2.1. An teideal
Is éard atá i dteideal iomlán gnímh:
—
an saghas gnímh (rialachán, treoir, etc.),
—
an uimhir (i.e. an giorrúchán nó na giorrúcháin is ábhartha (“AE”, “Euratom”, “AE, Euratom”, “CBES”), bliain agus uimhir sheicheamhach an ghnímh),
—
ainm na hinstitiúide (na n-institiúidí) nó an chomhlachta a ghlac an gníomh,
—
dáta a ghlactha (dáta a shínithe i gcás gníomhartha arna nglacadh go comhpháirteach ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle),
—
tuairisc ghearr ar an ábhar,
—
an uimhir a shann an t-údar don ghníomh (féach Pointe 1.2.2, “Uimhriú dúbailte”) i gcás inarb uimhriú dúbailte atá ar ghníomhartha.
I bPointe 3.2 leagtar síos na rialacha maidir le tagairtí do theideal.
Má leasaítear teideal gnímh le gníomh eile nó má dhéantar ceartúchán ar an teideal, ina dhiaidh sin is é an teideal leasaithe nó ceartaithe a luaitear i gcónaí.
NB:
Ar an gcéad leathanach, is féidir “códú” nó “athmhúnlú” a lua faoin teideal. Scríobhtar an téarma seo i mionlitreacha agus i gcló trom, faoin teideal, idir lúibíní. Ní luaitear é i gclár na n-ábhar ar an leathanach teidil ná i dtagairtí don ghníomh atá i gceist.