2.4. Abairtí a bhaineann le gné éigeantach na rialachán
Sna rialacháin, cuirtear ceann de na habairtí seo a leanas i ndiaidh an airteagail deiridh:
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
nó
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit, i gcomhréir leis na Conarthaí.
(Úsáidtear an abairt seo in aon chásanna nach bhfuil an rialachán infheidhme maidir le gach Ballstát ná i ngach Ballstát (mar shampla, Ballstáit nach bhfuil an euro mar airgeadra acu, (féach, mar shampla, Rialachán (AE) Uimh. 1210/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle), comhar feabhsaithe, etc.))
Ní cuid den airteagal deiridh an abairt seo agus cuirtear i lár an leathanaigh í ar líne 28 Ciceros (féach Visual guide — Official Journal typographical rules).