonóta (lena n-áirítear na lúibíní) i gcló rómhánach (fiú má tá an téacs nó an teideal scríofa i gcló iodálach nó i gcló trom).
Nuair atá tagairt d’fhonóta i dtábla, ní mór an nóta a chur laistigh den tábla sin.
Fonótaí agus a dtagairtí: an téacs a ullmhú/treoracha clóscríbhneoireachta:
féach Pointe 4.2.3.