1.2.2. Uimhriú na ngníomhartha
Is í Oifig na bhFoilseachán a shocraíonn an t-uimhriú.
Uimhriú
Is san ord seo a leanas a luaitear uimhriú an ghnímh:
(réimse) BBBB/U
Bhí uimhriú na ngníomhartha ag brath ar an gcineál gnímh a bhí i gceist agus baintear úsáid as fós nuair a dhéantar tagairt do na gníomhartha seo.
Rialachán (CE) Uimh. 817/97 ón gCoimisiún (†)
Cinneadh Uimh. 284/2010/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (†)
Ní bhaintear úsáid as an bhfocal giorraithe “Uimh.” nuair atá an bhliain roimh an uimhir sheicheamhach:
Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (†)
Athraíodh giorrúcháin na réimsí le himeacht na mblianta de réir mar a glacadh conarthaí nua agus de réir mar a glacadh leasuithe ar na Conarthaí:
Is mar seo a leanas a dhéantar tagairt do na gníomhartha: an uimhir sheicheamhach a shanntar as sraith amháin de na sraitheanna agus braitheann ord na n-eilimintí ar an gcineál gnímh atá i gceist.
Is mar a leanas a dhéantar tagairt do ghníomhartha den sórt seo: an giorrúchán (idir lúibíní) agus an uimhir sheicheamhach agus an bhliain:
Rialachán (AE) Uimh. 641/2010
Le himeacht aimsire, athraíodh uimhriú na rialachán:
Rialachán Uimh. 17 (†)
Rialachán Uimh. 1009/67/CEE (†)
Rialachán (CEE) Uimh. 1470/68 (†)
Maidir le treoracha, baintear úsáid as an mbliain, an uimhir sheicheamhach agus an giorrúchán:
Treoir 2010/24/AE ón gComhairle (†)
Ón 1 Eanáir 1992 do dtí an 31 Nollaig 2014, ba í Ardrúnaíocht na Comhairle a shann na huimhreacha sin.
Tá orduimhir sa teideal ag roinnt treoracha atá níos seanda:
Céad Treoir 73/239/CEE ón gComhairle (†)
Maidir leis na cinntí atá foilsithe faoi shraith L I, baintear úsáid as an uimhir sheicheamhach, an bliain agus an giorrúchán:
Treoir Uimh. 477/2010/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (†)
Déantar cinntí arna nglacadh i gcomhréir le nós imeachta reachtach a uimhriú go comhleanúnach (Cinneadh Uimh. 477/2010/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (†), Rialachán (AE) Uimh. 478/2010 ón gCoimisiún (†), Rialachán (AE) Uimh. 479/2010 ón gCoimisiún (†)).
Maidir leis na cinntí atá foilsithe faoi shraith L II, baintear úsáid as an mbliain, an uimhir sheicheamhach agus an giorrúchán:
Treoir 2010/294/AE ón gComhairle (†)
I gclár na n-ábhar agus ar an leathanach teidil tá uimhir ar ghlacadh cinntitheach an bhuiséid ghinearálta agus na mbuiséad leasaitheach ach ní luaitear é sa tagairt (e.g. “2010/117/AE, Euratom”).
Uimhriú dúbailte
Bíonn dhá uimhir ag gníomhartha áirithe:
Cuirtear an uimihir atá sannta ag an údar dóibh idir lúibíní ag deireadh an teidil i gcás gníomhartha agus ionstraimí ón mBanc Ceannais Eorpach agus i gcás cinntí ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála:
Cinneadh (AE) 2015/299 ón mBanc Ceannais Eorpach […] (BCE/2015/5)
Cinneadh (CBES) 2015/711 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála […] (ATALANTA/4/2015)
I gcás gníomhartha áirithe, ní áirítear réimse san uimhir a shannann Oifig na bhFoilseachán dóibh agus cuirtear an uimhir idir lúibíní cearnacha ag deireadh an teidil. Áirítear orthu sin: cinntí ó na Comhairlí agus na coistí éagsúla a cruthaíodh le comhaontuithe idirnáisiúnta, gníomhartha a bhaineann leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), le Comhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) agus ag rialacháin ó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (NA/ECE):
Cinneadh Uimh. 1/2015 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE […] [2015/1909] (†)
Cinneadh Uimh. 159/2014 ó Chomhchoiste LEE […] [2015/94] (†)
Cinneadh Uimh. 30/15/COL ó Údarás Faireacháin CSTE […] [2015/1813] (†)
Cinneadh Uimh. 78 ó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (NA/ECE) […] [2015/145] (†)
Ní bhíonn ach an uimhir a chuireann an t-údar ar fáil, agus sin amháin, ag gníomhartha a bhaineann leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), le Comhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) agus ag rialacháin ó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UN/ECE).
Gníomhartha neamhuimhrithe agus téacsanna eile
Ní shanntar uimhir do ghníomhartha áirithe ná do théacsanna eile, mar shampla: