5.6. Struchtúr a chur ar an téacs
Ní mór téacs an tsaothair a leagan amach i bhfoirm an-soiléir ionas go léifear gan stró é. Ní mór mar sin an téacs a bhriseadh síos ina chodanna agus ina fhochodanna chun nach gcuifear mearbhall ar na léitheoirí agus chun struchtúr maith a chur ar a bhfuil sa téacs. Chuige sin, níor cheart níos mó ná seacht gcineál teidil a bheith sa saothar. Ní mór téacs den mhéid agus den saghas céanna a chur i ndiaidh gach teidil idirmheánaigh áirithe tríd síos sa saothar.
Struchtúr ina bhfuil uimhriú casta
Is féidir an téacs a struchtúrú ina chodanna, ceannteidil, caibidlí, ailt, míreanna, pointí, etc., agus leas a bhaint as uimhreacha, as litreacha, as daiseanna agus as pointí urchair. Úsáidtear an struchtúr uimhrithe mar a leanas de ghnáth, de réir ord íslitheach na n-uimhreacha:
Is mar seo a roinntear saothar de ghnáth:
Cuid a hAon OBAIR AN AONTAIS
Caibidil 1 FORÁS AN AONTAIS
Cuid 1 — An staid pholaitiúil ghinearálta
A — Cumhachtaí buiséadacha
1. Príomhfhorbairtí
(a) Treoracha arna nglacadh
Struchtúr gan uimhriú
Bealach eile chun na forannáin téacs a léiriú is ea luachanna cló-aghaidhe difriúla a úsáid chun luach beacht a thabhairt do gach ceannteideal agus fo-cheannteideal, gan ranna, caibidlí, etc. a dhéanamh den téacs:
OBAIR AN AONTAIS
FORÁS AN AONTAIS
An staid pholaitiúil ghinearálta
Cumhachtaí buiséadacha
Príomhfhorbairtí
Treoracha arna nglacadh
Struchtúr uimhrithe dheachúil
Féadfar uimhriú deachúil a úsáid freisin:
Cuid a hAon — OBAIR AN AONTAIS
Caibidil I — FORÁS AN AONTAIS
1. Staid pholaitiúil ghinearálta
1.1. Cumhachtaí buiséadacha
1.1.1. Príomhfhorbairtí
Sa chás sin, moltar gan an iomarca cineálacha fo-cheannteideal a úsáid.
Struchtúr uimhrithe leanúnaigh
I gcás foilseachán ina bhfuil a lán tagairtí do chodanna eile den saothar céanna, bíonn sé caoithiúil uaireanta uimhriú leanúnach a chur ar na míreanna. Ar an gcaoi sin, is féidir na tagairtí a chur isteach sula ndéantar an t-uimhriú deiridh.
Is féidir an t-uimhriú leanúnach a úsáid mar aon le ceann de na struchtúir uimhrithe eile.