4.3. Cineálacha foilseachán
Ar leibhéal idirnáisiúnta, aithnítear agus aicmítear doiciméid faoi réir comhaontuithe agus caighdeán éagsúla, go háirithe na comhaontuithe agus na caighdeáin seo a leanas:
https://www.iso.org/standard/72642.html
https://www.iso.org/standard/59743.html
https://www.iso.org/standard/65483.html
https://www.isbn-international.org
https://www.iso.org/standard/73846.html
https://www.ifla.org/files/assets/cataloguing/isbd/isbd-cons_2007-en.pdf

(https://www.iso.org/members.html).
De réir na gcaighdeán agus na gcomhaontuithe sin, féadtar na foilseacháin a roinnt in dhá phríomhchatagóir: na monagraif, agus na hacmhainní leanúnacha.
4.3.1. Monagraif
I dtéarmaí chaighdeán ISO 2108:2017 (ISBN), is éard atá sna monagraif foilseacháin neamhthréimhsiúla. Féadfaidh na monagraif bheith in imleabhar amháin nó líon teoranta d’imleabhair ar leith. Is féidir iad a fhoilsiú ar leithligh nó go comhuaineach agus iad a chur ar fáil don phobal i bhformáid ar bith den táirge (leabhar faoi chlúdach crua, leabhar faoi chlúdach bog, closleabhar ar chaiséad, CD, DVD, leabhar i mBraille, láithreán gréasáin, leabhar leictreonach, etc.).
Tá na monagraif ina bhfuil iliomad imleabhar comhdhéanta de líon áirithe codanna ar leith (imleabhair ar leith), cé is moite de na foilseacháin leabhráin. Déantar iad a dhearadh agus a fhoilsiú mar aonad iontu féin. Is féidir go mbeidh a dteideal féin agus ainm an duine atá freagrach astu ar na codanna ar leith.
Aithnítear gach monagraf le Leabharuimhir Chaighdeánach Idirnáisiúnta, nó ISBN (féach Pointe 4.4.1).
4.3.2. Acmhainní leanúnacha
De réir chaighdeán ISO 3297:2020 (ISSN), is éard atá sna hacmhainní leanúnacha saothair a chuirtear ar fáil don phobal, i bhformáid ar bith den táirge, a bhfuil orduimhir agus tuairisc chroineolaíoch ar na seachadtaí leanúnacha díobh agus nach bhfuil a dtréimhse foilsithe socraithe roimh ré. Áirítear sna hacmhainní leanúnacha:
Aithnítear gach acmhainn leanúnach le Sraithuimhir Chaighdeánach Idirnáisiúnta, nó ISSN (féach Pointe 4.4.2).
4.3.3. Sraithfhoilseacháin agus monagraif chomhcheangailte
Chun críocha tráchtála, meastar gur monagraif iad sraithfhoilseacháin áirithe freisin (bliainirisí agus cnuasaigh mhonagraif). Ní foláir a bheith in ann iad a fháil mar chóip nó trí shíntiús.
Ní foláir glacadh leis na foilseacháin sin i dtús báire mar shraithfhoilseacháin agus ISSN a leithdháileadh orthu. Ansin, sanntar ISBN dóibh ó tharla gur monagraif iad.