Mar fhoilsitheoir, tá Oifig na bhFoilseachán freagrach as seirbhís den chaighdeán is airde a sholáthar dá custaiméirí – bunranna na n institiúidí agus comhlachtaí eile an Aontais Eorpaigh — agus dá pobal — saoránaigh an Aontais Eorpaigh, chomh maith le daoine ar fud an domhain le suim acu i ngnóthaí Eorpacha. San earnáil teicneolaíochta nua, caithfidh Oifig na bhFoilseachán í féin a chur ar thús cadhnaíochta na gairme foilsitheoireachta.
De bhun forálacha na gConradh, is gá teidil áirithe, mar shampla Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó Tuarascáil Ghinearálta ar Ghníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh, a fhoilsiú de réir dlí. Meastar go bhfuil teidil eile riachtanach d'fhorbairt an Aontais agus d'fhorbairt a bheartais, agus soláthraítear foilseacháin eile chun faisnéis a chur ar fáil don saol mór nó do dhreamanna ghairmiúla áirithe.
Foilsíonn Oifig na bhFoilseachán an Iris Oifigiúil go laethúil i 23 theanga oifigiúil an Aontais - rud uathúil i saol na foilseacháin.
Chun caidreamh níos fearr a bhunú idir an Aontas agus a shaoránaigh, oibríonn Oifig na bhFoilseachán go leanúnach le hinstitiúidí, le gníomhaireachtaí agus le comhlachtaí an AE chun trédhearcacht an phróisis reachtaíochta agus na mbeartas Eorpacha a fheabhsú agus chun rochtain níos fearr a sholáthar ar an reachtaíocht Eorpach ar fad agus ar an bhfaisnéis a fhoilsítear i sraith L (Reachtaíocht), sraith C (Faisnéis agus Fógraí) agus sraith S (Soláthar poiblí) den Iris Oifigiúil agus ar na láithreáin ghréasáin ghaolmhara, EUR-Lex agus TED.
Chabhraigh an tIdirlíon go mór le faisnéis phoiblí a chraobhscaoileadh, agus na meáin leictreonacha in úsáid go forleathan anois.
Cláraítear, innéacsaítear agus caomhnaítear i gcartlann na foilseacháin go léir a thagann ó Oifig na bhFoilseachán nó a dháiltear tríd an Oifig chun iad a chur ar fáil tríd an tseirbhís EU Bookshop. Is é cuspóir an EU Bookshop ná láthair rochtana amháin a sholáthar do dhaoine chun foilseacháin na n‑institiúidí, na ngníomhaireachtaí agus na gcomhlachtaí Eorpacha a rochtain. Tríd feidhm a bhaint as an EU Bookshop, tá teacht agat láithreach ar inneachar na bhfoilseachán, trí fhógra uileghabhálach bibleagrafaíoch, agus is féidir leat foilseacháin nua a ghabháil saor in aisce ón ngréasán mar PDF.
Is ardán faisnéise idirghníomhach é CORDIS, Seirbhís Faisnéise um Thaighde agus Forbairt an Chomhphobail Eorpaigh, a chuireann ar a gcumas do dhaoine bheith ar eolas faoin nuacht is déanaí, an dul chun cinn agus na tionscnaimh a bhaineann le nuálaíocht, le taighde agus le forbairt Eorpach. Ó 1999 i leith, tá méadú de 100% tagtha ar an méid leathanaigh CORDIS (56 mhilliún) a thug daoine cuairt orthu.